Le linn na pandéime, chur beagnach gach tír pacáiste láidir le chéile leis a geilleagar a spreagadh agus chun tacaíocht nach beag a thabhairt dá pobal agus dá comhlachtaí, a bhí buailte go dona leis na diansrianta a bhí i bhfeidhm.  Bhí na bearta eacnamaíocha a cuireadh i bhfeidhm an-rathúil, ó thaobh an gheilleagair de, agus tháinig téarnamh geilleagair gan mhoill dá bharr sin. Ar an drochuair, tá borradh rómhór faoin ngeilleagar anois sna tíortha céanna. Má cheapann tú gur rud maith é sin, mholfainn duit athsmaoineamh a dhéanamh.

.

Tionchar An Ráta Boilsciú ar an Gheilleagar.

De ghnáth, bíonn an soláthar agus an t-éileamh ag teacht le chéile, agus bíonn praghsanna seasmhacha ar earraí dá bharr sin. Fiú amháin sa chás inmhianaithe sin, bíonn ráta boilsciú timpeall a dó faoin gcéad ann, agus ardaíonn praghsanna agus tuarastail ag timpeall an ráta sin de ghnáth.  Bíonn eacnamaithe an-sásta leis an staid sin. Ach éiríonn siad míshásta má éiríonn an ráta boilsciú ró-ard nó ró-íseal i gcomparáid leis an mbunlíne sin. Má thiteann an ráta faoi 0 faoin gcéad, éiríonn earraí níos saoire agus tosaíonn daoine ag fanacht chun iad a cheannach ar phraghsanna níos lú. Feidhmíonn sé sin mar choscán ar ghníomhaíocht gheilleagrach agus de réir a chéile cailltear poist agus buaileann cúlú eacnamaíochta an tír.  

Ar an lámh eile, má éiríonn an ráta boilsciú ró-ard, éiríonn earraí níos daoire agus tosaíonn daoine á gceannach chomh luath agus is féidir, mar tá a fhios acu go mbeidh siad níos daoire tar éis tamaill. Bíonn éileamh mór ar earraí ansin, agus mar sin bíonn an-éileamh ag comhlachtaí ar fhostaithe nua, ach chun iad a mhealladh, bíonn orthu pá níos airde a thairiscint. Ach dá bhrí sin, bíonn ar chomhlachtaí praghsanna a n-earraí a ardú. Mura ndéanfar aon rud, leanann praghsanna agus tuarastail ag ardú ceann ar cheann i mbís bhoilscitheach a théann as smacht go tapa. Tá a fhios againn go léir faoin hipearbhoilsciú a tharla sa Ghearmáin sna fichidí sa chéad seo caite, nuair a theip a hairgeadra, an Mark, go hiomlán. Ag uair amháin ban ráta malairte idir an Mark agus an Dollar chomh dona gur chosain sé timpeall trilliún Mark chun Dollar amháin a cheannach!  

.

Borradh Rómhór!

Tá ráta boilsciú 6.7% in Éirinn, ráta 7.5% san Aontas Eorpach (AE), agus ráta 8.5% sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Tá na rátaí sin i bhfad ró ard, gan dabht. Mar go raibh orainn (an AE, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile) smachtbhannaí eacnamaíochta a chur ar an Rúis le déanaí, de dheasca a hionsaí ar an Úcráin, tá praghsanna breosla agus bia ag éirí níos tapúla fós ná mar a bhí agus ní rud maith é sin.

.

Cad é le déanamh?

Is féidir rátaí úis a ardú chun smacht a chur ar an ráta boilsciú.  Tá an Cúlchiste Feidearálach sna Stáit Aontaithe, agus an Banc Ceannais Eorpach san AE, i gceannas an ráta úis is tábhachtaí. Thosaigh an Cúlchiste Feidearálach ag ardú an ráta úis i Meiriceá cheana féin agus is dócha go mbeidh siad araon ag ardú an ráta seo go dian as seo amach, ar feadh cúpla bliain, b’fhéidir. Le gach ardú sa ráta úis, laghdaítear cumhacht iasachtaíochta an phobail, agus mar sin a gcumhacht cheannaigh freisin. Nuair atá an t-éileamh tomhaltais laghdaithe, níl an brú céanna ar phraghsanna, agus tosaíonn siad ag socrú. Mar sin, de réir a chéile, tagann laghdú ar an ráta boilsciú féin, go dtí go mbíonn sé i gcóimheá arís.

Ní mór a bheith cúramach, áfach, mar tá riosca ann nuair a íslítear an ráta úis go gcothófar cúlú eacnamaíochta, agus ansin beidh fadhb eile chun dul i ngleic leis.    Tá sé deacair é sin a dhéanamh díreach i gceart, mar is rud uafásach millteanach casta é an geilleagar.

.

Comhairle?

An rud is tábhachtaí a dhéanamh i mo thuairim ná guaim a choinneáil ort féin! Tóg dóthain ama chun scrúdú a dhéanamh ar do chúrsaí airgid, agus chum plean ansin.

Ná tóg amach iasacht ar ráta athraitheach, agus má tá iasacht mar sin agat cheana féin, déan do dhícheall é a aisíocadh in iomlán, nó é a athrú go ráta seasta. Más féidir, cur srian ar do chaiteachas lánroghnach freisin.

Mar shampla, níl mé ag dul amach ag ithe chomh minic anois, agus déanaim mo mhachnamh go cúramach sula dtiomáinim aon áit.   Déanann athruithe beaga mar seo difríocht mhór thar am ar do chúrsaí airgid, gan laghdú mór ar do chaighdeán saoil!  Níl in aon ní ach seal, agus mar sin tiocfaidh rudaí i gceart arís le himeacht ama.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

  

.

.

.

.

.

  

.

  

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish