Tá Sinn Féin ar an bpáirtí is mó i Stormont agus 29% de na vótaí céad rogha faighte acu i ndiaidh thoghchán an tionóil sa Tuaisceart. I gcomparáid leo, fuair an DUP 21.3%. Is toradh stairiúil é seo, agus páirtí náisiúnach sa chéad áit don chéad uair riamh. Tá cúis ceiliúrtha ag Alliance, Páirtí na Comhghuaillíochta freisin, agus iad sa tríú háit le níos mó ná dhá oiread suíochán acu is a bhí in 2017.

Cor sa Scéal

Ar an drochuair, tá cor sa scéal seo. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, nach nglacfadh a pháirtí páirt san fheidhmeannas go dtí go dtabharfaidh Rialtas na Breataine coimitmint le leasú a dhéanamh ar an bprótacal iarBhreatimeachta. Cé gur ghlac an DUP leis an bprótacal céanna ar dtús, d’athraigh siad a n-intinn agus tá siad go láidir i gcoinne an phrótacail anois, a chuireann teorainn trádála i muir Éireann idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór.  Mura mbíonn an Céad-Aire agus an LeasChéad-Aire araon san Fheidhmeannas, ní bheadh in ann feidhmiú i gceart, agus bheadh rialtas láir na Breataine i Westminster i gceannas ar an Tuaisceart. Is mar sin atá sé faoi láthair, ó d’éirigh Paul Gavin as a phost mar Chéad-Aire i mí Feabhra mar agóid i gcoinne an phrótacail céanna, agus chuir sé sin deireadh leis an bhFeidhmeannas ó shin i leith.  

Caithfidh na hIonadaithe a suíocháin a ghlacadh san Fheidhmeannas taobh istigh de sheachtain, agus ansin Spéicéir agus na hAirí a ainmniú, an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire san áireamh.  Muna n-éiríonn leis sin, leanfaidh cúrsaí mar a bhí siad cheana san Fheidhmeannas. Tar éis 24 seachtain mar sin, rithfear toghchán nua.    

.

.

Cur chuige ait atá i gceist anseo ó thaobh an DUP de, agus iad ag déanamh baghcait ar a rialtas féin!  An é seo an tslí cheart chun réiteach a fháil don fhadhb atá acu le rialtas na Breataine?  Seo mar a dúirt Michelle O’Neill ar an ábhar:

l sé ceart don DUP pionós a chur ar an bpobal de bharr a mbotúin faoin iarBhreatimeacht. Ní chuirfí suas leis an mbruachaireacht seo a dhéanfadh damáiste comhthaobhach don Tuaisceart agus é mar fichillín ar chlár na polaitíochta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Ná déan dearmad, ní chuirfear ar fuascailt muidár lucht gnó anseo sa Tuaisceart.

.

Athruithe Buana

In ainneoin na bhfadhbanna gearrthéarmacha atá le réiteach dóibh sa Tuaisceart, tá athruithe buana ar siúl anois a mbeidh tionchar mór acu ar a thodhchaí.  Bhí an ceart ag Michelle O’Neill nuair a dúirt sí gur tús le ré nua a bhí ann. Labhair ceannaire Sinn Féin, Mary Lou McDonald go han-díreach ar an ábhar nuair a dúirt sise: “Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh sé d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an Chéad-Aire go deo, agus mar sin is lá iontach don chomhionannas atá ann.

Níl aon dabht ach go bhfuil athrú déimeagrafach tagtha sa Tuaisceart agus beidh daonra na gCaitliceach níos mó ná daonra na bProtastúnach sula i bhfad, b’fhéidir cheana féin! Ach tá athrú suntasach eile ar siúl sa Tuaisceart atá níos tábhachtaí, b’fhéidir.  Uair amháin sa Tuaisceart, agus go háirithe le linn na dTrioblóidí, bhí dhá rogha agat – a bheith i daontachtaí i do náisiúnaí, sin é. Ach diaidh ar ndiaidh, d’aithin daoine nár ghá dóibh smaoineamh ach amháin sa tslí sheicteach sin, agus thosaigh siad ag díriú ar chúrsaí polaitiúla tábhachtacha eile ag baint le gach duine, beag beann ar a gcreideamh.  Tá go leor le déanamh go práinneach sa Tuaisceart mar gheall ar chúrsaí oideachais, sláinte, fostaíochta agus araile.

Ní haon ionadh é, mar sin, go raibh bua suntasach ag Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) sa toghchán, a chuir sa tríú háit iad anois. Murab ionann na páirtithe eile, tá lucht tacaíochta éagsúla ag Alliance, idir Chaitliceach, Phrotastúnach agus aindiachaí. I gcomparáid leis na páirtithe traidisiúnta, tá oideachas níos fearr ar

lucht leanúna Alliance agus tá siad níos óige freisin. Gan dabht, tá dearcadh úr, oscailte acu ar chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta sa Tuaisceart. I mo thuairim, tá na daoine seo ar thús cadhnaíochta i ré nua sa Tuaisceart agus is ardeiseamláirí iad na ceannródaithe seo go léir. Cuireann siad an bhéim ar a gcosúlachtaí seachas a ndifríochtaí agus comhoibríonn siad le chéile chun todhchaí níos fearr a chur i ngeall do chách. Guímid gach rath orthu!

.

.

.

.

.

.

  

.

en_USEnglish