As na fadhbanna go leor atá againn sna Stáit Aontaithe, is í an fhadhb is measa ná an bhagairt ag baint le grúpaí sceimhlitheoireachta Meiriceánacha cosúil leis na ‘Proud Boys’ agus ‘Oath Keepers’, a bhfuil fealsúnacht urchóideach, forchiníoch acu. Is é an rud is measa a rinne siad ná an t-éirí amach ar Eanáir 6, 2020, sa Chaipeatól, nuair a rinne siad tréaniarracht stop a chur leis an aistriú rialtais a bhí ar siúl ag an am. Bhuaigh Joe Biden toghchán na hUachtaránachta i 2019 gan cheist, ach ní raibh Donald Trump sásta an toghchán a ghéilleadh dó. Shéan Trump amach díreach gur chaill an toghchán, ag rá go raibh calaois toghcháin i gceist, cé nach raibh aon rud feicthe ag éinne, go leor cúirteanna san áireamh, a thabharfadh le fios go raibh caimiléireacht ar siúl leis na vótaí. Ach ar Eanáir 6 2020, i bhfoisceacht scread asail don Chaipeatól, ghríosaigh Trump a lucht leanúna chun feirge agus d’iarr sé orthu máirseáil i dtreo an gCaipeatól chun stop a chur leis an bpróiseas daonlathais a bhí ar siúl ann. I rith a óráide fuafaire dúirt sé na focail seo a leanas: “Agus troidimis! Troidimis ar nós an diabhail! Agus mura dtroideann sibh go fíochmhar, ní bheidh tír agaibh níos mó!”

Mar is eol do chách, bhris lucht leanúna Trump, na Proud Boys agus Oath Keepers san áireamh isteach sa Chaipeatól go foréigneach. Chuir siad isteach ar na himeachtaí tábhachtacha a bhí ar siúl agus bhí ar na polaiteoirí éalú ó chontúirt.  

Ag an am uafásach sin, is beag duine i Meiriceá a sheas idir an daonlathas agus coup d’état. Ach sheas Leasuachtarán Mike Pence suas agus rinne sé an rud ceart nuair a dhiúltaigh scun scan drochrún Trump a chur i gcrích.

An Chéad Éisteacht

Faoi dheireadh, beagnach bliain go leith i ndiaidh an éirí amach, ar an 9ú Meitheamh, thosaigh roghchoiste Eanáir 6 ag cur mórchinntí a fhiosrúcháin i láthair.  

Ina ráiteas tosaigh, dúirt an Cathaoirleach Benny Thompson: “Dá bharr na bréaga a chothaigh an t-éirí amach Eanáir 6, cuireadh ár ndaonlathas bunreachtúil atá dhá chéad go leith bliana d’aois i mbaol. Tá an domhan mór ag faire orainn anseo. Le fada an lá, bhí Meiriceá mar chathair lonrach ar chnoc. Léaró dóchais agus saoirse; dea-shampla do dhaoine eile nuair atáimid i mbarr ár réime.”  Ansin, tháinig Liz Cheney, leaschathaoirleach an choiste i gceannas na n-imeachtaí. Rinne sí achoimre láidir i gcoinne Trump, agus dúirt sí go mbeadh i bhfad níos mó ag teacht chun solais sna héisteachtaí atá le teacht. Thug sí saghas léarscáil dúinn, ag míniú dúinn cad a bheadh sna héisteachtaí eile. Seo ach cúpla rud tábhachtach a dúirt sí le linn na héisteachta: “Ghair an tUachtarán ar an daoscarshlua, chruinnigh sé an daoscarshlua, agus las tine an ionsaithe!” “Nuair a theipeann ar an Uachtarán gníomhú chun ár n-aontas a chosaint, tarlaíonn géarchéim bhunreachtúil dá bharr; mar sin tá ár bpoblacht i gcontúirt mhór.” Nuair a bhí na círéibeoirí ag canadh ‘Croch Mike Pence’, d’fhreagair Trump: B’fhéidir gur smaoineamh maith atá ag ár lucht leanúna. Tá sé tuillte aige!  D’eisigh Cheney foláireamh nuair a labhair sí leis na Poblachtánaigh ag rá: “Tiocfaidh an lá nuair a bheidh Donald Trump imithe, ach fanfaidh bhur n-easonóir.

Físeáin Nua le feiceáil

Chonaiceamar físeáin nua a thaispeáin an doirteadh fola grafach a tharla ar Eanáir 6.  Ionsaí foréigneach a bhí ann agus ní raibh seans ag na póilíní stop a chur leis.  

Chonaiceamar blúirí beaga de dhaoine lárnach ag tabhairt teistíochta – Ivanka Trump agus Bill Barr (iarArdAighne) san áireamh.  Mar gheall ar líomhaintí Trump agus a fhoireann faoi chalaois mhór toghcháin, dúirt Barr go ndúirt sé le Trump go leor uaireanta nach raibh aon bhunús leis na líomhaintí sin agus ní raibh iontu ach cacamas. Agus dúirt Ivanka, iníon Trump, gur chreid sí Bill Barr ag an am, in ionad a hathair féin.

Agus chualamar ó dhaoine a bhí i láthair ag an gCaipeatól an lá sin, go háirithe ón scannánóir Nick Quested agus ón bpóilín Caroline Edwards. Gortaíodh Edwards go dona nuair a bhí sí agus a gcomhghleacaithe sna póilíní ag iarraidh stop a chur leis an ionradh. Dúirt Edwards gur zón cogaidh a bhí ann, agus go raibh sí ag sleamhnú ar fhuil a bhí ar an talamh.

.

Chonaic mé an dara héisteacht cheana féin, agus gan aon rún a sceitheadh, taispeántas tinte ealaíne a bhí inti. Beidh níos mó le rá agam ar an ábhar luath go leor!

en_USEnglish