Bígí ann, beidh sé as smacht!

Is dóichí gurb í seo an tvuít ba thábhachtaí as na mílte tvuíteanna go léir a sheol Donald Trump: “Agóid mhór in D.C. ar an 6 Eanáir. Bígí ann, beidh sé as smacht!” Sheol sé í go moch ar maidin ar an 19 Nollaig agus níor thuigeamar go dtí an éisteacht seo an nasc láidir a bhí ann idir an tvuít seo agus an t-éirí amach a tharla coicís ina dhiaidh sin ag an gCaipeatól.  Sna focail sin, chuala méid mhór dá lucht leanúna, grúpaí antoisceacha (Proud Boys, Oath Keepers) san áireamh, gairm chatha.

Thug an finné Stephen Ayres círéibeoir a phléadáil ciontach as dul isteach sa Chaipeatól gan cheadfianaise ar an ábhar, ag rá: “Go bunúsach, leanamar an méid a dúirt sé!”

Bréaga, Calaois agus Caimiléireacht!

Dar leis an fhinné eile a bhí i láthair ag an éisteacht seo, Jason Van Tatenhoveiar-urlabhraí na heagraíochta forchiníochais darb ainm na “Oath Keepers: “Gleic airm a bhí i gceist – fuair daoine bás an lá sin bhí croch réidh – bhí seans ann go spreagfadh na cúrsaí seo cogadh cathartha nua.” Bhí Van Tatenhove buartha faoin dtodhchaí freisin muna n-éiríonn leis an rialtas dul i ngleic leis an bhfadhb.

“Má chothaíonn, má ghríosaíonn Uachtarán a lucht leanúna chun feirge, chun foréigean, chun catha cathartha, le bréaga, calaois agus caimiléireacht, gan aon aird ar na hiarmhairtí ar an bpobal, cad eile a mbeifeá ag súil leis dá dtoghfaí arís é?” arsa Van Tatenhove.

An Cruinniú Craiceáilte

Sheol Trump an tvuít thuasluaite tar éis dó féidearthacht eile a thriail i gcruinniú gan choinne a mhair níos mó na sé huaire a chloig.  Roinneadh sonraí nua linn faoin gcruinniú ait seo ar tugadh go hoiriúnach an teideal “An Cruinniú Craiceáilte” air.

Thug oibrí sa Teach Bán cabhair do chúpla gealt bualadh le Trump san Oifig Ubhach, chun a bplean seafóideach a roinnt leis. Nuair a chuala abhcóide an Tí Bháin (Pat Cipollone) faoin gcruinniú seo, chuaigh sé ann faoi dheifir. Ní raibh sé sásta na daoine sin a fheiceáil san Oifig Ubhach ach an oiread.

Dúirt Cipollone i bhfianaise réamhthaifeadta: “Níor aithin mé duine amháin agus d’fhéach mé air agus d’iarr mé air: “Cé thusa? Agus d’fhreagair sé. Ní cheapaim go raibh aon duine díobh ag tabhairt comhairle maith don Uachtarán, agus níor thuig mé cén chaoi ar éirigh leo teacht isteach.”

Tháinig dlíodóir an Tí Bháin, Eric Herschmann agus rúnaí foirne an Tí Bháin, Derek Lyons go dtí an cruinniú, agus ansin bhí argóint fíochmhar idir Cipollone, Herschmann agus Lyons ar thaobh amháin (foireann an Tí Bháin) agus Giuliani, Powell agus Patrick Byrne (foireann na ngealt) ar an taobh eile. Mar a dúirt Lyons, bhí an dá bhuíon ag caitheamh achasáin le chéile in ard a ngutha. Ní raibh siad ag cabaireacht le chéile ar an dtolg!”

Dúirt Herschmann go raibh foireann na ngealt ag maíomh gur chur Veniséala a ladar sa toghchán, agus gur athraigh teirmeastait de dhéantús Nest vótaí ar an idirlíon!

Bhrúigh Cippolone ar ais iad nuair a d’iarr sé orthu fianaise a theaspáint a léireodh go raibh caimiléireacht i gceist. Ní raibh fianaise ar bith acu.

“Bhí siad ag spalpadh seafóide,” arsa Herschmann.

Cúpla uair, ba bheag nár thosaigh siad ag troid.

Dúirt Powell leis an roghchoiste i bhfianaise réamhthaifeadta gur aimnigh Trump í mar Chomhairle Speisialta chun fiosrúchán a dhéanamh faoi caimiléireacht vótaí agus gur thug sé imréiteach slándála di freisin. Ach níos cheadaigh Cipollone na rudaí sin a chur i gcrích.

“Bhí mise go tréan in aghaidh a leithéid,” arsa Cipollone. “I mo thuairim, ní ceart Powell a ceapadh i ról ar bith!”

Bhí an méid seo le rá ag Ionadaí Liz Cheney (Daonlathaí – Wyoming), leaschathaoirleach an roghchoiste, faoi Trump: “Fear ceathair bliana is seachtó is ea Trump; ní páiste sochomhairlithe é! Cosúil le gach duine eile sa tír, tá sé freagrach as a ghníomhartha féin, agus a roghanna féin.”

Dúirt Cheney freisin gur chuir Trump glao gutháin ar fhinné tábhachtach, agus nach gcuirfeadh an roghchoiste suas le hiompar mídhleathach mar sin.

Ag deireadh na cruinnithe, dúirt cathaoirleach an roghchoiste, an t-Ionadaí Bennie Thompson (Daonlathaí – Mississippi): “Dheimhníomar go raibh a fhios ag Trump nach raibh caimiléireacht toghcháin i gceist, nár goideadh an toghchán uaidh, agus gur chuidigh sé leis an ionsaí réamhbheartaithe ar Eanáir 6!”

Níl ach éisteacht amháin fágtha agus gan dabht foghlaimeoimid rudaí aisteacha nua!

en_USEnglish