Teip Thubaisteach!
Ar oilithreacht aithrí i gCeanada dó, ghabh Pápa Proinsias leithscéal as an “teip thubaisteach” agus as “mírún” na scoileanna cónaithe a raibh reiligiúin éagsúla i mbun orthu, an Eaglais Chaitliceach san áireamh. D’iarr sé maithiúnas ar na daoine a tháinig trí fhoréigean i scoileanna sa chóras uafásach sin inar tugadh drochíde coirp agus intinne dóibh agus do na deicheanna míle páiste eile freisin.
Tháinig an leithscéal, a rabhthas ag tnúth le fada leis, ag tús a chuairt seachtaine, in áit darb ainm Maskwacis, Alberta in iarthar Cheanada.
“Tá brón orm. Táim ag iarraidh maithiúnais, go háirithe, as na bealaí a thug baill na hEaglaise cabhair do na rialtais ag an am – uaireanta mar bhí siad ar nós cuma liom – a bpolasaithe mar gheall ar dhochar cultúrtha agus asamhlú éigeantach a chur i bhfeidhm,” arsa Proinsias, ag insint do shlua 2,000 a tháinig slán as an gcóras sin, faoin bhfearg agus náire a mhothaigh sé de dheasca na drochíde uafásaí a tharla do go leor páistí bundúchasacha.
Bhí Proinsias ag cásamh an mheoin choilínigh taobh thiar den chóras a raibh tionchar díobhálach aige ar na glúnta bundúchasacha. “Iarraim maithiúnas as an dochar a rinne an oiread sin Críostaithe do na bundúchasaigh,” a dúirt sé.
Bhí siad go léir bailithe ag “Powwow Arbour”, áit speisialta atá ag náisiúin na mbundúchasach a úsáidtear le haghaidh tionóil phoiblí agus ceiliúradh. Tar éis óráide an Phápa, chuir an Taoiseach Wilton Littlechild ceannbheart cleití ar cheann an Phápa agus lig an lucht féachana na gártha molta astu.
I measc na bhfreastalaithe, bhí Taoiseach Cheanada, Justin Trudeau, an t-ardghobharnóir, Mary Simon, agus Taoiseach Náisiúnta Thionól an Chéad Náisiún, RoseAnne Archibald, chomh maith le cúpla reachtóir feidearálach.
Gan dabht, ba é an rud ba thochtmhaire a tharla ná léiriú coscrach den amhrán náisiúnta Cheanada canta i dteanga na Cree ag bean dhúchasach, agus na deora go fras léi.
“Is nóiméad speisialta é seo do na daoine a tháinig slán,” arsa Phil Fontaine, iar-Thaoiseach na Chéad Náisiún agus duine a tháinig slán freisin.
Bhí an Eaglais Chaitliceach i bhfeighil níos mó ná leath na scoileanna cónaithe i gCeanada, a bhí ar níos mó ná 150,000 páistí bundúchasaigh freastal orthu, idir timpeall 1870 go dtí 1997.
Ní théann an leithscéal fada go leor
Tar éis na méide a bhí ráite ag an bPápa, chuir rialtas Cheanada in iúl go soiléir nach dtéann a leithscéal fada go leor, ag tabhairt le fios go bhfuil go leor oibre le déanamh fós ag an Eaglais ar son athmhuintearais.
Is ionann gearáin an rialtais agus gearáin na mbundúchasach – nach ndearna an Pápa tagairt don drochúsáid ghnéasach a d’fhulaing páistí bundúchasaigh sna scoileanna, agus nár ainmnigh an Pápa an Eaglais Chaitliceach mar institiúid a bhfuil freagrach as na rudaí uafásacha a tharla. Ní hamháin sin, ach ní dúirt an Pápa faic mar gheall ar chúiteamh nó infheistíocht, nó faoi fhreagracht na ndaoine a bhain mí-úsáid as leanaí sna scoileanna cónaithe, nó mar gheall ar na déantúsáin bhundúchasaigh atá fós sa Vatacáin. Bhí na bundúchasaigh ag impí ar an bPápa freisin an ‘Doctrine of Discovery’ ón 15ú haois a chur ar ceal, agus cé go ndúirt sé nach rud maith a bhí ann, níor chuir sé ar ceal é ach oiread. Sa pholasaí Eaglaise sin, thug an Eaglais Chaitliceach beannacht do na coilínigh Eorpacha talamh a ghabháil ó neamh-Chríostaithe.
Cinedhíothú
Cé nár úsáid an Pápa an focal ‘Cinedhíothú’ ar chor ar bith ar feadh na seachtaine a bhí sé ar cuairt go Cheanada, úsáid sé é ar an eitilt ar ais go dtí an Róimh. Dúirt sé gur focal oiriúnach é cinedhíothú, a dhéanann cur síos grinn ar cad a tharla sna scoileanna cónaithe i gCeanada.
“Níor úsáid mé an focal ‘cinedhíothú’ mar níor rith sé liom é a úsáid, ach is é sin a ghlaofá air,” arsa Pápa Proinsias leis na tuairisceoirí a bhí ar an eitilt leis.
Cad é le déanamh anois?
Dúirt Príomh-aire Cheanada, Justin Trudeau go raibh tionchar mór ag cuairt an Phápa ar an lucht inste scéil, ach nach raibh ann ach an chéad choiscéim. Is rud neamhchoitianta é don phríomh-aire labhairt faoin bPápa sa tslí sin, in ainneoin an ceart a bheith aige. Ar aon nós, rinne Trudeau agus a rialtas de réir a mbriathair. Mar chuid den socrú a baineadh amach i gcás cúirte, dhíol an rialtas cúiteamh sna billiúin dollar do phobal na mbundúchasach. Níor thug an Eaglais Chaitliceach fós dóibh ach 50 milliún, agus tá sé beartaithe aici 30 milliún eile a thabhairt dóibh sa todhchaí. Tá sé soiléir go bhfuil ar an Eaglais Chaitliceach lámh a chur ina póca chun a dualgas a chomhlíonadh agus chun clabhsúr cothrom a chur ar an gcaibidil náireach seo ina scéal.