Bain triail as arís!

Is ar éigean a bhíomar ar thalamh tirim Inis Mór an uair dheireanach ná go raibh tiománaí tacsaí áitiúla borb liom. Ní hamháin sin, ach dhiúltaigh sé Gaeilge a labhairt liom, cé nach raibh aon dabht ach go raibh Gaeilge líofa aige. Chaith mé mo lámha san aer tar éis casadh leis an tiománaí cantalach sin, agus bhain mé tátal diúltach mar gheall ar staid na Gaeilge ar an oileán. Tuigim anois go ndeachaigh mé thar fóir, mar ní raibh i gceist ach duine amháin. Bíonn dhá leagan ar gach scéal, agus ní aon eisceacht an scéal seo.

An dara leagan

Bhraith mé maslaithe nuair a dhiúltaigh an tiománaí tacsaí Gaeilge a labhairt liom, mar bhain sé sin cuid den ghaoth as mo sheolta. Ach i ndáiríre, is mar sin atá cúrsaí ar Inis Mór agus níl dualgas ar phobal an oileáin Gaeilge a labhairt le haon duine, go héirithe duine ag teacht ar cuairt. Bíonn Inis Mór plódaithe le cuairteoirí le linn an tsamhraidh agus is gnás coitianta é Béarla a úsáid chun gnó a dhéanamh, ní hamháin ar Inis Mór ach i dtíortha eile ar fud an domhain freisin. Ní ní hé sin a rá áfach, nach labhraítear Gaeilge ar Inis Mór. Thuig mé é sin an t-am seo, agus mar sin, bhí cur chuige difriúil agam.

Cur chuige difriúil

Is aoibhinn liom Gaeilge a labhairt, ach an uair seo rinneadh mé an cinneadh nach é sin an rud ba thábhachtaí dom. Bhí sé i gceist agam measúnú neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar staid na Gaeilge ar Inis Mór. Chun é sin a dhéanamh, d’éist mé le muintir na háite i mbun a ngnóthaí féin, murab ionann is a bheith i dteagmháil le cuairteoirí. Le linn na seachtaine a bhí mé ar an oileán, bhailigh mé roinnt mhaith eolais ar staid na teanga ann.

Príomhthorthaí mo thaighde

Bhí triúr oileánaigh (fear agus beirt bhan) ar an mbus ó Ghaillimh go hIndreabhán chun an bád a fháil, agus bhí siad ag labhairt Gaeilge beagnach an t-am ar fad. Nuair a labhair duine eile as Béarla leo, d’fhreagair siad as Béarla, agus ansin d’athraigh siad ar ais go Gaeilge arís. Sin tús maith ar mo thaighde, arsa mise liom féin. Fiú amháin nuair nach raibh mé in ann na focail go léir a dhéanamh amach, mar bhí sé iontach callánach ar an mbus, bhí mé in ann ceol na teanga a aithint agus sult a bhaint as.

Bhí Gaeilge á labhairt ag formhór na n-oibrithe ar an mbád agus ar an gcé freisin. Cé gur labhair ár dtiománaí Oilibhéar Béarla linn, gach uair a rinne sé dreas beag cainte le tiománaí eile tríd an bhfuinneog, is as Gaeilge a labhair siad le chéile.

Bhí na tithe tábhairne agus na bialanna i gCill Rónáin plódaithe le cuairteoirí beagnach an t-am go léir, agus ní aon ionadh mar sin nach raibh mórán Gaeilge le cloisteáil iontu.

Níl ach ollmhargadh amháin ar an oileán – Spar, agus bhí sé gnóthach go léir an lá ar fad. Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla le cloisteáil ann ag an gcuntar íocaíochta, Gaeilge á labhairt nuair a bhí oileánaigh ag seiceáil amach, agus Béarla seachas sin. Bhí orainn dul go dtí an t-ollmhargadh beagnach gach lá, chun príomhbhia a cheannach, agus cúpla uair bhí máthair ag siopadóireacht agus a páistí in éineacht leo. Níor chuala mé focal Béarla á labhairt eatarthu, mar is as Gaeilge a bhí siad ag caint le chéile an t-am go léir. Ba é sin buaicphointe mo thaighde, agus chur sé ionadh agus áthas orm ag an am céanna. Chomh fada is a labhraíonn tuismitheoirí Gaeilge lena dteaghlaigh, teanga beo is í an Ghaeilge.

Tátail mo thaighde

Is tír dhátheangach í Éire, rud atá soiléir go háirithe sna Gaeltachtaí. Tá saghas speictrim dhátheangaigh i gceist. Ar thaobh amháin den speictream sin tá daoine nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu agus ar an taobh eile daoine (sna Gaeltachtaí, go príomha, mar a chonaic mise an t-am seo) a labhraíonn Gaeilge a oiread agus is féidir leo. Tá muintir na tíre go láidir ar son níos mó Gaeilge a bheith á labhairt againn, mar is soiléir ón tóir mhór atá ar Ghaelscoileanna, mar shampla. Tá rudaí eile dearfacha ar siúl freisin ó thaobh na teanga de. Mar shampla, cuirfidh Acht na dTeangacha go mór le níos mó seirbhísí a bheith ar fáil trí Ghaeilge.

Is comharthaí dóchasacha agus péacáin ghlasa iad sin go léir, agus táim cinnte go ndéanfaimid dul chun cinn mór agus an speictream dátheangach a bhogadh i dtreo na Gaeilge, go cinnte más go mall féin é!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish