“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Bhí sé de nós ag m’athair an tús seo a chur le píosa na hathbhliana, bliain i ndiaidh bliana, agus tuigeadh dom nár chóir dom an nós sin a bhriseadh. Molaim do na cloig chéanna sin, cloig Tennyson, bás na bliana 2021 a chaoineadh, agus a chomóradh, agus súil againn nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go brách arís. Anois, níorbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am céanna, níorbh í an bhliain ab fhearr í, ach oiread, nó ba í an bhliain í a thug cruatan, anró, agus céasadh dár muintir í, i bhfoirm an ghalair uafásaigh sin – COVID-19. Cheapamar go léir go mbeadh deireadh curtha leis an sciúirse seo faoin am seo, ach ar an drochuair cé go bhfuil an formhór dúinn vacsaínithe, mar sin féin níl COVID críochnaithe linn fós. Rud eile nach gcríochnaíonn ná an Breatimeacht, agus na hargóintí faoin bPrótacal Thuaisceart Éireann fós ar siúl idir an Riocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach (AE). Sin ach cúpla rud diúltach agus leanúnach atá ar siúl!
Ach sin uilig ráite, agus admhaithe, caithfear a rá freisin, gurbh í an bhliain í a d’fhorbair, agus a neartaigh, spiorad an chomhaontaithe, agus na comharsanúlachta, i bpobal na tíre seo, bliain a d’aontaigh, agus a dhlúthaigh spiorad an phobail inár measc, an bhliain inar thosaigh Éire mar shuíochán neamhbhuan ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don téarma 2021–2022. Ar nóta eile ar fad, bhí bliain iontach againn mar gheall ar gach saghas spóirt, na Cluichí Oilimpeacha san áireamh. Bhuamar ceithre bhonn sna cluichí céanna, bonn óir agus bonn cré-umha sa dornálaíocht agus bonn óir agus bonn cré-umha sa rámhaíocht. Bhí bliain mhaith againn maidir leis ár dteanga freisin – deich mbliana ó tosaíodh an plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tháinig deireadh leis an bplé faoi bhille teanga nua sa Seanad agus rithfear é. Bhí go leor rudaí dearfacha eile a tharla i 2021, ach níl go leor spáis anseo gan ach roinnt bheag a lua.
Sea, clingigí libh, a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2021, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú léi i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú, agus ná bímis ródhian uirthi, nó ní bhíonn fiú saoi gan locht, agus breathnaigh mar a chuir an seandream é, fadó, ‘Ná mol, is ná dímhol daoi, nó ní bhíonn saoi gan locht’. Sea, agus féach mar a chuireadh na Rómhánaigh fadó é:-
De mortuis nil nisi bonum…
Mar sin, ná bímis ag sciolladóireacht uirthi feasta, ach chun bóthair linn arís le misneach agus le croí maith mór…..
“Ring out a slowly dying cause,
And ancient forms of party strife,
Ring in the nobler modes of life,
With sweeter manners, purer laws.”
Nach breá mar a chuireann an file é? Tá deis againn anois slán a fhágáil lenár lochta, agus leis an saol lochtach a chruthaigh muid dár bpobal, agus tá seans againn sibhialtacht úr, Útóipeach, a thógáil ina áit. Seans agaibh anois, a chloga, fáiltiú roimh an saol béasach, uasal, nua, seo. Sea, clingigí libh a chloga, agus comóirigí an t-athrú iontach sin.
“Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.”
A chloga, déanaigí bhur ndícheall críoch a chur leis na galraí uafásacha úd a chránn agus a chéasann an daonnaí, agus glanaigí as a chroí amach, an t-ampla agus an dúil mhallaithe atá aige in ór agus i saibhreas an tsaoil seo. Sea, agus molaigí dó críoch a chur le cogaí agus le troid, agus ina n-áit, clingigí chugainn ré uasal, beannaithe, na síochána, an ré úd a chonaic Íseáia, fáidh, i bhfís fadó. Féach mar a chuir seisean síos ar an ré neamhaí chéanna sin :–
Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,
Agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,
Nó ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
Nach álainn go deo an fhís í sin, fís a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche céasta na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí….
Glóir do Dhia sna hArda,
agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte…..
Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir.