Peadar Bairéad

Bíodh go bhfuil muid ag guí athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dá chéile, le fada an lá anois, is beag difir a dhéanann sin i saol laethúil an ghnáthdhuine. Ní chuireann sé stop leis an “mugáil”, leis an robáil, leis an ngoid, nó leis an ndúnmharú, a réabann leo ina dtuile do-stoptha, beag beann ar ár nguíonna, nó ar ár mianta. Is dócha, i ndáiríre, gur chuid dílis dár ndaonnacht é, cuid den olc a bheirtear sa chnámh linn uilig, ach má sea fhéin, ní tharlódh a leithéid gan chúnamh ón daonnaí fhéin, nó caithfidh sé toiliú chuige, sula bhféadfadh sé tarlú. Is dócha freisin, gur thugamar uilig faoi deara, nár laghdaíodh puinn ar an gclaonadh sin chun oilc, de réir mar d’éirigh linn cur leis an méid puint a bhí taiscithe sa bhanc, nó fiú faoin bpluid, againn! Níor laghdaíodh, mh’anam! Nó nach dtuigtear do mhadraí an bhaile fhéin, gurb é a mhalairt díreach a tharlaíonn, nó de réir mar a éiríonn an sparán teann, is ea is mó a éiríonn an consias so-shínte.

Ná tuigtear anois, go bhfuilimse ag rá gur in olcas atá an saol ar fad dulta, i gcomórtas leis an gcineál saoil a bhí ann, leathchéad bliain ó shoin, nó níl nó baol air, mar nach soiléir don dall fhéin go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar stíl bheatha daoine, san idirlinn. Níl le déanamh againn ach breathnú ar an innealra a fritheadh le tamall de bhlianta anuas. Breathnaigh ar na gléasanna uilig a chuirtear i mbun oibre ar an bhfeirm. Nár mhór an gar don bhfeirmeoir é an tarracóir,  agus na cineálacha oibre uilig a d’fhéadfaí a chur i gcrích, de dheasca an chumahchta a chuireann an beithíoch céanna sin ar fáil dó? Sea, agus smaoinigh ar na meaisíní bainte, na tochaltóirí, na meaisíní crúite, agus fiú na meaisíní bainte buailte, le gan ach cupla ceann acu a ainmniú. Agus arís, breathnaigh ar na hacraí uilig a úsáidtear sa teach fhéin, le hobair bhean an tí a shimpliú, agus a éascú? Cá bhfágfá an meaisín níocháin, an cuisneoir, an follúsghlantóir, an sorn leitreach, agus tuilleadh ar an dtéad chéanna sin. Breathnaigh arís ar an gcaoi a feabhsaíodh, agus a forbraíodh, na modhanna taistil uilig, agus feicfidh tú an chaoi ar thángthas i gcabhair ar na sclábhaithe bochta, a chaitheadh bunús a gcuid ama, ag saothrú leo go dian, crúógach, ar bheagán toraidh, agus má chuaigh cúrsaí chun cinn go hiontach, sna réimsí sin go léir, níor dhada é i gcomórtas leis an dul chun cinn ollmhór a deineadh i gcúrsaí cumarsáide. Nach dochreidte, amach is amuigh, an dul chun cinn atá déanta sa ghort sin, le céad bliain anuas? Smaoinigh ar an raidió, ar an teilifís, ar an bhfón, ar an ríomhaire, ar an ríomhphost, agus nuair a smaoiníonn duine, nach é amháin go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta againn le céad bliain anuas, ach caithfidh muid a chur san áireamh freisin, nach bhfuil deireadh fós leis an dul chun cinn céanna sin, nó leanann an fás, agus an forbairt, sa ghort sin in aghaidh an lae, sa chaoi nach bhfuil a fhios againn cá bhfuil ár dtriall, in aon chor, sna cúrsaí sin, ach tá a fhios againn, nach bhfuil feicthe againn fós ach an tús, tús tuile, agus go bhfuil an t-uafás le fionnadh ag ár gcine, sa réimse seo, fós.

Breathnaigh ar an dtaobh eile den scéal !

Ar an drochuair áfach, níl feicthe againn thuas ach taobh amháin den bhonn, agus sin an taobh is fearr, nó ar an dtaobh eile den scéal, is beag atá le maíomh againn, as iompar, as moráltacaht, as daonnacht, nó as comharsanúlacht ár gcine, san aonú haois fichead seo, ina mairimid, faoi láthair. 

Céard tá i gceist agam anseo, an ea?

Bhuel, má thógann tú nuachtán chugat, lá ar bith de na laethe seo, feicfidh tú fhéin céard tá i gceist agam, nó is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh scéalta le léamh agat sa nuachtán sin, faoi “mhugáil” daoine macánta, faoi robáil, agus ní hé amháin go ndéantar daoine a robáil, ach déantar é sin ar bhealach cruálach, mídhaonna, frithshóisialta. Seans go mbeidh cuntas ansin faoi dhúnmharú duine eicínt, nó bíodh go mairimid uilig i bPoblacht daonlathach, a thugann geallúint don saoránach, go ndéanfar é a chosaint ar ionsaí, ar robáil, ar éigean, agus ar mharú. An gcoimhlíonann an Stát s’againne an gheallúint sin? Ag magadh fúm atá tú! Níl ar chumas an Stáit é fhéin a chosaint ar na murdróirí, ar na robálaithe, ar na drongairí, nó ar na coirpigh uilig, a mhaireann go compórdach ar shaothar na gcomharsan, tráth nach bhfuil siad fhéin toilteanach “turn dá láimh” a dhéanamh ar mhaithe le beatha a shaothrú dóibh fhéin. B’fhéidir, i mbliain seo an Olltoghcháin, go ndéanfaidh Páirtí Poilitíochta eicínt rún athbhliana, go bhfuil siadsan sásta dúshlán na ndrongairí sin a thabhairt, agus deireadh a chur le rás an dreama seo, ar ais, nó ar éigean.

D’fhéadfainn leanúint liom, ag cur síos ar oilc iomadúla eile ár sochaí, faoin am seo, oilc cosúil le héigniú, le mímhoráltacht, le mí-úsáid daoine, agus le sclábhaíocht de chuile chineál. Nach maith is cuimhin liom na seanmhná fadó ag caint leo faoi “Fhómhar na mBan gan Náire,” cibé cineál ruda a bhíodh i gceist acu le sin! ach, dár mh’anam, ní i bhfad a bheifeá ag breathnú ar ár gcláracha teilifíse go dtuigfeá go hálainn céard é go díreach a bhíodh i gceist acu…….Ach, ceal misnigh, caithfidh mé an t-ábhar sin a chur ar an méar fhada, go dtí tráth eicínt eile, amach anseo! 

.

en_USEnglish