Tá deis mhaith againn ag tús na fichidí cúpla buncheist a chur orainn féin!

Cad iad na dúshláin atá amach romhainn? Agus cad iad na céimeanna is féidir linn a thabhairt i dtreo réitigh inoibrithe?    

Ar an drochuair, níl aon easpa fadhbanna ann, ach roghnóidh mé ceann amháin an-tábhachtach an tseachtain seo, agus cinn eile in ailt atá ar na bacáin.

.

Téamh Domhanda

Tá a fhios agam go bhfuil beagnach gach duine ar fud an domhain buailte leis an ghéarchéim seo. B’fhéidir gurb é seo an dúshlán is contúirtí aon áit ar thalamh an domhain. Bhí cuma dhearfach ar chúrsaí sa bhliain 2016, nuair a tharla an Comhaontú Pháras, an príomhchomhaontú idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide. Bhí an comhaontú seo daingnithe ag beagnach gach tír ar fud an domhain.  Ar an drochuair, chuaigh rudaí in olcas tar éis sin.

Sa chéad áit, fágtar do gach tír a spriocanna féin a leagan amach, agus níl aon phionós mura mbuailtear iad. Sa dara háit, níor shroich aon tír mhór tionsclaithe fiú amháin a spriocanna féin go dtí seo. Níos measa i bhfad ná sin, tá na Stáit Aontaithe – an truaillitheoir is mó ar an domhan – ag tarraingt amach as an gComhaontú. Fiú dá shroichfeadh gach tír a spriocanna, ní shroichfí spriocráta an Chomhaontaithe. Ag deireadh an 21ú céad, bheadh méadú 3°C (os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch) ar an laghad, in ionad 2°C mar a shonraítear sa Chomhaontú agus in ionad an 1.5C a chreidtear atá ag teastáil. Déanta na fírinne, chun an 1.5°C a shroicheadh, bheadh orainn leath na n-astúchán dhíobhálacha a ghearradh roimh 2030. Is mór an jab é sin!

An féidir linn aon rud a dhéanamh chun an scéal sin a fheabhsú? Bhuel, níl an dara rogha againn agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh. Ach is iomaí bac atá le sárú againn!

.

Clabhtaí Dorcha Bagracha

Is náire shaolta iad na coireanna timpeallachta atá á dhéanamh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe. Nuair a thosaigh sé a théarma oifige, bhí rialacháin timpeallachta láidre i bhfeidhm. Ceann de na chéad rudaí a rinne sé ná cheap sé Scott Pruitt mar cheannaire Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA). Seo fear le stair fhada ag dul go dubh in éadan na Gníomhaireachta sin, agus fear a thionscain go leor agraí ina n-aghaidh! D’fhág sé an post dá bhrí líomhaintí caimiléireachta. Ní raibh sé ann ach timpeall bliain amháin, ach rinne sé an-dochar san am a bhí sé sa ról. Fuair Trump ceannaire nua ansin, fear darb ainm Andrew Wheeler, iarstocaire tionscail an ghuail! Bí ag caint ar shionnach I measc na sicíní!

Ní aon údar iontais anseo. Nach é an tUachtarán féin a dúirt nach bhfuil sa Téamh Domhanda ach bréagnuacht, cé go maíonn a rialtas féin go bhfuil an Téamh Domhanda ag tarlú gan dabht, agus an cine daonna ar chúis leis! Is trua mhór na rudaí atá á dhéanamh ag Trump ina thír féin, agus níl seans go mbuailfidh na Stáit Aontaithe na spriocanna a bhí acu. Cuir leis sin a dtarraingt amach as an gComhaontú Pháras agus ardaíonn sé an cheist – an bhfuil aon ábhar dóchais againn?

.

Plean Tarrthála?

Tá codarsnacht iomlán idir an Trumpach – tarbh i dteach itheacháin agus an tslip bheag girsí atá i nGreta Thurberg, nach bhfuil ach seacht mbliana déag d’aois anois. In ionad raiméis agus bréagacha an Uachtaráin, nuair a labhraíonn Greta Thurberg, cloiseann tú guth na chéile. Ach cad a d’fhéadfadh an cailín scoile seo a dhéanamh in éadan cumhacht mar sin. Iontas na n-iontas, méid mór! D’eagraigh an cailín seo an ghluaiseacht is mó sa phláinéad ó thaobh na daoine óga de, chun brú a chur ar dhaoine fásta agus rialtais an domhain dul i ngleic le Téamh Domhanda. Rinne sí óráidí ag cruinnithe éagsúla a bhí ag na Náisiúin Aontaithe agus an Fóram Eacnamaíochta Domhanda (WEF). Labhair sí ar ‘TED Talks’, bhí sí ar an teilifís agus an raidió agus glacann sí páirt ghníomhach ar na meáin shóisialta agus an t-idirlíon.  Roghnóidh ‘Time Magazine’ Greta mar ‘Person of the Year’ i 2019 freisin!

Tá an domhan ag tabhairt aire do Ghreta agus a lucht leanúna, agus tá súil agam go mbeidh siad in ann an taoide a iompú, agus bua a fháil ar an mian bháis atá ag scriosadh ár bpláinéad.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish