Tá a fhios ag madraí an bhaile go mbíodh drogall ar go leor daoine Gaeilge a labhairt. Tá neart fáthanna leis sin, coimpléasc ísleachta san áireamh. Ach le forbairt ár bhféinmhuinín, d’éiríomar níos bródúla as ár gcultúr agus ár dteanga. Cur leis sin fás fíorthobann na Gaelscoileanna, á dtiomáint ag gnáthdhaoine na tíre, agus tá sé soiléir go bhfuil gluaiseacht athbheochana na Gaeilge faoi bhláth. Tá Gaeilge labhartha ag a lán daoine anois – go háirithe ag Glúin na Gaelscoile.  Cúpla bliain ó shin, i ndiaidh dóibh an ardscoil a fhágáil, bhí ach cúpla deis acu a nGaeilge a chleachtadh ach bhíodar ag lorg tionóil níos neamhfhoirmiúla ná na roghanna a bhí ar fáil. Ós rud é go bhfuil siadsan compordach ag úsáid an idirlín, thosaigh siad ag eagrú bailithe réchúiseacha ann.  Is mar sin a thosaigh Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha an chéad PopUp Gaeltacht ag deireadh 2016. Sháraigh na torthaí gach a raibh siad ag súil leis agus anois bíonn PopUp Gaeltachtaí ar siúl ar fud an domhain.  

Mar is eol do chách, d’athraigh gach rud nuair a tharla géarchéim an gcoróinvíris, agus anois táimid go léir neadaithe sa bhaile ar fud an domhain.  Sa cholún seo, ní dhéanfaidh mé athchúrsáil ar an nuacht uafásach a chloisimid gach lá. In ionad sin, cuirfidh mé béim ar chúrsaí na Gaeilge i rith an scartha shóisialta seo, am nach bhfuil Gaeilgeoirí in ann bailiú le chéile mar is gnách. Ach fuair fear amháin réiteach iontach don fhadhb sin.  

Ag bualadh leis don chéad uair, chaithfeá a thabhairt faoi deara an méid fuinnimh atá ag an mac léinn seo, gan trácht ar a fhéinmhuinín agus a dhíograis. Meiriceánach is ea é ó dhúchas, ach Éireannach dá thoil féin. Níl aon drogall ar an bhfear seo Gaeilge a labhairt, ach a mhalairt. Bíonn sé ag labhairt Gaeilge gach deis a fhaigheann sé. Agus mura mbíonn deis ann, cruthaíonn sé ceann!

D’eagair an fear seo an chéad PopUp Gaeltacht i gContae Shan Diego i gCalifornia breis is bliain ó shin, agus go leor eile ó shin i leith. D’fhógair sé iad ar Fhacebook agus tháinig na Gaeilgeoirí le chéile i dtithe tábhairní, agus freisin ag Teach na hÉireann i mBalboa Park i San Diego. Sin áit a gcuireann i láthair cultúr agus teanga na hÉireann. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl ansin, saor in aisce, á mhúineadh ag Gaeilgeoir an-díograiseach darb ainm Hofshi Shanti. Bíonn seisiúin cheoil agus damhsaí ar siúl ann go minic freisin. Mar sin, ní ionadh mór é go bhfuil roinnt mhaith daoine sa cheantar agus suim acu agus fonn orthu a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Tharla an borradh seo a bhuí do dhaoine cosúil le Hofshi Shanti, agus an fear thuasluaite, darb ainm Jeffrey ‘Siothrún’ Sardina.

PopUp Gaeltacht i gCoraintín!

Nuair a chuirtear i bhfeidhm dianghlasáil de bharr géarchéime an gcoróinvíris, ní raibh Siothrún in ann an gnáth-PopUp a eagrú. Ach is doiligh beaguchtach a chur air! Bhuail smaoineamh é – céard faoi PopUp fíorúil? Is é atá i gceist ná PopUp go léir a dhéanamh ar an idirlíon, ní hamháin an cuireadh, ach an bailiú freisin. Le linn na géarchéime seo, tá go leor daoine ag úsáid an aip ‘Zoom’ chun ranganna a chur ar fáil, agus chun teacht le chéile ar an idirlíon. Cheap Siothrún go mbeadh ‘Zoom’ foirfe do PopUp fíorúil freisin, agus mar sin d’eagair sé ‘PopUp Gaeltacht i gCuaraintín’, agus chuir sé an focal amach ar na meáin shóisialta agus ar shuímh ghréasáin cosúil le www.peig.ie.

Gaeltacht San Diego!

D’fhoilsigh Siothrún nasc an bPopUp ar Facebook, agus d’fhreastal mé ar an chéad PopUp fíorúil sa domhan! Bhí Siothrún ag obair go dian ag cur fáilte roimh na daoine ar tháinig isteach ar líne. Bhí timpeall céad daoine ann, ó gach cearn den domhan – leis an chuid is mó as Éirinn, na Stáit Aontaithe, agus an Bhreatain Mhór . Bhí craic iontach againn go léir, agus i rith an chomhrá do bhaisteadh ‘Gaeltacht San Diego’ ar an dream ó Shan Diego! Bhíomar le chéile don tríú ‘PopUp Gaeltacht i gCuarantín’ an Satharn seo caite, agus bhí sé ar fheabhas, agus chaitheamar stáir ag caint! Má tá suim agat freastal ar an bPopUp seo a bheidh ar siúl ar gach Satharn i rith na géarchéime, cuirfear fáilte mhór romhat! Chun an cuireadh a fheiceáil, déan cuardach i bhFacebook ar ‘Pop Up Gaeltacht i gCoraintín’, et voilà!

.

en_USEnglish