Tháinig mé ar an bpíosa iontach seo a scríobh m’athair Peadar tamall ó shin, agus cheap mé gurb fhiú é a roinnt libh. Tá sé chomh húr céanna sa lá atá inniu ann is a bhí ag an am ar scríobhadh é.

Carrickshock

Ag léamh píosa faoi Chath Charraig Seabhac a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a tháinig mé ar an gcuntas sin faoin ollchruinniú a bhí acu, thart ar an tráth úd, i mBaile Héil, “ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill”, faoi mar a chuireann an Dialannaí cáiliúil Amhlaoibh Ó Súilleabháin é.

Féach mar a scríobh sé, faoin dáta, 8ú Iúil, 1832…

Lá breá. Gealáin is scailíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.

Nár chorraithe an tráth é i stair na tíre seo, nó ba ghearr roimhe sin a tharla an marú úd i gcath Charraig Seac. Agus cé cheapfadh go raibh an Ghaeilge chomh beo sin sa dúiche sin an tráth úd, sa chaoi go bhféadfadh an Dialannaí cáiliúil fhéin óráid i nGaeilge a thabhairt don slua ollmhór sin i nGaeilge?

Choinnigh an tír an teanga

Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaetha sin, san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic nó na gleannta; na haibhneacha nó na locha; na páirceanna nó na dúichí; dearmad ar an dteanga as ar ainmníodh iad, le sinsearacht. Níl le déanamh ag duine ach dul i dteagmháil leis an taobh tíre ina gcónaíonn sé, le fáil amach, cé chomh Gaelach is atá siad fós. Baineann daoine úsáid as na logainmneacha Gaeilge ina gcomhrá is ina seanchas, lá i ndiaidh lae. Nuair a chloiseann tú duine ag labhairt faoi Bhóthar na Manach, tuigeann tú láithreach, go bhfuil sé ag labhairt faoin mbóthar sin, faoi mar a labhraíodh riamh faoi, sea, agus céard faoin abhainn a sníonn tríd an gCathair álainn fhéin, “An Fheoir”, nach beag difir idir sin agus “The Nore”, faoi mar a thugtar uirthi i mBéarla? Sea, agus an baile ar deineadh tagairt dó thuas, Cnoc an Tóchair, nó i mBéarla Knocktopher, an-chóngarach dá chéile arís. Níl dabht ar domhan, ach go mba uafásach an feall é, ár logainmneacha a bhascadh agus a bhearnadh, faoi mar a deineadh leo, agus arís, nárbh é an feall é, nuair nár deineadh iad a chur i réim arís, tráth raibh an deis ag an tír a leithéid a dhéanamh?

Leabhar Owen Kelly

Arís, má thógann tú leabhar cosúil le “The Place-Names of County Kilkenny” le Owen Kelly, feicfidh tú ansin, cé mar a coinníodh an teanga fhéin sna logainmneacha. Nach minic a thagann duine thar logainm ina bhfuil focail cosúil le….garraí; gráig clais; bán; bóithrín; gort; poll; goirtín; páirc; droim; tobar; log; doire; rath, sceach, agus tuilleadh dá leithéid, agus ansin, ag gabháil leis na focail sin, le hainm iomlán a bhaisteadh ar an áit, gheobhaidh tú focail eile, sa chaoi go ndéanann an péire focal sin carachtar leithleach áite a leagan os ár gcomhair, faoi mar a tharlaíonn sna hainmneacha seo ….Goirtín na mBó, Poll a’ Chapaill, Gort na Móna, An Gleann Mór, Fíodh Ard, Garraí na Cruaiche, Cill Chiaráin, Gráig na Manach, Bóisín na gCloch, agus tuilleadh. Chuir mé spéis ar leith san ainm, Bóithrín na gCloch, mar nach é a ghlaoitear air, de ghnáth, nó Bóisín na gCloch, agus nach suimiúil mar a dhéantar “s” den “r” caol, sa chomhthéacs sin, Tarlaíonn an rud céanna i gcás an fhocail “Máire”, agus tuilleadh. Déantar an cleas teanga céanna díreach, thíos i gContae Mhaigh Eo, thart ar an áit ina raibh an trioblóid go léir sin idir Iorrasaigh agus Muintir Shell.

Feasta, mar sin, bímis ag éisteacht leis an taobh tíre, agus í ag labhairt linn i nGaeilge agus muid ag gabháil thar bráid, cuirimis cluas orainn fhéin, agus tugaimis aird ar a bhfuil le rá aici, nó is uaithi a shíolraigh muid, is ar tháinig romhainn. Sea, mh’anam, tá an Ghaeilge coinnithe beo fós ag cnoc is ag gleann, ag gort is ag cuimín, ag bóthar is ag bóisín; d’éistimis leo, agus tugaimis freagra orthu ina dteanga dhúchais fhéin.

      .

  .

.

.

   .

.

.

.

.

en_USEnglish