Bhí sé ar intinn agam alt eile ar fad a scríobh an tseachtain seo, go dtí gur léigh mé alt i dTuairisc.ie a chuir isteach go mór orm. Níor chabhraigh sé le cúrsaí gur scríobh mé cúpla alt le déanaí ina bpléitear an cheist: “An bhfuil an rialtas i ndáiríre faoi ghéarchéim ár dteanga, nó ag tabhairt béalghrá di?” Tar éis dom anailís bheag a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Plean Gníomhaíochta 2018-2022, tháinig mé ar an tuairim láidir nach bhfuil an rialtas i ndáiríre faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.  Scríobh mé, mar fhocal scoir, go raibh easpa muiníne agam le ceapachán (agus an dóigh ar léiríodh é) Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta!

Ar an drochuair, tá gach cosúlacht ar an scéal go raibh an ceart agam.  Agus an t-alt seo idir lámha agam, feicim ceannlíne mhór ag gabháil trasna an phríomhleathanach gréasáin ar www.tuairisc.ie, á rá: “JACK CHAMBERS / Breis agus mí sa phost agus gan aon agallamh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta.” Nuair a chonaic mé é sin, rith sé liom go díreach go raibh mo thromluí ba mheasa i mbun fíorú.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie ar an ábhar, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “cúis imní” di nach bhfuil aon “ráiteas poiblí” déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo. Dúirt sí freisin go mba cheart don Aire atá i mbun cúraimí na Gaeltachta agallaimh a dhéanamh leis na meáin. Ach diúltaíodh do gach iarracht a rinne Tuairisc.ie agallamh a fháil le Chambers go dtí seo.  “Bliain chinniúnach atá inti don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar gheall ar an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht agus an phráinn a bhaineann le foilsiú an bhille teanga. Tá gá le tuiscint a fháil ar sheasamh an Aire Gaeltachta ar na ceisteanna seo,” a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt Catherine freisin gur cheart go léifeadh an bheirt airí nua alt a foilsíodh san iris Comhar darb ainm ‘An Spidéal curtha ina thost …, le tuiscint a fháil ar na deacrachtaí atá sna bailte Gaeltachta.

Aontaím go hiomlán le gach rud a bhí le rá ag Catherine. Cé go bhfuil sé tábhachtach don Aire Stáit Gaeltachta paisean a bheith aige don Ghaeilge agus Gaeilge líofa a bheith aige san áireamh, sé chomh tábhachtach agus b’fhéidir níos tábhachtaí fós go bhfuil mioneolas aige faoi chomhthéacs cultúrtha na Gaeilge.

Más amhlaidh nach dtuigeann tú conas a imríonn na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta ar an teanga, níl ort ach breathnú ar chainéal TG Lurgan ar Youtube chun tuiscint an-mhaith a fháil. Is é sin an cainéal mionteanga is lucht féachana ar domhan – níos mó ná 40 milliún duine! Cén fáth? Mar bíonn eispéireas cultúrtha tarraingteach agus saibhir ag daoine agus iad ag baint taitneamh as seó ceoil thar barr, curtha le chéile ag daltaí agus múinteoirí Coláiste Lurgan. Is aoibhinn le daoine rudaí mar sin.

Go háirithe sna Gaeltachtaí, tá traidisiún ceoil agus damhsa, trí mheán na Gaeilge, an-láidir. laghdófaí aon páirt den éiceachóras Gaelach sin, laghdófaí gach páirt, mar tá siad go léir ceangailte le chéile; go léir idirspleách.   

San alt An Spidéal curtha ina thost …a ndearna mé tagairt dó níos luaithe, míníonn an t-údar Tony Quinn cad a tharla i Spidéal nuair a thosaigh na beáranna ag dúnadh síos. Dá dheasca sin, ní raibh sé chomh héasca dealaíontóirí (ceoltóirí, rinceoirí, amhránaithe srl.) bailiú le chéile sa phub, agus de réir a chéile bhí an Spidéal curtha ina thost. D’fhulaing ár dteanga mar nuair a bhí an ionad cultúrtha sin imithe, ní raibh an deis chéanna ag daoine a bheith ag caint as Gaeilge.

Cé gur chuir an rialtas infheistíocht shubstaintiúil i scéimeanna fostaíochta, cosúil le Gteic (mol digiteach agus nuálaíochta), ní leor é sin a dhéanamh mura ndéanfar an cúram céanna don éiceachóras cultúrtha agus intleachtúil a chothaíonn leis an nuálaíocht chéanna. Fanfaidh níos mó daoine sa cheantar má tá deiseanna fostaíochta ann, go deimhin, ach ní cinnteacht é sin go mbeidh níos mó daoine ag caint Gaeilge! Ach níor thuig an rialtas é sin, mar or thuig siad éiceachóras na nGaeltachtaí.

Ar an drochuair, ní hamháin an Spidéal atá ina thost anois, ach an tAire Stáit na Gaeltachta féin. Is droch-chomhartha é sin don Ghaeilge agus dúinn go léir!    

.

.

en_USEnglish