I ndilchuimhne ar Pheadar Barrett

Cloisimid do ghuth séimh treorach sa

Feicimid inár mbrionglóidí thú san oíche

Braithimid uainn go mór thú a ghrá

Ceangal grá go raibh eadrainn choíche

 

In loving memory of Peadar Barrett

We hear your guiding voice by day  

And see you in our dreams at night

We miss you more than words can say

May our love burn forever bright

.

Bhí briseadh croí mór orm an a d’imigh m’athair Peadar Barrett ar shlí na fírinne.   gur tharla bliain ó shin, braitheann amhail is gur inné a tharla .  Sa deireadh thiar thall, tá ag teacht chugam féin ón suaitheadh a bhain a bhás asam.  B orm dul i dtaithí ar chúrsaí de réir a chéile, agus seachas an réaltacht a shéanadh, é a ghlacadh.   in ann saol m’athair a cheiliúradh anois, agus taitneamh a bhaint as an oidhreacht shaibhir filíochta agus próis a d’fhág ina dhiaidh. D’fhág Peadar oidhreacht cultúrtha eile dúinn freisin, mar na céadta scoláirí ar mhúin Gaeilge dóibh, a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge agus ar chomh tábhachtach is atá sí mar dhlúthchuid ár bhféiniúlacht náisiúnta.  Dúirt na hiarscoláirí go léir ar chas leo gur chuir Peadar beocht sa teanga dóibh agus gur spreag dúil sa teanga iontu.

Bhí Peadar iontach díograiseach faoina gcuid oibre, agus gur éirigh as a phost mar leas-phríomhoide i gColáiste Chiaráin sa bhliain 1988, níor stad an obair riamh. Bhí an-sásta nuair a cheapadh é mar riarthóir ar an gcoláistean chéad riarthóir neamheaglaiseach riamh sa ról sin!

I ndáiríre, domsa a thuilleadh a scríobh faoi m’athairnach ndearna Peadar jab iontach ag déanamh cur síos ar a shaol féin ina dhírbheathaisnéis darb ainmDoirse Dé’! Molaim duit é a cheannach agus a léamh, agus geallaimse duit nach mbeidh díomá ort! ar fáil ar líne ag: http://www.siopaleabhar.com ar chostas €7.50. (Seol r-phost chugam mura bhfuil in acmhainn é a cheannach, agus cabhróidh leat más féidir liom.) A fhad is atá ag fanacht le do chóip, seo sliocht beag as an leabhar, ag déanamh cur síos ar a shaol i ndiaidh éirí as an múinteoireacht.

Ar thaitin liom a bheith ar scor? Thaitin thar cionn, raibh orm feasta a bheith ag faire ar an gclog, agus d’fhéadfainn m’aird a dhíriú ar ábhar a thaitneodh liom. raibh faoi bhois ag máistir ar bith feasta, agus nár mhór an gar go deo é sin do dhaonnaí ar bith?

Ach focal i gcluas an atá ag smaoineamh ar dhul ar scor. Caithfidh glacadh leis mar bhunphrionsabal go n-éireoidh dofheicthe de réir a chéile, agus tar éis duit a bheith ar scor roinnt blianta ní bheidh suim spéis ag éinne taobh amuigh ded’ chlann fhéin ionat, nach cuimhin leat an sean-nath a deir:

Fiche bliain ag fás,

Fiche bliain faoi bhláth,

Fiche bliain ag meath,

Agus fiche bliain gur cuma é ann as!

Agus nuair a rachfá ar scor, bheifeá sa cheathrú sin feasta!

Bhí an t-ádh ormsa, bhí an deis agam alt seachtainiúil a scríobh don nuachtán áitiúil, an Kilkenny People, agus sa tslí sin bhí ar mo chumas fanacht i gcuimhne an phobail, agus mo thuairimí a nochtadh don phobal le Gaeilge seachtain i ndiaidh seachtaine, pobal ar chaith fhéin mo shaol ag freastal orthu ar bhealach amháin ar bhealach eile.

.

Chuir Peadar trí chnuasach filíochta i gcnó, Duilleoga Fómhair (1988), Cleití na hAislinge (1993) agus Fataí Rómhair (2000), agus d’fhoilsíodh a dhírbheathaisnéis anuraidh nuair a bhí breis agus 94 bliain d’aois!  Thug óráid iontach ag a sheoladh leabhair, agus d’aithris cúpla ceann dhánta, freisin! a cheapfadh go mbeadh ar shlí na fírinne laistigh de seachtaine níos deireanaí!

Nuair a d’imigh Peadar uainn anuraidh, is cúis sóláis dom a fhios a bheith agam gur bhain oiread sásaimh agus ab fhéidir as a shaol agus ar deireadh go raibh in ann imeacht as an saol seo go síochánta in éindí leo siúd ab ansa leis. Go ndéana Dia grásta air!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish