go hiomlán trí chéile!  Nuair a bhreathnaigh ar an suíomh www.dataprotection.ie ar an idirlíon, chonaic an t-ainmAn Coimisiún um Chosaint Sonraí’.  Thug faoi deara láithreach go raibh gach rud litrithe ceart agus na sínte fada san áireamh. Nuair a bhrúnn ar an táb Gaeilge ar an suíomh, tagann téacs suas as Gaeilge ina bhfuil na sínte fada ar taispeáint go bródúil!

Tamall ó shin, rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir den Choimisiún sin faoin a ainm a bheith litrithe go mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland- d’fhág siad na sínte fada ar lár.  Thosaigh an Coimisiún fiosrúchán ansin, a chríochnaigh le déanaí.

Dúirt tuarascáil an Coimisiúin céanna nach bhfuil fíorchearta ag daoine a gcuid ainmneacha a bheith litrithe go cruinn agus sínte fada san áireamh ann.  Is dochreidte é sin i mo thuairim agus níl aon leithscéal a ghlacfainn, mar a fhios agam go ndearna an HSE agus Bank of Ireland neamhaird de na sínte fada in ainmneacha a gcustaiméiríagus mar sin raibh siad in ann iad a phróiseáil.  In ionad iad a dhíriú chun é seo a shocrú, ghlac an Coimisiún le dúnmharú ár dteanga trí neamhinniúlacht.

Cén sórt cosaint sonraí é sin?  Go háirithe nuair a scríobhtar ar shuíomh an Coimisiúin féin faoi cearta daoine :

Is ceart bunúsach cosaint sonraí atá leagtha amach in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE, a deir:

mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonraithe agus ar bhonn toiliú an duine lena mbaineann ar bhonn dlisteanach eile atá leagtha síos sa dlí. ceart ag gach duine rochtain ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis léi, agus an ceart chun é a cheartú.”

Deir Airteagal 16 den EU GDPR go bhfuil dualgas ag an páirte a chuir isteach an eolas phearsanta é a cheartú tar éis iad a chuireadh ar eolas ar aon mhíchruinne.  Mura réitíonn siad an fhadhb go tapa, gearrfar pionós orthu.

In ainneoin an ráitis soiléir sin, d’eisigh an Coimisiún rialú a bhfuil ag easaontú leis na nAirteagal thuasluaite.  Agus Ciarán an t-aon duine a bhfuil a ainm litrithe go mícheart i gcóras éigin comhlachtaí poiblí príobháideacha, agus mar sin baineann rialú uafásach an Coimisiúin leis a lán daoine sa tír, nach bhfuil siad go léir chomh glórach le Ciarán.

Iontas na n-iontas, níorbh é an chéad uair a tharla deacrachtaí le láimhseáil an síneadh fada ach an oiread.

B’fhéidir gur cuimhin leat go rinneadh cáineadh géar anuraidh ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn a gcóras chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Níorbh aon ionadh é mar sin, gur dúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta ba cúis le hainmneacha a bheith litrithe go mícheart acu freisin.

aontaím leis an leithscéal gan dealramh sinníl ann ach bleadar.

teicneolaíocht sheanbhunaithe ann le déileáil amháin le carachtair san aibítir Rómhánach, a bhfuil aiceann orthu, ach le haibítre agus siombail an-difriúil, mar shampla leis an tSínis, an tSeapáinis agus an Ghréigis.  Níl aon deacrachtaí teicneolaíochta ag baint leis úsáid na teangacha sin ar córais ríomhaireachta.

I mo thuairim, chuirtear tacaíocht don teanga Gaeilge mar riachtanas bogearraí, nuair a dhearadh na córais sin atá i gceist.   an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hÉirinn agus is mór dár gcórais digiteacha í a thacaíocht. daoine ann cosúil le mo bhean chéile, nach bhfuil ach ainm Gaeilge acu, ina bhfuil sínte fada iontu.  Is rud do-ghlactha é in Éirinn thar áit ar bith eile, gan a bheith in ann ainm Gaelach mar seo a litriú go cruinne.

Dála an scéil, tar éis rialú an Coimisiúin, Ciarán ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.  Is cath mór é seo ar mhaithe le cúis fhiúntach, agus súil agam go mbuafaidh sa deiridh.

Measaim go bhfuil íorónta go mb’fhéidir go dtiocfaidh an EU i gcabhair orainn chun litriú ár dteanga féin a chaomhnú, gan smid as ár Rialtas féin ach mífhaisnéis!

.

en_USEnglish