Táimid go léir croíbhriste tar éis bás beirt shléibhteoir láidre Éireannaigh taobh istigh de sheachtain le chéile.  Fuair Seamus Lawless bás agus é ag teacht anuas tar éis mullach Everest a bhaint amach, nuair a thit sé ón sliabh in áit darb ainm an Bhalcóin ag 8,300 méadar in airde. Chas an tÉireannach eile, Kevin Hynes, timpeall sular shroich sé an mullach, nuair a tháinig breoiteacht airde air. Fuair sé bás ina phuball ag 7,000 méadar in airde. Cé go bhfuair an bheirt bás, is iad an saghas duine ba cheart a bheith ag dreapadóireacht ar an sliabh Everest, agus taispeánann a deireadh brónach cé chomh dainséarach is a bhfuil an spórt seo, fiú amháin do shaineolaithe cosúil leosan.

Ní féidir timpistí mar seo a sheachaint, ach is féidir báis daoine eile a sheachaint ar Everest. Seo ceann de na séasúir dhreapadóireachta is measa le déanaí ar Everest, le 11 duine ar a laghad marbh.

I mo thuairim, tá dhá fhadhb mhór i gceist anseo, ar a laghad, go háirithe i Neipeal.

Fadhb a haon: An Iomarca sléibhteoirí

Ar an 22ú de Mheitheamh 2019, thóg dreapadóir grianghraf iontach ag taispeáint líne fada dreapadóirí ag sní suas agus anuas géardhroim lastuas de campa 4 ag 8,000 méadar. Bhí siad go léir greamaithe do rópa amháin agus iad ag súil go spadánta.

“Ní raibh an aimsir chomh maith an séasúr seo, agus nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann, déanann na dreapadóirí an t-aistriú,” a dúirt Danduraj Ghimire, príomhfheidhmeannach Roinn Turasóireachta Neipeal. “Tar éis roinnt laethanta drochaimsire, d’oscail fuinneog bheag dea-aimsire agus dhreapadh níos mó ná dhá chéad sléibhteoirí an chéad lá. Is é an chúis is mó leis an mbás ar Everest ná breoiteacht sléibhe, rud atá fíor don chuid is mó de na sléibhteoirí a chaill a shaol an séasúr seo freisin. “

D’eisigh Rialtas an Neipeal 381 ceadúnais Everest an bhliain seo, agus bíonn treoir amháin ar a laghad in éineacht le gach sléibhteoir, ionas go raibh breis is ocht gcéad daoine ag iarraidh an sliabh Everest a dhreapadh. Cosnaíonn sé $11,000 le ceadúnas a cheannach, a lán airgid i Neipeal.

Níl uasteorann ar cé mhéad ceadanna a eisítear, ach an oiread. Fadhb mhór é sin, mar níl an dóthain spás leis an méid daoine a cheadaíonn siad, go háirithe nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann. An bhliain seo caite bhí aon lá dhéag san fhuinneog sin, ach an bhliain seo ní raibh ach timpeall cúig lá . Ach bhí an méid céanna daoine ag iarraidh dul suas sa dá bhliain, agus mar sin bhí i bhfad níos mó daoine ag dreapadóireacht gach lá an bhliain seo.

An Dara Fhadhb: Córas Ceadúnais beagmhaitheasach

Níl aon chritéir cháilitheachta chun ceadúnas a fháil, seachas deimhniú aclaí ó dhochtúir. Mar sin, tá duine in ann ceadúnas a fháil gan aon taithí dhreapadóireachta a bheith aige nó aici. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, níl aon chritéir cháilitheachta do na cuideachtaí eachtraíochta ceadúnas oibriúcháin a fháil, ach an oiread. Comhcheangal marfach é sin! Tá sé an-tábhachtach moladh maith a thabhairt dona cliaint i ngach cás, ach go háirithe cinntí maith a dhéanamh maidir le cathain an mullach Everest a bhaint amach. Méadaíonn ar an riosca do na daoine eile freisin, mar tá ach líne amháin ag dul suas agus ceann eile ag teacht anuas, le rópa amháin, agus caithfidh gach duine dul chomh mall agus an duine is moille sa líne. Lastuas de 8,000 méadar ar airde, ceist bháis nó beatha atá ann, mar sa ‘zón báis’ sin, tá gach uile nóiméad tábhachtach, go háirithe mar is gá sorcóir ocsaigine a úsáid chun anáil a tharraingt. Faigheann daoine bás chuige sin go díreach, ar an drochuair.

Conclusion

Sa Tibéid, ceadaítear ach aon trian de dhreapadóirí dul suas Everest i gcomparáid le Neipeal, agus tá an próiseas ceadúnais níos fearr . Caithfidh na cuideachtaí eachtraíochta caighdeáin riachtanacha a bhaint amach freisin, go háirithe ó thaobh an tsábháilteacht de. Agus cuireann siad teorann ar cé mhéad ceadúnais a eisítear. Ba cheart teorann a chur ar an méid daoine a cheadaítear dul suas ar aon lá freisin, chun an tranglam tráchta a sheachaint.

Tá sé thar am do rialtas Neipeal seasamh prionsabálta a ghlacadh agus a n-aghaidh a thabhairt ar an mbunfhadhb uafásach seo!

.

.

.

en_USEnglish