Sa lá atá inniu ann, níl mórán dea-scéala faoin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in Éirinn. Chualamar go léir faoi chonspóid smearaidh as an gceirbheacs le déanaí. Ach thosaigh an chonspóid seo i mí na Bealtaine 2011, agus ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach bhfuil sé ceartaithe fós. Níl an mhoill mhór sin inleithscéil, i mo thuairim. Beagnach gach lá, léimid faoi chiorruithe géara ag teacht maidir le seirbhísí sláinte phoiblí, nó faoi róchaiteachas ar Ospidéal na Leanaí. Téann an FSS thar a mbuiséad gach bliain, agus mar sin gearrann siad siar ar na seirbhísí sláinte phoiblí agus go háirithe ar na seirbhísí do phinsinéirí agus daoine eile a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. I mbliana, tá buiséad timpeall 450 milliún euro do chabhair sa bhaile (‘Home Care Package’) agus 1 billiún euro don Scéim Cothrom na Féinne (‘Fair Deal’), scéim a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do chúram fadtéarmach i dteach altranais. Cé go bhfuil dualgas reachtúil ar an Rialtas seasamh le gealltanas na Scéime, ní bhaineann an dualgas céanna le cabhair sa bhaile. Mar sin, nuair atá buiséad caite ag an Rialtas do chabhair sa bhaile, stadann siad an cabhair ansin don chuid eile den bhliain fhioscach. Ach leanann an Scéim Cothrom na Féinne ar aghaidh tar éis a buiséad a bheith caite.
Chuala mé faoi chásanna agus diúltaíodh do dhaoine cabhair sa bhaile, ach ceadaítear dóibh don Scéim. Níl ciall ar bith i gcinneadh mar sin, mar tá sé i bhfad níos saoire tacaíocht a thabhairt sa bhaile ná i dteach altranais. Tá sé thar am neamhéifeachtúlacht bunaithe ar ghnásanna maorlathacha mar seo a shocrú.
Tá a lán daoine an-lách ag obair san FSS, agus déanann siad a ndícheall cuidiú le daoine eile. Ach admhaíonn fiú amháin na daoine sin go bhfuil an FSS briste agus tuigeann siad go han-mhaith na fadhbanna atá ag baint leis. Tá sé thar am don bhord bainistíochta éisteacht leis na daoine ar an talamh, mar a déarfá.
Tá cúramóirí ar fheabhas ag obair don FSS, in ainneoin na bhfadhbanna eagraíochta. Ar an drochuair, níl siad in ann a lán tascanna tábhachtacha a dhéanamh, agus sin rud eile ba cheart a athrú.
In ainneoin FSS mífheidhmiúil, leanann an tír ar aghaidh ar bhealach éigin. Cén chaoi é sin?
Cúramóirí Sa Bhaile
Go minic, bíonn duine den teaghlach ag tabhairt aire sa bhaile do ghaol atá leochaileach. Go minic, freisin, bíonn na daoine seo ag gabháil d’obair dheonach gan íocaíocht. Tá sé níos measa fós go bhfuil dhá thrian dóibh ag déanamh an obair sin ar feadh níos mó ná céad uair an chloig sa tseachtain. Is daor a dhíolann siad as an ról seo, mar bíonn dúlagar ar roinnt mhaith acu, agus déanann sé imní do roinnt eile, agus níl an ról seo go maith don tsláinte fisiciúil ach oiread.
Cuireann na cúramóirí seo riachtanais daoine eile roimh a riachtanais féin, agus táimid go léir sa tír seo faoi chomaoin acu ar fad.
Go minic, ní thugtar an saghas nó an méid cúram ón FSS atá ag teastáil. Mar sin, ní rud neamhghnách é go mbíonn cúramóir lánaimseartha sa bhaile, agus cúramóir FSS ag teacht isteach freisin. Níl cúramóirí FSS in ann a lán rudaí a dhéanamh, seachas cúnamh le gléasadh agus sláinteachas pearsanta. Níl siad ceadaithe obair tí a dhéanamh, béilí a réiteach nó aon siopadóireacht a dhéanamh. Níl ach fiúntas teoranta ann do dhaoine soghluaiste, agus níl siad in ann maireachtáil ar na seirbhísí sin as féin.
Focail Dheireanacha
Tá go leor le foghlaim as na meastacháin atá le fáil maidir le cúramóirí. Seo achoimre thapa. Meastar go bhfuil 360,000 cúramóirí ag obair sa bhaile gan phá. Chomh maith leis sin, tá 110,000 cúramóirí lánaimseartha sa bhaile a bhfaigheann liúntas ón rialtas. Cosnaíonn sé seo níos mó ná 800 milliún euro in íocaíochtaí – an séú cuid níos saoire ná a bheadh sé leis an FSS.
Sábhálann na cúramóirí sa bhaile b’fhéidir deich mbilliún euro don Rialtas gach bliain.
Léiríonn sé seo go soiléir go bhfuil gnaíúlacht neamhleithleach beo fós inár gcultúr agus inár dtír. Rud maith é sin, mar ní oibreodh ár gcóras sláinte in easpa na ndaoine iontacha seo, mar is cnámh droma na tíre iad, gan dabht.
Ach caithfidh an Rialtas leanúint den iarracht le teacht ar réiteach, go háirithe mar beidh a dhá oiread pinsinéirí i gceann fiche bliain eile. In ainneoin dhícheall na gcúramóirí, níl sé réalaíoch bheith ag súil le míorúiltí mar sin.