Cuairt Éamoinn

.

Bhuail mé le hÉamonn Mór deich mbliana ó shin.  Tháinig mé isteach i dteach mo thuismitheoirí tar éis lae fhada ag obair, agus mé stiúctha leis an ocras.  Thosaigh mé ag lorg rud éigin le n-ithe sa chuisneoir, nuair a ghlaoigh m’athair anall orm.

“A Mhichíl”, as seisean, “tar isteach anseo.  Ba mhaith liom duine a chur in aithne duit!”

Chuaigh mé isteach sa pharlús.

“Éamonn Mór”, a dúirt sé, “seo é mo mhac Micheál!”

Sheas Éamonn Mór suas.  “Bhuel, cé’ chaoi bhfuil tú, a Mhichíl?” arsa Éamonn.

Ní raibh mé in ann aon rud a rá ar feadh nóiméid.  Ba é seo an fear ba mhionchumtha dá bhfaca mé riamh!

“Go maith, agus tú féin?”, a dúirt mé sa deireadh, agus mé fós faoi dhraíocht.

“Go réasúnta!  Suigh síos anois a Mhichíl go n-inseoidh mé scéal duit”, a dúirt sé.

“Gheobhaidh mé tae agus arán donn”, arsa m’athair.  Bhí a fhios aige go raibh ocras mór orm, agus b’fhéidir gur chuala sé an scéal seo go mion minic cheana!

“Nuair a bhí mé óg, a Mhichíl, ní raibh an tír seo mar atá sí anois.  Bhí an baile beag ina raibh muid inár gcónaí, ina dhomhan mór dúinne..

“Chuala mé an rud céanna ó m’athair!” arsa mise.  “Ní scéal nua é sin dom!”

Cheap mé go gcuirfeadh sé seo stad leis an scéal a bhí á insint aige, mar scéal leadránach ba ea é, bhí mé cinnte!  Ar an drochuair, áfach, rinne mé dearmad ar fad faoi sin!

“Bhuel, an Peadar Mór an t-ainm atá air, a Mhichíl?”  a d’fhiafraigh sé díom,” agus é ag stánadh orm.

“Ní hea”, arsa mise.

“Bhuel mar sin, níl an scéal céanna ann ar chor ar bith.  B’fhéidir an tosach céanna, ach tá an chuid eile de mo scéal go sainiúil!  Bí foighneach anois, a Mhichíl, go gcloisfidh tú an chuid eile den scéal!” arsa Éamonn Mór, agus chonaic mé nach raibh sé róshásta liom.

Ag an am seo, tháinig m’athair isteach le tráidire bia!  Bhí mé an-sásta bia a fháil, agus thosaigh mé ag ithe láithreach.   Thuig mise ansin go raibh mé mífhoighneach de bharr an ocrais mhóir a bhí orm.

“Tá brón orm, a Éamoinn Mhóir, ní raibh sé ar intinn agam a bheith chomh brusanta borb; gabh mo leithscéal!” arsa mise.

“Ara cén dochar!” arsa Éamonn Mór agus lean sé ar aghaidh le fuinneamh nua.  “Anois, cá raibh mé? Sea, bhí mé ag caint faoi na seanlaethanta, nuair a bhíomar go léir bocht i mbealach amháin, ach saibhir i mbealach eile!

Sna laethanta sin, d’aithníomar gach carr sa cheantar ó fhuaim a innill.   raibh mórán carranna sa timpeall, ag an am sin, a’ dtuigeann tú?” arsa Éamonn Mór agus é ag ól braon tae.  Ansin, lean sé ar aghaidh arís.

“Bhí “Morris Minor” ag muintir Uí Mhórdha, agus bhí post mór ag Seán Ó Mórdha sa chathair.  Ba é an t-aon duine sa Pharóiste a thiomáin gach lá. Feirmeoirí ba ea an chuid ba mhó dínn.  Gach lá nuair a thagadh Seán abhaile, chloisinn an carr sara bhfeicfinn é, agus ansin rithfinn  amach an doras agus lig scread ard asam: “Tá Seán ag teacht, tá Seán ag teacht!”

Uair amháin, bhí m’uncail ar cuairt ó Bhéal an Átha linn, agus thosaigh sé ag gáire nuair a chonaic sé mo chuid geáitsí.  Ní fhaca sé a leithéid riamh, mar bhí a lán carranna i mBéal an Átha ag an am sin, agus ní aithneodh aon duine carr áirithe ó fhuaim a innill!  Bhí mo chairde lasmuigh ag an am sin, mar bhainidís taitneamh as an seó céanna gach lá.

Sé a dúirt m’uncail Éamonn liom agus é ag gáire ná:

“Éamonn an ghlóir mhóir, ná déan glór mór ar bheagán cúise – níl ann ach carr ag teacht!”

Thosaigh mo chairde go léir ag gáire ansin, agus ag canadh an t-amhrán beag:

“Éamonn Mór, ná déan glór!

Éamonn Mór, ná déan glór!”

In ainneoin mé a bheith an-bheag dom’ aois – nó b’fhéidir dá bharr sin,  b’in é an t-ainm, ‘Éamonn Mór’, an t-ainm a glaodh ormsa i gcónaí ina dhiaidh sin, agus ar an drochuair, níor fhás mé, faoi mar a thuigfeá ón ainm sin, bíodh  gur theastaigh sin uaim, thar aon ní eile.

Bhí náire an domhan orm tar éis na heachtra sin agus níor scread mé arís go deo nuair a chuala mé carr ag teacht.  Agus sin é an fáth go dtugtar “Éamonn Mór” orm go dtí an lá atá inniu ann, bíodh is go mbeadh Éamonn Beag i bhfad níos oiriúnaí dom!”

raibh aon rud le rá agam, ach d’aithin mé cumhacht na bhfocal ag an am sin, agus an damáiste a dhéanann focail neamhthuairimeach!  Nach bhfuil a thoradh sin fós ar an bhfear bocht!

Tar éis an scéil, d’ólamar an oiread tae agus rinne an triúr againn comhrá ar ábhair éagsúla.  Ach cé go ndearna mé dearmad ar an gcomhrá a tharla an oíche sin, d’fhan an scéal agus a cheacht crua liom thar na blianta fada, anuas go dtí an atá inniu ann.

.

en_USEnglish