Séimí ar chuairt !

Is beag nár thit mé as mo sheasamh le hiontas nuair a d’oscail mé an doras agus tháinig mé ar Shéimí an Droichid ina seasamh lasmuigh.  Chonaic mé go deireanach é b’fhéidir bliain ó shin, ag teach m’athair, mar is cairde iadsan le fada. Ach is cuimhin liom go maith go ndúirt m’athair liom súil seabhaic a choinneáil air, mar go ndéanadh Séimí cibé rud ba mhian leis, agus bhí sé lán de dhiabhlaíocht!  Chonaic mé ródhéanach cé chomh fíor a bhí an tuairim sin!

Shiúil Séimí díreach isteach sa chistin; chuir sé uisce sa chiteal, agus ansin chuir sé ar fiuchadh é.  Shuigh sé síos ag an mbord, dhearg a phíopa, agus thosaigh ag caint.

“A Mhichíl, A dhiabhail, cé’ chaoi a bhfuil tú in aon chor?”  a dúirt sé, roimh ghal a bhaint as a phíopa, agus é ag féachaint orm, le súile bioracha.

“Go maith, a Shéimí, agus tú féin?” a d’fhreagair mé go himníoch.

“Bhuel, tá na cúlfhiacla curtha go maith agam anois, ach in ainneoin sin, ní gearánta dhom!” a dúirt Séimí agus é ag gáire.  “Agus d’athair, an bhfuil Peadar go maith?” dfhiafraigh sé díom.

“Tá sé maith go leor, nuair a chuireann tú gach rud san áireamh.  Chuaigh sé faoi scian cúpla mí ó shin, agus tá sé ag teacht chuige féin, diaidh ar ndiaidh, ó shoin” arsa mise.

“Tabhair mo ghean dó, agus abair leis go dtabharfaidh mé cuairt air, at ball”, arsa Séimí.

“Déarfaidh mé, gan dabht”, arsa mise.  Ansin, fuair mé arán donn, agus im agus subh agus chur mé ar an mbord iad.  Réitigh mé braon tae agus chur mé an taephota ar an mbord. Fuair mé soithí, cupáin, agus cúpla scian agus chur mé iadsan ar an mbord freisin.  Thosaíomar ag ithe agus ag ól gan a thuilleadh moille. Bhreathnaigh mé ar Shéimí, agus chonaic mé go raibh sé chomh sásta le rí.

“Bhí aighneas beag idir mé féin agus Éamonn Mór Ó’Dálaigh.  An bhfuil aithne agat ar Éamonn Mór?” arsa Séimí.

“Go deimhin tá”, arsa mise, “cara le m’athair é Éamonn Mór le blianta anuas.  Fear le tuairimí láidre é!”

“Sin é, go díreach, a Mhichíl.  Leag tú do mhéar ar a phearsantacht, cinnte, nó tuigtear dó go mbíonn an ceart aige i gcónaí ar an ábhar a bhíonn á phlé againn.  Ach níl mé lánchinnte faoi sin. Sin an fáth a gcaithfidh mé ceist a chur ortsa, a Mhíchíl.”

Ansin, tharraing Séimí ar a phíopa go dtí go raibh scamall toite san aer thart orainn.  Ní raibh aon deifir air anois, mar bhí a fhios aige go raibh lucht éisteachta aige nach raibh in ann éalú.  Nuair a bhí sé réidh, lean sé ar aghaidh.

“Polaitíocht atá i gceist anseo!” a dúirt Séimí.

“Polaitíocht!  Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann léargas a thabhairt ar an Pholaitíocht!” arsa mise go míchompordach.

“Nach gcaitheann tú go leor ama sna Stáit, a Mhichíl?” Chuir sé an cheist orm agus ansin thóg sé cupán eile tae.  Chonaic mé an treo ina rabhamar ag dul, ach bhí sé ródhéanach dom éalú anois, mar bhí mé gafa go maith anois aige.

“Caithim sciar maith ama ann, tá an ceart agat a Shéimí!”

“Bhuel mar sin, nach bhfuil tú ar an talamh ansin i Meiriceá, i bhfad níos gaire don pholaitíocht thall ná Éamonn Mór, nó mise?” agus leis sin, shuigh Séimí siar sa suíochán agus thóg sé tarraingt mhór ar a phíopa agus é ag féachaint orm go cúramach.  Bhí an t-iasc beagán i bhfostú aige anois!

Ní raibh an dara rogha agam anois ach géilleadh do Shéimí!  Tharraing mé anáil fhada dhomhain, agus d’fhreagair mé mar seo é.

“Tá an ceart agat, a Shéimí – bím thall ansin i Meiriceá, agus gach lá cloisim agus feicim nuacht gan stad faoi chúrsaí polaitíochta.”  Lig mé osna mhór asam!

“Bhuel, an gceapann tú go bhfuil an tír sin críochnaithe?” arsa Séimí, agus é réidh an duán a chur i mbreac.

“B’fhéidir go bhfuil ach is daonlathas é, agus tá srianta agus ceartúcháin sa chóras sin le fada.  Mar sin, b’fhéidir go dtabharfadh an tír is cumhachtaí ar domhan na cosa léi ón ghéarchéim seo. Tá spré dóchais agam agus ag muintir Mheiriceá freisin go bhfuil.”

“Tá súil agam nach bhfuil an dóchais sin as riocht, a chara!” arsa Séimí.  “Dúirt Éamonn nach bhfuil aon dóchas aige ar chor ar bith. Dúirt sé freisin nach fíor-dhaonlathas atá ann, agus sin é fréamh na faidhbe.  Ar chuala tú é sin riamh? Mar níor chuala mise é” –dúirt mé le hÉamonn gur “fake news” é sin, mar a déarfá! “Nach raibh an ceart agam? Braon tae eile?”

.

en_USEnglish