Nuair a bhí mé timpeall dhá bhliain déag d’aois, thairg mo thuismitheoirí deis dom dul go Rosmuc ar chúrsa samhraidh ar feadh míosa.  Thapaigh mé an cuireadh agus d’fhreastail mé ar an gcúrsa sin gan cheist!  Cúrsa iontach a bhí ann, ach bhí deacair go leor i gcúpla bealach. Sa chéad áit, ní raibh cead againn Béarla a labhairt, gan eisceacht. Ag tús an chúrsa, díbríodh cúpla duine as an gcoláiste ar bhris siad an riail sin agus geallaim duit nár chualathas aon Bhéarla sa choláiste ina dhiaidh sin.

Sa dara háit ban iomarca rialacha agus polasaithe ann. Ardaítear bratach na hÉireann gach maidin agus íslítear í gach oíche, agus bhí orainn máirseáil isteach sa chlós agus ansin seasamh ar aire os comhair na brataí. Ba é canadh Amhrán na bhFiann sméar mhullaigh an tsearmanais. Ní raibh cead againn bogadh le linn an tsearmanais ach an oiread, cé go rabhamar ite ag na míoltóga!   Choimeád daltaí a bhí ina gceannairí smacht orainn le linn an chúrsa, agus bhí cumhachtaí speisialta acu cosúil le leifteanaint san arm.  

go raibh an clár an-dúshlánach againn de dheasca an diansmachta a bhí i bhfeidhm, i ndáiríre ní fadhb mhór a bhí ann mar d’éiríomar cleachta leis sin. Agus ba é an rud is tábhachtaí ar fad ná gur fhoghlaimíomar an t-uafás Gaeilge.  Mar sin, d’fhreastail mé ar an gcúrsa arís an bhliain ina dhiaidh sin, agus arís d’fhoghlaim mé méid mór Gaeilge ann.

Mar dhuine fásta, bhí a lán cuimhní iontacha agam faoin am a chaith mé sa Ghaeltacht agus mé i mo ghasúr. Nach raibh an t-ádh dearg agam go raibh mé in ann lántairbhe a bhaint as deis iontach a bhí agam na blianta fada ó shin! Ach bhí an t-ádh dearg agam ar chúis eile freisin, mar a d’fhoghlaim mé beagnach caoga bliain ina dhiaidh sin.  

Fear cáiliúil ba ea bunaitheoir agus ceannasaí an choláiste Domhnall Ó Lubhlaí.  Bhí sé mar mhúinteoir agam uaireanta, agus bhí sé inár measc gach lá. Fear cumasach, cumhachtach, ceannasach agus uaireanta cantalach a bhí ann, agus bhí sé mar dhia beag dúinn ag an am. Bhíomar go léir scanraithe roimhe, mar thiocfadh racht feirge air gan choinne, agus níor mhaith le haon duine a bheith i ngar dó ansin.

Ach ní raibh a fhios againn a leath! Rinne an fear seo mí-úsáid gnéis ar pháistí ar fud na tíre, a dhaltaí san áireamh, thar thréimhse tríocha bliain. Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca, agus bhí an t-ádh mór orm gan dabht, nár thriail sé aon ní orm féin riamh!

Le scéal fada a dhéanamh gairid, níor ciontaíodh Ó’Lubhlaí riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i 2002. Fuair sé bás i 2013, ach níor stad daoine ag insint a scéalta faoin mí-úsáid ghnéasach a rinne Ó’Lubhlaí orthu. Tá clár faisnéise ar fáil ar TG4 (Finné) ina n-insíonn Liam Ó Maolaodha agus íospartaigh eile dúinn céard a tharla dóibh.  Mura bhfaca tú é, mholfainn go hard duit é a fheiceáil – tá sé dochreidte!  

Is é an rud is aistí dom ar fad ná an easpa freagrachta a bhí (agus atá fós) ag an Rialtas agus go háirithe ag an nGarda Síochána.  Nuair a bhí cás ar siúl in aghaidh Ó Lubhlaí, chaill siad fianaise thábhachtach agus ansin éiríodh as an gcás go luath ina dhiaidh sin. Tá athbhreithniú inmheánach acu ach tá siad ag diúltú le fada aon eolas a thabhairt do na fir a ndearna Ó Lubhlaí ionsaí orthu.Catherine Connolly, an Teachta Dála as Gaillimh, chun ceisteanna a chur ar an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee faoi chás UÍ Lubhlaí agus faoin athbhreithniú inmheánach atá ag baint leis.  

I bhfad siar i 2014, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur ‘brick wall’ a bhí os comhair na n-íospartach nuair a lorgaíodar eolas faoin gcás ón Roinn Oideachais, ó Roinn na Gaeltachta, ón Roinn Dlí, ón nGarda Síochána agus ón HSE, agus go raibh sé ‘mind-boggling’ nach raibh eolas faoin gcás á chur ar fáil dóibh agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh ‘botched investigation’ i gceist agus go raibh ‘botched cover-up’ anois ar bun.

Nach bhfuil sé thar am dóibh siúd an fhírinne a insint anois faoi dheireadh, agus saghas clabhsúir a fháil do na híospartaigh bochta agus dúinn go léir faoin gcaibidil uafásach seo inár stair.

.

  

.

.

.

en_USEnglish