Is scannalach an cur amú ama é triail Uachtarán na Stáit Aontaithe a tharla sa Seanad le déanaí. Cur i gcéill amach is amach a bhí sa triail sin, mar sheas formhór na bPoblachtach sa Seanad in aghaidh Trump a chiontú, cé go raibh a fhios acu go maith gur chothaigh sé an t-éirí amach millteach foréigneach a tharla ag an gCaipeatól ar 20 Eanáir i mbliana. Rinne an t-ionchúisitheoir Jamie Raskin agus a fhoireann jab iontach sa triail sin ag cruthú go raibh Trump ciontach. Bhí fianaise dhoshéanta acu agus ní raibh dlíodóirí an chosantóra in ann aon fhianaise a shéanadh.  Ina ionad sin, dúirt siad nár cheart gnáthshaoránach mar Thrump a chur faoi thriail táinsimh, agus dúirt siad freisin nár chothaigh sé an t-éirí amach.  In ainneoin gach rud a chonaic agus a chuala siad sa triail, chaith 43 Seanadóir Poblachtach a vóta in aghaidh an chiontaithe.  

Tá sé ríshoiléir dom go bhfuil formhór na n-ionadaithe sa Pháirtí Poblachtach ag géilleadh a gcuid prionsabal ar eagla go ngearrfaí Trump agus a pháirtí pionós trom orthu. Cé nár thosaigh an fhadhb seo le Trump agus cé nach gcríochnóidh sé leis ach an oiread, is é Trump an sampla is cáiliúla den chaimiléireacht atá sa Pháirtí Poblachtach. Scriosann Trump aon Phoblachtach nach bhfanann fíordhílis dó, agus chonaiceamar é sin arís agus arís eile. Mar shampla, féach céard a tharla do Jeff Sessions nuair nár sheas sé le Trump maidir leis an bhfiosrúchán faoi ról na Rúise i dtoghchán 2016. Thug Trump an bóthar dó agus ansin nuair a bhí Sessions ag iarraidh toghchán Seanaid a bhuachan i gcoinne Tommy Tubberville in Alabama, thacaigh Trump go dílis le Tommy Tubberville.  De bharr sin bhí an bua ag Tubberville, agus ba é sin deireadh an scéil do Sessions.

Mar go raibh fíorchumhacht ag Trump ar na Poblachtaigh, bhí orthu é a leanúint síos bealach dorcha i dtreo an údarásaíochais. Thacaigh siad Trump, in ainneoin a chuid bréaga. Nuair a bhuaigh Joe Biden an toghchán uachtaránachta, mar shampla, d’fhan na Poblachtaigh ciúin agus Trump ag maíomh gur ghoideadh an toghchán uaidh.  Faoi dheireadh, sé seachtaine tar éis torthaí an toghcháin a bheith ar fáil, dúirt Ceannaire na bPoblachtach sa Seanad Mitch McConnell go raibh an toghchán thart agus gur bhuaigh Joe Biden agus Kamala Harris – cén fáth ar fhan sé agus a chairde chomh fada chun an rud is léir do gach duine a rá?  Fiú ansin níor ghlac Trump gur buaileadh é agus d’eagraigh sé ollslógadh i Washington DC ar 20 Eanáir nuair a dheimhneofaí vótaí an choláiste toghcháin sa Chaipeatól. Ghríosaigh Trump a lucht tacaíochta chun feirge ag an ollslógadh sin, agus d’iarr sé orthu máirseáil go dtí an gCaipeatól chun stad a chur leis an deimhniú. Tá a fhios againn go léir faoin tubaiste a tharla ansin!

Fiú amháin tar éis na tubaiste sa Chaipeatól, bhí eagla a gcraicinn fós ar go leor Poblachtaigh dul in aghaidh Trump agus bhí siad sa mhodh marthanais nuair a vótáil siad ar son Trump.

Thug Mitch McConnell óráid díreach ina dhiaidh na trialach, ag rá go raibh Trump ciontach, agus gurb é an fáth ar chaith sé a vóta ar son Trump ná nach ceart don Seanad Trump a chur faoi thriail agus é imithe as oifig cheana féin.  Is soiléir go bhfuair cúrsaí polaitíochta an ceann is fearr ar an gciall agus go raibh Mitch ar thóir an airgid!

Tá deontóirí móra (comhlachtaí móra san áireamh) ag coimeád siar a síntiúis don Pháirtí Poblachtach tar éis an fhoréigin spreagtha ag Trump. Cruthaíonn sé sin fadhb mhór mar teastaíonn an t-airgead uathu go géar. Gan dabht, ba mhaith leo Trump a chur ó dhoras anois, ach caithfidh siad a bheith cúramach é a dhéanamh i slite chun an chontúirt pholaitiúil dóibh féin a íoslaghdú.  Tá McConnell ag tabhairt leide don pháirtí agus níos tábhachtaí fós do na deontóirí, go rachaidh siad féin i ngleic leis an bhfadhb darb ainm Trump.  Ach tá na Poblachtaigh scoilte ina dhá ghrúpa anois agus troidfear cath fíochmhar ar son anam an Pháirtí Poblachtaigh sula i bhfad.  Creideann grúpa amháin i gcóras daonlathais, agus creideann an grúpa eile in údarásaíochas. Ní fios d’aon duine cén deireadh a bheidh ar an scéal, ach tá súil agam go dtiocfaidh ár gcóras daonlathais na Stáit Aontaithe slán. Ar an drochuair, níl aon chinnteacht ann faoi sin agus níl aon dul as ach fanacht go bhfeicimid!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish