Ceol draíochta an bhéalghrá

Labhair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí. “Ní mór dúinn a bheith réidh le freastal ar na pobail nua uirbeacha seo, mar atá á dhéanamh againn tríd an infheistíocht mhór in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, mar shampla.  Ach is í an Ghaeltacht tobar an dúchais do na pobail uirbeacha seo sna bailte agus sna cathracha timpeall na tíre, agus níor chóir dúinn ár bhfócas ar an nGaeltacht a chailleadh dá bharr,” arsa an tAire. Ansin, mhaígh sí go raibh an próiseas pleanála teanga ag éirí go hiontach, agus go mbeadh Bille Teanga uaillmhianach nua againn go luath. Tá bua na bhfocal aici, gan dabht, agus b’fhéidir go bhfuil mé amhrasach, ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre, i mo thuairim. Agus cé go bhfuil súil agam go bhfuil an ceart aici, ba mhaith liom torthaí a fheiceáil roimh an mbua sin a cheiliúradh! Feictear domsa go bhfuil caomhnú na Gaeilge níos deacra dár rialtas ná fuil a tharraingt as cloch! An gá mar sin a bheadh sé, i ndáiríre? B’fhéidir do na Dúchasaigh Mheiriceá sna Stáit Aontaithe– ábhar an cholúin inniu, ach níl aon leithscéal againn.

Cruachás na nDúchasach i Meiriceá

Tá beagnach 7 milliún Dúchasach Mheiriceá sna Stáit Aontaithe.  beagnach 600 treibh fágtha, agus tá breis is 150 teanga dhúchais ann fós, labhartha ag 370 míle duine in iomlán. Is í an teanga Navachóch an ceann is mó, le 170 míle cainteoir aici. Níl ach timpeall fiche teanga a bhfuil níos mó ná dhá mhíle cainteoir acu.  Is réimse leathan teangacha é sin, agus iad go léir ag sracadh leis a saolta, agus an chuid is mó acu ar a dé deiridh.  Mar shampla, níl ach 230 cainteoir dúchais Lakota ina gceantar féin (Standing Rock Reservation), agus is é 70 meánaois na gcainteoirí sin. Buailtear an dream sin i bhfad níos measa ná daoine óga leis an ngalar COVID-19. Tá na Dúchasaigh Mheiriceá cromtha fén COVID-19 cheana féin, agus iad ag fáil bháis ag dhá oiread an ráta i gcomparáid le daoine geala.

Tá na treibheanna ag achainí ar an rialtas feidearálach cabhrú leo ó thaobh COVID-19 agus ó thaobh a gcultúir agus a dteangacha freisin. Mar is eol do chách, bhí caidreamh achrannach eatarthu i gcónaí, agus go leor fadhbanna ann fós.  Tá a gcóras sláinte i ndroch-chaoi, de bharr easpa maoinithe ón rialtas feidearálach. na treibheanna ag iarraidh córas sláinte níos fearr a fháil le fada an lá, mar níl caighdeán a seirbhíse sláinte inghlactha. Tá dualgas ar rialtas Mheiriceá an scéal uafásach sin a leigheas!  

Tá géarchéim a dteangacha ag dul in olcas go tapa mar tá a lán cainteoirí dúchais ag fáil bháis de bharr COVID-19.  Dá bhrí sin, tá na Náisiúin Dhúchasacha ag iarraidh maoiniú 620 milliún sa bhliain ón rialtas le cur i dtreo athbheochan a dteangacha. Feicfimid cén chaoi a mbeidh cúrsaí ar ball, ach i ndáiríre níl mórán dóchais go bhfaighidh siad a dhath cosúil leis an méid sin.

Chomh maith leis na bearta thuasluaite, na Náisiúin Dhúchasacha ag iarraidh a gcainteoirí dúchasaigh a chosaint go díreach. Bíonn oibrithe deonacha ag seachadadh earraí grósaera agus béilí do na seanóirí a bhfuil cónaí orthu in áiteanna iargúlta agus nach bhfuil uisce reatha ar fáil ag an gcuid is mó acu.

Is díol suntais go dtugann siad tús áite do chainteoirí a dteangacha dúchais, maidir leis an vacsaín. Tá sé an-deacair é sin a dhéanamh, mar go minic níl na daoine sin in ann taisteal go dtí clinic nó ospidéal chun an vacsaín a fháil, agus caithfidh oibrithe deonacha a socruithe taistil a eagrú dóibh. Go minic, níor mhaith leo an vacsaín a fháil, mar níl trust acu as rialtas ar fhulaing a muintir ainghníomhartha uafásacha faoi, an rialtas céanna a chuir a dteangacha faoi chos.

Gairm chun gnímh!

B’aoibhinn leis na Dúchasaigh Mheiriceá a bheith inár n-áit, gan dabht. Dar leo, smacht againn ar ár gcinniúint féin – nach bhfuil muid ar mhuin na muice!

I gcomparáid leis na Dúchasaigh Mheiriceá, cheapfá nach mbeadh aon trioblóid againn ár dteanga a chaomhnú. Ach ní mar a shíltear a bhítear!  

Ar aon nós, tar éis an tsaoil, is ár dtír agus ár Rialtas atá i gceist, agus cén fáth nach gcosnóimis – gan a thuilleadh moille – ár n-oidhreachtaí agus go háirithe ár seoda náisiúnta– an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí?  Tús maith an vacsaín a chur ar fáil do chainteoirí dúchais anseo, nach ea?   

.

.

.

.

.

en_USEnglish