Agus muid i lár mí Idirnáisiúnta na mBan, seo scéal a thaispeánann go soiléir nach bhfuil an cultúr frithbhanda marbh fós.

Ní thabharfainn Dochtúir ort, Jill Biden!

Bhí conspóid fhíochmhar i measc an phobail tar éis fhoilsiú ailt sa ‘Wall Street Journal’ scríofa ag a cholúnaí tuairimíochta, Joseph Epstein, le déanaí. Sa cholún uafásach seo, mhol sé do Dr. Jill Biden fáil réidh leis an teideal Dochtúir. Thug sé féin ‘kiddo’ uirthi gan cuireadh ná iarraidh! Lean sé ar aghaidh ag maíomh gur téarma speisialta é dochtúir a bhaineann ach amháin le dochtúir leighis. Ansin, chaith Epstein drochmheas ar an gcéim dochtúra féin. Ní cáilíocht luachmhar é a thuilleadh, a scríobh sé, mar tá sé éasca céim dochtúra a fháil sa lá atá inniu ann. Ní gá staidéar ar chor ar bith uaireanta, mar bíonn na hollscoileanna ag tabhairt amach céimeanna dochtúra do dhaoine cáiliúla go minic. Chríochnaigh Epstein a cholún mar seo:

“Déan dearmad ar an sásamh beag a fhaigheann tú mar Dr. Jill Biden, agus glac leis an sásamh mór a gheobhaidh tú nuair a bheidh tú i do chónaí sa tithíocht phoiblí is fearr ar an domhan, mar Chéadbhean na Stát Aontaithe.”

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mé cinnte go baileach cá dtosóidh mé, mar níl insint ar chomh holc is a bhí an t-alt seo. Ach lig dom triail a bhaint as!

Sula dtosaím i gceart, tá réamhrá beag agam. Chonaic mé a lán daoine ag argóint ar an idirlíon faoin alt seo, ach i mo thuairim níor léir dóibh an chloch ón gcarraig. Bhí siad tógtha go hiomlán ar an mbrí atá ag baint le ‘dochtúir’ agus go háirithe cé acu ar cheart dóibh an teideal ‘dochtúir’ a úsáid ina n-ainm. Cúis bhréige an argóint sin a úsáideann an t-údar chun a theachtaireacht leithchealach a chur in iúl go cáiréiseach. I ndáiríre, níl aon bhaint leis an teideal ‘dochtúir’ agus céard atá á rá ag Joseph Epstein.

Freagraí na mBan!

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an ráiteas a d’eisigh Michelle Obama mar fhreagra don alt, nuair a scríobh sí:

“I láthair na huaire, feicimid cad a tharlaíonn do mhná gairmiúla, is cuma a dteideal: Dochtúir, Bean nó fiú amháin Céadbhean – go rómhinic ceap magaidh atá iontu. Caitheann daoine amhras ar a ngaiscí proifisiúnta, daoine a roghnaíonn magadh in ionad meas. Ach greamaíonn a bhfocal agus, tar éis na mblianta fada ag obair, bíonn orainn ár gcumas a chruthú arís is arís. An é seo an sampla ar mhaith linn a thabhairt do na páistí?”

.

Tugann an Dochtúir Biden dea-shampla iontach dúinn agus beidh sí mar eiseamláir den scoth, ní hamháin do chailíní ach dúinn go léir, ag caitheamh a héachtaí go grástúil, i ndea-ghiúmar agus go bródúil. D’eisigh an Dochtúir Biden a ráiteas féin a bhí lán dínite, nuair a sheol sí an ghiolc seo ar Twitter: “Le chéile, tógfaimid domhan ina gceiliúrfar éachtaí ár n-iníonacha, seachas iad a laghdú.”

Agus cén iarchéim a bhfuil agat féin?

Bhí baint ag Joseph Epstein le hollscoil ‘Northwestern University’, áit ar oibríodh sé mar léachtóir ar cuairt. Níor thacaigh an ollscoil le tuairim Epstein ar chor ar bith, and thóg siad síos aon tagairt dó a bhí ar a suíomh. D’fhoilsigh an ollscoil an ráiteas seo freisin: “Ní aontaímid le tuairim an Uasail Epstein agus creidimid go bhfuil an teideal ‘Dochtúir’ tuillte go maith ag aon duine a bhfuil Ph.D., Ed.D. nó MD aige/aici.”

I mo thuairim, bhí frithfhreagairt fheargach tuillte ag Epstein, agus cé gur athneartaíodh cuid de mo dhóchas as an gcine daonna – ní raibh mé go hiomlán sásta. Cén fáth?

Bhuel, bhí sé soiléir go raibh an ‘Wall Street Journal’ ag seasamh an fhóid, nuair a scríobh a eagarthóir Paul Gigot: “Níl aon rud chomh maith chun srian a chur ar an gcáineadh ná cárta an chine nó cárta na hinscne a imirt.” Bhuel, ní ionadh mór a sheasamh láidir i leith na ceiste seo – ní foláir a chuimhneamh nach nuachtán beannaithe é an ‘WSJ’ níos mó – nuachtán tablóideach na heite deise atá ann ón am ar cheannaigh Rupert Murdoch agus News Corp. é sa bhliain 2007.

Mar fhocal scoir – nach cruálach íorónta mar scéal é nár bhain Joseph Epstein féin iarchéim amach riamh ach gur údarás é ar an ábhar céanna!

.

.

  

.

en_USEnglish