Is lionsa cumhachtach í ár dteanga chun ár n-oidhreacht shaibhir a thuiscint, agus tugann Manchán go leor samplaí nithiúla dúinn ina leabhar Thirty-Two Words For Field chun an pointe sin a léiriú.         

Cé gur thug an leabhar seo léargais suimiúla dom, bhí sé deacair go leor dom an tairbhe a bhaint as an leabhar. Bhí orm an t-eolas a atheagrú an t-am go léir agus mé ag léamh, mar go raibh téamaí fite fuaite le chéile. Fiú tar éis sin, bhí mé ar an bhfóidín mearaí go minic. Shimpligh mé an leabhar dom féin, agus bhris mé síos é i dtéamaí, ionas go dtuigfí níos fearr é. B’fhéidir go mbainfeá úsáid as an achoimre bheag thíos agus tú ag smaoineamh ar an leabhar a cheannach.

Saol an Údair

Tá blúirí beaga eolais faoi shaol an údair scaipthe amach tríd an leabhar. I mo thuairim, is ábhar ar leith é seo, a thugann comhthéacs dúinn faoin údar féin agus an saghas caidrimh atá idir Manchán agus teanga na Gaeilge.  go leor ar eolas ag Manchán faoina theaghlach, ar ais go dtí an t-ollamh cáiliúil Aodhagán Ó Rathaille a shaolaíodh i 1670. Faighimid beagán eolais faoina shinseanuncail Michael Ó Rahilly (An Raitheallach) freisin. D’athlonnaigh sé a theaghlach, seanmháthair Manchán san áireamh, go dtí an Ghaeltacht i gContae Chiarraí sa bhliain 1912. Bhí ról mór aige freisin in Éirí Amach na Cásca 1916, agus maraíodh é le linn comhraic.  Agus an meall mór ar deireadh, bean cháiliúil ba ea ghle Humphreys, seanmháthair Manchán. Chaith sí cuid mhór dá saol ag troid ar son ár dtír agus ár dteanga, agus bhí an -tionchar aici ar Manchán agus a mháthair ó thaobh na teanga de.

Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil faoi theaghlach Manchán ag tús an leabhair, roimh na téamaí eile a bheith á phlé ag Manchán.

Tá na téamaí eile ag baint leis an teanga féin, agus eolas ár n-oidhreachta atá neadaithe ann.  I measc na dtéamaí sin, seo cúpla ceann atá tábhachtach.

History agus Miotaseolaíocht

Chuir mé stair agus miotaseolaíocht le chéile mar bhí sé deacair liom idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu sa leabhar. Cúis amháin leis sin ná go bhfuil Manchán ag tuairimíocht ar bhunús focail áirithe sa teanga, agus ag baint tátal as sin mar gheall ar ár stair agus miotaseolaíocht. Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh freisin idir cad atá ar eolas againn ó thaobh na heolaíochta i gcomparáid le tuairimí Manchán féin. Níl spás agam níos mó a rá anseo, ach tá go leor focail agus scéalta ag Manchán ar na téamaí seo sa leabhar.

Environment

Mar is léir ó theideal an leabhair, an Ghaeilge an-saibhir ó thaobh an stór focal atá ar fáil chun cur síos a dhéanamh ar thimpeallacht na hÉireann. Caitheann Manchán a lán ama ag plé cúrsaí foclóireachta ag baint leis an timpeallacht. Mar shampla, foghlaimeoidh tú a lán focail ag baint le gort, carraig, Sí/Síoga agus focail ag baint le gnéas, san áireamh. Cé go bhfuil samplaí suimiúla ann, níl mé cinnte cén foinsí a bhaineann leo.  Níl a fhios agam, ach an oiread, an bhfuil a lán focail eile sa chatagóir seo, agus an bhfuil liosta cuimsitheach ar fáil in aon áit.

Mar gheall ar logainmneacha, tá an suíomh logainm.ie an-suimiúil agus an-úsáideach, mar shampla. Tugann an suíomh comhthéacs deas dúinn chun na samplaí sa leabhar a thuiscint.       

Fuaimeanna

Caithfidh mé a rá nár thuig mé i gceart cad a bhí á rá ag Manchán, nuair a leag sé amach a thuairimí mar gheall ar fhuaimeanna na teanga Gaeilge. Bhí mé caillte ar fad nuair a thosaigh sé ag caint faoi phíosaí plúir ag damhsa i bpatrún ar na callairí agus Radio na Gaeltachta ar siúl. Bhí mé fós caillte agus mé ag léamh faoi mhinicíocht chrónán na mbeach. Agus bhí mé amhrasach nuair a léigh mé go bhfreagraíonn ainmhithe frásaí áirithe as Gaeilge; mar shampla rachadh aon mhadra abhaile dá nglaofá ‘Buail abhaile’ leis!  Bhí boladh láidir breágeolaíochta ag guairdeall go tiubh san aer agus mé ag léamh tuairimí an údair maidir le fuaimeanna na teanga!

Conclusion

Leabhar tarraingteach é seo, a chlúdaíonn réimse mór topaicí. Cé go dtugann a shocrú scaoilte níos mó saoirse don údar a smaoineamh baoth a leagan amach, ag an am céanna cailltear cruinneas sa phróiseas agus mar sin seans maith go gcuirfeadh sé mearbhall ort. Má tá tú ceart go leor leis sin, is fiú an tairbhe an trioblóid, i mo thuairim. Ag deireadh an lae tá ceist mhór ag dó na geirbe agam cén fáth nár scríobh Manchán an leabhar seo as Gaeilge?

.

.

.

.

.

en_USEnglish