Táim dóchasach go mbeimid in ann athbheochan na Gaeilge a chríochnú agus go mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre againn go léir lá amháin!  Ní bheidh sé éasca, ach is fiú agus is féidir é a dhéanamh! San alt inniu, míneoidh mé cén fáth go bhfuil mé go láidir den tuairim sin agus molfaidhbealach chun tosaigh.

Is Fiú

Trasna an domhain, tá méadú tagtha ar fheasacht teanga, agus go háirithe mar gheall ar theangacha mionlaigh atá i mbaol báis. Tá tuiscint nua ag a lán daoine cé chomh luachmhar is atá teangacha an domhain, agus cé chomh tábhachtach is atá sé iad a chaomhnú mar shócmhainní cultúrtha a bpobal.

Nuair a fheicim na rudaí dearfacha atá ar siúl ó thaobh ár dteanga de in Éirinn, tagann dóchas orm. Tá éileamh mór ag teacht ó mhuintir na hÉireann le Gaelscoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna), agus tá comhrá anois faoi Ghael-Ollscoileanna freisin. Tá sé deacair anois spás a fháil i rang Gaeilge ar líne mar gheall ar an méid suime atá ag daoine ann. Bíonn cúinní caintí, maidineacha caife, agus popup Gaeltachtaí ar siúl go minic ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Tá acmhainní Gaeilge thar fheabhas ar fáil ar líne, freisin. Tá go leor leabhair nua as Gaeilge, idir phrós agus fhilíocht.

Is léir domsa go bhfuil tuiscint ag a lán daoine faoi fhiúntas ár dteanga, agus tá siad sásta am a chaitheamh ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge. Níl aon dabht ach ba mhaith le formhór na ndaoine sin a bheith in ann an Ghaeilge a úsáid mar a bpríomhtheanga.

Is Féidir

Gan dabht, is féidir athbheochan na Gaeilge a dhéanamh. Ach tá lúb ar lár! Ní mór ar a laghad trí choinníollacha áirithe a shásamh:  

1.Toil shóisialta. Gan toil phobal na tíre, níl ach teip i ndán dár n-iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan.
2.Toil Pholaitiúil. Tá tacaíocht an rialtais an-tábhachtach, agus ní mór don rialtas an athbheochan a mhaoiniú, chun fís na bpobal a fhíorú.
3.Plean gníomhartha réalaíoch. Is gá plean cuimsitheach a bheith ann, maoinithe ag an rialtas, a bhriseann an athbheochan síos i gcéimeanna ar féidir iad a bhaint amach.

.

.

Moltaí

Ceapaim go bhfuil an toil shóisialta ar son na Gaeilge láidir go leor chun na céimeanna eile a leanúint.  Chabhródh ceannaire dothuirsithe go mór leis an athbheochan – duine a bheadh ag obair gan stad gan staonadh chun an fhís a fhíorú.

Is í an fhadhb is mó atá againn áfach, ná an toil pholaitiúil. Tá, ar a laghad, béalghrá ag an rialtas don teanga agus ní dhéantar aon rud ach go han-mhall chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha na tíre. Mar sin, caithfimid go léir brú níos mó a chur ar an rialtas chun ár gcearta teanga a chur chun cinn agus polasaithe ag baint leis an teanga a chur in ord tosaíochta agus ansin a mhaoiniú i gceart. Caithfidh an rialtas a gceannaireacht a thabhairt le dea-shampla freisin agus an Ghaeilge a úsáid acu mar phríomhtheanga sa Dáil.

Níl an rialtas ag comhlíonadh a dhualgais dúinn ar thaobh na Gaeilge de – agus tá go leor samplaí dochreidte ann. Mar shampla, cad faoin Dochtúir Fangzhe Qiu, ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath? Chuir sé isteach ar shaoránacht Éireannach, agus shocraigh sé an t-iarratas a dhéanamh as Gaeilge. Ní raibh aon leagan Gaeilge den fhoirm iarratais le fáil ar líne, agus bhí air leagan cloíte de na foirmeacha a fháil. Sé mhí ina dhiaidh sin, fuair sé freagra ón Roinn Dlí agus Cirt ag iarraidh air an t-iarratas a dhéanamh ar líne as Béarla. Tá a chás mar chnámh spairne anois agus Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag dul i ngleic leis an rialtas faoi. Is soiléir go bhfuil an rialtas ag briseadh a rialacha féin seachas a bheith mar dhea-shampla dúinn go léir. Tá cuid dár n-ionadaithe ag rá ruda amháin (béalghrá) agus ag déanamh na malairte! Sin í an fhadhb is mó atá againn agus ní ceart dúinn agus ní gá dúinn glacadh leis. Má leanaimid ag cur brú ar ár n-ionadaithe rialtais go ceanntréan gan éirí as, beidh an bua againn diaidh ar ndiaidh. Is ansin amháin a bheimid in ann an plean gníomhartha a bheachtaigh agus athbheochan na Gaeilge a cur ar an gcúrsa ceart! Mar gheall ar an bplean gníomhartha – is cíoradh do lá eile é sin!

en_USEnglish