“Ní féidir liom a dhath a chloisteáil! Oscail do mhaidhc!” arsa mise, agus frustrachas le sonrú i mo thuin chainte. Cúpla soicind ina dhiaidh sin, chuala mé é!
“Gabh mo leithscéal, a Mhichíl, ach tá mé aineolach ar an teicneolaíocht nua seo, Zoom a thugtar air, an ea?” arsa Séimí an Droichid. B’fhearr leis go mór a bheith sa “Smugairle Róin” liom, agus muid ag socrú síos sa chúinne in aice leis an tine, agus piontaí pórtair ordaithe againn. Ach ní raibh an Smugairle ar oscailt, de dheasca an víris, agus ní raibh an dara rogha againn ach casadh le chéile ar líne. Cé go raibh cupán tae agamsa, thug mé faoi deara go raibh gloine beorach ar an mbord ag Séimí os a chomhair amach.
“Aon scéal agat ?”a d’fhiafraigh mé de Shéimí, chun an chaid a chaitheamh in airde.
“Bhuel, tá mé vacsaínithe anois, a Mhichíl, ach níl mórán oscailte fós. B’fhéidir roimh i bhfad, beidh rudaí ag teacht ar ais ina gceart arís!”
“Ní bhfuair mé féin an vacsaín fós, ach i gceann cúpla seachtain nó mar sin gheobhaidh mé é freisin. Agus beidh rudaí ag feabhsú le linn an tsamhraidh, ceapaim. B’fhéidir le Dia go mbeimid in ann bualadh le chéile an chéad uair eile ag an Smugairle!”
“Le cúnamh Dé!” arsa Séimí. “Agus beidh deoch níos láidre agat an t-am sin, geallaimse duit!” ar seisean de gháire.
“Beidh, cinnte! Níl beár agam sa bhaile, murab ionann is go leor eile!” arsa mise agus mé ag spochadh as.
“Múineann gá seift, a Mhichíl!” arsa Séimí, ag caochadh súil go slítheánta orm. Ansin, d’ól sé slog as a dheoch, agus dhearg sé a phíopa. Luigh sé siar sa chathaoir ar a shuaimhneas. Ansin, gan choinne, tháinig sé aniar aduaidh orm!
“Is dócha gur chuala tú an nuacht le déanaí faoi Arlene Foster, agus í chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann. Cad a cheapann tú faoi sin, a Mhichíl?” D’ardaigh sé a mhala go ceisteach agus ansin bhain sé gal as a phíopa, agus stán sé idir an dá shúil orm go foighneach.
“Tá cealg sa cheist sin, nach bhfuil?” arsa mise. Bhí mé míchompordach mar bhí Séimí fós ag cur na súl tríom. Nuair a bhí mé i mo stócach, le linn na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí, chuir m’athair comhairle stuama orm. “Coinnigh do thuairimí polaitíochta duit féin, go háirithe mar gheall ar an Tuaisceart. Is binn béal ina thost! “ a dúirt sé. Chloígh mé go dílis lena chomhairle agus táim buíoch as an gcomhairle sin i gcónaí. Ach mar is eol do chách, níl srian ar bith mar sin ar Shéimí! “Ach tá mé aineolach go maith ar an gceist sin. B’fhéidir go roinnfeá d’eolas agus do thuairimí liom, a Shéimí?”
“Chun an fhírinne ghlan a dhéanamh, a Mhichíl, is í an fhadhb bhunúsach atá ann ná go bhfuil an DUP ag maireachtáil san am atá thart, agus is le ré eile a bhaineann a dtuairimí polaitíochta. Rinne Arlene Foster iarracht cos a choinneáil leis an aimsir, agus ba í sin a rinne a haimhleas. An dtuigeann tú?”
“Níl mé cinnte, a Shéimí. Cheap mé go mbeadh sí críochnaithe leis an scéim fuinnimh in-athnuaite a bhí mar bhuille marfach ar an gcomhoibriú idir an DUP agus Sinn Féin, agus ar Chomhthionól Stormont féin de bharr na conspóide sin. I mo thuairim, bhí ionadh orm go raibh sí i gcumhacht fós!”
“Dóbair di, ach tháinig sí slán an uair sin, tá an ceart agat! Ach níor tháinig an DUP salach uirthi, agus sin an difríocht anois. Níor chloígh sí le script a páirtí, agus sin an fáth go raibh litir mhímhuiníne i gceannasaíocht Foster ar an DUP sínithe ag an gcuid is mó de na Comhaltaí den Tionól Reachtach atá sa pháirtí. Dá bhrí sin, bhí uirthi éirí as a post. An bhfuil tú liom anois?”
“D’iompaigh a pháirtí féin ina haghaidh mar bhí siad den tuairim go raibh sí tar éis éirí níos liobrálaí agus nach raibh sí ag teacht le fealsúnacht choimeádach an DUP níos mó, an é sin atá i gceist, a Shéimí?” a d’fhreagair mé, ag dul sa seans.
“Sin é díreach!” arsa Séimí, agus é ag lasadh a phíopa arís. Ní raibh aon deifir ar Shéimí, mar bhí sé ag baint sult as an seisiún Zoom anois.
Tuilleadh le teacht an tseachtain seo chugainn!