Tá údar dóchais againn arís dár dtodhchaí agus an lámh in uachtar againn ar COVID-19, a bhuí leis na vacsaíní a ndéanann ciolar chiot den ghalar uafásach sin.  B’fhéidir anois go mbeimid in ann ár dtír agus ár ngeilleagar a chur ar bhealach a leasa arís. Ach ná déanaimis dearmad ar na ceachtanna tábhachtacha a d’fhoghlaíomar le linn na pandéime. Scríobh mé síos cúig cheacht dom féin a d’fhoghlaim mé le linn na pandéime agus nár mhaith liom dearmad a dhéanamh orthu tar éis na pandéime!

1.Ainmhithe sóisialta sinn!

Nuair nach raibh mé in ann mionchomhrá a dhéanamh le daoine sna siopaí, sna bialanna, sna beáranna, nó in oifig an phoist, mhothaigh mé laghdaithe mar chaill mé an saibhreas a bhaineann leis na mionchomhráite a bhíodh agam i rith an lae. Mhúin an ghéarchéim dom a mhór a dhéanamh de gach caidreamh sóisialta a bhíonn agam, is cuma cé chomh fánach is atá sé. Gheall mé dom féin teagmháil a dhéanamh go rialta le cairde liom a chónaíonn leo féin, mar d’fhéadfadh sé difear ceart a dhéanamh dóibh.

2.Tá tús áite ag an teaghlach.

Cé go raibh ár n-ionad beag teaghlaigh inár gcónaí le chéile, ní rabhamar in ann cuairt a thabhairt ar dhaoine eile sa teaghlach nach gcónaíonn linn. Thuig mé go díreach ansin cé chomh tábhachtach agus atá gach duine den teaghlach. Cé go rabhamar in ann a bheith i dteagmháil leo ar an idirlíon, ní hionann é sin agus a bheith in ann casadh leo aghaidh ar aghaidh – níl ann ach sop in áit na scuaibe!  As seo amach, déanfaidh mé mo seacht ndícheall níos mó cuairteanna a thabhairt do mo bhaill teaghlaigh.

3.Tá an ghluaiseacht ar líne faoi lán seoil.

Bhí níos mó seirbhísí éagsúla ag bogadh go dtí an idirlíon de réir a chéile roimh na pandéime. Ach níl aon dabht gur luathaigh an pandéim céanna an ghluaiseacht seo.  Ní raibh an dara rogha ag daltaí agus mic léinn ach cianfhoghlaim a dhéanamh trí Zoom agus a leithéid. Bhí sé níos fusa agus níos sábháilte do chuid siopadóireacht a dhéanamh ar an idirlíon. Nuair a bhí na diansrianta agus go háirithe an scaradh sóisialta i bhfeidhm, bhíomar in ann coinneáil i dteagmháil ar na meáin sóisialta. Nuair a bhí na hionaid aclaíochta dúnta, bhíomar in ann aclaíocht a dhéanamh sa bhaile, agus fiú freastal ar ranganna aclaíochta ar líne.

De bharr na seirbhísí atá ar fáil ar líne, ní thiomáinim fiú leathoiread anois agus a thiomáininn roimh an ngéarchéim, gan trácht ar an gcur amú ama agus airgid agus fiú an truailliú ag baint leis.

As seo amach, bainfidh mé lántairbhe as an idirlíon chun seirbhísí a fháil, agus ní bheidh mé ag tiomáint ach ar mhaithe le pléisiúr nó nuair is gá!

4.Neamhspleáchas!

Roimh an bpandéim, bhí sé an-éasca brath ar dhaoine eile le hobair a dhéanamh dúinn. Ach ní raibh aon rogha againn le linn na pandéime ach an obair céanna a dhéanamh muid féin. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé i bhfad níos fearr ag an DIY anois mar a bhí mé riamh! Múineann gá seift, ach má theipeann ar sin, is féidir leat comhairle iontach a fháil ar ‘Youtube’! Níl eagla orm níos mó aon saghas deisiúcháin a dhéanamh anois sa bhaile agus is é an rogha dheiridh duine a fháil isteach chun cabhrú.

Ní gá dúinn dul go dtí an bhialann chomh minic anois, mar tá mé in ann béilí blasta a chócaráil dúinn féin sa bhaile. Téimid amach i gcomhair ócáidí speisialta anois agus ithimid sa bhaile an chuid eile den am.

Tugann an obair thuasluaite an-sásamh dom, agus caithimid níos lú ama agus airgid lena chois sin! Coimeádfaidh mé na nósanna sin i bhfad i ndiaidh na pandéime!

5.Tugtar ómós do na daoine ag obair sa líne thosaigh!

Tá go leor daoine ann a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil dúinn. Gach lá le linn na pandéime, níor spáráil na laochra cróga iad féin ar mhaithe linn.  Sábháladh go leor daoine sna hospidéil agus sna tithe altranais, dá bharr na foirne leighis agus na cúramóirí a bhí ag obair de lá is d’oíche! Agus ná déan dearmad ar na daoine eile a chuir bia, breosla agus seirbhísí riachtanacha eile dúinn. I mo thuairim, is laoch gach duine den dream sin.  Tógfaidh mé aitheantas dóibh siúd as seo amach le cúpla focal nó meangadh gáire, agus ní bheidh mé chomh sciobtha leis na gearáin!  

An bhfuil liosta ceachtanna agatsa? Má tá, seol chugam é, agus b’fhéidir go bhfoilseofar sa cholún seo é!

.

.

.

.

.

en_USEnglish