Ní rófhada ó shin, scríobh mé cúpla alt ag déanamh cur síos ar iarrachtaí athbheochan ar siúl i dtíortha éagsúla, Ceanada agus an tSeineagáil san áireamh. Ach ní gá taisteal chomh fada sin, mar tá iarrachtaí athbheochana ar siúl béal dorais sa Tuaisceart agus sa Bhreatain. Ceapaim go bhfuil deis againn (lucht na dteangacha Ceilteacha) obair as lámha a chéile, ach ar dtús achoimre bheag ar cad atá ar siúl sa Tuaisceart agus sa Bhreatain faoi láthair.
Tuaisceart na hÉireann
Chaith Edwin Poots ach trí seachtaine ina cheannaire ar an DUP tar éis imeacht a réamhtheachtaí Arlene Foster. Cad a tharla? Bhuel, gan dabht is páirtí i dtrioblóid é an DUP, agus cogadh carad ar siúl ann. Ach músclaíodh an chonspóid nuair a d’aontaigh an Státrúnaí Brandon Lewis agus Sinn Féin go rithfí an reachtaíocht teanga i Westminster mura ndéanfaí i Stormont é roimh mhí Deireadh Fómhair. Bhí an reachtaíocht teanga mar chuid dhílis den ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’, agus mínithe go soiléir in ‘Aguisín E: Cearta, teanga agus féiniúlacht.’ Foilsíodh an reachtaíocht i 2020, ach maidir leis an nGaeilge, níl aon rud curtha i bhfeidhm fós. Ní mór don rialtas i Stormont a ndualgais a chomhlíonadh, ach is beag deifir atá ar an DUP. De réir na reachtaíochta, beidh dualgas ar na húdaráis phoiblí a seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, agus beidh Coimisinéir na Teanga ceaptha chun an reachtaíocht a oibriú amach i dtólamh, agus chun forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm agus ansin monatóireacht a dhéanamh. Ní taisme ar bith é go bhfuil struchtúr na reachtaíochta sin cosúil leis an struchtúr atá againn in Éirinn. Caithfidh mé a rá go bhfuil Sinn Féin tiomanta maidir le cearta teanga sa Tuaisceart, agus i mo thuairim is gá brú a chur ar an rialtas i Stormont agus más gá i Westminster freisin na cearta sin a chur i bhfeidhm, mar a gealladh. Bhí a gcearta daonna á séanadh ag go leor daoine sa Tuaisceart le fada an lá, agus thóg sé brú leanúnach ar rialtas na Breataine na hathruithe riachtanacha a dhéanamh. Ach ní bheidh an chaibidil sin críochnaithe i gceart go dtí go mbeidh cearta teanga ag muintir an Tuaiscirt. Tá an scéal seo á scríobh fós.
Gaeilge na hAlban
Dar le Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí aitheanta agus Ollamh in Ollscoil na hAlban (Oilthigh na Gàidhealtachd agus nan Eilean), tá Gaeltacht na hAlban i bhfad níos leochailí ná Gaeltacht na hÉireann. Tá an pobal Gaelach níos lú (meastar go bhfuil timpeall 11,000 cainteoirí dúchais ann), agus níl an tacaíocht oifigiúil chéanna ag Gaeilge na hAlban is atá ag an Ghaeilge. Fuair an SNP (Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba) ollbhua sa toghchán in Albain le déanaí, agus b’fhéidir anois go bhfaighidh an teanga an tacaíocht atá ag teastáil go géar uaithi. D’fhógair an SNP go bhfuil pleananna acu infheistíocht a dhéanamh in oideachas trí mheán Gaeilge na hAlban, agus staidéar a dhéanamh ar stádas oifigiúil a thabhairt d’áiteanna ina bhfuil an teanga dhúchais in úsáid fós – Gaeltachtaí nó Gaidhealtachdan i nGaeilge na hAlban. Tá feachtasóirí na teanga ag caint faoi fhorbraíochtaí tithíochta do chainteoirí Gaeilge na hAlban – cosúil leis in Éirinn. Is léir go bhfuil na daoine sin ag breathnú ar cad atá ar siúl in Éirinn maidir le tacaíocht na teanga, agus ag iarraidh aithris a dhéanamh ar chúpla beartas atá i bhfeidhm anseo.
Conclusion
Tá scéalta na dteangacha Ceilteacha fite fuaite le chéile, agus is rud maith é pleananna a roinnt le chéile, agus más féidir comhoibriú le chéile. Léigh mé le déanaí gur aontaíodh ag Comhdháil na Breataine go mbunófar ‘Coiste na Breataine’ do Chonradh na Gaeilge. Rud iontach é sin, mar beidh na heagraíochtaí Gaeilge sa Bhreatain agus in Éirinn in ann an comhoibriú eatarthu a neartú.
Níl a fhios agam an bhfuil aon eagraíocht uilechuimsitheach na dteangacha Ceilteacha ann, ach mura bhfuil ceapaim go bhfuil argóint láidir í a bhunú. Tá an cuspóir céanna againn go léir – is é sin ár dteangacha Ceilteacha a athbheochan. Thabharfadh eagraíocht mar sin ardán dúinn go léir eolas luachmhar a roinnt le chéile agus comhoibriú le chéile chun ár gcuspóir dúshlánach a bhaint amach! Mar shampla, is dóigh go mbeimis in ann leas a bhaint as taithí na mBreatnach ar athbheochan na Breatnaise, chun dul i bhfeidhm ar an gcur chuige i gcás na dteangacha Ceilteacha eile. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!