Bhuail mé le cara liom cúpla lá ó shin. Bhímis ag obair le chéile ar feadh beagnach fiche bliain mar innealtóirí ag déanamh taighde agus forbartha ar son comhlacht mór ardteicneolaíochta. D’éirigh mé as an obair beagnach sé bliana ó shin, ach bím i dteagmháil fós le cúpla iar-chomhghleacaí, Vijay san áireamh, a bhfuil nasc speisialta agam leo.     

Bhí comhrá deas againn, agus d’fhoghlaim mé go bhfuil athruithe móra tagtha ar an gcaoi a n-oibríonn daoine anois sa chomhlacht sin de bharr na pandéime. Ní raibh Vijay san oifig le breis is bliain anuas, agus é ag obair ó bhaile an t-am sin go léir. Is é an dála céanna é ag go leor daoine ar féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh aon áit ina bhfuil nasc leathanbhanda ardluais ar fáil.  Bhí go leor le rá ag Vijay ar ábhar na cianoibre ach sheas rud amháin amach dom atá réabhlóideach i mo thuairim, mar gheall ar na himpleachtaí suntasacha don saol mór.  Dúirt sé go bhfuil an comhlacht tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le cianobair agus obair san oifig. Beidh an cinneadh seo i bhfeidhm as seo amach. Ní bheidh ar fhormhór na bhfostaithe dul go dtí an oifig a thuilleadh, ach cúpla lá gach seachtain ar a mhéad.

Dúirt Vijay nach mbeidh oifigí traidisiúnta ar fáil níos mó sa chomhlacht ach an oiread, mar úsáidfear iad ar chomhroinnt ama as seo amach. Sa chóras nua seo, déanfaidh tú réamháirithint ar oifig roimh ré, agus ansin úsáidfidh tú an oifig sin ag an am atá leagtha síos. Ag deireadh an ama sin, tógfaidh tú do ríomhaire glúine leat abhaile, agus réiteofar an oifig don chéad duine eile. Córas hibrideach a thugtar ar an gcóras sin, agus tar éis é a bheith i bhfeidhm ar feadh bliana, déanfar cinneadh ar an gcóras a leanúint mar atá sé, nó b’fhéidir an chomhréir idir obair san oifig agus sa bhaile a athrú. I mo thuairim, is é an t-athrú a dhéanfar ná níos lú ama a chaitheamh san oifig, mar ceapaim go bhfuil an comhlacht beagáinín coimeádach go dtí go gcinnteoidh sé go n-oibríonn an córas nua go maith. Dúirt Vijay go bhfuil comhlachtaí eile a bhfuil cead ag a bhfostaithe obair ó bhaile an t-am go léir – Twitter mar shampla. Tá go leor fostaithe sna comhlachtaí sin ag athlonnú, mar ní gá dóibh níos mó a bheith gar don oifig. Tá siad in ann bogadh go dtí an áit is fearr leo, agus mar sin tá go leor dóibh ag bogadh ó na cathracha móra go dtí áiteanna faoin tuath nach bhfuil plódaithe le daoine, ina bhfuil costas tithíochta níos ísle, agus ina bhfuil siad in ann a gcaitheamh aimsire a chleachtadh go héasca.  

Beidh impleachtaí móra don tsochaí ann agus an ceann is mó dóibh i mo thuairim ná an dílárú a tharlóidh mar iarmhairt na n-athruithe sin.  Tá na rialtais i go leor tíortha ag iarraidh dílárú a dhéanamh, ach níor éirigh go maith leo go dtí seo. Ach seachain! Beidh rabharta lonnaitheoirí ag bogadh luath go leor, ag imeacht ó na bruachbhailte go dtí bailte agus sráidbhailte amuigh faoin tuath agus caithfidh a rialtais ullmhú roimh ré chun tacaíocht a thabhairt don imirce sin.  Is é infreastruchtúr an tosaíocht is mó a bheidh ag na rialtais sin anois, ionas go mbeidh daoine in ann a n-obair a dhéanamh ar an idirlíon ó bhaile. Dá bhrí sin, is é an t-infreastruchtúr is tábhachtaí a bheith ann ná clúdach uilíoch leathanbhanda. Beidh sé tábhachtach freisin na seirbhísí atá ar fáil amuigh faoin tuath a mhéadú chun déileáil leis an éileamh mór a bheidh orthu de réir an mhéadaithe a thiocfaidh ar an daonra áitiúil.

Ceapaim go mbeidh na Gaeilgeoirí inár measc in ann lántairbhe a bhaint as na hathruithe sin freisin. Ní bheidh an brú céanna ar mhuintir na nGaeltachtaí imeacht chun obair a fháil, mar beidh roinnt mhaith dóibh in ann cianobair a dhéanamh agus fanacht sa Ghaeltacht. B’fhéidir go dtiocfaidh deireadh le bánú na nGaeltachtaí agus in ionad sin go dtiocfaidh méadú ar dhaonra na nGaeltachtaí, mar beidh Gaeilgeoirí nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht, agus an Ghaeilge a labhairt an t-am go léir. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh dár rialtas infheistíocht mhór a dhéanamh in infreastruchtúr faoin tuath agus go háirithe sna Gaeltachtaí, chun iad a chaomhnú agus a neartú. Is deis í seo nach dtarlaíonn ach uair amháin sa saol!

.

en_USEnglish