Bhíomar ar ár sáimhín só sa Smugairle Róin, mé féin agus mo chara dílis, Séimí an Droichid. Bhí cúpla pionta ag sruthlú thart inár mboilg, agus bhí an fear mór féin, Tóin Mhór, ag freastal orainn.
“Sea – beidh trosc úr agaibh agus tá ocras ag teacht orm féin anois ag féachaint ar bhur mbéilí blasta!” arsa Tóin Mhór, agus ár bplátaí á leagan ar an mbord aige. “Bain súp astu! Nó ‘Enjoy’ mar a déarfá as Béarla!” Agus d’imigh Tóin Mhór ansin ar luas lasrach, chun béilí eile a fháil do dhaoine ocracha eile. Bhí an Smugairle Róin ina thine bhruite, díreach cosúil leis na laethanta a bhí, roimh ré an ghalair uafásaigh sin, COVID-19.
Thosaíomar ag ithe, agus bhí an t-iasc go han-bhlasta ar fad, agus ní raibh na sceallóga ródhona, ach an oiread. Roimh i bhfad, bhí ár bplátaí glanta againn!
“Cá rabhamar?” arsa Séimí, agus a smig á thochas aige. “Is cuimhin liom anois,” ar seisean. “Bhí mé chun sampla níos fearr a thabhairt duit a thaispeánfadh an neamhréiteach a tharlaíonn idir an eolaíocht agus an reiligiún. Nach ea, a Mhíchíl?”
“Sin é díreach!” a d’fhreagair mé. Ní raibh mé ag baint sásamh as ár gcomhrá ar an ábhar seo, i ndáiríre. Ach bhí Séimí ar mhuin na muice anois, gan dabht!
“Bhuel a Mhíchíl, an cuimhin leat Edwin Poots, iar-cheannaire an DUP i dTuaisceart na hÉireann?”
“Is cuimhin liom, cé nár mhair sé i bhfad mar cheannaire!”
“Tá an ceart agat faoi sin. Ach an bhfuil a fhios agat cad a chreideann an fear sin?” D’fhéach Séimí go géar orm anois.
“Creideann sé na rudaí céanna agus a chreideann baill eile an DUP!” arsa mise.
“An gcreideann tú i dteoiric éabhlóide Darwin?” a d’iarr Séimí díom.
“Is eolaíocht atá i gceist. Ní ábhar creidimh é sin, agus is fíric é an teoiric sin!” arsa mise. Thóg mé slog mór beorach ansin. Bhí béal tirim agam arís, mar bhí Séimí ag seilg a chreiche anois.
“Caithfidh tú a mhíniú dom faoi Poots mar sin, a mhac!” Leis sin, d’ól Séimí leath a dhí in aon slog amháin. Lig sé osna mhór ansin agus é an-sásta leis féin anois. Bhí sé ródhéanach dom éalú anois, agus chonaic mé cad a bhí ag teacht.
“Ní chreideann Poots sa teoiric sin, a chara, ar chor ar bith. Ní hé sin amháin ach creideann sé gur chruthaigh Dia an domhan timpeall sé míle bliain ó shin. Tá go leor daoine eile, ní amháin sa DUP, a chreideann na rudaí céanna. Cad atá le rá agat faoi sin, a Mhíchíl?” Bhris meangadh ar aghaidh Shéimí agus é ag stánadh orm.
Bhí sé in am dom mo náire a sheachaint anois agus cúlú chomh tapa agus is féidir.
“Bhuel, b’fhéidir go bhfuil an ceart agat, a Shéimí, agus go bhfuil a lán daoine ann a chreideann raiméis mar sin. Ach nach cuma sa Diabhal? Nach bhfuil a lán ceisteanna níos tábhachtaí agus níos suimiúla atá ar siúl ar fud an domhain le plé againn?” Cheap mé go gcríochnóinn an comhrá sa tslí sin, agus go mbeadh deis againn cúrsaí eile a phlé ansin. Ach ní raibh Séimí críochnaithe liom fós.
“Níos tábhachtaí, an ea?” Chríochnaigh sé a deoch agus sméid sé Tóin Mhór anall.
“Cúpla pionta agus piseanna talún rósta le do thoil!”
“Gheobhaidh mé iad láithreach bonn,” a d’fhreagair Tóin Mhór go cairdiúil. “Nach bhfuil dlúthchomhrá ar bun agaibh le chéile anseo. An bhfuil réiteach fós agaibh ar fhadhbanna an domhan?”
“Ara níl réiteach éifeachtach faighte fós againn, ar an drochuair!” arsa Séimí. “Ach táimid ag obair go dian á lorg!”
“Cúpla pionta agus piseanna talún rósta, maith go leor!” arsa Tóin Mhór agus na gloiní folmha ina ghlac aige.
I bpreab na súl bhí Tóin Mhór ar ais le gloiní beorach a bhí lán go barr agus cúpla paicéad piseanna talún rósta. Bhí custaiméir eile ag geáitsíocht air, agus thug sé do na boinn é láithreach.
“Seo an ceann deireanach domsa!” arsa mise. “Sláinte!” “Sláinte agus fad saoil duit!” arsa Séimí agus é ag sméideadh a chinn ag aontú liom. D’aithin mé an leathcheann a bhí air, agus ba léir dom go raibh sé go te sa tóir orm!