“Céard faoin téamh domhanda – ábhar atá sna ceannlínte anois ar fud an domhain?” arsa mise agus spéis mhór agam san ábhar sin.

Tar éis tráthnóna iontach agus béile blasta sa Smugairle Róin, chuamar go dtí mo theachsa i gcomhair cupán tae. Phioc mé an t-ábhar sin – téamh domhanda – as cúpla fadhb mhór a thug Séimí dom níos luaithe.

“Rogha iontach agus tráthúil é sin! Tá tuarascáil nua foilsithe ag an bPainéal Idir-rialtasach ar Athrú Aeráide. Deir na saineolaithe go léir a rinne an taighde, nach bhfuil aon dabht ar domhan gurb é tionchar an chine dhaonna an cúis is mó leis an athrú aeráide. Thug siad rabhadh láidir faoi thodhchaí an phláinéid freisin, ag rá go bhfuil athruithe ar siúl i ngach áit – go bhfuil an teas ag ardú, an t-oighear ag leá agus an fharraige ag ardú. Dúirt siad nach foláir dúinn astaíocht carbóin a laghdú gan mhoill, sula rachaidh an t-athrú aeráide i bhfad níos measa. An gceapann tú go mbeadh duine ar bith in aghaidh na bhfíricí dobhréagnaithe sin?

Bhí mé i bhfad níos cúramaí le mo fhreagraí anois. “Bhuel, a Shéimí, tá sé cruthaithe le fada an lá gur sféar é ár bpláinéid ach táthar ann nach nglacann leis an bhfíric dhobhréagnaithe sin! Mar sin, caithfidh mé a rá go bhfuiltear ann nach gcreideann na saineolaithe anois faoin téamh domhanda ach an oiread!”

“Tá an ceart agat. Ach tá an scéal níos measa ná sin. Cén fáth nach gcreideann daoine na fíricí sa chéad áit? An bhfuil a fhios agat?” D’ardaigh Séimí a mhala go ceisteach agus é ag déanamh mionscrúdaithe orm.

“Níl barúil ar bith agam!” arsa mise.

“Caithfidh tú lorg an airgid a leanúint! Feicfidh tú ansin faoi na daoine nach gcreideann fíricí doshéanta nach bhfuil iontu ach fichillíní ar chlár lucht éilitheach an airgid. Scaipeann an lucht sin bréaga go toilteanach fad is a fhreastalaíonn sé ar a riachtanais. Déanann siad aon rud a ghineann ioncam dóibh, fiú má dhéanann sé dochar do dhaoine eile nó don phláinéad. Nach cuma leo sin sa sioc faoin gcosmhuintir! Nach cuma leo sin sa sioc faoin bhfírinne! Ní spéis leo ach iad féin a chur chun cinn! Tá sé chomh simplí sin!” Leis sin, tharraing Séimí anáil dhomhain. “Tae?” ar seisean, agus é ag doirteadh amach cupán tae dom cheana féin.

“Go raibh maith agat,” arsa mise. “Ceapaim go dtuigim cad atá á rá agat, agus tá sé thar a bheith suimiúil. Maidir leis an téamh domhanda, cén lucht éilitheach atá i gceist?”

“Comhlachtaí fuinnimh agus go háirithe comhlachtaí ola, mar is iadsan a chaillfidh a lán brabús an lá a thosaíonn an domhan ag úsáid fuinnimh mhalartaigh,” a d’fhreagair Séimí.

“Tuigim é sin, a Shéimí. Agus conas is féidir leo bob a bhualadh ar go leor daoine?”

“Caitheann siad méid mór airgid chun é sin a dhéanamh. Déanann siad stocaireacht ar pholaiteoirí, ag tabhairt tacaíocht airgid dóibh mar chúiteamh ar a dtacaíocht polaitiúla. Cuireann siad feachtas meán measctha i gcrích, ar an raidió, an teilifís, na nuachtáin, agus ar líne, go háirithe ar na meáin sóisialta (Facebook, Twitter, Instagram, srl.). Is mar sin a scaipeann siad a mbolscaireacht mhioscaiseach, agus bíonn an-tionchar acu ar go leor daoine. Déanann siad é sin fad is a n-oibríonn sé ar mhaithe leo.” Chroith Séimí a cheann agus olc air.

“Is uafásach an rud é!” a dúirt mé. “Ach nach dtagann an fhírinne amach sa deireadh?”

“Is ea, ar ndóigh, tagann uair na cinniúna. Ní athraíonn siad go dtí go ndéanann an brabach an costas a dhlisteanú. Chomh maith le costas a bhfeachtais bholscaireachta, tagann na cásanna cúirte, agus go minic déanann gníomhaithe timpeallachta agus gníomhaithe ar son chearta an duine agóidí i gcoinne na gcomhlachtaí éilithigh agus a dtáirgí. Diaidh ar ndiaidh bíonn orthu an fhírinne a admháil. Uaireanta, bíonn ar chomhlacht iarratas ar fhéimheacht a dhéanamh. Ach, ná bí buartha, coimeádann na daoine saibhre a n-airgead pé scéal é! Sin an tslí a n-oibríonn ár gcóras caipitlíoch!” Leis sin, d’ól Séimí gach uile dheoir a bhí fágtha ina chupán. “Ach tá sé thar am agamsa dul a chodladh! Leanfaimid lenár gcomhrá an chéad uair eile, agus ansin leagfaidh mé amach réiteach na bhfadhbanna!”

“Ba mhaith liom do réiteach a chloisteáil, agus b’fhéidir go mbuailfimid le chéile ag an am céanna an tseachtain seo chugainn?” arsa mise go díograiseach.

“Go hiontach!” arsa Séimí, agus amach an doras leis ansin gan mhoill!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

   .

.

en_USEnglish