Baineadh an ghaoth as mo sheolta agus thit an lug ar an lag orm le déanaí, agus mé sa Ghaeltacht don chéad uair le cúpla bliain anuas. Is amhlaidh a ghéaraigh sé ar an bpian toisc go bhfuil cónaí orm sna Stáit Aontaithe an chuid is mó den bhliain, gan fáil agam ar an nGaeltacht go héasca. Ach caithfidh tú a thuiscint nach raibh mé buartha dom féin amháin ach ar son ár dteanga álainn freisin, a bhfuil beagnach in arraingeacha a bháis.

Chomh luath is a thángamar i dtír i gCill Rónáin baineadh an dallach dubh díom láithreach. Bhí tiománaí tacsaí ag fanacht linn nuair a shiúlamar amach ag brú ár mbagáiste romhainn. D’iarr sé orainn as Béarla an raibh tacsaí ag teastáil uainn agus d’fhreagair mé nach raibh. Ansin, thosaigh mé ag caint as Gaeilge, gan ach ag déanamh mionchomhrá.

“Tá an aimsir go breá, agus mar sin ba mhaith linn siúlóid bheag amuigh faoin aer!” arsa mise, ag míniú cén fáth nach raibh tacsaí ag teastáil uainn.

Ansin, gan rabhadh, bhuail sé buille maraithe na muice ormsa agus ar an nGaeilge. “I don’t understand”, a d’fhreagair sé agus blas follasach an oileáin ar a chuid cainte. Ní raibh mé ag súil leis an bhfreagra borb, eascairdiúil sin a fuair mé uaidh, agus mhothaigh mé nach raibh fáilte dháiríre romhainn ar Inis Mór. Rith sé liom nach mbeadh aon fhadhb don fhear sin Gaeilge a labhairt linn dá mba rud é gur thógamar a thacsaí. B’fhéidir nach raibh ionainn ach togra gnó inmharthana agus nach raibh ag teastáil ag an bhfear sin ach dath an airgid? Ach arbh eisceacht é an tiománaí, nó arbh ionadaí na n-Oileánach é agus bheadh gach duine eile ar an oileán mar sin freisin? Sin iad ná smaointe a bhí ag snámh trí mo mheabhair agus muid ag siúl suas an bhóthair. Ó – agus fearg freisin! Nach maslach an rud a rinne mo dhuine! Ar cheap sé gur coimeádaí ár dteanga náisiúnta é agus cé a thug an t-údarás sin dó? Nach linn go léir ár dteanga álainn, agus í á séanadh agus á marú ag an bhfear seo? Níor thaitin an réamhbhlaiseadh seo liom in aon chor. Ar an drochuair, leag sé síos an chaoi a mbeadh cúrsaí an chuid eile dár gcuairt ghearr.

Bhí teachín deas faighte againn agus bhí a seomraí réitithe go hálainn. Tar éis dúinn gach rud a bhaint amach as ár málaí, chuamar go dtí an teach tábhairne, Tí Joe Watty’s, le haghaidh dinnéir. Thosaigh mé ag labhairt Gaeilge, ach dúirt an freastalaí nach raibh Gaeilge aige. Ní raibh Béarla líofa aige ach an oiread mar níorbh as Éirinn ó dhúchas é.

Tar éis codladh sámh agus bricfeasta deas sa teachín, chuamar ag lorg rothar. Bhí rothair ar cíos i siopa beag in aice leis an gcé. Thosaigh mé ag labhairt Gaeilge leis an bhfear ag obair taobh thiar den deasc, ach nuair a d’fhreagair sé “Sorry, I don’t speak Irish, mate”, d’aithin mé an blas Astrálaigh ar a chuid cainte. Dúirt sé gur gá airgead tirim a úsáid agus, mar nach raibh ach cárta creidmheasa agam, bhí orainn dul go dtí an t-ollmhargadh chun airgead a fháil sa mheaisín bainc. Ar ais ag an siopa, bhí fear eile taobh thiar den deasc, agus an tAstrálach ag caint leis. “They’re the ones were speaking Irish,” a dúirt sé go ciúin, ionas nach gcloisfimis.

“How long do you want the bikes?” arsa an fear nua liom.

“Go dtí an Domhnach!” arsa mise.

“What?” arsa an fear nua, ag ligean air nár thuig sé focal a bhí á rá agam. Tar éis triail eile, d’fhreagair mé as Béarla. Bhí mé cinnte gur Oileánach a bhí ann agus Gaeilge líofa aige.

Lean ár gcuairt ar aghaidh mar sin, agus ní bheadh a fhios agat gur Gaeltacht atá ann, ach amháin cúpla uair nuair a chualamar Oileánaigh ag caint le chéile.

Bhí díomá mhór orm ag deireadh na cúirte, mar ní raibh an Ghaeilge ar fáil dúinn ar chor ar bith, agus lig na hOileánaigh ar bhuail mé leo nár thuig siad cad a bhí á rá agam nuair a labhair mé Gaeilge leo. Tá na daoine sin ag déanamh leithcheal orainn, ar ár dteanga agus fiú orthu féin, agus caithfimid ár míshásamh a léiriú lena n-iompar.

Chuala mé go raibh an Ghaeltacht ar Inis Meáin i bhfad níos fearr, ó thaobh Gaeilge labhartha de, agus is thall ansin a rachaidh mé an chéad uair eile atá fonn orm taistil chuig Oileáin Arainn!

.

.

en_USEnglish