Bhí sé beagnach dodhéanta go mbeadh beagnach 200 tír in ann aontú ar chéimeanna praiticiúla chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide atá ag luasghéarú go sciobtha. Comhaontaíodh ar aon téacs amháin (Glasgow Climate Pact), a bhfuil go leor gealltanais agus dualgais ann.
Bhí sé an-soiléir go raibh deighilt mhór idir na tíortha móra cumhachta agus na tíortha beaga, go háirithe iad a bhfuil ag fulaingt iarmhairtí tubaisteacha ón athrú aeráide cheana féin. Cé go raibh na tíortha beaga sin ag iarraidh orthu céimeanna éigeandála a ghlacadh, níor ghéill na tíortha móra ach beagán i dtreo an réitigh ar gá leis – is é sin críoch a chur leis ár spleáchas ar bhreosla iontaise go sciobtha.
Tá sé soiléir chomh deacair is a bheidh sé ardú na meánteochta domhanda a choimeád go 1.5°C níos airde ná mar a bhí sé sa ré réamhthionsclaíoch, nuair atá sé 1.1°C níos airde cheana féin – ach caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh!
Mar sin féin rinneadh dul chun cinn suntasach i nGlaschú. Go minic, tháinig ionadaithe le chéile ar bhonn neamhoifigiúil, agus thug siad gealltanais dá chéile a laghdódh astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Scríobh mé cúpla liosta dom féin chun na buaicphointí is tábhachtaí a áireamh.
Comhaontaithe COP26 – buaicphointí:
• Don chéad uair ar chruinniú COP i 26 bliain, ainmníodh na coirpigh – fóirdheontais ghuail agus ola! Faigheann siad $5.9 trilliún d’fhóirdheontais gach bliain, in ainneoin cé chomh dona is atá siad don timpeallacht! Bhí gach tír aontaithe ar chríoch a chur leis na fóirdheontais sin, ach tháinig an India i ndiaidh an ghnímh agus d’éalaigh siad na focail sa ghealltanas sin a athrú, agus in ionad críoch a chur leo, gealltanas chun na fóirdheontais a laghdú. Ní raibh an dara rogha ach an t-athrú sin a dhéanamh agus ‘glac a bhfaigheann tú’! Murach sin, seans mór go mbrisfeadh rudaí síos go hiomlán agus nach mbeadh aon ghealltanas maidir leis na fóirdheontais chonspóideacha.
• Cé gur gheall na tíortha saibhre ag COP15 (Cóbanhávan) airgead a thabhairt do thíortha bochta gach bliain, ag méadú go $100 billiún i 2020, níor chomhlíonadh an gealltanas sin go hiomlán. Ag COP26, gheall na tíortha saibhre $100 billiún a thabhairt amach ó 2023 go dtí 2025, agus ag an am sin, féachaint arís ar an gceist. D’fhulaing tíortha bochta de dheasca an damáiste a rinne na tíortha saibhre don timpeallacht, agus is den mhúineadh é cúnamh a thabhairt do na tíortha bochta anois chun dul I ngleic leis an ngéarchéim.
• D’aontaigh na páirtithe ar rialacha don mhargadh carbóin, chun iad a spreagadh a n-astúcháin dhíobhálacha a laghdú.
• Beidh ar gach tír spriocanna níos uaillmhianaí a bhaint amach chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030. Beidh orthu freisin tuarascáil ar dhul chun cinn a chur ar fáil ag COP27 san Éigipt an bhliain seo chugainn.
.
Gealltanais a tharla lasmuigh de chruinnithe COP26 agus ar ghlac Éire páirt iontu:
• Gheall beagnach 100 tír go laghdóidís a n-astaíochtaí meatáin (gás atá níos measa ná dé-ocsaíd charbóin mar thruailleáin aeir) 30 faoin gcéad roimh 2030.
• Gheall 120 tír, an Bhrasaíl san áireamh, go gcuirfidís stop roimh 2030 leis an dífhoraoisiú atá ar siúl ar fud an domhain.
• Shínigh comhghuaillíocht 22 tír agus 11 comhlacht mhór i dtionscal na gcarranna gealltanas chun deireadh a chur – roimh 2040 – le feithiclí a úsáideann breosla iontaise.
• Gheall níos mó ná 40 tír deireadh a chur le húsáid an ghuail roimh 2030.
• D’aontaigh níos mó ná 20 tír go n-oibreoidh siad i dtreo tionscal na loingseoireachta a bheith saor ó astaíochtaí roimh 2050.
Cúpla comhaontú eile a tharla:
• Tabharfaidh grúpa tíortha tionsclaithe (na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an tAontas Eorpach) $8.5 billiún as seo go ceann cúig bliana, chun cabhrú leis an Afraic Theas aistriú ón ngual.
• D’eisigh na Stáit Aontaithe agus an tSín comhráiteas ag gealladh go gcomhoibreoidh siad le chéile chun a n-astú truailleán a laghdú chomh tapa agus is féidir.
.
Táthar ann den tuairim nach bhfuil sna comhaontuithe COP26 i nGlaschú ach sop in áit na scuaibe. Cé go bhfuil an ceart acu i slí amháin, i slí eile tá sé deacair teacht ar réiteach láidir nuair a bhíonn leasuithe dílsithe difriúla ag gach tír. In ainneoin sin, mothaím go bhfuil an fuadar is an furú ag méadú agus is gá anois an t-iarann a bhualadh nuair atá sé dearg! Mar sin, beidh sé an-tábhachtach do gach tír a ngealltanais agus a ndualgais a chomhlíonadh. Braitheann ár dtodhchaí air!
.
.
.