Tháinig mé ar chúpla alt a scríobh m’athair faoi thuras bóthair eipiciúil a rinneamar trasna na Sionainne roinnt blianta ó shin. Seo ceann amháin acu.
Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas
Tar éis oíche mhaith codlata a bheith againn sa ‘Ballina Manor Hotel’ i mBéal an Átha, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an óstáin le bricfeasta galánta a chaitheamh ansin ar ár suaimhneas. D’éirigh linn an ruaig a chur ar ocras agus ar thart, ar an ócáid, agus tar éis dúinn sinn féin a fháil réidh le seal a chaitheamh ag fámaireacht sa dúiche stairiúil sin, d’ardaíomar ár seolta….
Cá ndeachaigh muid ag fámaireacht, an ea?
Bhuel! b’fhada an lá muid ag éisteacht le scéalta faoi’n Teach Mór úd i gContae Shligigh, “Lissadell”.
Solas an tráthnóna i Lissadell.
Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas
Ar áilleacht tíre is trá.
Beirt bhan gléasta go gléigeal,
Iad araon álainn,
ach duine acu ina Gazelle.
agus ó tharla anois, go raibh sé gar go leor dúinn, shocraíomar ar chuairt a thabhairt air. Ní gá a rá go raibh na línte úd as dán an Yeatsaigh de ghlanmheabhair againn…
“The light of evening, Lissadell,
Great windows open to the south,
Two girls in silk kimonos, both
beautiful, one a gazelle.”
Ar Lissadell a tharraing mé an scéal
Agus bíodh gur bhaineamar taitneamh nár bheag, as an aistear chuige, agus as an radharc neamhaí, a bhí le fáil againn ar shliabh, is ar ghleann, ar mhuir is ar thrá, ar bhailte is ar thuath, níl fúm tada a rá fúthu sin, an babhta seo, nó ní orthu a tharraing mé an scéal, ach ar an Teach Mór úd, Lissadell, a sheas go ríoga ansin, ar thalamh ard os cionn na mara, agus mar sin, gan a thuilleadh moille, bhíomar ar ár slí isteach sa Teach Mór Ríoga sin, Lissadell.
Ba é Sir Robert Gore-Booth a thóg an Teach sin, sa bhliain 1833. Bhí sparán teann ag an bhfear céanna sin, ag an am, agus is dócha gur theastaigh uaidh sin a chur in iúl, trí mhéid, agus trí shuíomh a Thigh. Bhain garchlann Sir Robert cáil agus clú amach dóibh fhéin, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine faoi Constance, Countess Markievicz, agus an cháil a bhain sise amach di fhéin i stair chorraithe a tíre, ina lá. Bhí gariníon eile aige freisin, Eva, agus bhain sise cáil amach di fhéin mar fhile, mar shíochánaí agus mar shufragóir. Bhain a gharmhac, Sir Josslyn Gore-Booth, cáil amach dó fhéin, freisin, mar gharnóir.
Ach faoi’n am seo, tá muid bailithe sa ‘porte-cochere’ agus muid ag fanacht ar ár dtreoraí, le sinn a stiúradh timpeall an Tí Mhóir seo, Lissadell. Seo an áit a dtagadh na cóistí fadó, le deis a thabhairt do na maithe móra fáil isteach, gan bhaol ó ghaoth nó ó fhearthainn. Ar ball, tháinig fear breá, óg, chugainn, agus d’iarr orainn é a leanacht isteach. Rinneamar rud air, agus isteach linn i dtosach sa Halla mór, ornáideach, é ard, maorga, is ag cur thar maoil le troscán álainn, ársa, agus le pictiúir mhóra, suntasacha, ealaíonta, crochta ar na fallaí. Labhair an treorai linn go breá soiléir, faoi chuile shórt a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair. Leanamar linn ansin ar ár dturas trí na seomraí a bhí suite ar an urlár talún. Chuaigh an Bhialann i gcion go mór orainn, trí áilleacht, agus trí fheabhas a leagan amach, agus trí fhoirfeacht a cuid troscáin.
Thíos Staighre
Síos linn ansin go dtí an chistin agus trí bhialann an lucht freastail, agus caithfidh mé a admháil anseo, nach ndeachaigh leagan amach, nó trealamh, nó troscán, na n-ionad sin, i bhfeidhm orm fhéin, in aon chor, nó thug sé le fios dom, an meas a bhí ag aicme amháin ar aicme eile, agus iad ag maireachtáil faoin díon céanna. Ach sin mar a bhí, an tráth sin, ach nár chóir dúinn sa ghlúin seo, féachaint chuige, nach mar sin a bheas sa Phoblach s’againne, feasta. Ach leis an meas sin a chur abhaile orainn, i ndáiríre, seoladh amach as an Teach Mór sin trí thollán na n-oibrithe, a tógadh ansin, sa chaoi nach mbeadh radharc ag lucht an tí, nó ag a gcuairteoirí, ar oibrithe gioblacha ar a mbealach isteach chuig, nó ar a mbealach amach as, an Teach Mór sin. Lissadell. Ach sin uilig ráite, agus tuigthe, caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh an Teach céanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, agus ar na cuairteoirí a bhí in éindigh linn, ar ár dturas stairiúil go Lissadell.