An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

Dealbh donn sraoilleach

Ag síneadh a mhéarar Neamh

Ina sheasamh ar fhiarsceabha

Comharthaí nirt i bhfad siar

Dealramh dúilmhear dóchasach

Ar laoch cróga an ghainimh ghil

Ag fanacht go foighdeach

Le míorúilt a dhéanamh ar muir

Ag stánadh gan faiteadh na súl

Ar fharraige choipthe chontúirteach

Iarchuradh na ndaoine áitiúla

A chuir na tonnta chun suain

imithe i ndearmad anois

Gan láithreacht a chosantóirí

Leannán tréigthe na nglún

A chreid ina chumhacht fadó

Ach dóchas ina chroí fós

Ag súil le míorúilt féin

Nuair a nochtfadh a Chruthaitheoir Diaga

Misean tábhachtach nua

.

Mick Barrett

Is dócha gur dhein T.H. White, údar Sasanach, roinnt taighde ar chúrsaí Inis Géidh, tráth raibh ina chónaí in Iorras, le linn an chogaidh mhóir.  Ní raibh seisean sásta dul san arm thall, ag an am, agus is dócha nár theastaigh uaidh blianta a chaitheamh i bpríosún! Scríobh sé leabhar, ar ball, ar ar bhaist “The Blackamoor And The Godstone”.  Ba é an Blackamoor, nó Gormach a thagadh go rialta go Béal an Mhuirthead, ar laethe aonaigh, le cleasa de chuile chineál a dhéanamh, agus bhain an “Godstone” le hoileáin Inis Géidh. Ag caint ar “an Naomhóg”, a bhí , Naomhóg Inis Géidh.  Ní currach atá i gceist againn anseo, faoi mar a bheadh ag na Muimhnigh, ní hea, in aon chor, ach dealbh bheag, de chineál eicínt. Dealbh ársa, b’fhéidir, faoi mar a bhí coitianta go maith ar fud na Críostaíochta fadó, dealbh a raibh cumhachtaí áirithe aici, in am an ghátair.  B’ionann Naomhóg agus Naoimhín. B’féidir gurbh í Deirbhile fhéin, Colmcille, a d’fhág an Naoimhín céanna acu, mar chuimhneachán, fadó. De réir na scéalta, choinnítí an dealbh sin i dteach áirithe, ar feadh bliana, agus ansin, ag deireadh na bliana sin, tar éis do mhuintir an tí culaith nua flainín a chur uirthi, sheoladh siad ar aghaidh í go teach eile, agus mar sin dóibh, ó bhliain go chéile.  Bhí de bhua ag an “Naomhóg” chéanna sin, go gciúnódh sí an stoirm, nó ar ócáidí eile, go bhféadfadh sí stoirm a thógáil. Ba é a dhéanadh siad nó an dealbh a thógáil leo síos chun na farraige, agus ansin, agus na daoine timpeall uirthi i gciorcal, agus paidreacha áirithe á rá acu, agus an dealbh á thumadh san uisce acu, d’ísleodh an ghaoth, dá mba é sin a bhí á lorg ag na daoine. . Anois, b’in mar a bhaintí úsáid as “Naomhóg” Inis Géidh, ach dár le T.H. White, bhí baint eicínt ag an “Naomhóg” le torthúlacht, agus chaith sé roinnt mhaith ama, ag iarraidh cosa a chur faoin dearcadh sin.  Féach mar a chuireann an t-údar é….

“T.H. White thought that the naomhóg may have been used as a fertility symbol, and although this does not appear to have been the case, he pursued this concept throughout his research.”

Dá mbeadh an chumhacht sin uilig ag an “Naomhóg” sin Inis Géidh, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd, a shéid ar na farraigí thiar, i nDeireadh Fómhair na bliana sin 1927, nuair a báitheadh an deichniúr sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag?  Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an ndealbh, nó go raibh daoine ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidh. Feach mar a scriobh The Rev T.A. Armstrong,

“Still more gross superstition was practised in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies.”  

Is dócha gur spreag altanna leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire, gar go maith dá pobal dílis, mar a bhfanann i ndoimhneas na Farraige Móire go dtí an atá inniu fhéin ann, agus í ag fanacht go foighdeach ar an a bhfillfidh sí ar a muintir dhílis, oileánach arís, len iad a ullmhú do Lá Mór an tSléibhe…

.

en_USEnglish