Le déanaí, bhí ar an rialtas srianta dianghlasála leibhéal 5 a chur i bhfeidhm, in aghaidh an ardaithe shuntasaigh atá tagtha ar líon na gcásanna den COVID-19 sa tír. An gá é seo i ndáiríre?  

Tá i bhfad níos mó ar eolas againn anois faoin víreas ná mar a bhí fiú cúpla mí ó shin. Tá tuiscint níos fearr ag na heipidéimeolaithe faoi scaipeadh an víris anois freisin. Ar an drochuair ní dhéanann an taighde sin eolas do na polasaithe rialtais in a lán tíortha.  Ach cúpla tír ag úsáid thuiscint na heipidéimeolaithe ina bpolasaithe an Chóiré Theas, Vítneam agus an tSeapáin san áireamh. Ach cé chomh héifeachtach agus atá polasaithe na Seapáine mar shampla, chun líon na ndaoine ag fáil bás ó COVID-19 a laghdú? Bhuel, agus é seo á scríobh, fuair 1,650 duine bás ón ngalar sa tSeapáin go dtí seo, i gcomparáid le 1,849 in Éirinn. Ach tá daonra 126 milliún duine sa tSeapáin, i gcomparáid le daonra 5 milliún duine in Éirinn. Mar sin tá ráta mortlaíochta ón ngalar fiche cúig huaire níos airde in Éirinn ná sa tSeapáin. Nach dochreidte é sin, go háirithe nuair a fhaigheann tú amach nach mbíonn srianta chomh géar orthu agus a mbíonn orainn?  Cad atá ar siúl? Gan dabht, leanann saoránaigh na tíortha thuasluaite sin treorú a rialtais agus tá níos mó cleachtadh acu ag déileáil le géarchéim víris (SARS, MERS). Ach tugann a rialtais cur chuige eolach i leith na géarchéime COVID-19 freisin, ag cur na béime ar an mbealach a scaipeann an víreas ó dhuine go duine.

.

In iarthar an domhain, cuirimid béim ar an ráta tarchurtha an víris (R). In Éirinn, mar shampla, úsáidtear an uimhir sin mar chritéir mheastóireachta nuair atá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag iarraidh cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cén leibhéal srianta a mholadh don rialtas. Ar an meán, scaipeann duine ionfhabhtaithe an víreas do R daoine eile, agus má tá R níos lú ná a haon, bíonn laghdú ar líon na ndaoine ag tolgadh an galar COVID-19.  Rinneadh taighde ar an ábhar sin, agus fuarthas amach nach bhfuil R roinnte go cothrom. Ní scaipeann timpeall 70 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe an víreas ar chor ar bith. Ach scaipeann timpeall 10 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe suas le 80% cásanna nua, agus tugtar ollscaiptheoirí (superspreaders’ as Béarla) ar na daoine sin.  Mar a tharlaíonn, sin eolas an-tábhachtach ar fad.  

Rinneadh a lán taighde eile ar na coinníollacha atá fabhrach do scaipeadh an víris, agus fuarthas amach cúpla rud suntasach. Tá sé i bhfad níos éasca an víreas a scaipeadh taobh istigh ná mar atá sé taobh amuigh b’fhéidir fiche uaire níos éasca!   Laistigh, tá sé níos éasca an víreas a scaipeadh in áiteanna cúnga nach bhfuil aeráil mhaith ann, agus ina bhfuil go leor daoine gar le chéile le tamall fada, agus go háirithe nuair atá siad ag caint nó ag canadh. Smaoinigh ar thoit thánaisteach tobac, agus bíonn an víreas san aer i slí cosúil leis sin.

Recommendations:

Tá cuardach teagmhálaithe an-tábhachtach i straitéis na tíortha thuasluaite, ach cuardach teagmhála ar gcúl atá i gceist nach bhfuil mar an gcéanna leis an gcuardach a dhéantar in Éirinn anois. Is é aidhm an chuardaigh sin ná an ollscaiptheoir a aithint. Déantar cuardach teagmhálaithe ar dtús ar an duine a bhfuil an galar aige ach déantar iarracht a fháil amach n teagmháil a thug an galar dó. Seans maith gur ollscaiptheoir an duine sin, agus más ea (tá slite ann chun é sin a dhearbhú), déanann tú cuardach teagmhálaithe ar an ollscaiptheoir agus ansin cuireann tú srianta ar an ollscaiptheoir agus a theagmhálaithe. Tá an straitéis seo i bhfad níos fearr, mar tá tú in ann braislí a bhriseadh suas níos éifeachtaí.

Chomh maith leis sin, caithfidh tú cosc a chur ar aon bhailithe neamhriachtanaigh a bheadh laistigh in áiteanna cúnga le go leor daoine, gan aeráil mhaith a bheith ann. Cuirtear rialacha i bhfeidhm lasmuigh den teach mar gheall ar chaitheamh mascanna agus ar scoitheadh sóisialta go hiondúil freisin.

Agus sin an méid! Tá an tSeapáin, an Chóiré Theas agus tíortha eile ag éirí thar cionn leis an gcur chuige sin, agus níl sé dheacair ar an bpobal cloí le spriocanna mar sin ach an oiread. Is fiú do NPHET agus an rialtas an cur chuige seo a staidéar ar a laghad – tá sé amuigh ag an bpobal orthu!

.

.

.

.

.

en_USEnglish