An Toirtís agus an Giorria – arís!

.

.

An tseachtain seo chaite, d’inis mé finscéal cáiliúil de chuid Aesop duit darb ainm ‘An Toirtís agus an Giorria’. B’fhéidir gur thug tú faoi deara nár chloígh mé go dílis leis an mbunleagan, agus go ndearna mé oiriúnú air. B’fhéidir freisin gur oibrigh tú amach cheana féin cad a bhí i gceist agam, agus go raibh mé ag caint faoin toghchán Uachtaránachta a tharla le gairid sna Stáit Aontaithe agus go háirithe faoi na hiarrthóirí, Joe Biden (Toirtís) agus Donal Trump (Giorria). Díreach cosúil le Toirtís san fhinscéal, bhuaigh Joe Biden an rás. Agus díreach cosúil le Giorria, chaill Donald Trump an rás ach níor admhaigh sé an fhírinne shearbh sin!

Tá Trump ag maíomh calaoise sa toghchán, agus é ag tabhairt cásanna chun na cúirte in Arizona, Pennsylvania, Nevada, Georgia agus Michigan, ag iarraidh na torthaí a athrú. Ach níl fianaise ar bith ag dlíodóirí Trump a thabharfadh le fios go raibh caimiléireacht ar bun go forleathan sa toghchán.  Tá a fhios ag na dlíodóirí céanna nach bhfuil aon chás acu, agus tá dhá chomhlacht dlíodóirí tar éis tarraingt amach as a n-obair ar son an Uachtaráin dá bhrí sin. Tá cúrsaí chomh dona sin gur ainmnigh Trump Rudy Giuliani mar cheannasaí na n-iarrachtaí dlíthiúla sin. B’fhéidir go mbeidh preasócáid eile ag Giuliani ag ‘Four Seasons Total Landscaping’! Dia ár sábháil – sin tairne mór i gcónra an tionscnaimh sin!

Le déanaí, d’eisigh Roinn Slándála Dúiche SAM ráiteas, ag rá faoin toghchán Uachtaránachta seo gurb é an toghchán is sábháilte a tharla riamh i Meiriceá.  D’éirigh Trump an-fheargach leis sin, agus thug sé an bóthar don duine ar eisigh an ráiteas sin, Chris Krebs, stiúrthóir cibearshlándála sa Roinn Slándála Dúiche. Rinne Trump an beart gránna sin ar Twitter – nach péisteánach meata é!

Bhí scéim mhímhacánta eile in aigne ag cúpla Poblachtach agus iad ag impí ar an Reachtas Stáit in Arizona, Michigan, Pennsylvania agus Wisconsin toscairí nua a chuir in áit sa Choláiste Toghcháin a gcaithfeadh a vótaí ar son Trump. Ach dúirt na reachtóirí sna Stáit sin nach ndéanfaidís aon idirghabháil mar sin, mar bhrisfeadh sé sin dlíthe Stáit, agus bheadh sé in aghaidh thoil an phobail freisin.  Tá dualgas ar thoscairí Stáit ionadaíocht a dhéanamh do phobal an Stáit mar gheall ar bhuaiteoir an toghcháin Uachtaránachta agus ní féidir é sin a athrú. Is iad na toscairí a roghnaíonn an tUachtarán sna Stáit Aontaithe, i bpróiseas indíreach casta atá ann le fada. Tá sé soiléir go bhfuil Trump ag iarraidh an próiseas sin a threascairt.    

Is trua mhór í nach dtugann Trump aitheantas do Biden mar Uachtarán tofa. Seachas sin, cruthaíonn sé deacrachtaí do Bhiden, agus don tír. Éiríonn cúrsaí níos casta fós mar tá Trump ina Uachtarán go dtí 20 Eanáir, 2021, nuair a dhéanfar an tUachtarán nua a insealbhú.  

De ghnáth, chomh luath is atá torthaí an toghcháin ar fáil, tosaíonn an próiseas aistrithe chun ullmhúcháin a dhéanamh don aistriú cumhachta a tharlóidh ar 20 Eanáir.

Ach ós rud é nach nglacann Trump le torthaí an toghcháin, cuireann sé sin moille ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil don Uachtarán tofa, Joe Biden, mar tá Trump ag diúltú glan comhoibriú leis.

Pé scéal é, caithfidh toscairí an Choláiste Uachtaráin a vótaí ar 14 Nollaig agus beidh stádas oifigiúil ag na torthaí ansin, agus níl aon amhras ach go mbeidh a lá insealbhaithe ag Biden ar 20 Eanáir, 2021.

Ach go dtí sin, d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann, agus seo cúpla sampla dóibh siúd.

 Déanann gearáin Trump agus a ghiollaí gualainne dochar do sheasamh an daonlathais sna Stáit Aontaithe. Lean siad drochshampla na deachtóirí agus tá siad ag iarraidh fanacht i gcumhacht cosúil leo, in éadan mhianta an phobail.  Iompar fíorchontúirteach is ea é sin, gan dabht, a chuireann go mór leis an mbaol neamhsheasmhachta polaitiúla agus a lagaíonn fondúireachtaí an daonlathais i Meiriceá agus dar ndóigh, ar fud an domhain.
 Níl Biden in ann dul i ngleic i gceart leis an gcoróinvíreas gan comhoibriú leis an Rialtas reatha, agus feictear domsa nach bhfuil Trump ag déanamh rud ar bith mar gheall ar an víreas, mar is cuma leis faoi – is fearr leis galf a imirt!   
 Ar deireadh, nuair nach bhfuil aon phróiseas aistrithe ag tarlú, tá riosca níos mó ann go mbeadh naimhde na tíre in ann an deis seo a thapú agus damáiste a dhéanamh do SAM.

Tá sé shoiléir go bhfuil sé thar am do Thrump agus a chomrádaithe Poblachtacha aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne agus cailleadh Trump sa toghchán a admháil gan mhoill. Ní rogha é sin, ach dualgas!

.

  

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish