Bhí gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl agus ag síobadh na báistí díreach isteach san aghaidh orm. Bhí an geimhreadh sa mhullach orainn, gan dabht ar bith. Rith mé isteach doras an óstáin agus mé ar mo líob. Tar éis m’ainm agus m’uimhir fhóin a fháil, treoraíodh mé go dtí bord beag sa chúinne.

Tháinig Séimí an Droichid isteach díreach ansin agus é fliuch báite go craiceann.

“Nach bhfuil an aimsir go hainnis, a Mhíchíl?” arsa Séimí.

“Agus tá sé ag dul in olcas, de réir cosúlachta,” a d’fhreagair mé, mar baineadh stangadh asam nuair a chonaic mé an bhail a bhí ar Shéimí bocht. Bhain sé de a chóta báistí, agus chaith sé a scáth fearthainne i leataobh. Chuimil sé a chuid bos dá chéile agus é ag séideadh tríothu chun iad a théamh suas. Ansin, bhreathnaigh sé ar an mbiachlár.

“Aon mholadh agat?” a d’iarr sé díom.

“Is maith liomsa curaí, agus mar sin roghnaigh mé an curaí uaineoil,” a d’fhreagair mé.

“Beidh iasc agus sceallóga agam, ceapaim,” arsa Séimí.

Ghair mé an freastalaí chugainn, agus d’ordaíomar ár lón.

“A Shéimí,” arsa mise de ghuth beagnach mífhoighneach, “an leanfaimid ar aghaidh leis ár gcomhrá ón uair dheireanach?”

Bhí fonn mór orm comhairle Shéimí a chloisteáil, mar gheall ar réiteach fadhbanna móra an domhain. Dúirt sé cheana go raibh an réiteach aige, agus caithfidh mé admháil go raibh mé in amhras faoi sin.

Bhaineamar ár maisc dínn, agus thosaíomar ag ithe go cíocrach.

“Béile an-bhlasta é seo!” arsa Séimí agus a bheola á lí aige.

“Tá mo churaí an-bhlasta freisin. Tá an bia níos fearr ná sa Smugairle, nach bhfuil?”

“I bhfad níos fearr!” arsa Séimí. Ghlanamar ár bplátaí gan mhoill, agus ansin tháinig an freastalaí ar ais le cúpla caife latte dúinn agus thóg sé leis na plátaí folmha.

“Leanfaimid ar aghaidh, cinnte a Mhíchíl! Agus an réiteach d’fhadhbanna móra an domhain? I bhfocal amháin – Oideachas! Go bunúsach, ba cheart dár gcóras oideachais a bheith ar fáil do chách agus ag múineadh dúinn conas is féidir linn smaoineamh dúinn féin go soiléir. Ach níl deis oideachais ag gach duine agus ullmhaítear na scoláirí atá ann don am atá caite, agus ní don todhchaí ina mbeidh siad ag maireachtáil. Nach luíonn sé sin go mór le réasún, a Mhíchíl?”

“Gan dabht, luíonn!” a d’fhreagair mé. “Ach cad is féidir a dhéanamh faoi na fadhbanna sin, a Shéimí?”

“Sin í an cheist mhór!” arsa Séimí. “Tá tuairim agam faoi sin, ach is í an fhadhb níos deacra ná conas mo chomhairle a chur i bhfeidhm, agus níl freagra agam don cheist sin fós– sin an píosa nach bhfuil éasca! Agus i dtíortha nach bhfuil córas daonlathais acu, tá sé níos deacra fós!”

“Tuigim é sin, ach cad é do chomhairle, a Shéimí?” arsa mise, ag éirí beagnach mífhoighneach anois.

“Bhuel is é dualgas gach rialtas deis oideachais a thabhairt do gach duine sa tír – sin an chéad rud. Ansin, caithfidh an córas oideachais múineadh dúinn teicnicí réitithe fadhbanna, scileanna anailíseacha agus acmhainní criticiúla. Caithfidh sé múineadh dúinn freisin conas is féidir linn a bheith mar shaoránaigh fhreagracha agus táirgiúla inár sochaí. Agus ná déan dearmad ar na healaíona, oideachas cultúrtha, teangacha, eolaíocht agus teicneolaíocht freisin. Oideachas leathan, cuimsitheach agus ábhartha atá i gceist.”

“Aontaím leis sin, ach ní fheicim cá bhfuil an réiteach!” arsa mise, ag iarraidh tuiscint a fháil.

“Mura bhfuil cuid mhór dúinn in ann smaoineamh go soiléir agus in ann an fhírinne a dhealú ón mbréag, is furasta do na meáin, do pholaiteoirí agus do chomhlachtaí bob a bhualadh orainn ar mhaithe leo féin. Agus sin fréamh na bpríomhfhadhbanna ar luaigh mé iad níos luaithe!

Ar an drochuair, sin an méid atá le rá agam inniu ar an ábhar sin a Mhíchíl mar, ar an drochuair, tá sé in am dom imeacht anois. Íocfaidh mé as ár mbéilí ar mo shlí amach, agus bhí am iontach agam arís!”

Bhí ionadh orm go raibh ar Shéimí imeacht go tobann mar sin. Ós rud é gur íoc mé as ár mbéile seachtain ó shin, ní dúirt mé aon rud faoi sin!

“Slán go fóillín, agus beidh mé i dteagmháil leat i gceann tamaill!” a scread mé ina dhiaidh, ach ceapaim nár chuala sé faic!

Chomh maith le lón bia, bhí lón machnaimh agam freisin gan dabht! Bhí cúpla ceist agam fós ar an ábhar casta seo! Ar an dea-uair, d’fheabhsaigh an aimsir le linn ár lóin, agus ní raibh orm rith go dtí mo charr!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish