by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An séú húrscéal is fiche ón Máistir
.
Sycamore Row……….by…John Grisham………£19.99.
(This week we take a look at John Grisham’s 26th Novel.)
.
Easaontas ciníoch
Nuair a cuireadh cló ar chéad úrsceal John Grisham, ‘A Time to Kill’, sa bhliain 1989, is dócha gur tuigeadh dó, go raibh bóthar fada le taisteal aige, má theastaigh uaidh teacht i dtír ar a chuid scríbhneoireachta, nó dhiúltaigh roinnt mhaith foilsitheoirí glacadh leis an úrscéal sin, ach i ndeireadh na dála, tháinig Wynwood Press i gcabhair air, agus d’fhoilsigh siadsan ‘A Time to Kill’. Ar ball, bhí foilsitheoirí ag baint na sál dá chéile ag iarraidh a shaothar a fhoilsiú. D’fhéadfá a rá, go bhfuil baint éigin ag an gcéad úrscéal úd leis an úrscéal seo is déanaí óna pheann, sa mhéid go bhfuil cuid áirithe de na charactair ón gcéad scéal le fáil arís san úrscéal nua seo, Sycamore Row, agus iompaíonn sé athuair ar easaontas ciníoch an Deiscirt, na bánaigh i gcoinne na ngormach mar bhuntéama don leabhar nua seo freisin.
Jake Brigance, dlíodóir
Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é, Jake Brigance, dlíodóir, an príomhcharactar sa scéal seo, díreach faoi mar a tharla in, A Time to Kill. Agus ar eagla go ndéanfainn dearmad air, ar ball, ba mhaith liom a rá anseo, gurb é mo thuairim fhéin, gurb é seo an t-úrscéal is fearr, agus is greamaithí fós, ó pheann líofa an tsainscríbhneora seo. Féach mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal seo…
“They found Seth Hubbard in the general area where he had promised to be, though not exactly in the condition expected. He was at the end of a rope, six feet off the ground and twisting slightly in the wind….”
Ní chuireann an t-údar aon am amú agus é ar a bhealach go croí an scéil. Chuir an Hubert seo lámh ina bhás fhéin. Bhi clann air, mac amháin agus iníon, agus d’fhág sé garchlann ina dhiaidh freisin, agus deartháir amháin. Bheifeá ag súil go bhfágfadh Hubert lab maith airgid ag chuile dhuine dá shliocht ina uacht, ach bheadh breall ort sa mhéid sin, nó leithphingin rua fhéin as an fiche milliún Dollar a d’fhág sé ina dhiaidh, níor fhág sé ag duine ar bith acu san uacht lámhscríofa úd a dhréacht sé fhéin, nó ba é a rinne sé, i ndáiríre, san uacht sin ba dhéanaí uaidh, nó tromlach mór na hoidhreachta sin, 90% de, a fhágáil ag a chailín aimsire, Lettie Lang, ar ghormach dathúil, meánaosta í. D’fhág sé 5% de ag eaglais eicínt, agus 5% eile ag a dheartháir, Ancil. Tuigeadh go maith dó, go gcuirfí i gcoinne na huachta sin, agus le teacht thairis sin, scríobh sé litir chuig ár laoch, ó, ‘A Time to Kill’, Jake Brigance, á ainmniú, go speisialta, leis an uacht chéanna sin a chosaint go tréan, i gcoinne cibé ionsaí a dhéanfaí air. Shuigh an t-údar an scéal seo, Sycamore Row, i gClanton, i Stát Mhississippi, sa bhliain 1988, áit ar shuigh sé, A Time to Kill, thart ar thrí bliana roimhe sin.
Cumas tiomnach
Tharla faoi mar a thairngir Seth Hubbard. Cuireadh i gcoinne na huachta lámhscríofa sin. Bhailigh tréad dlíodóirí agus iad uilig ag súil le lab airgid a shaothrú as bheith ag iarraidh an uacht sin a chealú, cuid acu ag rá, nach raibh an uacht sin dleathach, cuid eile ag rá, go raibh an seanfhear as a mheabhair ag an am, agus dá bharr sin, nach raibh cumas tiomnach ann agus an uacht sin á dhréachtadh aige, agus daoine eile fós ag maíomh gur chóir glacadh le huacht a rinne sé tamall roimhe sin. Ba é an Breitheamh Atlee a bhí sa chathaoir, le súil a choinneáil ar na himeachtaí.
Ar na táirní sin uilig a chroch an t-údar a scéal. Ar éirigh le Jake an uacht sin a chosaint, nó ar éirigh leis an ealta dlíodóirí í a chealú? Ar éirigh le sliocht Seth an lab airigid sin, a raibh súil acu leis, a fháil. Nó cén chrioch a chuir an t-údar lena scéal, agus é ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an dlí, agus an tsúil eile a choinneáil ar chiall agus ar dhearcadh an ghnáthdhuine?
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
(This week, the Irish Column reviews
“The Confession” by John Grisham)
.
Úrscéal corraitheach eile
Leabhar nua eile ó pheann líofa John Grisham, agus arís, is féidir linn a rá, gur cúrsaí dlí agus cirt atá idir chamáin aige sa scéal seo. Ní hé seo an chéad leabhar a leag an t-údar seo os ár gcomhair amach, nó cheana féin, tá breis agus scór úrscéal curtha i gcló aige. Donté Drumm, – fear a daoradh chun báis as dúnmharú chailín ghil, óig, Nicole Yarber, agus fear a bhfuil naoi mbliana caite aige, faoin am seo, i gcillín an bháis, i Stát Texas, – is príomhcharachtar sa scéal fíorspéisiúil seo. Ba ghormach é Donté, agus réalt peile den chéad scoth. Gabh na póilíní é, agus tar éis dóibh chuile bhrú níos déine ná a chéile a chur air, le linn dóibh bheith á cheistiú, shínigh sé faoistin a d’admhaigh, gurbh eisean a mharaigh an dalta ardscoile sin. D’admhaigh sé, gur éignigh sé í, gur mharaigh sé í, agus gur chaith a corp thar dhroichead isteach in abhainn. Anois, bhí sé sásta an fhaoistin sin a shíniú, toisc nach raibh páirt ar bith aigesean sa choir uafásach sin, agus tuigeadh dó, go bhfaigheadh na póilíní amach, ar ball, nárbh eisean a rinne an marú, agus ansin, go ligfí saor é, gan smál ar a charachtar. Ghlac na cúirteanna áfach, le fírinne na faoistine sin, agus daoradh Donté chun báis, agus d’aontaigh an chúirt athchomhairc leis an mbreith bháis chéanna sin.
Scéal Travis Boyette
Tráth a raibh naoi mbliana i ndáil le bheith caite ag Donté i gcillín an bháis, agus nuair a bhí chuile iarracht déanta ag dlíodóirí Donté, ar a neamhchiontacht a chruthú, tháinig coirpeach cruthanta, Travis Boyette, ar chuairt chuig an Urramach Keith Shroeder, i Kansas, agus d’inis a scéal dó. D’admhaigh sé don Urramach, gurbh eisean a mheall, a d’éignigh, agus a dhúnmharaigh an cailin óg úd, tarraingt ar dheich mbliana roimhe sin, agus b’eisean freisin, a d’adhlaic in áit rúnda i bhfad ó bhaile í, agus anois, ó tharla go raibh sé i mbéal an bháis, toisc go raibh a sceachaill intinne i mbéal a phléasctha, tuigeadh dó gur chóir dó a scéal a insint. D’éirigh leis an Urramach a chur ar a shúile dó, gur chóir dó dul go Texas lena scéal a phoibliú agus le féachaint chuige, nach gcrochfadh Stát Texas fear neamhchiontach, agus go scaoilfí saor Donté Drumm. Bhail! D’éirigh leis sa bhfionar sin, agus tar éis dó Boyette a iompar go Texas, agus go dtí oifig an dlíodóra a bhí ag déanamh chuile iarracht le Donté a chosaint, agus a shábháil ón tsnáthaid mharfach. Rinne an dlíodóir sin a dhícheall, trí athchomharc in aghaidh bhreith na cúirte, a chur i láthair na n-údarás cuí, ach, ar chúis amháin nó ar chúis eile, thug na húdaráis cheanna sin éisteacht na cluaise bodhaire dó, agus crochadh Donté, ar an lá, agus ag an am spriocáilte.
Argóint an údair in aghaidh phionós an bháis is mó a thugann muid faoi deara sa scéal seo, agus leagann Grisham fíricí na cúise sin os ár gcomhair sa chuid deiridh den úrscéal spéisiúil seo, áit a bhfeiceann muid toradh dhaille, agus dúire, na n-údarás sa chás seo.
An-léamh, an-scéal, an-stíl. B’fhiú do dhuine é a léamh.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I m B é a l a n P h o b a i l .
****************************
.
The Storyteller’s Daughter…….Return to a Lost Homeland.
by……………………………………………………………………………………… (céadchló…2003.)
.
Saira Shah………………………………………………………………………..£16.99.
****************************
Land of Dreams .
Seo leabhar a tháinig im threo, le déanaí, agus ó tharla go bhfuil an scéal seo dírithe ar an Afganastáin, chuir mé suim ann ó thús. Mar a fheiceann tú thuas, Afganastánach mná a scríobh, cé nach léir, an t-am ar fad, tríd an leabhar, go n-aontódh an t-údar leis an ráiteas céanna sin. Conas a tharla sin, adéarfadh duine, b’fhéidir? Bhuel, bíodh gur i gKent Shasana, a rugadh Saira Shah, ba de bhunadh na hAfganastáine a muintir, agus níorbh é sin amháin é, ach tharla go raibh an mhuintir chéanna sin fíor-bhródúil as a dtír, agus as a gcine. Dá bharr sin, d’fhéach a muintir chuige, go raibh scéal agus seanchas a dtíre tugtha go fial agus go flaithiúil dá gclann. Tugadh le fios dóibh, nár den chosmhuintir iad a sinsear, ach gur den uasaicme iad, cine a d’fhéadfadh a líne ghinealaigh a leanúint siar, trí áirsí na staire, go laethe an fháidh Mathamad fhéin. Sea, agus bhíodh tailte méithe, os cionn chathair Kabul fhéin, mar oidhreacht ag an gclann chéanna sin, rud a d’fhág go mba dhaoine le cumhacht iad, ina dtír dhúchais fhéin, tráth. Ach d’imigh sin is tháinig seo, agus i laethe óige an údair seo, bhí an sealúchas sin uilig caillte ag muintir Shah. Mínitear sin go léir dúinn sa scéal seo, ach nár chóir dom m’aire a dhíriú ar an scéal fhéin? Féach mar a chuireann Saira Shah tús lena scéal…
“I am three years old. I am sitting on my father’s knee. He is telling me of a magical place: the fairytale landscape you enter in dreams………..
On three sides of the plateau majestic mountains tower, capped with snow. The fourth side overlooks a sunny valley where, gleaming far below, sprawls a city of villas and minarets. And here is the best part of the story: it is true.”
Nó b’in mar a raibh sealúchas a muintire suite, go hard os cionn chathair, Kabul, príomhchathair na hAfganastáine. Thar bhlianta a hóige, chuir an t-athair feoil ar chnámha an scéil chéanna sin, go dtí sa deireadh, go raibh oidhreacht agus meon a muintire slogtha go cíocrach ag Saira Shah.
Homing Instinct .
Bhí go maith! ach tháinig an lá, nuair a theastaigh ón mbean óg seo, a fháil amach, cé acu fíor bréagach na scéalta uilig sin a chuala sí óna hathair, agus scéalta freisin, a bhí de dhlúth agus d’inneach i gcroí a beithe fhéin. Ní raibh ach slí amháin le sin a dhéanamh, agus b’in trí chuairt a thabhairt ar an dtír iontach, draíochta, sí, sin, agus b’in é díreach a chuir an bhean óg seo roimpi a dhéanamh, nó tuigeadh di, óna hóige i leith, go raibh beirt i seilbh a croí istigh, ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar a hanam, agus bhí an bheirt chéanna sin in adharca a chéile, ó thús. Ar an gcéad dul síos, bhí an cailín óg, béasach, mánla, a rugadh agus a tógadh i gKent Shasana; agus ar an dtaobh eile, bhí an bhean, a raibh fuil laochra na hAfganastáine ag ropadh lei go fíochmhar, barbartha, trína cuisleanna. An bhféadfaí síocháin, nó réiteach, a dhéanamh idir an bheirt chéanna sin, go brách na breithe? B’fhéidir go bhféadfaí, ach i gcás dá leithéid seo, nach mbíonn an dá b’fhéidir ann? Ach fágfaidh mé an scéal sin fútsa fhéin.
Russian Invasion and Taliban Days .
Rugadh an t-údar sa bhliain 1965, agus nuair nach raibh sí ach cúig bliana déag d’aois, sa bhliain 1980, rinne na Rúisigh ionradh ar thír na hAfganastáine, agus sé bliana ina dhiaidh sin arís, nuair a bhí sí bliain is fiche, bhuail sí bóthar chun na tíre draíochta sin, le fáil amach, cé acu fíor bréagach na scéalta uilig a chuala sí óna muintir, le linn di bheith ag fás suas i Sasana. Sa tslí sin, fuair sí roinnt mhaith amach faoina cine, agus faoina tír. Ar ball arís, sa bhliain 2001, i dtús an aonú haois fichead, thug sí cuairt eile ar thír a sinsir, go bhfeicfeadh sí, arbh fhíor a raibh á clos acu san Iarthar, faoi bharbaracht agus faoi réimeas cruálach, leatromach an Taliban. Ní gá a rá, go mba dhainséarach go deo an misean céanna sin, ach d’éirigh lei é a chur i gcrích, agus ag an am gcéanna, d’éirigh lei ábhar a sholáthar don Chlár Faisnéise Teilifíse, “Beneath the Veil”, do Bhealach a Ceathair den BBC. Thuig an t-údar an baol a bhain le tionscadal dá leithéid, ach nach raibh fuil Afganastánach ag ropadh lei trína cuisleanna cróga? Féach mar a chuireann sí fhéin é……
We have just crossed the border illegally into Taliban-controlled Afghanistan. As a Westerner, if I am caught, I may be imprisoned and accused of espionage. If the Taliban discover my family history and decide I am an Afghan, then I share the same risks as the Afghan women who are helping me: torture, a bullet in the head, or simply disappearing in Pul i Charki, Kabul’s notorious political prison.
Sea, níorbh aon mheatachán í Saira Khan, geallaimse dhuit é!
Crisis of Identity !
Ach ar scaoil sí an fhadhb faoina tír, is faoina cine? Deacair a rá, ach breathnaigh uirthi, agus í ag fágáil na hAfganastáine ina diaidh……
At the ramshackle border post, the officer glanced at my passport, then looked at it again, and said: ‘But that is an Afghan name. Are you from Afghanistan?’ I told him that my father was from Paghman, and then to stop him from launching into the usual rapturous cascade of greetings, I added severely: ‘But I am from Britain. I am from the West’.
Ar bhris an dúchas trí shúile an chait, nó ar threise an oiliúint ná an dúchas, sa chás áirithe seo? Bhuel, caithfidh tú an leabhar spéisiúil, corraitheach, mealltach, seo a léamh duit fhéin, le freagra na gceisteanna sin a fháil, ach geallaimse dhuit é, gur fiú an tairbhe an trioblóid, sa chás áirithe seo.
Sárleabhar, ó pheann líofa an Afganastánach, ildánach, mná seo, a chuirfidh an léitheoir faoi gheasa, atá anseo againn. Bainfidh tú taitneamh as.
.
**************
Peadar Bairéad.
**************
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week, Séimí a’ Droichid returns, to defend his Election forecast, given two weeks ago.)
Uachtarán Tofa
“Bhuel, a Shéimí, tá an beart déanta anois againn, mar phobal, agus tá Uachtarán tofa againn do thír seo na hÉireann, do thréimhse seacht mbliana, ar a laghad. Céard é do mheas anois, i bhfianaise ar dhúirt tú linn coicíos ó shoin, faoin toghchán fhéin, agus faoin toradh a bheadh air.”
“Tá. Go raibh iomlán an chirt agam, geall leis, faoi chúrsaí, nuair a dheineamar an scéal a chíoradh go mion, thíos sa Smugairle Róin, an oíche sin. Sílim gur thug mé le fios don náisiún, an oíche sin, gurbh é mo thuairim, nach mbeadh mórán tráchta ar na mná le linn an chomhairimh, agus lena chois sin, bhí le tuiscint uaim, nach n-éireodh le Norris nó le McGuinness, ach oiread, agus d’fhág sin triúr, agus thug mé le fios, gurbh é mo thuairim ag an bpointe sin, nach dtoghfaí an Mistéalach, agus d’fhág sin nach mbeadh sa rás ag deireadh thiar ach an bheirt, Ó hUigín agus Ó Gallchobhair, agus thug mé le fios ansin, gurbh é mo thuairim láidir, go mbeadh rith an ráis sin ag Ó Gallchobhair”
“Ach, a Shéimí, nach raibh seans ann freisin go dtoghfaí duine ar bith den seachtar ina uachtarán, nó thuig roinnt mhaith daoine go roinnfí an vótaí, réasúnta cothrom, thart ar an seachtar acu, agus ansin, go mbraithfeadh an toradh ar aistriú na vótaí ó na daoine a gcuirfí as an áireamh, toisc gur tháinig siad isteach ag bun an liosta. Nárbh ’in an fáth ar eagraíodh an oireadh sin diospóireachtaí idir na hIarrthóirí?”
“Cinnte! Ní fhágfaí duine ar bith de na hIarrthóirí ar an mblár fholaimh, nó gheobhadh chuile dhuine acu smeadar vótaí, ó chairde, ó ghaolta, agus ó dhaoine a d’aontódh lena dtuairimí, bíodh siad sin ciallmhar, nó craiceáilte, ach, má choinnigh tú súil amháin, ar a laghad, ar na toghcháin bhraite, a eagraíodh go rialta, roimh an toghchán, bheadh tuairim eicínt agat faoi aigne na vótóirí.”
Toghcháin bhraite
“ Ach nach ndeirtear nach fiú tráithnín é, an tuairim a thugtar do lucht riartha na dtoghchán bréige sin?”
“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, caithear na mílte, agus na mílte Euro ar na toghchéin chéanna sin, agus ní hé mo thuairim, go gcaithfí an oiread sin airgid, mura mbeadh fiúntas agus iontaofacht eicínt ag baint le torthaí na dtoghchán bréige sin.”
“Ach, a Shéimí, nárbh é tuairim na dtoghchán sin, i dtosach báire, go mbeadh an bua ag Micheál D. agus dealródh sé, go raibh móramh na ndaoine sásta, an tráth sin, vótáil ar son an Uigínigh.”
“Sea, ach de réir mar a chuaigh cúrsaí chun cinn, agus de réir mar a cuireadh tuairimí na nIarrthóirí os comhair na ndaoine, tuigeadh do roinnt mhaith daoine, go raibh ábhar uachtaráin den scoth os a gcomhair amach, sa Ghallchobhrach, agus cupla lá roimh lá an toghcháin, bhí móramh mór na vótóirí braite den tuairim, go gcaithfidís a vótaí ar a shon, sa chaoi, gur cheap bunús na meán, agus daoine eolgaiseacha eile freisin, go mbeadh bua glan aige Lá an Toghcháin.”
“Ní raibh an ceart acu áfach, a Shéimí, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne, ba é Micheál D. rogha na coitiantachta, agus ba air a bhronn siad a vótaí.”
An “Tweet” Cinniúnach
“B’in mar a tharla, ceart go leor, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile anois go raibh cúis eile ar fad leis an athrú poirt sin, ag an aonú huair déag. Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine anois, go raibh tionchar cinniúnach ag an “Tweet” úd, a seoladh isteach chuig an “Frontline” le linn na diospóireachta deiridh teilifíse. Agus anois, bíodh gur chaith mé fhéin mo vóta ar son an Ghallchobhraigh, agus gur thuig mé go dtoghfaí é cinnte, ag an am gcéanna, tá mé cinnte, go bhfuil togha fir tofa againn don uachtaránacht, duine léannta, duine sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, duine a bhfuil spéis agus dhá spéis aige sna healaíona frí chéile, agus cuir leis na buanna sin uilig gur Gaeilgeoir den scoth é, sea agus file freisin. Mar sin, níl locht ar bith le fáil agamsa ar ár nUachtarán Tofa. Fad saoil aige, agus gura seacht fearr a bheas sé seacht mbliana ó inniu. Ach sin uilig ráite, admhaithe, dearbhaithe, agam, tá mé go láidir den tuairim, gur baineadh tuisle gan choinne, as an bhfear eile. B’fhéidir gurb é an toradh céanna a bheadh ar an rás, ach, ní raibh mé an oiread sin ar fad ón gceart san alt sin a scríobh mé coicíos ó shoin, nuair a dhearbhaigh mé go mbeadh rith an ráis ag an nGallchobhrach. Tá mé ag ceapadh freisin, go n-éireoidh leis an nGallchobhrach, ar ball, a chás a mhíniú don phobal, agus ansin go dtuigfí an chaoi ar imríodh cleas na méaracán air, i nDiospóireacht Teilifíse, go gairid roimh Lá an Toghcháin, leis an “Tweet” úd, gan údarás, a seoladh isteach go dtí an Clár, Frontline”, agus ar baineadh úsáid as, mar ráiteas údarásach. a bhféadfaí cur leis, dá mba ghá, ar ball.
Leor sin do thuras na huaire seo.
An aontófá liom?
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
idir chamain, under discussion; ag deanamh aithrise, imitating; i ndeireadh na dala, finally; ainm cleite, pen-name; spior spear a dheanamh de rud, to pooh-pooh something; teideal masmasach, disgusting title; gairsiulacht, obscenity.
.
Áilleacht an tSaoil seo 5
An Gearrscéal
Peadar Bairead
The Short Story
Nuair a smaoiním anois ar an bPiarsach, tagann chugam isteach ar thonn na cuimhne, an lá úd fadó, nuair a d’inis an Máistir, i Scoil na Cille Móire Iorrais, sceal an Phiarsaigh dúinn. Tagann chugam freisin, an grianghraf úd, a léirigh cló leicinn an Phiarsaigh, pictiúr, dár linne, a léirigh séimhe, macántacht, agus fearúlacht. Sea, agus cuimhním freisin, ar na huaigheanna néata, rangaithe, úd, i gCnoc an Arbhair, gona chrainn arda lásacha, gona leacht ard, snoite, clochach.
That terrible beauty.
Ach thar aon rud eile, tagann véarsaí an Yeatsaigh chugam, agus é ag smaoineamh ar an bPiarsach céanna sin.
“This man kept a school
And rode our winged horse..”
Agus arís:-
I write it out in a verse
McDonagh and McBride
And Connolly and Pearse
Now and in time to be
Wherever the Green is worn
Are changed, changed utterly
A terrible beauty is born”
Pearse the Short Story Writer
Ach ní chuige sin atá mé, an iarraidh seo, nó is é atá ag déanamh tinnis dom, sa phiosa seo, nó Gearrscéalta an Phiarsaigh, mar bíodh go raibh scileanna aige i mbun filíochta agus i mbun drámaíochta, agus fiú i mbun óráidíochta, is é mo thuairim fhéin, nó gur mar ghearrscéalaí ba mhó a bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin. Chuaigh sé i mbun pinn agus é an-óg, agus lean den nós sin thar na blianta. Sa bhliain 1902, agus e trí bliana is fiche, thosaigh sé ag scríobh altanna agus cuntais don Claidheamh Solais. Cur síos ar a imeachtaí agus ar a eachtraí i gConamara, ba mhó a bhíodh idir chamáin aige sna píosaí sin. Ba chara leis an eagarthóir, Eoin Ó Neachtain é, agus d’fhoilsíodh seisean chuile shórt uaidh. Ag cur síos ar aiste acu sin, “Lá Fá’n Tuaith” dúirt Ruth Dudley Edwards ina Beathaisnéis scolártha faoin bPiarsach…..
“It smacked more of the schoolboy essay than of the serious literary effort of an adult. But as with oratory, so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”
Leading the way
“Fair enough”, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach ag an am gcéanna, chaithfeadh duine smaoineamh, nach raibh an oiread sin eiseamláirí ag an bPiarsach, le bheith ag déanamh aithrise orthu, an t-am sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, go raibh sé ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré inar mhair sé. Rinne sé a dhícheall ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh, le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach tabhairt faoin ngnó é fhéin. Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, bíodh nár chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.
XYZ liked it !
Thaitin an sceal le Sgeilg (Seán Ó Ceallaigh) agus rinne sé leirmheastóireacht air, san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é..
“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”
Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon eolas aige ar an údar óg, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán sin ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.
Fr. Dinneen not fooled !
Nior buaileadh aon bhob áfach, ar an Athair Dinneen, an foclóirí cáiliúil. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,
“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”
“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”
Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saghad sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus a chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air. Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as Poll an Phíobaire! Fair Play don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneoir, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, se sin, BA agus BL, nuair a thugadh se, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dúinn!
Ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, críoch a chur le gála na seachtaine seo, ag an bpointe seo, ach beidh mé chugaibh arís le tuilleadh, an tseachtain seo chugainn.
.
.
.
.
.
.
.
.
.