by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail…1…
(In “I mBéal an Phobail” this week, we revisit the Rambling House tradition.)
.
Peadar Bairéad
Seanchas Iorrais….
Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, ag éisteacht leis na daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine móire móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.
In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhliain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.
Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.
“Shaen’s Cut”
Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir an Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.
D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724
Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.
Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…
I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Chuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an ndeontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhliain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil, mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas.
Droichead Dhoire
Faoin mbliain 1900, bhí drochbhail ar an sclóindroichead úd thar an gcanáil, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad.
…….Fillfidh mé ar scéal na ndroichead úd an chéad bhabhta eile. Bí linn……
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Im’ Nóibhíseach dom, sna Daichidí 1
Peadar Bairéad.
.
(This week I share with you my experience as a Novice in the Mid-Forties)
.
Fonn Sagartóireachta
Sílim gur inis mé dhaoibh cheana, go raibh fonn orm le linn m’óige. Bhuel, bhí, agus chuir mé leis an bhfonn sin trí dhul isteach i gColáistí an SMA, i mBéal an Átha Fhada, agus i gCorcaigh na gCuan, agus ar deireadh thiar, i Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA céanna sin i ‘Clochballymore House’, in aice le Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san Ind agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dhícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den SMA sin, a bhunú anseo in Éirinn.
Turas dhá lá!
Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó thaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá fhada a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime in Iorras, go ‘Teach Cloughballymore’, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo! Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, lách, ba ea an sagart seo, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.
Suanliosanna fuara, folmha
Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin. Ní raibh againn ach suanliosanna fuara, folmha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan sin, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, Aireagal breá, fairsing, agus seomraí ranga maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin. Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i ‘Cloughballymore House’. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúintí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn?
Tírdhreach Boireannach!
Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, Sparánaí na hInstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoi’n chaoi ar éirigh leis na beighigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil.
Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh ‘Cloughballymore’, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 4
Peadar Bairéad
(This week we continue to recall memories from Novitiate Days.)
.
Cúrsa Spioradálta Triocha Lá!
Nuair a bhi an cúrsa spioradálta ‘Triocha La’ sin críochnaithe, bhí seal saoire againn, Théimis ag snámh go minic nó bhí an fharraige an-chóngarach dúinn. Ar ár mbealach abhaile, tráthnóna amháin, chualamar eitleán chugainn isteach thar Chuan na Gaillimhe. Bhí sí ag eitilt an-íseal, agus na rothaí thíos aici, agus an chéad rud eile, bhí sí ag réabadh a slí trí bhallaí cloiche agus páircíní. Ar deireadh thiar, stop sí, tar éis do na ballaí cloiche sin na hinnill a stróiceadh aisti, agus a bolg a réabadh. Chuamar de ruaig reatha chun an eitleáin sin, agus b’uafásach an feic a chonaiceamar, Triúr a bhí de chriú ar an eitleán sin. Ní raibh éinne acu marbh, ach mura raibh fhéin b’olc an crot a bhí orthu . Bhí siad gortaithe go dona, agus iad clúdaithe le fuil, ach rinneadar cinnte de, nach ligfí éinne dínne isteach i gcábán an phiolóta, cibé ciste a bhí á iompar acu, sa chábán sin. D’iarradar orainne cabhair a fháil dóibh, rud a rinneamar. Tháinig na gardaí, gan mórán moille, agus rinneadarsan a raibh le déanamh acu, agus thugamarna an Coláiste orainn fhéin, ach ní gan chuimhneachán a d’imíomar. Thógamar lann liáin an eitlleáin abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an lann chéanna sin a shocrú i gcoincréit, in aice an Choláiste, mar chuimhneachán ar an eitleán úd, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946. Ar aon nós, d’éirigh leis na heitleoirí céanna sin na cosa a thabhairt slán leo, agus cuireadh thar teorainn ó thuaidh iad, áit a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na Stáit Aontaithe arís, agus nach ait mar a fhanann a gcuimhne chomh glas sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann?
Eachtra eile
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh anseo d’eachtra amháin eile, a tharla domsa, an Samhradh sámh sin. Mhínigh mé cheana, go raibh de nós againn an fharraige a thabhairt orainn fhéin, bunús chuile lá, i rith an tSamhraidh, thíos ag an gcéibh, in áit ar a dtugaidís “Tarrea”, i mBéarla. Bhuel, tharla lá amháin, nuair a chuaigh ár gcomrádaithe arais chun an Choláiste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag snámh, d’fhan mé fhéin agus triúr eile ina ndiaidh, ag an gcéibh, nó bhí fúinn babhta bádóireachta a dhéanamh, linn fhéin, le cleachtadh a fháil amuigh ar an ndomhain. Bhí socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bhá, nó bhí na ronnaigh chomh flúirseach, an t-am sin, gur bheag nach léimfeadh siad isteach sa bhád chugat! Bhí ceataí bheag sa scéal áfach, nó ní raibh leapacha iomartha nó cnogaí ar bith againn, leis na céaslaí a choinneáil socair, le linn dúinn bheith ag iomramh. Céard a bhí le déanamh againn áfach? Theastaigh tréimhse bádóireachta uainn, agus nach cuma nó muc fear gan seift. Bhuel, ba é a shocraigh muid, nó na maidí rámha a cheangal le rópa, ar ár mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh dúinn, go dtabharfadh na hiascairí thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha dúinn, don turas ar ais. Bhí go maith. Bhí an bá chomh ciúin le pána gloine, agus chuamar trasna gan aon ró-dheacracht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí, agus ba é an dála céanna sin againne é, nó nuair a chuamar i dtír thall, agus nuair a thosaíomar ag cuardach leapacha iomartha, nó cnogaí, ba scéal eile ar fad é, nó thíos, thuas, thall, nó abhus, ní raibh fáil ar leapacha iomartha nó cnogaí. Is dócha nár tugadh mórán airde orainne, mic léinn, Bhí an tráthnóna ag dul i ndéanaí, agus tuigeadh dúinn, gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar “Tarrea” arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an trá thall sin a bhaint amach, ar ais nó ar éigean. Is dócha gur tuigeadh dúinn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn. Rinneamar amhlaidh, ach mo bhrón is mo mhilleadh, mar adeireadh na scéalaithe fadó, ba ghearr gur éirigh an ghaoth, agus gur tóigeadh an fharraige! Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ché amach, agus muid scanraithe, sáraithe, suncaithe, go maith. Rinneamar an bád a fheistiú, mar ba chóir, agus thugamar an bóthar go dtí an Coláiste orainn fhéin. Ní call dom a rá gur tugadh íde na muc is na madraí dúinn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciolladóireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus dá bhrí sin, níor dhúirt muid cat dubh, nó cat bán, leis na huraráis, a thug an léasadh teanga sin dúinn. ligeadh ár gcosa linn, ar choinníoll go bhfanfadh muid glan amach ó na báid, fad is a bhíomar ag freastal ar Choláiste Chloughballymore. Gheallamar dó go bhfanfadh, agus rinne! B’in deireadh leis an eachtra mhí-ámharach sin.
(Tuilleadh an tseachtain seo chugainn.)
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 7.
Peadar Bairéad
(This week we bring to a close our memories of Novitiate Days)
.
Aoibhinn Beatha an Scoláire!
Is dócha go gcuirfeadh an saol a bhí againn i gCloughballymore House an véarsa úd, a chum an file anaithnid, fadó, i gcuimhne do dhuine…
.
“Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh léinn;
Is follas daoibh a dhaoine,
Gur dó is aoibhne in Éirinn.”
.
Níl dabht ar domhan, ach go raibh saol aoibhinn againn sa Choláiste sin. Chaitheamar ár laethe ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht, agus ar oideachas, ar chráifeacht agus ar naofacht. Bí cinnte, go mbíodh ár dtrioblóidí fhéin againn, i rith an achair a chaitheamar ansin, ach, ag breathnú siar anois ar na laethe a chaitheamar ann, dheamhan dabht ar domhan, ach go raibh saol an mhadaidh bháin againn, an tráth úd. Rinne mé tagairt don staidéar a dheineamar ar fhéinsmacht, agus ar an leabhar úd leis an scríbhneoir spioradálta sin, Rodriguez, agus mar a chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orainn. Is cuimhin liom an chaoi a mbíodh na mic léinn ag iarraidh smacht a fháil ar ainmhianta na colainne, trí throscadh, trí phionós, agus trí stíl bheatha shláintiúil a chleachtadh. Is cuimhin liom nóibhísigh a fheiceáil amuigh ag siúl, maidin seaca, agus iad ag coinneáil a lámha as a bpócaí, ar mhaithe le pionós a ghearradh orthu fhéin, sea, agus d’fheicfeá iad b’fhéidir, ar a nglúna ag Uaimh Mhaisithe na Maighdine, mar a gcaithfheadh siad seal ag guí, agus iad préachta leis an bhfuacht. D’fheicfeá fear acu babhta eile, agus é ag fágáil leath a dhinnéir ina dhiaidh ar an bpláta, cé go mbeadh sé stiúctha leis an ocras ag an am gcéanna sin! Fear eile, a chuirfeadh litir a fuair sé tríd an bpost, isteach ina phóca, le smacht a fháil ar a fhiosracht fhéin. Sea, agus choinneodh sé an litir sin sa phóca, go ceann uair a’ chloig, nó níos faide, b’fhéidir. Bhíodh a bhealach fhéin chun na cráifeachta le fionnadh ag chuile nóibhíseach as a stuaim fhéin, nó b’eisean amháin a thuig cérbh iad na mianta, ar ghá iad a smachtú, b’in iad na mianta a bhí á sheoladh ar bhealach a aimhleasa. Cheapfá nach mbeadh fir óga sásta a leithéid de phionós a ghearradh orthu fhéin, agus b’fhéidir nach mbeadh, sa lá atá inniu ann, ach ag an am áirithe sin, tuigeadh dúinne, go mba nádúrtha go maith an gnó a bhí idir chamáin againn, agus muid ag fáil smachta ar mhianta agus ar ainmhianta ár gcolainne. Tuigeadh do na Nóibhísigh, go raibh tábhacht ag baint lena raibh á dhéanamh acu agus iad i mbun an ghnó sin, nó tuigeadh dóibh, gurbh é sin a neartódh an cnámh droma iontu, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas dul i ngleic leis na fórsaí i thiocfadh ina gcoinne, i gcathanna agus i gcomhlainn iomadúla an tsaoil a bhí rompu amach.
.
Geimhreadh gáifeach 1947
Ar dhein mé tagairt ar bith fós do Gheimhreadh crua gáifeach na bliana 1947? Bhuel, bhíos fhéin sa Nóibhíseacht i gCloughballymore an bhliain sin, agus geallaimse dhuit é, go mba chrua an tréimhse againne é, ó thaobh aimsire dhe. Thosaigh an sneachta i Mi Eanair, agus d’fhan ar an talamh go dtí an 19ú de Mhárta na bliana sin. Is dócha go gcaithfear a rá go raibh teas lárnach aibhléise againn, ach má bhí fhéin, is cinnte nach raibh an córas céanna sin thar mholadh beirte, agus is féidir liom fós fuacht na mbráillíní bána, stalctha, oíche sheaca, a thabhairt chun cuimhne, go glé, glinn, soiléir. Tá mé ag ceapadh, go mbíodh bhlaincéid os ár gcionn againn, na hoícheannta sin, ach má bhí fhéin, bheadh ort tamall a chaitheamh fúthu, i dtosach, sula bhféadfá aon teas ar fónamh a fháil uathu.
Deo Gratias!
Ní bhíodh aon ró-fhonn orainn ansin ár spága a leagan ar an urlár, nuair a chloisimis an clog dúisithe á bhualadh ag a sé a chlog ar maidin, agus muidinne ag iarraidh “Deo Gratias” a thabhairt mar fhreagra ar bheannacht úd an Chinnire, ‘Benedicamus Domino’, le moiche na maidine fuaire, feanntaí. Nár chrua an gnó é ansin, sinn fhéin a ní, agus a bhearradh, le huisce fuar. Deirimse fuar, feanntach, leat! Bhainfeadh sé idir chraiceann is fhéasóg anuas díot, bhíodh sé chomh fuar sin.
Ní bhíodh ar ár gcumas cluichí a imirt, na laethe úd, nó bhíodh Páirc an Bháire faoi bhrat sneachta, ach mar sin fhéin, bhíodh fonn orainn bheith amuigh. Chuireadh muid ár n-éide peile orainn fhéin, agus théadh muid amach ar fud na bhfud. Chaithimis seal ag sleamhnú ar leac oighre, agus seal eile ag troid le liathróidí sneachta. Bhíodh muid fuar feannta, i dtosach, ach ba ghearr an mhoill orainn sinn fhéin a théamh, agus ag deireadh thiar thall, bhíodh muid rósta te tar eis na haclaíochta uilig, agus b’in a choinnigh breá sláintiúil muid, le linn na seachtainí fada uilig a raibh greim docht daingean,do-scaoilte, ag an sioc agus ag an sneachta, ar thalamh agus ar uisce. Geallaimse dhuit é, gur chuireamar fáilte agus fiche roimh an choscairt, nuair a tháinig sí ar deireadh thiar, ar an 19ú Márta, 1947, mar nach mínádúrtha an saol é nuair a bhíonn clocha ceangailte agus madraí scaoilte.
.
“Gan smacht rí air ná ruire,
Na tiarna dá threise,
Gan a chuid cíos ag caibidil
Gan moch-éirí nó meirse.”
.
Agus le sin, cuirfidh muid críoch leis an tsraith seo aistí.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
I’m Noibhíseach dom sna daichidí 5
Peadar Bairéad
(This week we continue our memories of Novitiate Days)
.
I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda
An tseachtain seo caite bhí mé ag cur síos ar na laethe, nó na blianta, a chaith mé im’ nóibhíseach i gCloughballymore House, cóngarach do Cill Colgáin, i gContae na Gaillimhe, ach sul má fhágaim Cloughballymore House taobh thiar díom, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chupla rud eile, le pictiúr níos iomláine den áit sin a thabhairt don léitheoir. B’fhéidir nárbh olc an rud é, tuairim eicínt a thabhairt, faoin gcineál beatha a chleachtaímis, agus muid inár nóibhísigh ansin, díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ba é a bhíodh againn don bhricfeasta, ar maidin, nó brachán i dtosach, agus ansin, cupán tae agus arán, ní call dom a rá, nach mbíodh im againn le cur ar an arán sin, ní bhíodh againne ach margairín, dár ndóigh choinnítí an t-im do na sagairt a bhí inár mbun. Diabhal locht ar bith ar an gcineál sin beatha, adéarfadh duine, b’fhéidir, agus bheadh an ceart aige, ach amháin inár gcásna, bhí ceataí sa scéal, nó i gcás an aráin sin de, d’fhéadfá a rá, nach raibh sé inite in aon chor. Ba é an rud a tharla, nó gur dhein údaráis an Choláiste a gcuid cruithneachta fhéin a mheilt ina plúr, agus b’as an plúr sin a dhéanaidís ár n-arán laethúil a fhuint. Anois, bhí an iomarca taise sa chruithneacht sin, agus dá bharr sin, ní bhíodh inite de na builíní a dhéanaidís aisti, ach an screamh, agus b’in díreach an méid de a d’ithimis, nó bhí an chuid eile ina thaos, gan chuma an aráin chor ar bith air. Bhí go maith. Leanamar linn ag iarraidh maireachtáil ar an bpraiseach sin, ar feadh tamaill, ach ansin chuireamar stailc suas, agus chuireamar in iúl do na húdaráis, nach gcuirfeadh muid suas lena leithéid de bhia, a thuilleadh. Bhuel, a stór mo chroí thú! ba bheag nach ndeachaigh siad le báiní ar chlos an méid sin dóibh. Ba bheag nach gceapfá gur orainne a bhí an locht ar fad, nó dár leosan, ba cheart, agus ba chóir, do nóibhísigh, bheith sásta cur suas lena leithéid, agus gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de! Chaitheadar seal ar a marana. Bhíomarna ag ceapadh go dtabharfaí bata agus bóthar do chuid againn, ach ar deireadh thiar, tuigeadh dóibh, nach raibh dhá cheann ar dhuine ar bith againn, agus nach raibh á dhéanamh againn, ach an rud a dhéanfadh siad fhéin, dá mbeadh siadsan inár gcásna. Bhuel, ba é deireadh an scéil sin é, nó gur stop siad dá gcruithneacht fhéin a mheilt, agus gur thosaigh siad ag ceannacht aráin isteach ó bhácús eicínt i gcathair na Gaillimhe. Ní call dom a rá, go mba mhór an faoiseamh dúinne, an socrú sin.
Beadaíocht!
Bhíodh an dinnéar againn, thart ar mheánlae, agus ba é a bhíodh againn don bhéile sin nó anraith, de chineal eicínt, i dtosach, agus ansin, bhíodh feoil, fataí, agus glasra eicínt á dtionlacan, agus bíodh nach mbíodh ceann ar bith acu thar mholadh beirte, de réir chaighdeán an lae inniu, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go gcuirfeadh siad cúl ar an ocras, agus go sásódh siad sinn, go ceann scathaimh, ach go háirithe. Anois, caithfidh mé a admháil, go raibh cupla glasra nár thaitin in aon chor liom fhéin, agus b’iad sin, cainneann, agus biatas dearg. Bhíodh milseog de chineal eicínt againn freisin, le críoch a chur le chuile dhinnéar acu. Lá amháin bheadh rís ar bhainne againn, lá eile, bheadh úlla bruite agus custard, agus lá eile fós, bheadh maróg aráin mar mhilseog againn. Ní call dom a rá, go dtaitnaíodh an milseoga céanna liomsa, ach go háirithe. Dár ndóigh, i gcás cuid de na buachaillí, a bhí níos beadaí ná mise, ní bhíodh meas an mhadra acu ar na milseoga céanna sin, agus b’in an fáth go mbíodh thar mo dhóthain le n-ithe agamsa, chuile lá, geall leis! Níor luaigh mé nach mbíodh cead cainte againn le linn an dinnéir! Bhuel, ní bhíodh, nó is amhlaidh a bhíodh leabhar eicínt á léamh, i rith an bhéile, leabhar a mbíodh blas spioradálta air, de ghnáth.
Don tae, ansin, bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le harán agus margairín, agus cupán tae, nó caifé, mar bhí tae gann go leor, an tam sin.
Nuair a chuimhníonn tú air, is dócha go mbeadh ort a rá, nach raibh basctha de mar bheatha, ach d’ógánaigh, a raibh goile na seacht bhfathach acu, ag an am sin, b’é a locht a laghad, chuile bhabhta. Ag breathnú siar air anois, is iad na smaointe a thagann thar nais chugamsa faoi na béilí sin, nó an chaoi ar leagadh os ár gcomhair iad, d’fhéadfaí iad a chur i láthair ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí, agus níos mealltaí, b’fhéidir, ach taobh amuigh den arán úd, bhíodh a mbunús inite, agus chomh maith le sin, is dócha go raibh sé an-deacair srian a chur ar an gcaiteachas ar bhianna dúinne, nó i ndáiríre, d’iosfadh muid an diabhal fhéin, gan salann, gan anlann, dá bhfaigheadh muid bruite é, ag an am sin. Is dócha gur leor sin mar chuntas ar an gcineál beatha a thugtaí dúinne, nóibhísigh, i gCloughballymore House, idir Mheán Fómhair 1945, agus Meitheamh 1947.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.