Fuertaventura 1

Fuertaventura 1

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(This week I mBeal an Phobail looks back on a holiday spent in Sunny Fuerteventura, some years ago)    

I bhfad ó bhaile

(Seo píosa a scríobh mé, tamall de bhlianta ó shoin, ach cheap mé nár dhochar ar bith, é a chur i mBéal an Phobail arís.)

.

Ní dóigh liom gur inis mé dhaoibh cheana faoin saoire a chaith mé, i bhfad ó bhaile, amuigh i bhFuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha, an ceann is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhridh gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimh, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach an t-ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe, fad is a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimh sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo.

Turas treoraithe!

Ar ár mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar cheann eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil ina luí go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn, ag rá linn, go raibh de nós ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!

Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.

Aras Bhecks!

Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.

Cé a mba leis é, an ea?

Luadh Posh agus Becks leis.

Agus tuige nár críochnaíodh é?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin. é suite in áit chomh halainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn, draiochta, Lanzarote.

Críochnóidh mé an scéal seo dhaoibh an tseachtain seo chugainn.

Go dtí sin……….Slán………..

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Fuertaventura 1

Gaelú nó Galldú

Gaelú nó Galldú ?

Peadar Bairéad

At the Cross-Roads

Nach deacair teacht ar nuachtán ar bith, na laethe seo, nach mbeadh chuntas eicínt ann faoi na hEachtrannaigh seo uilig, atá ag tarraingt ina gcaise  do-stoptha ar an dtírin s’againne, faoi mar ba Thír Tairngire í. Ní gá a rá, go mbíonn a chúis fhéin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad. Rud nua ar fad dúinne is ea an t-ionradh eachtrannach seo, agus dá bharr sin, níl muid ach ag éirí cleachtach air, agus ó tharla gur oileán í seo, ní raibh aon ró-fhonn orainn, i dtosach, an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón dtaobh amuigh. Ag an am gcéanna, tá an fhéile agus an fháilteacht ag roinnt linne le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Anois, ó tharla nach bhfuil ar ár gcumas freastal ar riachtainisí an tsaoil mhóir uilig, socraíodh, thar ár gceann, go ndéanfadh muid freastal orthu siúd a léirigh dúinn, go raibh tearmann ag teastáil uathu, agus chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligint isteach freisin, agus chomh maith leo siúd uilig, socraíodh ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana.

A steady flow

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn ina gcaise thréan, do-stoptha, go dtí go bhfuil, faoi láthair, oll-uimhir imirceach socraithe inár measc. Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí, ar chóir dúinn na daoine sin a ligint isteach sa tír seo, nó tá siad linn anois, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanamh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Chuir sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfadh muid fhéin freastal ar an dtrá sin. Sea, agus coinníonn sin rotha an tíogair cheiltigh s’againne ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht, agus i gcás na ndaoine a tháinig ag lorg tearmainn, glacadh leosan freisin, le mórchroí, inár measc.

Face the Future

Sea, tá na daoine sin uilig linn anois, agus in áit bheith ag smaoineamh ar na seanlaethe, is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh fhéin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, raghaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha fhéin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidinne ciallmhar, cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phhobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muis, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves !

Conas is féidir sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir sin a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Bíodh fáilte rompu san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, frí chéile. Chomh maith leo sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlachadh san Eaglais, sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, agus i gCúrsaí Spóirt. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil fhéin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

Fuertaventura 1

I mBéal an Phobail Margadh Deanta.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we take a look at the Referenda results)

.

Margadh Déanta!

Bhail! Tá na vótaí caite, an comhaireamh déanta, an toradh foilsithe, agus an rácáil agus an cáineadh tosaithe cheana féin. Ach le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir dom a rá, i dtosach ire, gur vótáil mé fhéin TÁ, ach sin ráite agam, glacaim go hiomlán le breith na vótóirí, mar tá sé soiléir anois, go bhfuil tromlach vótóirí na tíre seo i bhfábhar an tSeanaid a choinneáil mar chuid substainteach d’Oireachtas na tíre seo, agus dá bharr sin, caithfear glacadh leis, go mbeidh Seanad Éireann linn agus muid ar ár mbealach isteach sa dara chéad dár saoirse pholaitíochta. Chloisfeá daoine ag maíomh nár ghlac móramh dár vótóirí leis an dtairiscint faoin tSeanad, sa Reifreann, toisc nár chaith vóta sa Reifreann céanna sin ach thart ar dhaichead faoin gcéad dár vótóirí, ach níl sa dhearcadh sin ach féinmhealladh, nó an té nach gcaitheann vóta i Reifreann, admhaíonn sé os ard, tríd an ngníomh céanna sin, go bhfuil sé sásta glacadh go hiomlán le breith an mhóramh sa Reifreann sin.gann sin go bhfuil móramh mór dár vótóirí sásta Seanad Éireann a choinneáil mar chuid de throscán Oireachtas na tíre seo.

Dul Amú?

Is dócha gur chuala tú daoine eile ag maíomh gur thrí mhíthuiscint a vótáil roinnt mhaith daoine, NÍL, don tairiscint faoin tSeanad, toisc gur tuigeadh dóibh, go raibh said ag maíomh trína vóta, NÍL, nach raibh siad sásta Seanad Éireann a choinneáil. Anois, bhead meáchan eicínt ag gabháil leis an dearcadh sin mura mbeadh os a gcomhair ach páipéar vótála amháin, ach sa chás áirithe seo, tharla go raibhta eile le caitheamh acu freisin, agus b’in an vóta faoi bhunú Chúirt Nua Achomhairc. I gcás na tairiscinte sin áfach, ghlac na vótóirí leis, le móramh maith mór. Mar sin, bheadh sé deacair a mhaíomh go raibh dul amú orthu sa chéad vóta, ach go raibh siad tagtha ar a gciall arís don dara vóta!

Leadóg don Rialtas

Bhí daoine eile ag maíomh go mba vóta i gcoinne an Rialtais a bhí i gceist sa toradh céanna sin, mar gur theastaigh ó na vótóirí leadóg a thabhairt don Taoiseach, agus don Rialtas, le fios a mbéas a mhúineadh dóibh, agus ag an am gcéanna, ag tabhairt foláireamh dóibh go mbeadh súil ghéar á choinneáil feasta acusan ar chuile rud a dhéanfaidís, agus ar chuile rud a déarfaidís, agus mura dtiocfaidís ar a gciall san idirlinn, go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh, sa chéad Olltoghchán eile. Bheadh duine sásta glacadh leis an dtairiscint sin, dá mbeadh móramh mór de na vótóirí sásta teacht amach agus vóta a chaitheamh, ach ó tharla go raibh móramh mór díobh sásta suí ar a dtóin, in áit vóta a chaitheamh, titeann an tóin ar fad as an argóint chéanna sin.

Stoitheadh, nó…..

Tuige mar sin ar diúltaiodh do thairiscint an Rialtais?

Toisc go mbíonn leisce ar ár vótóirí alt nó abairt den mBunreacht s’againne a chaitheamh i dtraipisí, agus nuair a chuireann tú le sin an móramh úd a fhanann ar an gclaí, feicfidh tú chomh deacair is atá sé alt a bhaint as an mBunreacht. Dá mbeadh an Rialtas i ndáiríre faoi stoitheadh an tSeanaid as an mBunreacht, ba chóir dóibh chuile dhícheall a dhéanamh leis na vótóirí ar an gclaí a mhealladh chun gnímh.

B’fhéidir go ndéarfadh duine ansin, tuige ar ghlac siad leis an dtairiscint faoin gCúirt Achomhairc, má sea ?

Bhuel! sa chás sin ní rabhthas ag stoitheadh ach ag cur leis an mBunreacht. Bó de dhath eile ar fad!!!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

Fuertaventura 1

I mBéal an Phobail …Olltoghchán chugainn

Olltoghcháin na dTriochaidí !

.

Peadar Bairéad

.

Cleasa Polaitíochta

Thug ár bpobal vótála aghaidh ar na bothanna vótála ar na mallaibh, le Teachtaí Dála a thoghadh don Aonú Dáil triochad, nó scoradh an triochadú Dáil ar Lá ‘le Bríde na bliana seo, 2011, agus socraíodh Lá an Olltoghcháin don chúigiú lá fichead de Mhí seo na bhFaoilleach, agus cuireadh in iúl freisin, go dtionólfaí an tAonú Dáil Triochad, ar an naoú lá de Mhárta na bliana seo. D’fhág sin go mbeadh thart ar thrí sheachtain ag an lucht polaitíochta, le feachtais toghchánaíochta a eagrú. Ní call dom a rá, nár leo ab fhaillí é, nó taobh istigh d’achar an-ghearr, bhí postaeir á gcrochadh, óráidí á ndéanamh, leanaí á bpógadh, agus polasaithe á nochtadh, sea, agus chuile chleas polaitíochta eile á chleachtadh, ag polaiteoirí glice, stóinsithe, le dallamullóg a chur ar vótóirí maola na tíre seo, lena vótaí a mhealladh uathu, ar mhaithe leis na polaiteoirí glice, stóinsithe, fhéin, ach nach é sin an cluiche atá á imirt ag an dream céanna sin, le sinsearacht?

Toghcháin sna Triochaidí

Anois, is fada mé fhéin ag breathnú ar chleasa na bpolaiteoirí le linn fheachtas toghchánaíochta, ó thoghcháin na dtriochaidí i leith. Tá cuimhne agam fós ar thoghchán ’32, bíodh nach bhfuil an chuimhne chéanna sin ró-ghlé, nó ró-ghlinn, faoin am seo, ach is cuimhin liom go mbíodh na polaiteoirí ag tabhairt óraidí uathu taobh amuigh de Theach an Phobail ar an nGeata Mhór, tar éis an Aifrinn, maidneacha Domhnaigh. D’fhanadh an pobal ar fad, geall leis, idir óg agus aosta, ag éisteacht leis na hóráidí. Anois, ag an am sin, ní cúrsaí náisiúnta, nó idirnáisiúnta, is mó a bhíodh ag teacht idir phobal na Cille Móire Iorrais agus codladh na hoíche, níorbh ea muis! cúrsaí áitiúla ba mhó a bhíodh ag déanamh tinnis dóibh, an tráth úd. Ghealladh an fear seo go ndéanfaí an Draein Mhór a shioscadh, agus a ghlanadh, dá dtoghfaí eisean, agus ghealladh an boc eile, go gcuirfí teara ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, dá seolfaí eisean chun na Dála, agus mar sin dóibh ina n-óráidí, agus ag cuimhneamh siar ar na hóráidí céanna sin anois, ní déarfainn go raibh siad thar mholadh beirte ach oiread, ach cén chaoi a mbeadh, nuair nach raibh cleachtadh ar bith ag na créatúir úd ar óráidíocht, an tráth úd, agus fiú, dá dtoghfaí iad, nár bheag an seans go ligfí dóibh a scileanna a chleachtadh os comhair na Dála, nó a n-easpa scile a léiriú os comhair an náisiúin. Agus, nár bheag an seans go léifeadh an pobal céanna sin a n-óráidí, fiú dá ligfí srian leo sa Dáil, nó nár bheag duine sa pharóiste a léifeadh páipéar nuachta ar bith, ag an am, taobh amuigh den Weekly Independent, b’fhéidir. Ach sin uilig ráite, tá mé ag ceapadh gur bheag tionchar a bhí ag na hóráidí sin go léir ar an bpobal s’againne, nó bhí a fhios go maith ag chuile dhuine den lucht éisteachta sin, cé gheobhadh an “stróc” uaidh, sa Bhoth Vótála, Lá an Toghcháin.

Ba sciob sceab dúinne é

Is cuimhin liom freisin, go dtagadh an corrghluaisteán chugainn, aimsir toghchánaíochta, agus bratacha agus balúin ag sileadh leo, agus anseo agus ansiúd, chaitheadh fear an ghluaisteáin dornán billeoigíní ildaite amach trí fhuinneog an ghluaisteáin. (Ní raibh aon chaint an tráth úd ar chosair, nó truflais, nó tada dá leithéid.) Chomh luath is a chaitheadh, thagadh páistí an bhaile anuas orthu, faoi mar ba sciob sceab é, agus bhailíodh chuile dhuine againn, an oiread agus ab fhéidir, de na billeoigíní ildaite céanna sin, agus ritheadh muid abhaile leo, faoi mar ba bhó a bhronn fear an ghluaisteáin orainn. Ba é a bhíodh scríofa ar an billeoigíní sin nó gur chóir vótaí a thabhairt don Pháirtí ainmnithe. Ba nuacht againne fógraíocht dá leithéid, agus bhailíodh muid go díograiseach iad.

Ní thosaíodh an spórt uilig go dtí go mbíodh comhaireamh na vótaí déanta. Ansin a thosaíodh an rí-ra, an raic, agus an ruaille buaille, nó tharla ag an am, go mbíodh bailte áirithe ag taobhú le Páirtí amháin, agus bailte eile ag taobhú leis an bPáirtí eile, agus ó tharla go mbíodh Páirtí amháin in uachtar, thagadh muintir na mbailte a thaobhaigh leis an bPáirtí sin amach ag máirseáil, le ceol, agus le drumaí, agus le trí gháir mholta ar chnoc, trí na bailte a chaill sa choimheascair. Bhí an baol ann i gcónaí, go dtarlódh scliúchas ar ócáid dá leithéid, ach b’annamh a tharlaíodh.

Lá faoin dtor againne!

Ní bhíodh an oiread sin cainte i measc daoine faoi na cúrsaí sin uilig, ag an am, nó is dócha go raibh chuile dhuine cinnte, roimh ré, faoi cé gheobhad an “stróc”, nó an Uimhir a hAon uaidh. Ach, ba chuma faoi sin uilig, nó ba lá faoin dtor againne, scolairí, é Lá an Toghcháin, nó nach i dTeach na Scoile a bhíodh na Bothanna Vótála socraithe, an t-am sin, díreach faoi mar a tharlaionn go minic in a lán áiteacha fós. Bhuel! sin agaibh cuid de na cuimhní ar Olltoghcháin na dTriochaidí, cuimhní a thagann ar ais chugam anois agus mé ag smaoineamh ar Olltoghchán 2011, agus muid bodhraithe fós ag lucht na meán, agus iad ar a marana faoi pholasaí an Pháirtí seo, nó faoi bheartaíocht an Pháirtí úd eile. An tráth úd áfach sna triochaidí, in Iorras, ní bhíodh dár mbodhradh ach na postaeir, agus na billeoigíní úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas…Nár mhéanar dúinn bheith beo na laethe úd!

Cur le chéile!

Ach, focal amháin eile uaim…Níl ach leigheas amháin ar ár gcruachás anois, agus sin, éirí as an sciolladóireacht feasta, agus cur le chéile.

.

Fuertaventura 1

I mBéal an Phobail Cursai na Nollag

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Nollaig eile chugainn!

Dá mhéad a athraíonn cúrsaí, is ea is mó a fhanann siad mar a bhí! sin mar adeireadh an tseandream linne fadó, agus dár ndóigh, nach acu a bhí an tuiscint agus an chiall? Is maith is cuimhin liom fhéin, agus mé im’ ógánach fadó, go mbíodh daoine thart ormsa, sa chliarscoil ach go háirithe, ag clamhsán, agus ag éagaoin, go rabthas ag iarraidh deireadh a chur le Féile Mhór na Críostaiochta, an Nollaig fhéin.

Conas a d’fhéadfaí sin a dhéanamh, an ea?

Xmas ?

Tharla go raibh an nós ag éirí faiseanta, an tráth sin, ag daoine áirithe, an ‘Christ’ a fhágáil as ‘Christmas’, agus Xmas a bhaisteadh ar an bhféile sin. Shocraigh roinnt mhaith daoine ansin, agus mé fhéin ina measc, gan an Xmas sin a úsáid, olc, maith, nó dona, choíche, ach shocraigh siad ina n-aigne, an t-ainm ceart a thabhairt air chuile bhabhta feasta. Rinneamar sin, agus tuigeadh dúinn go raibh Crosáid dár gcuid fhéin fógartha agus curtha i gcrích againn. Go raibh bua beirthe againn, agus an Nollaig sábháilte againn, do na glúnta a bhí le teacht inár ndiaidh.

D’imigh sin is tháinig seo, agus ba é deireadh an aighnis sin é, nó gur shocraigh chuile dhuine ar a théarma fhéin don Séasúr Beannaithe a roghnú, agus a úsáid, gan éinne ag cur chuige nó uaidh.

Fógraíocht

Tharla go raibh mé ag breathnú ar na nuachtáin, le scathamh anuas anois, agus thug mé faoi deara, go raibh cogadh eile á fhearadh faoin ainm ‘Christ’ a cheangal le Séasúr na Nollag, nó le ‘Christmas’, ach an babhta seo, is iad atá ag fógairt cogaidh ar an téarma sin ‘Christmas’ nó an BCI, an ‘Broadcasting Commission of Ireland. Is é ba chúis leis an iaróg seo a chur ina sui, nó gur theastaigh ón gComhlacht Veritas, fógra a chur ar Theilifís Éireann, agus shocraigh an BCI nach bhféadfaidís an fógra sin a cheadú. Anois, tá’s ag an saol mór, agus ag madraí an bhaile fhéin, go mbíonn fógraí de chuile dhath, déanamh, agus boladh, á léiriú ar RTE, ach ar chúis amháin, nó ar chúis eile, chuireadar a gcosa i dtaca sa chás seo, agus diúltaíodh don bhfógra sin. Anois, cuireann an Coimisiún seo i gcoinne fógraí, a mholann do dhaoine, nuachtáin, nó irisí, a thaobhaíonn le Creideamh amháin thar Chreidimh eile. Ach, sa chás seo, ba é a bhí i gceist nó, to raibh Fógra Veritas ag moladh dúinn smaoineamh ar bhunchiall an téarma ‘Christmas’, agus bronntanas oiriúnach don ócáid sin a roghnú dá bharr…

That Ad.

Christmas, aren’t we forgetting something?’

‘Why not a gift that means more?

Is dócha gur tuigeadh don BCI go rabhthas ag tabhairt buntáiste do Chreideamh amháin thar Chreidimh eile, agus dá bhrí sin, nach bhféadfaidís-sean é a cheadú.

Níorbh é seo an chéad uair acu breith a thabhairt i gcoinne Veritas, nó cloisim gur dhiúltaíodar d’Fhógra eile uathu anuraidh, nuair a rinne siad tagairt don ‘Crib’ ina bhfógra.

Tuige a ndéanfaí a leithéid? Nach tír chríostaí í seo?

Ár nOidhreacht

Dár le daoine áirithe go bhfuil sin uilig athraithe faoin am seo, nó nach bhfuil céatadán réasúnta ard dár ndaonra thar éis teacht thar theorainn isteach chugainn, le blianta beaga anuas. Glacaimis le fírinne an ráitis sin, ach nár chóir dúinn fanacht dílis dár n-oidhreacht agus ag an am gcéanna, a bheith fial, fáilteach, roimh na himircigh seo a tháinig chugainn.

Cé chreidfeadh, go bhféadfadh Coimisiún dár gcuid, a leithéid de bhreith a thabhairt i gcoinne Chomhlacht Éireannach? Ní dóigh liom go n-aontódh an pobal s’againne lena leithéid de bhreith.

Céard fútsa?

Nollaig eile dár spreagadh

                    

                      Nollaig eile ag múscailt ’nainn cuimhní

Ar laethe is ar chairde a bhí,

Is a dhúisíonn ’nár gcroí istigh cumha,

Nó ní fhillfidh a sárú arís.

.

Ach stiúraíonn céasadh na gcuimhní

Ár gcoiscéim go Beithil na nUamh,

le sólás a chuartú sa Stábla,

Mar a chodlaíonn an Naí i dtromshuan.

.

Is tógann an Mhaighdean ár gcroí istigh

Lena suantraí lán áthais is bróid

Is í ag bogchanadh fuascailt ár gcine

Ó dhlúthgheataí Ifreann na ndeor.

.

Is cuirtear go glé dhúinn ar ár súile

Go bhfuil dhá thaobh ar bhonn úd na rún

Is nach féidir bheith ag súil leis an sólás

Gan an dólas a fháil ar a chúl.

.

Glac misneach mar sin ar do thuras,

Nó saolaíodh an Naí sin fadó,

Le sinne a fhuascailt ó pheannaid,

Is lenár gcroí ‘stigh a shaoradh ó bhrón.

.

Nollaig shona dár léitheoirí go léir, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís……………….

.

.

.

.

en_USEnglish