by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
L ú i r e a c h P h á d r a i g
.
Peadar Bairéad
.
(Seo píosa as alt a chuir mé i dtoll a chéile tamall de bhlianta ó shoin anois, ach b’fhéidir gur mhaith leat é a léamh arís i mbliana agus Cuimhneamh Céad Éiri Amach na Cásca á chomóradh againn.
.
’Chuile lá óm’ Lá-sa amach!
.
Anois, agus cruas Laethe na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, filleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh a Fhéile fhéin, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid? nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fhéin fuar, feanntach, crua. An tráth seo chuile bhliain, geall leis, téann mo smaointe fhéin ar oilithreacht siar, agus filleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a dúradh le Lúireach Dé a fháisceadh timpeall orainn, chuile mhaidin, lenár gcosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin. Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fhéadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fiú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin, mar bíodh go raibh an oiread sin creidimh againn le linn ár n-óige is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin an chreidimh a fhaobhar nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt Naomh Pól fhéin linn, go raibh seisean ag troid leis, trí chúrsaí a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar.
.
An scáth is caoile
.
Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Nach ag Pádraig Naofa fhéin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos, nó eagla, air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fhiagaí, nó líon an fhoghlaera, dochar nó damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaigheada an diabhail fhéin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Seo thíos iarracht a rinne mé fhéin ar Phaidir Phádraig a shníomh isteach i ndán beag….
.
LÚIREACH PHÁDRAIG
.
Neart Dé do mo chosaint gach lá,
Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth,
Críost i mo thimpeall de shíor,
Mac Dé i gceartlár mo chroí.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Do mo ghráú, do mo shlánú gan chríoch.
.
.
Bí fúm do mo chosaint gach tráth,
Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá.
Bí liom nuair a luífidh mé síos,
Bí id’ gharda ar mo leaba san oích’.
Ar mo dheis do mo threorú,
Ar mo chlé do mo sheoladh,
A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.
.
.
Bí liom nuair a shuífidh mé fúm,
Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún,
Bí i mbéal an té a labhrann lem’ chroí,
Bí i súil an té a chasann im’ líon.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Bí i gcluais an té a éisteann lem’ mhian.
.
.
Neart Dé do mo chosaint gach lá,
Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth.
Críost le mo thaoibhse go buan,
Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
‘La Cuesta Encantada’, nó, an Cnocán Draíochta.
(Hearst Castle)
Peadar Bairéad
.
Bóithrín na Smaointe
Ar mo thaisteal siar dom ar bhóithrín na smaointe, tháinig mé ar na píosaí a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi’n gcuairt a thugamar ar an gCnocán Draíochta úd, le linn dúinn bheith ar saoire thall sna Stáit, agus muid ag fámaireacht linn ó iontas amháin go hionas eile, i Stát ollmhór Chalfóirnia. Agus ó tharla gurbh fhada muid ag éisteacht le scéalta faoi Chaisleán draíochta Hearst, a dhear an t-ailtire cáiliúil, Julia Morgan, in óige na haoise seo caite, shocraíomar ar chuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh cáiliúil, stairiúil, sin.
Shaothraigh George Hearst lear mór airgid trí mhianadóireacht, a cheaduair, agus ansin trí thailte a cheannacht go dtí go raibh rainse ollmnhór aige thart ar San Simeon, tailte a cheannaigh sé, amannta, ar sheachtó Ceint an acra! Phós sé Phoebe Apperson, agus bhí mac amháin acu, mac a rugadh ar an 29u lá d’Aibreán 1863, ar ar bhaist siad William Randolph. Ó tharla go raibh raidhse airgid ag George, bhí ar chumas a mhná Phoebe, Willie óg a thabhairt lei ar an ‘Grand Tour of Europe’, turas a mhair ar feadh ocht mhí dhéag, agus thug sin deis do Willie óg eolas a chur ar chúrsaí cultúir agus ealaíon na Mór Roinne sin, rud a chabhraigh le William fís a chruthú ina aigne fhéin, ar shaol inmhianaithe, ealaíonta, a raibh sé sásta an chuid eile dá shaol a chaitheamh ar a tóir. Chláraigh sé mar Mhac Léinn i gColáiste Harvard, sa bhliain 1882, agus bíodh gur chaith sé tréimhse fada ansin, mar ar léirigh sé a shuim i gcúrsaí cultúir agus ealaion, níor éirigh leis céim a bhaint amach. D’fhág sé Harvard ina dhiaidh agus chuaigh le hIriseoireacht, agus ba ghearr go raibh tionchar ollmhór aige ar chúrsaí iriseoireachta ó cheann ceann na Stát. Phós se Millicent Wilson agus é ina dhaicheadú bliain, agus bhí cúigear clainne orthu, agus sa bhliain 1919, roghnaigh William Randolph Julia Morgan mar ailtire, le príomh-theach agus tithe do chuairteoirí a thógail ar San Simeon, a Rainse ollmhór. Roghnaigh sé an Cnocan Draiochta mar shuíomh do na foirgintí sin, nó ‘La Cuesta Encantada’, mar a bhaist William Randolph fhéin air. Mar sin, bhí ceithre theach i gceist, i ndáiríre, an Príomhtheach, nó an ‘Casa Grande’, agus trí theach so chuairteoirí, nó tá’s againn anois, go raibh nós aige cuireadh a thabhairt do mhaithe móra agus d’uaisle na cruinne, seal a chaitheamh ina fhochair ar an gCnocán Draíochta ansin ar a Rainse ollmhór ar San Simeon.
Réaladh físe
Chuaigh sé fhéin agus a Ailtire Julia Morgan i mbun oibre sa bhliain 1919 agus throid siad a slí trí dheacrachtaí iomadúla le críoch a chur lena bhfís, sa bhliain 1947. Ach cailleadh William fhéin sa bhliain 1951, sára raibh am aige, i ndáiríre, suí síos agus pléisiúr a bhaint as toradh a shaothair, agus le comhlíonadh a fhíse a fheiceáil, agus le taitneamh a bhaint as. Ach murar bhain William Randolph fhéin lán-taitneamh as a chaisleán álainn ar an gCnocán Draíochta úd, ní hionann sin is a rá nár bhain an saol mór is a Mham taitneamh agus sásamh as foirfeacht, agus áilleacht na físe a chruthaigh sé fhéin agus Julia Morgan ar an gCuesta Encantada, ansin i Stát ollmhór Chalafórnia agus mar chloch phréacháin ar sin uilig, cuirtear ar a gcumas breathnú ar na saothair ealaíne, agus ar na seandachtaí uilig, a bhailigh Hearst ó cheann ceann na cruinne, lena chaisleán álainn a mhaisiú, agus dá chruthú sin, tagann thart ar mhilliún duine ar chuairt chuig an Caisleán úd, chuile bhliain.
Bhásaigh Hearst sa bhliain 1951, in aois a hocht mbliana is ceithre scór agus sa bhliain 1957 bhronn an ‘Hearst Corporation’ an ‘San Simeon esate’ ar Stát Chailifóírnia, lena oidhreacht a chaomhnú, a chosaint, agus a fhorbairt, agus chuige sin, sa bhliain 1958, deineadh Hearst Castle a oscailt, a chéaduair, don phobal, mar Shéadchomhartha Náisiúnta, agus ón lá sin amach, tugann breis is milliún cuairteoir aghaidh ar an suíomh sin ar an gCuesta Encantada, chuile bhliain, le radharc a fháil ar ‘the Hearst San Simeon State Historical Monument’ sin.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Lá na Reifreann
Peadar Bairéad
Ceist na Reifreann faoi chaibidil
Thíos i dTeach Ósta an Smugairle Róin sea bhíomar bailithe an oíche faoi dheireadh, le ceist na Reifreann atá eagraithe ag an Rialtas s’againne a scrúdú, agus le tuairimí a thabhairt, agus le tábhacht agus dáiríreacht na hócáide a dheimhniú. Bhí,dhá cheist le scaoileadh. Céard faoi’n gcéad cheist, sé sin, ar chóir cead a thabhairt do chathróir ar bith, a bhfuil bliain is fiche sroichte aige, nó aici, bheith ina iarrthóir i dtoghcháin uachtaránachta feasta? Bhí rud eicínt le rá ag roinnt mhaith daoine faoin mholadh seo, ach, tríd is tríd, bhí an cruinniú sásta nár ró-mhaith an ábhar Reifrinn é sin, nó dár leo, bheadh gá le ciall, cleachtadh, agus eagna, ag duine ar bith a chuirfí faoi úim an phoist náisiúnta pholaitíochta sin, agus ní raibh siad sásta glacadh leis an moladh, go bhféadfadh sé comhairleoirí déanta, aibí, a bheith thart air, lena stiúradh fan bhóthar a leasa, ach sa chás sin, tuige nár thoigh na vótóirí na comhairleoirí glice sin mar uachtaráin? Gan dabht ar domhan, d’fhéadfadh duine anseo is ansiúd bheith sách eolgaiseach, agus aibí, ag an aois sin, le gnóthaí an phoist sin a choimhlíonadh go seoigh, ach níor chóir dul sa tseans go mbeadh na cáilíochtaí sin ag chuile dhuine den aois sin, agus dá bharr sin, b’fhearr gan dul sa tseans i gceist chomh tromchúiseach, tábhachtach sin. Ní gá a rá go raibh duine anseo is ansiúd nár aontaigh leis an gcinneadh sin, nó dár leosan, ba shaoránaigh iomlána iad, agus nár chóir go mbeadh muid sásta glacadh leo mar iarrthóirí, agus é a fhágáil faoi na vótóirí iad a thoghadh, nó diúltú dóibh?
Cead Pósta
Ansin thug an cruinniú faoin dara ábhar. Ar chóir ceart pósta a bhronnadh ar chuile shaoránach, cuma ar mhná nó fir iad. Ní chuirfí gnéas sa mheá feasta mar cháilíocht pósta. Dá nglacfaí leis an moladh – “Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.” – sa Reifreann, bheadh cead pósta ag beirt shaoránach ar bith, bíodh siad fireann nó baineann, nó fireann agus baineann. Tá a lán le rá sa Bhunreacht faoi áit an Teaghlaigh, admhaithe ag an Stát, mar “bhuíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde na aon reacht daonna”. Braitheann idir Stát agus Náisiún ar an aonad bunaidh céanna sin le pobal comhdhaonnach a chur ar fáil dóibh agus glactar leis, go mbraitheann sin uilig ar fhoras an phósta. Anois, ní dhéantar aon sainmhíniú ar phósadh sa Bhunreacht céanna sin, ach is amhlaidh a ghlac cúirteanna na tíre, agus an pobal, leis an ngnáth chiall a bhaintí, agus a bhaintear as an bhfocal sin, sé sin, gur conradh idir fhear agus bean a bhí agus atá i gceist sa Bhunreacht.
Athrú ar bhunchiall?
Ar an dtaobh eile den scéal, tuigtear go bhféadfadh an pobal, trí Reifreann, an bhunchiall sin a athrú, ionas go bhféadfadh beirt shaoránach ar bith an conradh sin a dhéanamh, chomh fada is a déantar é taobh istigh de theorainneacha an dlí. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a rá, gur glacadh le socrú ar bith, d’aon ghuth, ach, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, go háirithe aois na gcainteoirí, ní haon ionadh go raibh a lán le rá ag lucht, NÍL, ach ba é tuairim roinnt eile, go raibh gá le tuilleadh ama, leis an gceist seo a chíoradh go cúramach, agus gur chóir freisin, go dtabharfaí cead, agus deis, do chuile shaoránach teacht ar a bhreith fhéin, gan chur isteach, gan mhealltóireacht, gan bhullaíocht, ach go mbeadh deis aige éisteacht a thabhairt don dá thaobh, agus ansin, go mbeadh deis aige teacht ar a shocrú fhéin. Ba chóir don dá thaobh na cleasa cliste, díospóireachta, a leagan ar leataobh agus deis a thabhairt do na vótóirí teacht ar chomhairle, bunaithe ar a dtuiscint fhéin ar an gceist.
Ach, ar chraiceann do chluaise ná dearmad dul chuig an mboth vótála le do ghuth a chaitheamh Lá na Reifreann, – an dara lá fichead de Bhealtaine 2015. – Sin é dualgas an tsaoránaigh.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Laethanta na Bó Riabhaí
Ag smaoineamh ar phíosa na seachtaine seo a chur i dtoll a chéile a bhí mé, an lá faoi dheireadh, nuair a scannraigh clog an dorais mé. Duine eicínt amuigh, agus a mhéar coinnithe ar chnaipe an chloig aige, faoi mar a bheadh an riach fhéin sa tóir air. Chuir mé uaim mo pheann is mo nótaí, agus as go brách liom chuig an doras tosaigh, féachaint cén bhroid a bhí ar an té úd a bhí amuigh.
Nuair a d’osail mé an doras, caithfidh mé a admháil gur baineadh stangadh asam, nó cé bheadh ansin, ina staic, ar lic mo dhorais agam, ach mo Shéimí breá a’ Droichid, ach má ba ea fhéin, chuir sé ionadh an domhain orm chomh préachta is a bhí an fear bocht.
“Tar isteach, a Shéimí”, arsa mé fhéin leis, “déarfainn go bhfuil tú préachta, nó tá a chuma sin ort, ar aon nós.”
“Abair é! nó i ndáiríre, ní préachta atá mé ach sioctha, reoite, agus cuirfidh mé cnaipe leat, gurb annamh a thagann lá chomh fuar feanntach leis, an tráth seo bliana”
“Bhuel, tá morc mór tine againn sa seomra seo istigh, buail isteach agus suigh síos ansin ina haice, agus geallaimse dhuit é, go ndéanfaidh sé sin thú a chascairt i ngearraimsir.”
Gáilleog den Stuif Chrua
Isteach leis, agus ba ghearr go raibh cúl curtha aige ar an bhfuacht, agus é ag teacht chuige fhéin. Ach lena theacht-chuige-fhéin a dheifriú, líon mé fhéin gáilleog den stuif chrua, as an gcuinneog, agus thairg dó é. Ní raibh orm aon tathaint a dhéanamh air, nó ba bheag nár sciob sé an gloine as mo láimh, agus scaoil siar ina chraos é, d’aon shlog amháin. Thug an ghloine ar ais dom, bhain searradh as fhéin, shuigh siar sa chathaoir agus cuma na sástachta air.
“Tá sé fuar amuigh” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh scéal nó duan a mhealladh as.
“Bí ag caint ar fuar! Ní dóigh liom, gur chuimhin liom fhéin Geimhreadh chomh crua, feannaideach, leis, ó tháinig ann dom, ach chuala mé na seandaoine ag rá, go raibh Geimhreadh crua, righin acu sa bhliain 1947.”
Geimhreadh crua righin
“D’fhéadfá Geimhreadh crua righin a thabhairt ar an nGeimhreadh céanna sin, gan dabht, nó mhair sé ó Eanair na bliana sin go dtí dhá lá i ndiaidh Lá ’le Pádraig, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa ar fad, an bhliain sin, bhí sneachta ar an dtalamh ó Mhí Feabhra go dtí gur thosaigh sé ag cascairt, ar Lá ’le Pádraig na bliana sin. Ní gá a rá, nach raibh cúrsaí chomh heagraithe an tráth sin is atá siad inniu. Nó ní raibh an tír ach ag teacht chuici fhéin, i ndiaidh an Chogaidh Mhóir, ag an am. Bhí mé fhéin ag cur fúm i gColáiste Cónaithe an bhliain sin, agus ní gá dhom a rá, nárbh é saol an mhada bháin a bhí againn, in ionad dá leithéid, ag an am sin. Ach, sin uilig ráite, admhaithe, nach fíor freisin, go bhfuil Geimhreadh na bliana seo 2010, níos righne ná Geimhreadh na bliana céanna úd ’47, cé go ndéarfaí nach bhfuil sé chomh crua leis.”
“Tagaim leat sa mhéid sin, ach cogar mé seo leat, agus nach crua, fuar, an aimsir atá againn le scathamh anuas. Ní haon ionadh go bhfuil na daoine óga ag rá, go bhfuil cúrsaí aeráide, agus aimsire, imithe as alt ar fad, na laethe seo.”
“Bhuel! Tá agus níl. Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil cúrsaí aimsire, frí chéile, imithe le craobhacha, le cupla bliain anuas, ach ar an dtaobh eile den scéal, ní haon rud nua é, aimsir dá leithéid a bheith againn thart ar an tráth seo chuile bhliain, nó nach bhfuil an téarma, Laethe na Bó Riabhaí, sa Teanga againn, le sinsearacht?”
“ Minic a chuala an téarma sin, ceart go leor,” arsa Séimí, “ach i ndáiríre, cén t-údarás atá leis an leagan cainte céanna sin?”
Laethe na Riabhaí
“ Tugadh faoi deara go dtagadh stoirmeacha agus cruatan geimhriúil, chuile bhliain, i ndiaidh na heacaineachta, agus bhaist siad Laethe na Bó Riabhaí ar an ndrochaimsir sin, agus sin an cineál aimsire atá againn, le scathamh anuas anois.”
Bhí mé réidh leis an gcuid eile den scéal sin faoin mBó Riabhach chéanna sin a ríomh dó, ach chuir mo chara, Séimí an Droichid, a lámh in airde ag an bpointe sin, le mo stopadh, agus bhris isteach orm, gan chuireadh gan iarraidh…..
Beidh lá eile ag an bPaorach!
“Fóill ort ansin anois, nó an bhfeiceann tú an t-am ar an clog matail úd os do chomhair amach ansin, agus mise tar éis a ghealladh do Naipí bhocht s’againne, go mbeinn ar ais sa bhaile aice, leathuair a chloig ó shoin. Slán leat anois, agus críochnoidh muid an seanchas sin, an chéad bhabhta eile. Beidh lá eile ag an bPaorach!”
Agus le sin, scuab mo Shéimí breá leis an doras amach, faoi mar ba chat scólta é, ach bhí mé fhéin sásta freisin, nó nach raibh píosa na seachtaine seo tugtha aige dom. Chuir mé mo shlán abhaile leis, bíodh go raibh sé as éisteacht, agus as radharc, faoi’n am sin………………..
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Le Toil na nGrásta
Peadar Bairéad
Is dócha gur chuimhin le roinnt mhaith daoine línte úd Raifteirí, ina dhán faoi Mháire Ní Eidhin. Ar a bhealach chun an Aifrinn a bhí an file, ag an am, agus seo mar a chuir sé é…
“Ag dul chun an Aifrinn le toil na nGrásta”
Bhí an ceart ag an bhfile sa mhéid gur le toil na nGrásta céanna sin a éiríonn linn uilig aghaidh a thabhairt ar an gCeiliúradh neamhaí sin, agus don té a chreideann a gcreideann sé, nach míorúilteach an tarlúint é an ceiliúradh céanna sin. Nach deacair a chreidiúint, go gcreidfeadh creidmheach ar bith fíric sin a chreidimh.
Céard tá idir chamáin agam, an ea?
Cé chreidfeadh, go bhféadfadh Dia mór uilechomhachtach na Glóire fhéin, a chumhacht, is a bheith gan teorainn, a dhingeadh isteach in abhlainn bheag, bhán, chruinn, aráin? Ach ag an am gcéanna, cé déarfadh nach bhféadfadh sé a leithéid a dhéanamh?
Ach nach é sin ár gcreideamh, nuair a ghlacann muid le fírinne theagasc an transubstaintithe, faoi mar a thugann na Diagairí léannta ar an bhfoirceadal dothuigthe seo.
Má bhreathnaíonn muid ar an gCríostaí agus é ar a bhealach chun an Aifrinn, “le toil na nGrásta”, nach ionann é agus oilithreach ar a shlí go scrín rúnda a chreidimh. É ar a bhealach go pálás an Rí fhéin, lena dhílseacht agus a ghéillsine dósan a chur in iúl go poiblí. Ar a bhealach isteach san Eaglais dó, smaoiníonn sé ar nós na sean, ar ócáid dá leithéid, nuair a thumadh siad a méireanna san uisce coisricthe, agus nuair a chraitheadh siad an t-uisce sin ar an urlár trí huaire, in Ainm na Tríonóide, nó tuigeadh dóibh go raibh anamnacha na marbh bailithe ansin, agus iad ag súil le paidreacha na gcreidmheach ar a mbealach isteach, le freastal ar an Aifreann. Nárbh fheiliúnach an cleachtas é cuireadh a thabhairt dár ngaolta agus dár gcairde fhéin teacht inár gcosamar, leis an Aifreann a éisteacht.
Tuige, an ea?
Bhuel, ó tharla gur chuid den Eaglais fós iad na Críostaithe atá imithe romhainn ar shlí na Fírinne, bídís ag fanúint go foighdeach sa Phurgadóir, nó bídís, cheana féin, páirteach sa Ghlóir Shíoraí, nach luíonn sé le réasún, gur chóir go bhféadfadh siad bheith linn le linn an Cheiliúrtha neamhaí seo? Sea, agus nach mór an sólás é don té a chaill cara, nó gaol, go bhféadfadh sé seal tairbheach a chaitheamh ina chomhluadar, mar bhaill de Phobal Dé, le linn an Aifrinn.
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh freisin, do chroí an Aifrinn fhéin nuair a thagann an Tiarna fhéin ar chuairt chugainn, agus nuair a éiríonn leis an Dia mór uilechomhachtach, é fhéin is a Chúirt Bheannaithe spás a fháil i mbeith teoranta an chreidmhigh. Ag an bpointe sin, nach ionann an creidmheach céanna sin agus eisteansóir ór-ghathach, agus an Chúirt Neamhaí timpeall air, sea, agus é ag feidhmiú mar bhall de chorp mistiúil Chríost