Ardú meanman

Ardú meanman

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ardú meanman

(This week we consider some of the things that lift our spirit.)

.

Ní gá dul ró-fhada siar le hócáid dá leithéid a fháil, nó nár mhór an tógáil croí do chuile dhuine againn, anseo i gCill Chainnigh, bua iontach iománaithe an Chontae seo ar na Tiobraidaigh, i gCraobh na hÉireann san Iomáint, cupla Domhnach ó shoin anois. Ní gá a rá. go raibh chuile dhuine againn ar chipíní feadh na himeartha, ar eagla go mbuafaí orainn, trí thimpist, nó trí thuaiplis eicínt, sara séidfí an fhead deiridh. Chaitheamar tréimhse fhada, roimh Dhomhnach an Bhaire, agus muid smaoineamh ar an lá cinniúnach céanna sin. An mbainfeadh na Cait, nó an gcaillfeadh siad? Uaireanta bhímis cinnte go mbainfeadh siad an cluiche sin, ach ansin, ar ball, tagadh luchóga an amhrais agus thosaídís ag creimeadh na cinnteachta sin, go dtí go millfí an lúcháir a bhí ag neadú sa chroí istigh ionainn. Ar deireadh thiar áfach, tháinig an lá mór fhéin, lá an bhreithiúnais, Domhnach an Bháire, agus ag an am spriocáilte, mháirseáil an dá fhoireann go fearúil, calma, amach ar shraith ghlórmhar féaruaine Pháirc an Chrócaigh. Nuair a bhí an mháirseáil críochnaithe agus Amhrán na bhFiann canta, thosaigh an lascadh. D’imir an dá fhoireann go fearúil sciliúil, cliste, sa chaoi nach bhféadfá lann an rásúir fhéin a chur isteach eatarthu. Tréimhse amháin bheadh tú cinnte go mbeadh an bua ag na Cait, agus ansin, faoi mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, chasfadh an taoide agus bheadh rith an ráis ansin ag na Tiobradaigh. I rith an ama sin uilig, bheadh duine ar imeall a chathaoireach agus é chomh teannta suas le sprionga tochraiste, lán le faitíos go gcaillfeadh muid, agus ag an am gcéanna, lán le dóchas go mbuafaimis. Lean an teannas agus an scleondar go dtí an nóiméad deiridh, nó bhí seans ann i gcónaí go mbeadh an bua ag taobh amháin nó ag an dtaobh eile. Ach más fada fhéin an lá tagann oíche, agus ba é an scéal céanna ag an gcluiche sin é. Bhí an bua ag na Cait. Áthas gan teorainn ar lucht leanúna na gCat. Hataí san aer. Bosa á mbuaileadh. Rince. Léimneach san aer. Gártha molta á scaoileadh as scornacha phiachánacha. An Bainisteoir fhéin agus trí léim as a chorp á dtabhairt aige. Caithfidh mé a admháil go raibh fonn orm fhéin aithris a dhéanamh air, ach nach raibh mo chorpsa sásta a leithéid a dhéanamh, agus cuir san áireamh gur chat onórach mé fhéin, cat nár rugadh sna bólaí seo in aon chor, agus mé chomh corraithe sin, conas a raghadh sé i gcionn ar na cait a rugadh is a tógadh in Osraí na Rí? Nár lá dár saol é?

Bua i dToghchán

Ócáid eile a ardaíonn meanmna daoine, sa tír seo, isea comhaireamh vótaí i ndiaidh toghcháin de chineál amháin, nó de shaghas eile, agus tharla go raibh deis againn a leithéid a thabhairt faoi deara, ar na mallaibh. Tharla go raibh Seanadóir agus dhá Theachta Dála le toghadh, ceann acu i dtoghlach i Ros Comáin agus an duine eile in Áth Cliath. Nach ag na hiriseoirí agus ag lucht nuachtán a bhí an lá faoin dtor, le cupla mí anuas, nó ní raibh i mbéal gach éinne ach scéal na dtoghchán sin. Ar deireadh thiar, tháinig lá na vótaí agus ar ball, deineadh an comhaireamh. Bhí ar dhaoine fanacht go foighdeach go dtí go raibh chuile vóta comhairthe agus ag an bpointe sin, chaill an slua san ionad comhairthe chuile smacht a bhí acu orthu fhéin go nuige sin. Ardaíodh trí gháir ar chnoc. Léim chuid acu san aer, rinnc roinnt eile acu timpeall agus barróg beirthe acu ar chibé duine a bhí in aice láimhe. An torann, an scleondar, an tógáil croí. Rugadh ar an té a toghadh agus ardaíodh ar ghuaille daoine é, agus mháirseáil siad timpeall an Halla go buacach, beannachtach, bríomhar leis. Nár lá dá saoil é?

Bua sa nóiméad deiridh

Ócáid amháin eile a thóg croíthe Gael, ar na mallaibh, ba an ócáid sin nuair a bhuaigh Foireann na hÉireann ar Fhoireann na Gearmáine i Sacar. Má bhí tú ag breathnú ar an teilifís, ar an ócáid, chonaic tú an chaoi ar cheiliúir imreoirí na hÉireann a mbua, tar éis dóibh cúl a scóráil ag an nóiméad deiridh den chluiche sin. Ní gá a thuilleadh a rá faoi sin, nó tuigeann chuile dhuine againn an tonn mórtais agus bróid a scuabann tharainn ar ócáid dá leithéid. Nára fada uainn a chomh-mhaith de cheiliúradh arís. An Dóchas! Nach deacair é a bhualadh?

.

.

Ardú meanman

Beasa Bothair 1

Béasa Bóthair 1

Peadar Bairéad

.

(This week we take a look back at behaviour on our Roads.)

Capall, Cú, nó Giorria

Nach mór go deo idir inné agus inniu! Ba bheag trácht a bhí ar luas ar bhóithre nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois. Capall, cú, nó giorria, na beithigh a rithfeadh linne agus muid ag samhlú luas thar na bearta, dúinn fhéin, an tráth úd, agus le fírinne, ba bheag cur isteach a dhéanadh fear ar bith den triúr sin orainne, nó ní raibh capaill ráis, nó cúite, chomh flúirseach sin i measc na cosmhuintire, ag an am, agus téadh an giorria ag feadaíl, nó ba bheag dochair a d’fhéadfadh seisean a dhéanamh dúinn. Ceart go leor, bhí cupla feithicil le hinill dócháin inmheánaigh iontu, sa timpeall, ach ní dóigh liom, go gcuirfeadh sé aon ró-stró ar chapall ar bith, gan trácht ar chapall ráis in aon chor, coinneáil suas le ceachtar acusan. Sa lá atá inniu ann áfach, is earra marfach, amach is amuigh, é an luas céanna sin, agus tá an cine s’againne ag dul as a gcrann cumhachta ag iarraidh taisteal níos tapúla, agus níos tapúla fós. Tá sin go breá, ach nuair a smaoiníonn tú ar na feithicil atá cumtha acu don taisteal, sa lá atá inniu ann, ansin tuigfidh tú an dochar a d’fhéadfadh fear de na feithiclí sin a dhéanamh, nuair a théann sé ó smacht.

Ní chreideann tú mé, an ea?

Bhuel, níl le déanamh agat ach dul amach ar na bóithre s’againne, lá ar bith, agus feicfidh tú na gluaisteáin, na busanna, agus na leoraithe, gan trácht in aon chor ar na rothair ghluaiste, agus iad faoi mar a bheidís in iomaíocht lena chéile, iad ag iarraidh an bhearna a bhaint dá chéile, iad ag iarraidh an fear maith a fháil ar a chéile, nó is cosúil le cluiche báis nó beatha an cluiche atá idir chamáin acu, amuigh ansin ar bhóithre na Banban. Ní gá dom pictiúr a líniú duit ar an toradh a bheadh ar phléascadh boinn, ar mhiogarnach neamhbheartaithe, ar shraoth gan choinne, ar bheach gan chuireadh, nó ar thada ar bith eile dá leithéid sin, go háirithe, nuair atá tú ag caint ar luas thart ar nócha, nó ar chéad míle san uair a chloig.

Luas gan chead

Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, níl luas dá leithéid ceadaithe ar ár mbóithre, anseo i dtír seo na nÉireann. Fíor dhuit, a mhac! níl luas dá leithéid ceadaithe ar bhóithre na Banban, ach ní hionann sin is a rá nach dtéann gluaisteánaithe áirithe ar na luasanna sin. Níl le déanamh ag duine ach dul amach ar na bóithre sin, agus tabharfaidh sé fhein faoi deara, nach dtugann daoine áirithe aird dá laghad ar an teorainn luais. Má dhéanann tú fhéin iarracht ar fanacht taobh istigh dár dteorainneacha luais, is beag nach séidtear den bhóthar thú, nuair a réabann gluaisteánaithe áirithe tharat. Minic a iompaionn siad thart, le radharc ceart a fháil ar an tseilide de thiománaí, nach bhfuil de luas faoi ach an seasca míle san uair! agus bóthar breá, leathan, folamh, os a chomhair amach. Sea, mh’anam, agus seans freisin, go dtabharfadh sé comhartha na méar dhuit, lena dhrochmheas a chur in iúl dhuit. Nach é an scéal céanna é ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha? Meas dá laghad níl ag cuid acu ar na teorainneacha luais atá i bhfeidhm ar na sráideanna céanna sin.

Tiomáint chomharsanúil!

Ach, b’fhéidir go ndéarfá liom, gur scríobh mé sa cholún seo, anuraidh, go raibh feabhas ollmhór tagtha ar bhéasa bóthair ár dtiománaithe, le tamall anuas. Admhaím gur scríobh mé a leithéid, anuraidh, ceart go leor, ach má scríobh, geallaimse dhuit é, go raibh sin fíor, ag an am. Bhí feabhas iontach tagtha ar bhéasa na ngluaisteánaithe, an t-am sin. Choinnigh a mbunús an teorainn luais, agus lena chois sin, thiomáin siad go ciallmhar, cúramach, comharasanúil, sa chaoi go mba phléisiúr é bheith amuigh ar na bóithre, in éindigh leo. Ach le tamall anuas, thug mé faoi deara, go raibh na dea-bhéasa sin imithe le gaoth, imithe mar a d’imigh an sneachta a bhí ann anuraidh, agus tá faitíos orm gur imeacht gan filleadh é, mura múintear fios a mbéas dóibh, agus sin go luath, nó má leantar ar aghaidh, faoi mar atá cúrsaí, i láthair na huaire seo, raghaidh uimhir na dtionóiscí tríd an díon, amach anseo.

Ach céard is féidir linn a dhéanamh, leis an scéal seo a leigheas?

Bí liom arís an tseachtain seo chugainn le fáil amach an bhfuil leigheas ar bith ar an scéal.

.

.

Ardú meanman

Cainneach Achadh Bó

Cainneach Achadh Bó

Peadar Bairéad

Cathair Álainn Chainnigh

.

The next, the stubborne Newre, whose waters gray

By faire Kilkenny and Rossponte boord,”

…..Spencer…..

Ní haon ionadh in aon chor é, go bhfuil muintir na cathrach seo bródúil as a       n-ionadnaithe anseo cois Feoire, nó bheadh sé deacair áit chomh hálainn leis a fháil sa bhith críoch. Sea, agus oireann áilleacht na háite do shéimhe, agus do chineáltas, a muintire. Ní haon ionadh mar sin, gur mheall an áilleacht chéanna sin uimhir do-áirithe deoraithe chuici thar na céadta bliain. Níor Osraíoch críochnaithe é Cainneach fhéin, fear a shéid isteach anseo ó Dhoire, b’fhéidir, bíodh go ndeirtear go mba Osraíoch déanta í a mháthair, Mál, a raibh cáil na naofachta bronnta ag daoine uirthi sa dúiche seo. File oilte taistil ba ea a athair Lughadh a chuir faoi i nDoire, file a raibh cáil tuillte aige i bhfad agus i ngearr.

Rugadh Cainneach s‘gainne i gContae Dhoire, thart ar bhliain ár dTiarna, 515, agus cailleadh é sa bhliain 600, rud a d’fhág go raibh bunaois mhaith aige tráth bhásaigh sé. Chaith sé seal ag déanamh léinn i Mainistir Chluain Ioraird, áit ar casadh Naomh Colmcille air. Ar ball, i lár chaogaidí an séú haois sin, thug sé cuairt ar an Róimh, le beannacht an Phápa a fháil ar a chuid misinéireachta ina thír dhúchais fhéin. Chomh luath is a d’fhill sé ar Éirinn, chuaigh sé i mbun oibre, ag bunú cealla in áiteacha éagsúla. Thug sé cuairt ar a sheanchara ó Chluain Ioraird, ar Cholmcille, a bhí ag leathadh an deascéil óna phríomh ionad misinéireachta ar Oileán Í. Ba ghearr go raibh sé ag saothrú leis thall ansin, áit ar bhunaigh sé roinnt ceall, do chum glóire Dé.

Ar Chuairt na bhFilí

Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé in Albain, ar Chuairt na bhFilí, roinnt blianta ó shoin, gur thugamar cuairt ar oileán beag ar chósta thiar na tíre sin, arb ainm dó, ‘Tíríodh (Tiree) agus le linn ár gcuairte, thugamar cuairt ar scoil ansin, a raibh sruth lánGhaelice inti, agus nuair a mhínigh mé fhéin dóibh gurbh as Chill Chainnigh dom, dúradar go raibh fothrach sheanmhainistreach ar chósta an oileáin sin, ar a dtugtaí, Kil Chainnech. Tuigeadh domsa ag an am, go mba Chainneach eile a bhí i gceist sa mhainistir sin, ach tá mé den tuairim anois, go mba é Cainneach s’againne fhéin a thóg cill san ionad iargúlta sin, tarraingt ar mhíle go leith bliain ó shoin anois. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, an lá céanna sin.

Achadh Bó

Níor chaith Cainneach an chuid eile dá shaol ar Oileán Í áfach, nó ar Oileán Thíríodh ach oiread, nó tuigeadh dó, go raibh lena cnamh i dr seo na hÉireann freisin, agus chuige sin, bhrostaigh sé anall. Chaith sé roinnt mhaith ama ag leathadh an deascéil i Ríocht na Mí agus in Osraí freisin, ach, ba in Achadh Bó, i gContae Laoise, a thug Rí na dúiche sin ionad Mainistreach dó. Ba san ionad sin, a bhí Suí Chainnigh ar feadh roinnt mhaith blianta, agus ba ón ionad céanna sin a rialaíodh Fairche Osraí, anuas go dtAn ‘Sudetenland’í an dara haois déag, b’fhféidir, nuair a aistríodh lárionad na fairche sin go Cill Chainnigh fhéin . Ach chuir Diarmaid leathshúileach Mac Giolla Phádraig críoch lena Shuí ansin, nuair a dhóigh sé baile Achadh Bó, agus nuair a mhill sé scrín agus taisí an Naoimh san ionsaí sin, i lár an cheathrú haois déag.

id ann adeir, gurbh é Cainneach s’againne a chuir críoch le réim na nDraoithe sa tír seo, nuair a fuair sé bua ar an Ard-draoi fhéin agus a lucht leanúna anseo i gCill Chainnigh. B’fhéidir gurbh ‘in an chúis gur roghnaigh sé an t-ionad seo le cill a thógáil ann, thart ar an áit a bhfuil Ardeaglais Chainnigh sa lá atá inniu ann, mar a bhfuil a dúshraith sin fós i dteangmháil le cré stairiúil Chill úd Chainnigh, a foirgneamh ina sheasamh ar fhothracha na Cille sin, agus mar a bhfuil a Túr Cruinn ag síneadh méire i dtreo na síoraíochta atá mar sprioc ag an duine daonna.   

.

.

Ardú meanman

Cnuasach Gearrscéalta…Íbíotsa (2)

Cnuasach Gearrscéalta

.

Íbíotsa……………le……………Labhrás Ó Finneadha

Céadfhoilsthe………………2015…….………..€10.00

.

Scéilíní fánacha

I nóta poiblíochta ar chlúdach cúil an leabhair seo, an chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha, deirtear linn, gurb é atá ar fáil againn sa chnuasach seo nó, “scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.Ach le filleadh ar an leabhar fhéin… D’fhéadfá a rá, go bhfuil éagsúlacht taitneamhach le fáil in ábhar na scéalta. Breathnaigh nóiméad ar an gcéad scéal sa leabhar, ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhaist an t-údar ar an scéal taitneamhach seo. Triúr cailín a théann ar saoire chuig Íbíotsa, le deireadh na hArdteistiméireachta a ceiliúradh. Eilís a bhí ar an gcailín ba chúthaile, agus rinne a máthair chuile iarracht ar chiall a mhúineadh di, sa chaoi go dtógfadh sí saoire anseo in Éirinn b’fhéidir, ach cinnte, gur chóir di an t-ionadh mí-oiriúnach, frithchríostaí sin a sheachaint. Ba bheag aird a thug Eilís ar a comhairle, agus in am tráth, shroich sí fhéin agus a beirt compánach an     t-oileán grianmhar, Meánmhuirí sin. Níor chuir an tsaoire sin aon stró ar a compánaigh, ar Mhonice, nó ar Bhláthnaid, agus i ndeireadh na dála, bhí an triúr acu ag baint taitnimh an tsaoil as a saoire in Íbíotsa. Laethe fada cois trá, seal ag snámh agus seal á ngrianadh fhéin, agus seal eile fós ag breathnú ar fhir agus ar ógánaigh! Níor staon siad ó chupla deoch nó dioscó san oíche, ach choinnigh siad súil seabhaic ar a chéile, agus sa tslí sin, níor bhaol dóibh. Ní dhearna siad tada as an mbealach, luath nó mall.

Iall tosaigh briste

Ansin, lá amháin, agus Eilís ag snámh di fhéin, tháinig sí ar ais chucu agus í an-trína-chéile. Mhínigh sí dóibh go raibh iall tosaigh a bicíní briste. Moladh an leigheas seo agus moladh di an leigheas siúd, ach i ndeireadh na dalá, bhain si an gléas sin di, agus shiúl lei i dtreo a n-árasán, agus í cíochnocht, bródúil, banúil, gan chíochbheart ar bith, agus ba ansin a rinne an bheirt eile an beart céanna. Bláthnaid ba thúisce a thuig tábhacht na hócáide. ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhí ann, dár lei. Sea, casadh an dá chultúr ar a chéile, agus chonaic na cailíní nár thug na daoine thart orthu aon aird faoi leith ar a ndánacht, agus bhíodar sásta go mbeadh cuimhne acu fhéin ar saoire sin a bhfuascailte in Íbíotsa lá is fuide anonn. Sea, d’imigh siad leo agus cíochbheart thar a gualainn ag chuile dhuine acu, agus iad lán de chuimhní na hócáide, cuimhní a chuirfidís i dtaisce i gcuisneoir na cuimhne, cuimhní a thógfadh a gcroí le linn geimhrí préachta a laethe, amach anseo.

“Díomá a bhí uirthi, áfach, nuair a thug sí faoi deara, nach raibh aon duine ag breathnú anois orthu, nó ag cur blas suntais san ala suaithinseach seo.”

Sea, rinne an t-údar an-obair anseo, sa chaoi ina gcuireann sé an scéal seo le chéile, agus mar ar éirigh leis stíl dheas, éasca, seolta, a úsáid, leis an scéal a chur inár láthair.

Scéal eile

Tá scéal suimiúil le fáil againn freisin faoin teideal, ‘An Mhaidhm’. Séimí ina shuí ar a bhalcóin, Cafe con leche ordaithe aige, bosca toitín leagtha ar bhord, taobh leis, feaig ina láimh chlé, agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige. Tugann sé chuile cheo faoi deara. Tá rud éigin amuigh ansin nach

deachomhartha ó Dhia é, agus más i dtír a thiocfaidh, tagadh!

Thug Séimí na comharthaí uilig faoi deara, de réir a chéile, ach thuig sé an scéal go seoigh, tsúnamí, gan dabht, ach níor chorraigh Séimí na leisce, ach d’fhan mar a raibh aige, agus é faoi dhraíocht ag an maidhm mhór mhara, agus féach mar a chríochnaíonn an scéal agus an mhaidhm ag múchadh toitín Shéimí, agus ag an bpointe sin críochnaíonn an scéal. Cuirtín anuas, mar adéarfá.

An-scéal, an-insint, an-chur-chuige. sea, draíocht amach is amuigh.

Sea, agus d’fhéadfainn chuile scéal den naoi scéal sa leabhar seo a mholadh go hard, as a stíl, as a leagan amach, agus as an ruainne sin den draíocht a fhíonn an t-údar isteach trí abhras chuile scéal acu.

en_USEnglish