Leabhar  Draíochta x

Leabhar Draíochta x

.

Leabhar Draíochta

*****************

.

Memoirs of an Irish Surgeon…….An Enchanted Life……..

by

Jack Gibson

*****************

.

De thaisme

De thaisme a tháinig mé ar an leabhar neamhghnách seo, ar na mallaibh. Sílim gur mar bhronntanas a tugadh dom é, ach cibé faoi sin, caithfidh mé a admháil dhuit, gur bhain mé an-taitneamh as. Ní hé anois go bhféadfá é a chur i gcomparáid le leabhair mhóra na litríochta, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis an údar greim scóige a bhreith ort, sa chaoi go bhfanann tú i mbun an tsaothair sin, go mbíonn an deoir dheiridh diúgtha agat as. Níl a fhios agam go díreach conas a éiríonn leis an údar sin a dhéanamh, nó i ndáiríre, is é atá sa leabhar seo aige, nó mám cuimhní caite ar phár, gan aon ró-eagar orthu, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, éiríonn leis draíocht chorraitheach na hóige a fhí isteach i ngach snáithe de na cuimhní céanna sin, sa chaoi go n-éiríonn leis dul i gcionn orainn, agus go meallann sé sinn, siúl cois ar chois leis, fan bhealach chasta a ré.

Beagnach céad bliain ó shoin

Féach mar a chuireann sé tús lena scéal sa chéad chaibidil dá leabhar…..

I was born on the 3rd November 1909 in the village of Ranelagh, on the south side of Dublin, which was then believed to be the fifth finest city in the world.

Sea, agus nuair a smaoiníonn tú, gur chuir sé a Chuimhní Cinn i gcló sa bhliain 1999, tuigtear dúinn, nárbh aon bhunóc bliana é, ag an am, ach é ina dhuine foirfe, aibí, cliste. Ní raibh sé ach cúig bliana d’aois nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí deartháir aige dárb ainm Harry, agus bhí seisean seacht mbliana déag ag an am, agus chuaigh sé isteach san arm, sna Royal Dublin Fusiliers, agus ba é críoch an scéil sin nó gur cailleadh sa choimheascar céanna sin é mar Harry. Daoine measúla ba ea a mhuintir, ach mar sin féin, theip ar a ngnó, agus b’éigean dóibh gearradh siar roinnt ar an stíl bheatha a bhí á cleachtadh acu, roimhe sin.

Scolaíocht

I Wesley College a cuireadh oideachas air, agus inniu fhéin, smaoiníonn sé go minic ar ar dhein lucht na scoile sin ar a shon. Nuair a bhí sé thart ar sé bliana déag d’aois, d’fhág sé an scoil, agus chuaigh i mbun oibre dó fhéin, ach tar éis bliana, chuaigh sé chuig a athair, agus dúirt leis, gur mhaith leis bheith ina dhochtúir. Thoiligh an t-athair cabhrú leis sa bhfiontar sin, ar choinníoll nach ligfeadh sé a rún le héinne. Tuigeadh don údar, nach raibh ar a chumas adhmad ar bith a bhaint as na cúrsaí a bhí le déanamh aige, ach ag an am gcéanna, bhíodh na boinn agus onóracha eile, á ngnóthachtáil ina mbrosna aige. D’éirigh leis na céimeanna cuí a bhaint amach, agus féach gur éirigh thar barr leis……

I had taken my fellowship immediately after qualifying. I went into the School of Tropical Medicine and Hygiene and there I met a man called Dr. Petrie who was a missionary in Aden. He invited me to go for a locum to a place called Sheik Othman…….I had a wonderful time there performing surgery, getting vast experience and learning all about the customs of the Arabs.

Buanna faoi leith

Bhí go maith is ní raibh go holc, mar b’in an cineál duine a bhí ann, duine a bhain toit agus taitneamh as a shaol mar dhochtúir, agus duine a raibh scileanna neamhghnácha aige, agus é i mbun a cheirde. Bhí bua leighis de dhlúth agus d’inneach ann, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as léamh faoina shaol agus a shaothar mar dhochtúir. Nach cuimhin leat an seanfhocal adeir “Dá mbeadh fios, aige bheadh leigheas aige”, bhuel, bhí idir fhios agus leigheas ag an nDochtúir draíochta seo.

Hipneoisí sciliúil

Ba dhochtúir é a raibh an-scil go deo aige sa hipneois, agus ba mhinic a bhaineadh sé úsáid as an scil chéanna sin, nuair nach mbeadh ar a chumas, nó nuair nach mbíodh fáil aige, ar aon chineál eile anaestéisigh, a bheadh oiriúnach don ghnó a bhí idir lamha aige. ag an am. Féach mar a chuirtear sa Réamhrá é….

He performed over 4,000 procedures using hypnosis as an anaesthetic without any pain. Some of the operations were very big, but the stories he tells in the book are fascinating and humorous.

Ba dhuine é a chaith sealanna in áiteacha éagsúla, ó cheann ceann na cruinne d’fhéadfá a rá, agus uaireannta, ní go ró-mhaith, nó go ró-fhial, a chaith a chomhdhochtúirí leis, ach thar aon rud eile, tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach raibh croí an dochtúra seo sa scilling. Cuma cá ghabhfadh sé, d’fhágfadh sé a rian ar chleachtadh an Leighis sa dúiche sin, ina dhiaidh, nó ba dhuine é, a bhí sásta i gcónaí, a scileanna a roinnt ar a chomhleacaithe, agus ag an am gcéanna, ba bhreá leis i gcónaí scileanna nua a phiocadh suas, trí bheith ag breathnú ar dhochtúirí eile agus iad i mbun oibre.

Chaith sé roinnt dá shaol i Nás na Rí, áit ar chleachtaigh sé a cheird in Ospidéal an bhaile sin, sea, agus d’éirigh leis freisin, fad is a bhí sé ansin, oidhreacht an bhaile sin a chaomhnú, trí sheantithe a athnuachan agus a athchóiriú. Sea, ba dhuine ildánach é an Dochtúir Gibson.

leigheas ar shranntarnach, fiú!

Nach ait freisin mar a d’éiríodh leis leigheas a fháil ar an tsranntarnach fhéin fiú, féach mar a chuireann sé fhéin é …..

When I went into a ward at night. I would find some people sleeping, some of them snoring and the reamainder who were longing to sleep and probably feeling some pain or feeling sick. I would go to the people who were wide awake and say to them the anaesthetic or the injection is still in the blood and if they will relax a little, they will fall asleep and the pain will disappear. I then put my hand on them and I would say ‘Sleep’ and they would drop into a deep sleep and stay asleep.

Dheineadh sé an cleas céanna leis na daoine a bhí ag sranntarnach. Deireadh sé leosan..

Keep breathing, don’t waken up, you will stop snoring, your throat will remain alive and you will sleep very peacefully.

Agus mar sin leis, go dtí go mbeadh ciúneas sa bharda ar fad, agus chuile dhuine de na hothair ina thoirchim suain agus sámhchodlata.

Sea, ba dhochtúir ann fhéin é an Dochtúir Gibson, agus nárbh iontach an gaisce aige é an leabhar seo a chríochnú ina nóchadú bliain, i ndeireadh na haoise seo caite.

Más scéal suimiúil, neamhghnách, corraitheach, draíochta, atá uait, ba chóir duit lámh a leagan ar an leabhar seo. Ní bheidh a chathú ort…

.

  

.

.

Leabhar  Draíochta x

M A I R T N A M I R E

M Á I R T N A M I R E .

*************************

.

Agus mé ag smaoineamh ar phíosa na seachtaine seo, ní raibh ar mo chumas tada a scríobh gan tagairt eicínt a dhéanamh i dtosach don ár uafásach a deineadh thall sna Stáit Aontaithe, ar Mháirt úd na mire, an 11ú, Meán Fómhair, 2001, nó ní dhéanfar dearmad ar an lá céanna sin go luath. Cheap mé fhéin, nárbh olc an t-ainm é, Máirt na mire, a bhaisteadh ar Mháirt úd na náire, Mairt an sceimhle, Máirt an áir. Cuimhníonn chuile dhuine againn ar uafáis áirithe a tharla lena linn fhéin, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bheadh sé deacair Máirt úd na mire sin a shárú ar a chruálaí, uafasaí, diabhalta, a bhí sé. Nach cuimhin le chuile dhuine againn an chaoi ar mhothaigh sé, agus é ag féachaint ar Thúir úd na gile ag titim anuas go talamh, faoi mar ba thithe cártaí iad. Bhíomar uilig faoi gheasa ag an radharc réabadhreilgeach sin, an radharc sacrailéideach sin, a bhain an chaint dínn, nó ni raibh na focail againn le cur síos cruinn a dhéanamh ar a raibh ag tarlú os comhair ár súl ansin, ar scáileán an teilifíseáin. Chomh fada is a bhain sé liomsa, bhí mé ag iarraidh focail a chruinniú, nó a chruthú, le cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr a bhí ansin, os mo chomhair amach. Sílim freisin, gur thuigeamar uilig, go raibh deireadh go deo leis na seanlaethe. Ní bheadh buaine ar bith, feasta, ag baint le haon saothar daonna, fad is a bheadh daoine amuigh ansin, a bheadh sásta é a dhíothú, ar mhaithe le clár oibre buile eicínt a chur i gcrích. Conas a mhothófá fhéin, dá dtiocfadh sceimhlitheoirí chuig do bhaile fhéin, agus dá leagfadh siad na foirgnimh ab fhearr leat sa bhaile sin? An mbeadh tú sásta an leiceann eile a iompó chucu? Nó an mbeadh fearg an domhain ort, agus fonn díoltais freisin? Nó an mbeadh tú sásta suí síos agus dul i mbun cainteanna leo, ag iarraidh a chur ina luí orthu, nár thaitin an cineál sin iompair leat, agus cad a d’fhéadfása a dhéanamh le faobhar a gcuid feirge a iompó uait? Nach deacair, agus nach rí-dheacair, na ceisteanna sin a fhreagairt, agus sin an fáth go bhfuil sé chomh deacair sin ar Uachtarán Mheiriceá teacht ar chinneadh, le deighleáil leis an ngéirchéim uafásach seo.

Ach fillimis nóiméad ar an ár a imríodh ar na Stáit Aontaithe, ar Mháirt úd na mire. Ar an gcéad ásc, deineadh ceithre eitleán dá gcuid a ghabháil, ar mhaithe le buille a bhualadh ar an “Sátan mór”, sé sin, ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus nach deacair a chreidiúint, nach raibh d’airm nó d’éide ag na fir a dhein an beart gránna sin ach sceana. Cúigear a cheaptar anois, a bhi i mbun ghabháil chuile cheann de na heitleáin ollmhóra sin. Deineadh an beart sin taobh istigh d’achar gearr, sa tslí nach raibh deis ag na húdaráis tada a dhéanamh in am. Bhí bua na ganfhiosaiochta ar thaobh na sceimhlitheoirí, agus caithfimid glacadh leis anois, go raibh a gcuid obair bhaile déanta, agus déanta go maith acu. Ba iad na spriocanna a bhí pioctha amach acu, nó An Peinteagán, lárionad cosanta agus míleata Mheiriceá, an tIonad Trádála Domhanda, agus chomh maith le sin, ceaptar to raibh an Teach Bán fhéin mar sprioc ag an gceathrú eitleán, sin nó Aerfhórsa a hAon, eitleán Uachtarán na Stát fhéin. An tIonad Trádála Domhanda a d’ionsaigh siad i dtosach, agus ó tharla go raibh ceird na heitleoireachta foghlamtha ag roinnt áirithe de na sceimhlitheoirí, bhí ar a gcumas, an criú oifigiúil a chloí, agus a n-áit a thógáil ag na cnaipí. Thuig na sceimhlitheoirí seo go raibh siad fhéin ag seoladh isteach i gcraos an bháis, agus go raibh siad chun na bpaisnéirí macánta, lán an eitleáin acu, a thógáil chun na huaighe in éineacht leo. Agus chomh maith le sin, thuig siad freisin, go marófaí, ní fios cé mhéad, den mhuintir a bhí ag obair san Ionad Trádála, an mhaidin chinniúnach sin. Bheadh sé deacair siombal níos fearr de stádas Mheiriceá i saol trádála an domhain a fháil, ná an tIonad céanna sin. Dhá thúr ollmhóra a bhí san Ionad sin, iad cúig scór is deich n-urlár ar airde, ó leibhéal na sráide suas, sea, agus thóg sé sé bliana fada leis an Ionad taibhseach sin a thógáil ó dhúshraith suas. Stroighin, gloine, agus cruach, na bunábhair as ar tógadh iad, agus bhí na foirgnimh, an dá thúr ollmhóra sin, ag spréacharnach go gléigeal, de ló agus d’oíche. B’adhmaint iad a tharraingíodh na milliúin cuairteoir chucu in aghaidh na bliana. I ndáiríre, ba chathair bheag iontu fhéin iad. Agus nach bhfuil sé beagnach do-chreidte, go bhféadfadh fir na sceana na túir áille sin a leagan, an péire acu, taobh istigh d’uair a chloig! Sea, mh’anam, d’athraigh an gníomh sin an saol s’againne bun os cionn, gan dabht ar domhan. Caithfidh chuile dhuine againn dul ar ais ar scoil le brí an bheart sceimhlitheoireachta sin a fhoghlaim, ach go háirithe, caithfidh ard-oifigigh airm ath-staidéar a dhéanamh ar cheird na chogaíochta, sa mhílaois nua seo, nó ní hionann cogadh a chur ar stát faoi leith, nó fiú ar chomhghuaillíocht, agus cogadh a chur ar bhuíonta sceimhlitheoirí scaipthe, folaithe, cumhdaithe, i measc phobail éagsúla, i náisiúin éagsúla, scaipthe ar fud an domhain mhóir. Nuair a maraíodh na mílte sin sna Túir Trádála Domhanda, lagaíodh ghreim chuile dhuine againn, ar an saol anróiteach seo, agus is laige slándáil chuile dhuine againn dá bharr.

Chomh maith le hionsaí a dhéanamh ar cheanncheathrú thrádála na Stat Aontaithe, roghnaigh na sceimhlitheoirí an Teach Bán fhéin le hionsaí a dhéanamh ar Uachtarán Mheiriceá fhéin, le teaspáint go raibh ar a gcumas ionsaí a dhéanamh ar sprioc ar bith ba mhaith leo, sa tír sin, toisc nach raibh innti, mar adúirt siad, riamh anall, ach tíogar maide.

Agus dá n-éireodh leo an triú sprioc a bhí acu a bhualadh, bhuel, ansin bheadh ceanncheathrú Rialtas Mheiriceá leagtha go talamh acu freisin. Tharla, mar sin, de thimpiste, nár éirigh leo an sprioc sin a bhaint amach, toisc, adeirtear linn, gur bhuail siad an Peinteagán, ina áit, trí dhearmad eicínt.

Bhi eitlean eile gafa acu freisin, ach nior éirigh leis an gceann sin sprioc a bhualadh, nó deirtear linn gur ionsaigh na paisnéirí na sceimhlitheoirí, agus gur thuairt an t-eitleán dá bharr sin.

Ni gá a rá go bhfuil beartaithe ag na Stáit Aontaithe díoltas a agairt ar na sceimhlitheoirí, agus ar thír ar bith a thugann tacaíocht nó dídean dóibh. Tá mé ag ceapadh go mbeidh an chéim sin tugtha, sara mbeidh an píosa seo i gcló, nó tá fuaimeanna cogaidh ag teacht chugainn ó Rialtas, agus ó údaráis Mheiriceá, cheana féin. Níl dabht ar domhan ach go ndéanfar sléacht gan áireamh ar bhunáiteanna na sceimhlitheoirí, lá ar bith feasta, ach tá súil agam, nach raghfar thar fóir ar fad leis an díoltas sin. Is dócha gurb é atá i gceist ag údaráis na Stát Aontaithe nó féachaint chuige, nach dtarlóidh a leithéid go deo arís, nuair a bheidh siadsan críochnaithe leo.

Is dócha go raibh an sceimhlitheoireacht imithe thar fóir ar fad, mar mhodh imeaglaithe, nó mar ghléas polaitíochta, le cearta an mhóraimh, a chur ar fáil don mhionlach. Tuigtear anois, go dtiocfaidh roinnt mhaith tíortha daonlathacha le chéile, le críoch a chur go deo leis an leagan amach sin, agus is dócha, go bhfuil sé ag éirí níos soiléire, le himeacht aimsire, go bhfuil na buíonta sceimhlitheoirí éagsúla sin ag cur le chéile, le ceird na cogaíochta fíochmhaire sin, a chleachtann siad, a mhúineadh dá chéile. Ach má táthar le sceimhlitheoireacht a chloí, caithfear féachaint chuige, go mbeidh Cothrom na Féinne curtha in áirithe do chách, sa domhan nua a éireoidh as luaithreach Mháirt na mire, domhan sítheach, síochánta, nach mbeidh gá le cogaí nó cogaíocht ann feasta. Ach le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ba mhaith liom cupla véarsa faoi ár úd Mháirt na mire a leagan os bhur gcomhair amach. Súil agam go dtaitneoidh siad libh.

.

                                       .

MÁIRT NA MIRE .

.

Fanfaidh cuimhne an lae sin

Gearrtha do doimhin do-stoite

Ar chlár dúr darach na cuimhne

Nuair a ligeadh srian le scanradh,

Ar an aonú lá déag go dearfa

De Mheán Fómhair úd an bhasctha.

.

Ba lá é lán-dóchais is misnigh,

Lá ag tuar na maitheasa,

Gan scamall gur fiú trácht air,

Ar spéir gheal, ghlé, na gile,

Ach de phlimp, gan aon choinne,

Dhorchaigh spéir is talamh,

Le fuath is le binib,

Ó bhun go barr na cruinne.

.

Ar scáileán ár dteilifíseán,

Léiríodh dúinn go soiléir,

Cumhacht an oilc is an doichill,

Nuair a leag fir na sceana

Trádthúir áille an domhain,

Is chuala an saol an tuairt,

Nuair a thit na foirgnimh arda

Ó spéir anuas ar thalamh.

.

Tá deireadh leis an tseanré,

Nó tuigfidh gach éinne feasta,

Nach buan ár léas ar thalamh,

Mar cailleadh cuid dár ndóchas

I sléacht úd Mháirt na mire.

.

Cé chosnóidh an tsaoirse feasta?

Nó deineadh slad gan teorainn

Ar chrann cosanta na náisiún,

Nuair a bearnaíodh fallaí ár gcairde.

.

Tá deireadh feasta le cinnteacht is le slándáil ár mbeatha ar thalamh,

Nó bearnaíodh gan stró, le sceana, fallaí cosanta ár ndaingin,

Ach guímis solas na soilse agus scíth síoraí na síochána,

Dóibh siúd uilig a cailleadh in ár dearg Mháirt na mire.

.

**********************

Peadar Bairéad.

**********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Leabhar  Draíochta x

Na Cluichi Oilimpeacha 2012. – Copy (2) – Copy

Ionsaí ar na Cluichí Oilimpeacha

.

.

PRIVATE GAMES.……….Céadchló……………2012

by

JAMES PATTERSON…………………………….€17.65

.

Peadar Bairéad

.

I Réamhscéal an leabhair seo cuirtear fear buile in aithne dhuinn, fear a bhfuil sé d’aidhm aige deireadh a chur le Cluichí Oilimpeacha Londain, 2012, agus ní hé sin amháin é, ach tá beartaithe aige freisin, an fhís Oilimpeach, frí chéile, a mhúchadh, le díoltas a bhaint amach as éagóir a deineadh air fhéin -dár leis- mar Lúithnire Oilimpeach, blianta fada roimhe sin, agus chomh maith le sin, tuigtear dó go bhfuil camastaíl agus bréaga coitianta i measc lucht riartha na gCluichí sin.

Ach cé hé an fear buile seo, an ea?

Féach mar a chuireann an t-údar i mbéal an fhir bhuile fhéin é……

“Indeed, as you read this, you might be asking your own questions, such as ‘Who are you?’

My real name is irrelevant. For the sake of this story, however, you can call me Cronus. In old, old Greek mhyths, Cronus was the most powerful of the Titans, a digester of universes, and the Lord God of Time.”

Le tús a chur lena phlean, agus le sin a chur i gcrích, roghnaíonn sé Sir Denton

Marshall, duine de phríomheagraithe na gCluichí, agus déanann é a dhúnmharú go neamhthrócaireach ina gháirdín fhéin, i gCathair mhór Londain, mar chéadbhuille ina phlean ifreannda leis na Cluichí a chriogadh. Féach mar a labhair an gealt fir sin, Cronus, le Sir Denton, sular mharaigh sé é

“You’ve angered me, monster,” I snarl at him, feeling a rage deeper than primal split my mind and seethe through every cell. “You’ve helped ruin the Games, made them an abomination and a mockery of their intent.”

or thug an dara seans dó, ach mharaigh ar an toirt é.

Ní call dom a rá, gur chuir an dúnmharú céanna sin lucht eagraithe na gCluichí i bponc go mór, nó cuireadh litir chuig an iriseoir aitheanta, Karen Pope, ag cur in iúl a raibh beartaithe ag Cronus agus na “Furies”, mar a bhaist sé ar an triúr ban úd, Marta, Teagan, agus Petra, na deirfiúracha Seirbeacha, ar bhaist cosmhuintier Bhosnia “Na Furies” orthu, triúr a ghlac páirt in ár in aghaidh ógánach Bhosnia, agus triúr a raibh confadh díoltais orthu, ar nós Cronus fhéin, agus a bhí lántsásta anois chuile chabhair a thabhairt dó, sa bheart buile, barbartha, díoltasach a bhí socraithe aige a dhéanamh, le críoch, agus deireadh go deo, a chur leis an bhFís Oilimpeach.

Gníomhaireacht Lorgaireachta

call dom a rá, go raibh an Gniomhaireacht Lorgaireachta agus Cosanta is fearr ar domhan, ‘Private’, fostaithe ag lucht eagraithe na gCluichí, le féachaint chuige, go rithfí na Cluichí céanna sin beag beann ar aon duine, nó ar aon eagraíocht, a dhéanfadh iarracht ar bith iad a chosc, nó a mhilleadh. Ba é Peter Knight, an Pomhlorgaire a bhí i gceannas ar ‘Private London’ agus b’air a bhíothas ag brath le plean Chronus, faoi mar a thug sé air fhéin sa ghnó seo, agus na Furies, a chur ó mhaith. Ar ball, lasadh an Tóirse Olimpeach agus chuaigh an slua le báiní, ach ansin fuair iompróir Bhrat Mheiriceá bás, agus thit a Bhrat go talamh. Baineadh a n-anáil den lucht féachana, ach ansin, thosaigh ceol aisteach á sheint, agus ar scáileán, i radharc an tslua, bhí na focail seo le léamh go soiléir……..

“Rún Scéite

Ba shoiléir go raibh greim faighte ag Cronus ar chóras craolacháin na gCluichí. Bhí Cronus ag léiriú don tsaol mór go raibh ar a chumas na Cluichí a chur i mbaol, ar a laghad. Ba ghearr gur tuigeadh gur maraíodh le nimh, an té a bhí ag iompar bhrat na Stát. D’éirigh leo, ar ball beag, an ceol agus a raibh scríofa ar Chlár na Scór a mhúchadh, ach bhí an dochar déanta ag Cronus. Ach ní raibh sa mhéid sin ach an tús. Ar ball, sna laethe a lean oscailt na gCluichí, d’éirigh le Cronus lúithnirí cáiliúla a mharú os comhair an tsaoil mhóir, nó bhí an saol mór ag breathnú ar Chluichí Londain faoin am sin, agus ní raibh srian ar bith curtha fós ar ghníomhartha Chronus, agus bhíothas cinnte, go raibh pleanáilte ag an bhfear buile sin, an buille scoir a thabhairt do na Cluichí Oilimpeacha, sára mbeadh sé críochnaithe leo.

Fios Fátha gach scéil

ard a tharla ina dhiaidh sin i rith na gCluichí? agus ar éirigh le Cronus a chuspóir a chur i gcrích? Agus níos tábhachtaí fós, cérbh é an coirpeach buile úd a bhaist, Cronus, mar ainm air fhéin, an t-é a bheartaigh an t-ár seo uilig a imirt ar fhís na gCluichí?

Más uait fios fátha gach scéil acu sin a fháil amach, níl le déanamh agat ach an leabhar seo, ‘Private Games’ a fháil, agus a léamh. Agus más duine thú ar spéis leis scéalta James Patterson a léamh, tá mé cinnte go dtaitneoidh an ceann seo thar barr leat, nó is scéal é atá lán teannais, scríofa i stíl sásúil, agus léitheoireacht éatrom, ar gheall le scíth éasca, taitneamhach í, dingthe idir dhá chlúdach an leabhair spéisiúil seo.  

Leabhar  Draíochta x

O d y s s e y i g C r i o c h a n a S a m h l a i o c h t a

.

O d a i s é i g C r í o c h a n a S a m h l a í o c h t a .

.

****************************

.

L i f e o f P i …………………………………céad chló………….2002

l e

Y a n n M a r t e l ………………………………………………………………£12.99.

.

.

************************************

.

Is dócha gurbh é an teideal a mheall mé i dtosach leis an leabhar seo a léamh, ach faoin am seo, is cuma liom sa tsioc céard a mheall mé, nó tá mé an-tsásta gur shocraigh mé ar é a léamh, mar i ndáiríre, bheadh sé deacair, leabhar eile dá shórt a fháil, i dteanga ar bith, dearfainn, nó éiríonn leis an údar, san úrscéal seo, réaltacht agus samhlaíocht a fhí go healaíonta, sciliúil, ar a chéile, ar bhealach nach mbeadh fhios agat go fírinneach, cioca den phéire sin a bhí idir chamáin aige, ag pointí áirithe den scéal.

Spáinneach fir is ea Yann Martel, ach i láthair na huaire seo, tá cónaí air i Montreal. Tá clú agus cáil tuillte aige, i bhfad agus i ngearr, lena shaothar liteartha. Tá an-mheas ag lucht litríochta ar a chéad úrscéal, “Self”, agus chomh maith le sin, tá cnuasach scéalta leis, “The Facts Behind the Helsinki Roccamations”, i mbéal an phobial freisin.

Is é “Life of Pi”, an tríú leabhar uaidh, agus cheana féin, tá a cháil imithe ó cheann ceann na cruinne, nó is leabhar é seo a ainmníodh do dhuaiseanna gradamacha cosúil leis an “Commonwealth Writers prize”, agus lena chois sin, bronnadh “The Man Booker Prize 2002” air, i ngeall ar an leabhar céanna sin, agus cheana féin, tá an t-údar ag obair ar a thríú úrscéal.

Cuireann an t-údar tús lena leabhar le “Authors Note”, ina gcuireann sé síos ar an chaoi ar chuir sé roimhe, a chéaduair, an leabhar seo, “Life of Pi”, a scríobh. Anois, ní gá gur fíor tada atá sa nóta céanna sin, ach féach mar a chuireann an t-údar fhéin tús lena scéal, sa nóta sin…

This book was born as I was hungry. Let me explain. In the spring of 1996, my second book, a novel, came out in Canada. It didn’t fare well. Reviewers were puzzled or damned it with faint praise. Then readers ignored it….

Ní gá a rá nach saothródh sé mórán pingneacha ar an leabhar céanna sin, agus is dócha go raibh pingneacha uaidh, le greim agus bolgam a choinneodh anam agus corp fite fuaite ina chéile, tamall eile, a shaothrú! Shocraigh sé, mar sin, ar leabhar eile a chur le chéile, úrscéal suite sa Phortaingéil a bhí i gceist aige, an babhta seo, agus bheartaigh sé dul chun na hIndia leis an ngnó sin a dhéanamh go críochnúil, éifeachtach. Chaith sé seal i mbun na hoibre sin, ach bíodh gur chaith, ag an am gcéanna, ba bheag a bhí aige dá bharr, nó ní raibh toradh fónta ar bith ar a shaothar, agus ar deireadh thiar, bherthaigh sé éirí scun scan as an tionscnamh sin. Chaith sé seal ag guairdeall thart mar sin, agus i rith an ama sin, casadh daoine áirithe air, agus nuair a d’inis sé dóibh go mba scríbhneoir é, dúradarsan leis, go raibh scéalta fiúntacha acu fhéin, scéalta arbh fhiú dó éisteacht leo, agus b’fhéidir iad a bhreacadh síos, agus úrscéal a shníomh timpeall orthu. Ar deireadh thiar, casadh Indiach leis, arbh ainm dó Francis Adirubasamy, agus mhaígh seisean go raibh scéal aigeasan dó. Féach mar a chuir Francis é….

“I have a story that will make you believe in God”

Chuir na focail sin ionadh a dhóthain ar an údar, agus tar éis dó caifé a cheannacht don bheirt acu, agus tar éis dóibh iad fhéin a chur in aithne dá chéile, thosaigh mo dhuine ar a scéal. D’inis sé don údar faoi chlann a mhair tráth i Pondicherry, stáitín féinrialaithe, ar an taobh theas de Mhadras, ar chósta Tamil Nadu. Bhí tráth ann nuair a bhí Pondicherry mar phríomhbhaile in India na Fraince…

For Pondicherry was once the capital of that most modest of colonial empires, French India……

They clung to these for nearly three hundred years. They left Pondicherry in 1954, leaving behing nice white buildings, broad streets at righ angles to each other……

Tharla gur mhair muintir Patel sa mbaile sin, nó bhí an tUasal Patel i bhfeighil Ghairdín na nAinmhithe, sa mbaile sin Pondicherry. Beirt mhac a bhí mar chúram air, agus fear acu sin atá mar príomhcharactar sa scéal aisteach seo. Mhol Mr Adirubasamy don údar, dul i dteangmháil leis an bhfear sin, nó bhí scéal thar na bearta le n-insint aige, dá dtoileodh sé chuige. Anois, ní raibh fáil ar an gcaractar seo i bPondicherry a thuilleadh, nó thréig a mhuintir an baile sin blianta roimhe sin, ach bhí cónaí air, ag an am áirithe seo, i Toronto Cheanada.

Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, chuaigh an scríbhneoir go Ceanada, agus tar éis do tamall a chaitheamh ag glaoch ar chuile Phatel a bhí in Eolaí an Telefóin ansin, d’éirigh leis dul i dteangmháil leis an bhfear a bhí i gceist ag Mr Adirubasamy…

My heart pounded as I dialed his phone number. The voice that answered had an Indian lilt to its Canadian accent, light but unmistakable, like a trace of incense in the air. ‘That was a long time ago’ he said. Yet he agreed to meet. We met many times. He showed me the diary he kept during the events. He showed me the yellowed newspaper clippings that made him briefly, obscurely famous. He told me his story. All the while I took notes.

Ar ball, fuair sé téip ó Aireacht Taistil na Seapáine, agus tar éis dó éisteacht leis an dtéip seo, bhí air a admháil, go raibh an ceart ag Mr Adirubasamy….

It was as I listened to that tape that I agreed with Mr Adirubasamy that this was, indeed, a story to make you believe in God.

Sea, mh’anam, agus sin an scéal atá á insint aige dúinn san úrscéal neamhghnách, corraitheach, samhlaíoch, seo.

Agus ó tharla gur ón bpríomhcharactar fhéin a fuair sé an scéal, ba nádúrtha an rud é an scéal seo a insint trína ghuth siúd, sé sin, trí guth an phríomhcharactair.

Ainmníodh an carachtar seo as Linn Snámha, Piscine Molitar, Linn Snamh i gcathair Pharas na Fraince, ach bhí ceataí sa sceal áfach, nó nuair a thosaigh Piscine Molitar ag dul ar scoil, ba ghearr go raibh praiseach cheart, chríochnaithe déanta ag, idir mhúinteoirí agus dhaltai, dá ainm, ach nuair a thosaigh na múinteoirí ag glaoch “Pissing” air, in áit Piscine, thuig sé go raibh sé thar am aige rud eicínt a dhéanamh faoi. Féach mar a chuirtear sa leabhar é, agus é ag cur síos ar an gcaoi a labhradh an múinteoir áirithe seo leis, tar éis dó a lámh a chur in airde…

My hand would be up to give an answer, and I would be acknowledged with a “Yes, Pissing.” Ofter the teacher wouldn’t realize what he had just called me. He would look at me wearily after a moment, wondering why I wasn’t coming out with the answer.

Ar deireadh thiar, fuair sé an deis le rud eicínt a dhéanamh faoi, tar éis dó dul chuig scoil nua. Bhíothas ag cur ceisteanna ar na daltaí uilig faoina n-ainmneacha. Ar deireadh thiar, tháinig siad chomh fada le Piscine Molitor Patel. Anois an t-am le rud eicínt a dhéanamh faoi, ar seisean leis fhéin…

I got up from my desk and hurried to the blackboard. Before teacher could say a word, I picked up a piece of chalk and said as I wrote:

M y n a m e i s

P i s c i n e M o l i t o r P a t e l,

K n o w n t o a l l a s

P i P a t e l.

For good measure I added….

P i = 3 . 1 4 .

Uaidh sin amach ní raibh d’ainm air ach Pi.

Bhuel, ar ball, nuair a bhí Pi thart ar sé bliana déag, shocraigh a mhuintir ar Phondicherry a thréigint, agus glanadh leo go Ceanada. Díoladh roinnt mhaith de na hainmhithe allta a bhí acu sa Zú sin, agus ar deireadh thiar, d’ardaíodar a seolta, agus thugadar aghaidh ar Toronto, iad fhéin agus roinnt mhaith d’ainmhithe a Zú. Féach mar a chuireann sé síos ar an long úd a thóg chun na farraige iad…

We left Madras on June 21st, 1977, on the Panamanian-registered Japanese cargo ship Tsimtsum. Her officers were Japanese, her crew was Taiwanese, and she was large and impressive.

Bhí go maith, is ní raibh go holc, ach ar a mbealach go Toronto, chuaigh an long úd go tóin poill, agus cailleadh a raibh ar bord, ach amháin Pi bocht, agus tháinig seisean slán, toisc gur caitheadh, de thaisme, isteach i mbád tarrthála é. Anois, in aon bhád leis, tharla go raibh Séabra gortaithe, Híéna, Orang útan, arbh ainm di, Orange Juice, agus Tíogar Ríoga Beangálach, arbh ainm do “Richard Parker”. Bí ag caint ar an gcruacheist a bhíodh againn fadó, faoin chaoi ar éirigh leis an mbádóir, an sionnach, an ghé, agus an punann coirce, a thabhairt ón oileán go dtí an tír mhór, agus nach bhféadfadh sé ach fear amháin acu a thabhairt leis, chuile bhabhta, agus bhí air sin a dhéanamh, gan deis a thabhairt d’fhear ar bith acu, ceann ar bith eile acu, a ithe.

Anois, níl fúmsa a insint dhuit, céard a tharla sa bhád sin, ach, déarfaidh mé seo, nár léigh mé píosa chomh cráite, cruálach, uafásach, scanraitheach, le fada an lá, agus amannta, is beag nach gcuirfeadh an scéal seo masmas ort, ach, mar scéal ag cur síos ar bheartaíocht, ar chlisteacht, agus ar fadfhulangacht an daonnaí, bheadh sé deacair é a shárú.

Ansin, céard faoin tréimhse fhada a chaith an stócach seo, Pi, ag imeacht le sruth, agus gan de chomhluadar aige ach an tíogar allta Beangálach sin, Richard Parker, a raibh 450 punt meáchan ann. Agus an léitheoir ag fanacht, an tam go léir, ar nóiméad na fírinne, nuair a d’ionsódh an tíogar allta céanna sin Pi bocht, agus nuair a d’íosfadh sé beo, beathaíoch, é, gan salann, gan anlann. Ar tharla a leithéid? Bhuel, léigh leat, a léitheoir liom!

Ach nach mbeadh fonn ort a fhiafraí, cá fhaid a chaith sé ag dul le sruth, é fhéin agus an tíogar bheangálach sin, Richard Parker, sa bhád tarrthála úd ón Long Seapáineach sin, Tsimtsum? Bhuel, breathnaigh ar chuntas Pi fhéin…

I have heard of a Korean merchant sailor named Poon, I believe, who survived the Pacific for 173 days in the 1950s.

I survived 227 days. That’s how long my trial lasted, over seven months.

I kept busy. That was one key to survival.

Ag léamh siar ar a scéal arís, feictear dhuit, go bhfuil teorainn an-chaol, idir an saol s’againne agus tír na samhlaíochta. Breathnaigh ar an am ar casadh bád tarrthála eile air, i lár na farraige. Bhí sé fhéin imithe dall, ag an am, agus nach ait, gur casadh fear dall eile air, agus é sa chás céanna, ag an am gcéanna sin?

Sea, agus breathnaigh ar an seal a chaith sé ar an oileán draíochta úd! Nach dtuigfeá gur tógadh an tréimhse sin díreach as réimsí na samhlaíochta, nó fiú, as críocha na buile fhéin! Agus breathnigh ar Pi s’againne, á chur faoi agallamh ag an údar! Ar deineadh dochar do-leigheasta dá aigne, agus dá chiall, le linn na tréimhse a chaith sé ag dul le sruth, ar an bhfarraige, ina bhád tarrthála agus gan de chomhluadar aige ach an tíogar Beangálach allta úd, Richard Parker?

Ach le críoch a chur leis an bpíosa seo, caithfidh mé a admháil, nach gnáthleabhar é seo, nó amannta, is beag nach mbainfeadh sé deoir asat, agus amannta eile, is beag nach gcuirfeadh sé fonn múisce ort, nó is déisteanach don ghnáth-léitheoir, smaointe, agus fiú, gníomhartha, an té atá gafa i mbuile ocrais agus tarta, agus é amuigh ar an bhfarraige mhóir, gan móran dóchais aige, go dtiocfaí, i gcabhair, nó i gcúnamh, air riamh nó choíche.

Ach fágfaidh mé fút fhéin é, a dhéanamh amach, cé acu ar thaitin, nó nár thaitin, an leabhar seo leat, nó déanta na fírinne, níl freagra na ceiste sin faighte amach agam fhéin, go nuige seo, ach go háirithe.

Ní dhéanfaidh mé ach athlua beag amháin eile a chur isteach anseo, mar chríoch leis an scéal anróiteach seo, agus tógadh an athlua seo as chuntas na gcigirí Seapáineacha, a rinne longbhriseadh an Tsimtsum a fhiosrú….

In the experience of the investigator, his story is unparalleled in the history of shipwrecks. Very few castaways can claim to have survived so long at sea as Mr Patel, and none in the company of an adult Bengal tiger.

Sin a bhfuil do thuras na huaire seo.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

Leabhar  Draíochta x

Patterson….. Cross Country

I mBéal an Phobail

Cross Country……………………..céadchló…….2008

by

James Patterson………………………………….£18.99

***************************

.

Patterson chugainn arís

Sa leabhar seo ó pheann an scríbhneora cháiliúil, Mheiriceánaigh, scaoileann an t-údar a shár-lorgaire, Alex Cross, ar thóir an choirpigh mhíthrócairigh, chruálaigh, mhailísigh, Abidemi Sowande, a dtugtaí “An Tíogair” mar leasainm air, leasainm a bhí tuillte, agus tuillte go dóighiúil aige!

James Patterson a chuir an leabhar seo i dtoll a chéile, agus ní call dom a rá, nach é seo an chéad leabhar ó pheann an údair seo. B’fhéidir gur chuimhin leat roinnt díobh seo …. Four Blind Mice; The Big Bad Wolf; Pop Goes the Weasel; Mary, Mary; agus tuilleadh den chineál céanna sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin taitneamh agus toit as chuile cheann acu, ach scéal de chineál eile ar fad atá á ríomh ag an údar sa leabhar seo, Cross Country. Féach mar a chuireann an t-údar é ar an gcéad leahanach den scéal seo….

“Georgetown, Washington, DC

…….The six-foot-six, two-hundred-fifty-pound killer known as “The Tiger” had given out guns to his team – also a gram of cocaine to share, and the only instruction they would need tonight: The mother is mine. Kill the rest.”

Nigéireach fir ba ea an Tíogar seo, murdaróir míthrócaireach, agus sa chás seo, theastaigh uaidh an mháthair a mharú, toisc go raibh eolas áirithe faighte aice, le linn di seal a chaitheamh sa Nigéir. Ellie Randall Cox ab ainm don mháthair, agus cara de chuid Alex Cross ba ea í.

Iriseoir Aifriceach

Mar adúirt mé, chaith sí seal sa Nigéir, agus le linn an ama sin, chuir sí aithne ar Iriseoir cáiliúil, áitiúil, arbh ainm di Adanne Tansi. Anois, d’éirigh leis an Iriseoir seo roinnt mhaith eolais a bhailiú faoin chaimiléireacht agus faoin uisce-faoi-thalamh a bhí ar siúl sa Nigéir, an t-am sin, agus faoi na daoine áirithe a bhí taobh thiar den obair sin go léir. Nó ní hé amháin go raibh an Tíogair agus coirpigh eile páirteach ann, ach ag an am gcéanna, bhí Stáit, agus Polaiteoirí áirithe, sáite go dtí na cluasa ann, agus b’iad na fórsaí sin a d’fhostaigh an Tíogar, agus a leithéidí, lena ndrochobair fhéin a chur i gcrích dóibh, agus i dtaobh an “team” úd, a luaitear san athlua thuas, ní raibh iontusan ach gasúir, gasúir a bhailigh an Tíogair ó dhileachtlanna dúchasacha, agus ar dhein sé fhéin iad a thraenáil le daoine a mharú ar ordú uaidhsean.

Ionad an Áir

Ní call dom a rá, gur tarraingíodh an Dochtúir Cross, an lorgaire cáiliúil, isteach sa scéal, agus chomh luath is a shroich sé ionad an áir, gur tugadh an drochscéala dó…

“Family of five, all of them dead,” Frescoe repeated himself. “The name’s Cox. Father, Reeve. Mother, Eleanor. Son, James. All on the first floor. Daughters, Nicole and Clara, on the third.”

Mar a luaigh mé cheana, bhíodh aithne ag Alex ar an mháthair, blianta ó shoin, nuair a bhí an bheirt acu óg, agus nuair ba Ellie Randall a bhí ar an mbean seo, sular phós sí.

I knew her – at least I once had.

Long, long ago, Ellie had been my girlfriend when we’d been students at Georgetown. She had probably been my first love.

And now Ellie had been murdered, along with her family.”

Turas chun na hAifrice

Chuaigh Alex i mbun oibre le fonn agus le flosc, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, go mba mhaith an tseift í dul ar thóir an Tíogair go dtí an tír as ar éalaigh sé, a chéaduair. B’in an fáth ar imigh sé chun na Nigéire. Casadh Meiriceánaigh agus Nigéirigh air ansin, agus thaisteal sé ó cheann ceann na tíre sin, geall leis, agus é ag iarraidh bonn an Tíogair a chur, ach ba é an scéal céanna i gcónaí é. Bhí an Tíogar céim chun tosaigh air, chuile bhabhta. Ba ghearr gur tuigeadh dó nár ró-shibhialta an áit í an Nigéir chéanna sin, nó gabhadh ina phríosúnach é, agus caitheadh go holc leis. Rinneadh é a bhualadh, a bhascadh, agus a bhatráil, agus tar éis dó seal a chaitheamh ar an ealaín sin, ba ghearr gur cuireadh ar a shúile dó é, nárbh aon ribín réidh é an Tiogar agus a chomhghuallaithe, agus bhí rud eile i gceist freisin, agus b’in go raibh sé thar a bheith deacair, do-dhéanta, d’fhéadfá a rá, a chairde a aithint thar a naimhde.

Gread leat abhaile, Alex

Ag an bpointe sin, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an Nigéir, agus d’éirigh leis an Ambasadóir Meiriceánach Alex a sheoladh abhaile, ar mhaithe leis fhéin, dár ndóigh! Ach má dhein fhéin, ní raibh sé críochnaithe leis an Tíogar fós, nó ba ghearr sa bhaile é, nuair a tugadh le fios dó, go raibh a chlann gafa ag an Tíogar céanna, agus chuile chosúlacht ar an scéal nach dtiocfadh duine ar bith acu slán ó chrúba an mhurdaróra mhíthrócairigh chéanna sin. Gabhadh an Lorgaire cáiliúil fhéin fhreisin, agus cé ghabh é? agus cé a bhí taobh thiar den ghabháil sin? agus cé’n toradh a bheadh ar an ngnó sin go léir? An marófaí Alex agus a chúram ar fad? nó an éireodh leo teacht saor ó chrúba an Tíogair?

Má’s uait freagra na gceisteanna sin a fháil, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, nó tá mo sháith ráite agamsa faoin scéal, agus dár ndóigh, ní theastaíonn uaimse an scéal a mhilleadh oraibhse.

Is deacair an leabhar seo a chur uait go dtí go mbeidh an deoir deiridh diúgtha agat as.

.

en_USEnglish