le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Seachrán Slí ?
Peadar Bairéad
Suan na mBlianta
Nár mhinic, sna seanscéalta, a chuala muid faoi dhuine, nó faoi dhream, a bheith tite i suan, nó i dtinneas draíochta, agus fad is a bhí siad faoi gheasa sa t-suan draíochta sin, ní bhíodh ar a gcumas tada a dhéanamh len iad fhéin a chosaint, nó tada dá leithéid. Nach cuimhin libh go raibh na hUltaigh i suan dá leithéid in aimsir Chuchulainn, ach ní chucu atá mé an babhta seo, ach chuige seo, go bhfuil an chuma ar an dtír s’againne, le tamall de bhlianta anuas, go bhfuil an náisiún seo, nó a lucht ceannais, ach go háirithe, curtha faoi dhraíocht ag cumhacht drochaigeangta eicínt. Níl le déanamh ag duine ach breathnú ar scéal na tíre seo, ó Chogadh na Saoirse anonn, le sin a thabhairt faoi deara. Roimh an tráth sin, tugtar faoi deara go raibh fís agus cuspóir ag bunús an phobail, ach ag a lucht stiúrtha, ach go háirithe, agus ba ar mhaithe agus le leas an náisiúin an fhís sin, agus bunús an náisiúin ag aontú leis an dearcadh sin nuair a tugadh an deis dóibh a marana a dhéanamh.
Imeachtaí an lae inniu
Ach, b’fhéidir gur chóra dhúinn díriú ar imeachtaí an lae inniu. Breathnaigh nóiméad ar na cúrsaí a mheall an náisiúin seo chun leithleachais, agus chun sainte, agus muid breá sásta linn fhéin ag séideadh bholgán an tsaibhris, i dtús na mílaoise seo, agus anuas go dtí an bhliain 2008 fiú. Dár le roinnt mhaith daoine, ba ar an lucht rialaithe a bhí an locht. B’iadsan a bhí i mbun stiúrtha, ag an am, agus ba orthusan a thit an fhreagracht as aon bhotún a rinneadh i rith na tréimhse sin. Ag an am gcéanna, táid ann adeir, gurbh iad na bancaerí, na réaltóirí, agus na tógálaithe a shéid, agus a shéid, an bolgán sí sin, go dtí go raibh sé i riocht a phléasctha, a bhí ciontach sa chúlú eacnamaíochta a lean phléascadh an bholgáin draíochta sin. Ach, dár le daoine eile, ba é saint agus easba thírghrá na cosmhuintire, a chuir na coinníollacha ar fáil do na daoine sin le fealladh ar thír seo na hÉireann.
Máthair an ghoir
Tá daoine eile ann adeir, gur i dtús baire a tharla an trioblóid, agus gurbh ann a bhí máthair an ghoir.
Céard tá i gceist acu, an ea?
Tá seo. In ionad poblacht a bhunú ina mbeadh comhchearta ag ‘chuile shaoranach, faoi mar a gealladh i bhForógra na Poblachta, gurbh amhlaidh a bunaíodh Stát aicmeach, ina ndéanfadh saibhreas na haicmí éagsúla a idirdhealú óna chéile. Gheall an Forógra, go mbeadh chomhchearta ag ‘chuile shaoránach, ach ba ghearr gur tuigeadh, go raibh daoine áirithe, sé sin, lucht an airgid, agus go raibh ar a gcumas-san na cearta sin a éileamh, ach an té nach raibh an sparán teann aige, cead aigesean dul ag feadaíl. Sea, agus nár bhraith an méid airgid a bhí ag saoránach ar an ioncam a shaothraigh sé? Agus cé shocraigh leibhéal an ioncaim sin? Na fostóirí. Cé eile? Agus dár ndóigh, ba é an Stát fhéin an fostóir ba mhó sa tír. Bhí go maith. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh crua ar na fostóirí, agus ar an Stát fhéin? Bheadh orthu gearradh siar agus ioncam na n-oibrithe a ísliú. Deineadh sin don ghnáth oibrí, ach nuair a dúradh gur chóir gearradh siar ar ioncam trom an dreama a bhí thuas, dúradh go raibh conradh oibre acusan, agus nach bhféadfaí drannadh leo sin. Deirimse comhchearta leat!
Cá bhfuil ár dtriall anois?
Sea, ach cá bhfuil ár dtriall anois mar náisiúin?
Céard déarfá faoi dhul siar arís go dtí máthair an ghoir, agus tosú arís ar gheallúintí an Fhorógra a chur ar fáil do ‘chuile bhall de chlann an naisiuin seo? Ionann sin agus ‘chuile ghné de chleachtas an náisiúin a scrúdú, agus a athrú, dá mba ghá sin a dhéanamh. Arbh fhéidir linn, mar chine, breathnú ar chúrsaí arís, féachaint ar chailleamar ár slí chuig Stát na Saor, faoi mar a theastaigh ó bhunaitheoirí an Stáit s’againne?
Céard a cheapfá fhéin?
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
(In “I mBéal an Phobail” this week, we revisit the Rambling House tradition.)
.
Peadar Bairéad
Seanchas Iorrais….1….
Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, in Iorras, ag éisteacht leis na daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine mhór móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.
In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhliain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.
Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.
“Shaen’s Cut”
Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir an Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.
D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724
Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.
Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…
I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Chuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an ndeontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhliain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil, mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas.
Droichead Dhoire
Faoin mbliain 1900, bhí drochbhail ar an sclóindroichead úd thar an gcanáil, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad.
…….Fillfidh mé ar scéal na ndroichead úd an chéad bhabhta eile. Bí linn……
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week, “I mBéal an Phobail” revisits our Rambling House, to trace the story of the Belmullet Bridges! )
.
Seanchas Iorrais….2….
Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus ba é an dála céanna é ag sclóindroichead Bhéal an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a rás rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a iompar as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead nua atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead céanna sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.
Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.
Lorg na nDealbh
Lorg na nDealbh, ba chúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina hiomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha, 1993. Osclaíodh Droichead Trakas go gairid ina dhiaidh sin agus nach minic a chuaigh mé fhéin trasna thar an ndroichead céanna sin san idirlinn. Má bhuaileann an fonn taistil thú, amach anseo, téigh siar, agus cuartaigh na ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh i dTuaisceart Mhaigh Eo. Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu uilig!
Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé fhéin an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call dom a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chuid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!
Agus sin agat anois scéal dhroichid Bhéal an Mhuirthead!
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Seasamh deiridh Mhic Eochaidh.
Peadar Bairéad
Caithfidh mé a rá gur chuir mé suim, agus dhá shuim, in alt le Seán Hurley, sa Kilkenny Reporter, dár dáta, 28ú Iúil 2010. San alt sin, rinne Seán cur síos ar eachtraí an Chaiptín Myles Walter Keogh, i gcogaíocht agus i dtroid, feadh a shaoil. Tar éis dom an t-alt sin a léamh, chuir mé romham píosa a scríobh faoin saighdiúir calma cróga sin, agus thug Seán fhéin cead dom úsáid a bhaint as a thaighde seisean, dá dtogróinn é.
Rugadh Myles Walter Keogh in Orchard, cóngarach do Leithghlinn an Droichid, thar theorainn Chill Chainnigh isteach, i gContae Cheatharlach, ar an 25ú Márta, sa bhliain 1840. Mac le John Keogh agus Margaret Blanchfield ba ea é. Faoin mbliain 1860, agus é ina fhear breá, óg scafánta, thug sé an Róimh air fhéin, ar thóir eachtraí.
In Arm an Phápa
Liostáil sé in Arm an Phápa, Pius IX, d’fhonn Stáit an Phápa a chosaint orthu siúd, ar mhian leo an Iodáil a aontú. Deineadh foleifteanant de i rith an chogaidh sin, agus bíodh nach raibh a chathlán thar mholadh beirte, bhain sé fhéin cáil amach dó fhéin, i gcoinne Victor Emmanuel, i gcosaint Ancona.
Sa bhliain 1861, nuair a bhí cogaí an Phápa thart, chuala Myles go raibh an Cogadh idir na Stáit tosaithe, thall i Meiriceá, agus ar an ábhar sin, agus toisc gur theastaigh a thuilleadh eachtraí míleata uaidh, thug Meiriceá air fhéin, agus liostáil ansin ar thaobh an Aontais. Caithfidh gur throid sé go calma sa chogadh sin, nó i rith an chogaidh sin, tugadh ardú céime dó cupla uair. Deineadh Maor de i dtosach, agus ansin, chríochnaigh sé mar Leifteanantchoirnéal, in arm an Aontais. I rith cheithre bliana an chogaidh sin, ghlac sé páirt i gcathanna go leor, agus fiú, i gCath Gettysburg fhéin, agus bhain cáil agus clú amach dó fhéin, as a chalmacht, as a dhánacht, as a chrógacht, agus as a ghalántacht. Agus bíodh gur throid sé an oireadh sin comhraic, bhí de cháil air, nár gortaíodh oiread is uair amháin é!
Sa Seachtú Reisimint Marcra
I ndiaidh an chogaidh, sa bhliain 1865, theastaigh ó Myles Keogh liostáil san Arm Seasta. Glacadh leis, agus deineadh buanoifigeach de, agus ar ball, nuair a bunaíodh an 7th U.S. Cavalry Regiment, faoi George Armstrong Custer, deineadh Caiptín de, agus ceapadh é mar an ceathrú Oifigeach Sinsear, sa Seachtú Reisimint Marcra, agus bhí marcshlua d’ochtar is nócha marcach díreach faoina cheannas. An-éacht d’fhear óg nach raibh ach sé bliana is fiche sáraithe aige, ag an am! Nuair a bhí cogaí na nIndiach thart, agus nuair nach raibh eachtraí corraitheacha, troda, ansin, le Myles a mhealladh chucu, bhí sé ag smaoineamh ar éirí as a shaol mar shaighdiúir sna Stáit, agus i ndeireadh na seascaidí, thug sé chuairt ar fhód a dhúchais anseo, i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh. Nuair a d’fhill sé ar na Stáit afach, d’athliostáil sé sa 7th Cavalry. Faoin mbliain 1873, chuaigh an 7th go dtí an Dakota Territory, áit a rabhthas le hiarnród a thógáil. Diaidh ar ndiaidh, thug na hIndiaigh faoi deara, go raibh a dtailte á dtógáil uathu, agus go raibh na tréada buabhall á n-ídiú ag na fir gheala. Ba é toradh a bhí ar an obair sin go léir, nó gur spreagadh na Sioux chun troda, rud a chuir tús le Cogadh na Sioux, sa bhliain 1876. Cogadh báis nó beatha a bhi sa gcogadh seo do na Sioux, agus ba ghearr go raibh an 7th Cavalry tarraingte isteach sa choimheascar céanna sin, agus b’in mar a tharla, gur tarraingíodh an Marcshlua céanna sin go dtí an Little Big Horn, ar an lá cinniúnach céanna sin, ar an 25ú lá de Mheitheamh na bliana, 1876.
Custers Last Stand
Ní gá cur síos a dhéanamh ar an gcath céanna sin, ar Custers Last Stand, nó nach bhfuil fios fátha an scéil uilig sin, ag chuile dhuine, faoi láthair, nó nach minic a léiríodh na heachtraí céanna sin sna scannáin dúinn. Leor a rá, nár fagadh, fiú fear inste scéil, den 7th Cavalry, beo ar phairc an chatha i ndiaidh an áir. leis an bhfírinne a rá, níor fagadh beo ón sléacht, agus ón ár uilig a deineadh an lá sin, ach capall Mhyles Keogh, Comanche, bíodh gur gortaíodh eisean sa ghleo freisin, ach tar éis togha na haire a fháil on Arm, tháinig sé chuige fhéin ar ball, agus ba é an capall ba cháiliúla sna Stáit é, ón lá sin amach, go dtí gur cailleadh é. Sea, agus nach ndeirtear freisin, nár éalaigh le craiceann a chinn slán aige ón ár sin, ach Myles fhéin agus an Ginearál Custer. Arbh amhlaidh a thug na hIndiaigh onóir iarbháis do na laochra sin, a throid chomh calma, cróga, sin ina gcoinne, ag Little Big Horn? Táid ann adeir, gurbh é fáth nár deineadh ciorrú orthusan beirt, nó i ngeall ar a gcalmacht i gcath, cáilíocht a raibh meas thar na bearta ag Indiaigh air. Deir daoine eile, gurbh amhlaidh a chonaic na hIndiaigh, agus iad ag baint a chuid eadaigh de Mhac Eochaidh, chonaic siad Crois an Phápa, agus tuigeadh dóibh, go mba dhuine ar leith é, ar bhealach nár thuig siadsan. Ar aon chuma, mhol Taoiseach na Sioux an Caiptin Keogh go hard na spéire, agus dúirt nár throid sé riamh, fear chomh chróga leis.
In far foreign fields……
B’in mar a cailleadh an tÉireannach calma cáiliúil sin, An Caiptín Myles Walter Keogh, i bhfad ó bhaile, agus é ag cleachtadh an cheird ab ansa lena chroí, an tsaighdiúireacht, agus gan é ach thart ar sé bliana is triocha ag an am! Céard a tharlódh dá bhfillfeadh sé ar Éirinn, an tráth úd? An mbeadh an tír seo fairsing a dhóthain le spiorad calma, cróga, corraitheach, an fhir sin a shásamh? Ag Dia amháin atá a fhios sin, ach ní haon dochar dúinne é, ag an am seo, spiorad cróga an tsaighdiúra sin a mhóradh, agus a mholadh. Mhair sé i ré chorraithe, mhíshocair, trodach, ach tuigtear dúinn, go mba fhear calma, galánta, daonna, é, an Caiptín Myles Walter Keogh, agus níor dhochar dúinne trí choiscéim na trócaire a shiúl le cónra a chuimhne.
Tá mé ag ceapadh, go bhfillfidh mé ar an ábhar seo, amach anseo, arís, nó tá tuilleadh le scríobh agam faoi ‘Keogh’s last Stand’, agus faoi cháil an Ghaeil chróga, chalma, céanna, sin.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Séasúr an Cheo
(This week, I mBéal an Phobail take a look at some Seasonal changes)
.
“Season of mists and mellow fruitfulness”…..
Anois, agus muid sáite i gceartlár an Fhómhair, feictear dom, gur chóir súil a chaitheamh ar na hathruithe atá tagtha ar an saol thart orainn ó Lá Lúnasa na bliana seo anonn. Agus, ag caint ar Shamhradh na bliana seo, is dócha gurbh fhearr cos a bhuaileadh ar an scéal sin, nó déanta na fírinne, ní raibh an Samhradh céanna sin thar mholadh beirte. Agus nílim ag maíomh gur bhronn an Fómhar seo ‘Samhradh na nGéanna’ orainn, ach oiread, ach dá olcas é, b’fhearr i bhfad é mar shéasúr ná an Samhradh réamhráite. Bhí daoine ag rá go mbeadh Fómhar millteach olc againn, Fómhar a d’fhágfadh muid gan mórán fáltais nuair a bheadh sé críochnaithe linn.
Dathanna meisciúla
Ní mar sin a tharla áfach, nó bíodh gur deineadh roinnt mhaith damáiste do na barraí, ag an am gcéanna, fuair na feirmeoirí dóthain ama lena mbunús a bhaint is a shábháil. Ach, ní hé seo ach é siúd atá idir chamáin agam, an babhta seo. Tugann muid faoi deara go bhfuil athruithe ollmhóra ag teacht ar aghaidh na Dúlra na laethe seo. Is é an rud is mó a thugtar faoi deara nó an t-athrú atá ag teacht ar dhathanna na nduilleog is na mbláthanna, thart orainn….
…Dathanna Fómhair dom mheisciú
Lena n-ór, lena ndonn, ‘s lena mbuí
Is ólaimse áilleacht tírdhreacha
As soitheach lán bua is brí….
.
Cheana féin, tá dath donnbhuí ag teacht ar roinnt mhaith de na duilleoga agus fiú, nach bhfuil dath an fhéir fhéin ag athrú freisin, nó tá an féar céanna ag seargadh roinnt, mar tuigtear don bhfásra uilig go bhfuil an Geimhreadh gáifeach chucu gan aon ró-mhoill. Tabhair faoi deara freisin, go bhfuil mám maith duilleog ag titim, go háirithe le linn gaoithe móire nó stoirme. Sea, agus nach bhfuil ré na mbláthanna beagnach thart, chomh maith. Ní gá dhom a rá gur chomharthaí iad sin uilig go bhfuil laethe an fháis agus an bhláthaithe ag druidim chun críche.
Codladh sámh!
Tuigeann mion daoine Dé go bhfuil na laethe órga thart, agus go bhfuil an t-am tagtha le dlús a chur lena n-ullmhúchán don bhfuacht agus don chruatan atá le teacht. Bailíonn cuid acu stór bia len iad a thabhairt trí shéasúr an ghanntain is an ghorta. Tuigtear do roinnt eile acu, gur maith an cleas é an leaba a thabhairt orthu fhéin agus codladh sámh a dhéanamh go dtí go ndúiseodh teas bog caoin an Earraigh iad arís tar éis na Féil’ Bríde. Sea, agus nach bhfuil tuilleadh díobh, a dhéanann a málaí a phacáil agus aeráid álainn na dtíortha teo a thabhairt orthu fhéin. Feiceann tú na fáinleoga bailithe leo thar lear, agus na cuacha glanta leo freisin, agus níl fanta linn, i ndiaidh an iomláin, ach an dreoilín, an spideog, an gealbhan, an lon dubh, agus roinnt bheag eile dár n-éanacha dúchais, ach is annamh a chloisfear ceol uathusan feasta, ach, mar sin fhéin, beidh siad ag lorg déirce thart ar thithe na ndaoine, go háirithe, nuair a bheidh deis ag sioc, nó ag sneachta, glas a chur ar fhoinsí a mbeatha agus a ndí, amuigh ansin ar chnoc is i ngleann, i ngort is i gcimín. Ach, ‘mair a chapaill, agus gheobhair féar’ adeirtear leo amannta, ach ‘ní bheathaíonn na briathra na bráithre’ adéarfadh siadsan, mar fhreagtra ar an moladh céanna sin, b’fhéidir.
Duilleoga Fómhair buí mar ór anuas im’ líon,
Ar pháirc, ar ród , ar mhá, feoite, seirgthe, críon
Maireann a gcuimhne ámh, i bpluais bhog bheo an chroí.
Cé go lobhtar iad sa láib, ní chailltear riamh a sciamh.
.
.
.
.