by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(Seo piosa a scríobh mé, breis is sé bliana ó shoin anois, faoi chuairt ar roinnt áirithe de na Misin Spáinneacha, a neadaíonn fan chósta Chalafóirnia. Cheap mé go mb’fhéidir go gcuirfí spéis ann, ag an am áirithe seo)
A r n a M i s i n …..1.
An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.
Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar.
“Santa Bairbre in aghaidh na toirní”
Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn ó Encinitas i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam tráchta ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, chuir sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó, i gcuimhne dhom….
“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”
adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.
Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luigh Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh muintir Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá dhaonra, ach is amhlaidh a d’fhanadar cóngarach don talamh lena gcuid foirgneamh.
Trí Thousand Oaks
Ar deireadh thiar, tar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Shaorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101 athuair. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh thitim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.
Dóthain Fathaigh!
Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht ar domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearr-aimsir. Bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.
.
….Tuilleadh le teacht, an chéad seachtain eile….
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A r n a M i s i n
R é a m h r á …… 3
Ach, le filleadh ar scéal na Misean Calafóirneach, nuair a chríochnaigh mé gála na seachtaine seo caite, bhí dhá Mhisean bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an chéad cheann i San Diego, agus an dara ceann taobh le Carmel, agus cóngarach go maith do Chuan Mhonterey, faoi mar a bhí ordaithe ag Rí Fernando a Trí, na Spáinne.
Bhuel, bhí tús maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasaí a Rí a chur i gcrích. Bhí Misin á dtógáil acu, agus Indiaigh á dteagasc, agus á n-oiliúint acu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó lean siad leo ar a míle dhícheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh. Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre arís, le Misean eile a thógáil, i ngiorracht trí mhíle is fiche do King City. San Antonio de Padua a baisteadh mar ainm ar an dtríú Misean seo, agus ba é Junipero Serra, arís, a bhí i mbun an ghnó, san ionad nua seo. Ar ball, d’imigh Serra, ach má dhein, d’fhág sé beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa dúiche sin.
An bhliain chéanna sin, tógadh Misean nua eile, i San Gabriel, deich míle soir ó Downtown Los Angeles. B’as Cordoba na Spáinne an sagart a thóg an Misean seo, agus fear a raibh a chroí sáite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc Múrach é ó thús, agus ní shásódh aon rud é, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shníomh isteach i dtaipéis Mhisin San Gabriel Arcángel. An bhliain dár gcionn, bhí fiontar nua idir chamáin acu, i San Luis Obispo, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gcúigiú Misean a thógáil. Díon tuí a bhí acu ar an Misean sin, a chéaduair, ach nuair a tháinig buíon namhadach Indiach aniar aduaidh orthu, tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é laige na tuí mar dhíon, nó chuireadar rompu láithreach ar thíleanna rua, tinedhíonacha, na Spáinne a oibriú ar an toirt, agus nuiar a chuireadar díon nua tíleanna ar an Misean sin i SLO, mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, níor bhaol dóibh feasta saigheada lasánta na nIndiach.
Nuair a thángthas, i ndáiríre, ar chuan Shan Francisco, socraíoch ar dhá Mhisean agus Presidió, a bhunú sa dúiche sin. Cé gur ainmníodh an chéad Mhisean ansin in onóir do Phroinsiais fhéin, ach toisc gur thángthas ar ionad an Mhisin sin, ar Lá Fhéile Mhuire na nDólás, baisteadh, Dolores, de ghnáth, mar ainm ar an Misean sin. Sa bhliain 1776, a tógadh an Misean sin. Tógadh Misean ollmhór eile an bhliain chéanna sin, agus b’in é Misean San Juan Capistrano. Ach ó tharla gur scríobh mé alt anseo, i mBéal an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta ó shoin, ní bhacfaidh mé le tuilleadh a rá faoi anseo, ach amháin a rá, gur glé, glas, a fhanann cuimhne an lae úd a chaith mé sa Mhisean sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus faoin spéis sna Misin a mhúscail mo sheanchara ó Vista, Gearóid Mac Amhlaoibh, ionam, an lá céanna sin, nó b’eisean a bhí mar threoraí againn an lá álainn úd, i Meán Fómhair na bliana sin, 1988.. Ach, fillimis ar an scéal…..
Leanadh leis an obair tógála, agus teagaisc, agus traenála, uaireannta, go mall réidh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia á rá leo. Tógadh Misin ar baisteadh na hainmneacha áille Spáinneacha sin uilig orthu, fan chósta thiar Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco, fan an 650 míle sin, a shíneann idir an dá chathair áille sin, agus fan an Bhealaigh Mhóir úd, an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, a cheanglann an dá chathair sin dá chéile, ó aimsir na Spáinneach fhéin. Ach breathnaigh ar na hainmneacha áille Spáinneacha sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag…Santa Clara de Asis; San Jose; San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arcángel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez; San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano. Conas a tharla gurbh iad na hainmneacha áirithe sin a baistadh ar na Misin thuasluaite? Bhuel, ba é an nós a bhí ag na Proinsiascánaigh Spáinneacha, an dream a thóg na Misin, ba é a nós siúd nó an Misean a ainmniú as an bhFéile Eaglasta a thit ar lá a bhunaithe. B’in an nós a bhí acu, agus b’in an nós a leanadar.
Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar éis dóibh breis is leathchéad bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, bhí Misean is fiche tógtha acu, fan chósta Chalafóirnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa dó, sea, agus an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.
B’iontach go deo mar a d’éirigh leis na Misin chéanna sin aidhmeanna an Rí, Fernando a Trí, a chur i gcrích, agus taobh istigh de leathchéad bliain, d’fhéadfá a rá go raibh Iarthar Chalafóirnia uilig tagtha faoi anáil agus faoi chumhacht na Spáinne. Ní hamháin go raibh na Proinsiascánaigh tar éis na Misin uilig sin a thógáil, agus go raibh na mílte agus na mílte Indiach á dteagasc, agus á mbaisteadh acu, ach ag an am gcéanna, bhí na Misin chéanna sin ag éirí saibhir, ó bhliain go chéile, nó bhí olltréada bó agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, á dtógáil as éadan acu, ar na rainsí móra talún a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin arís, bhí an talamh mhéith á saothrú go sciliúil ealaíonta, acu, sa tslí go raibh barraí de chuile chineál á gcur, agus á mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana. Ní gá a rá, gur thóg na Spáinnigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limistéar sin leo, agus gur múineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, thógadar isteach leo na bealaí ab éifeachtaí, le talamh a uisciú, agus b’in an rud ba mhó a bhí ag teastáil ó thailte Chalafóirnia, le fásaigh na dúiche sin a chur faoi bhláth. Agus sin, gan tagairt a dhéanamh, in aon chor, don méid a bhí á dhéanamh, agus á tháirgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bhí ag obair faoi lán tseol, i ngach Misean acu!
Ach céard faoin saibhreas uilig sin?
Anois, bhí móid bochtaineachta ag na Proinsiascánaigh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidís-sean aon úsáid phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bhí a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab’ eol do chách, ba é a gcuspóir, nó únéireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheidís-sean oilte i gceart acu chuige sin. Bhuel, bhí pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Críostaíochta, ar an modh Spáinneach. Bhíodar breá síochánta, tríd is tríd, ach caitheadh leo, faoi mar ba pháistí, nó nóibhísigh! iad. Níor tugadh deis dóibh bheith freagrach ina ngníomhartha fhéin, nó tuigeadh do na Padres, nach raibh an t-am chuige sin tagtha fós. B’in an laige ba mhó a bhí i gcóras na Misean Spáinneach úd áfach, agus b’in é ba chúis lena dtreascairt, i ndeireadh na dála. Shroich na Misin buaic a réime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bhí siad tosaithe, cheana féin, ar bheith ag dul i léig. Ach b’in é díreach an tráth ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Spáinne, iad ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dóibh fhéin, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh. Bhain na Meicsicigh a neamhspleáchas amach, sa bhliain 1821, agus ón bpointe sin amach, fágadh Calafóirnia Spáinneach ar an mblár folamh, gan súil ar bith acu feasta leis na longa Spáinneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, ó San Blas, i Ríocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann tú le sin, nach raibh aon réamhullmhúchán déanta ag na Spáinnigh, le Ríocht, nó Cumhacht, Indiach, a bhunú fan chósta Chalafóirnia, ní thógfadh sé Aireasteatal fhéin, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.
Dá dtabharfaí ceannas, de réir a chéile, fiú, do na hIndiaigh, ó thús an naoú haois déag, chuile sheans, go n-éireodh leo teacht saor, ach ba é a tharla, nó go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dhíeaglaisiú, sa bhliain 1833. Cuireadh an ruaig ar na Proinsiascánaigh ina dhiaidh sin, agus cuireadh sagairt pobail isteach ina n-áit, agus fágadh na hIndiaigh bhochta gan cheannairí, nó ní raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na Padres, ní raibh scileanna an neamhspleáchais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bhí ar shaothar ollmhór na bProinsiascánach, i measc na nIndiach Calafóirneach úd, idir na blianta 1769 agus 1833. Ach ag an am gcéanna, fanann a bhfís, agus a bhfoirgnimh, linn, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá na Misin áille sin, deisithe, athnuaite, agus athchóirithe, ag Caitlicigh, agus ag údaráis sibhialta, an fichiú haois, agus ní beag nó suarach an toradh agus an oidhreacht iad sin, ó ré órga na Misean, i dtír úd na gréine gile.
B’fhéidir gurb é sin an ceacht a mhúineann oidhe na Misean Calafóirneach dEaglais an lae inniu.
Cén ceacht, an ea?
Go gcaithfear freagracht i bhfás agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuataí, chomh luath géar is a chuirtear faoi láimh an Easpaig iad. Níor chóir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagairí. Má dhéanann, beidh an cluiche caillte, sul má thosaíonn sé.
Is dócha nár chóir dom aon chosúlacht a fheiceáil idir scéal na Misean Calafóirneach úd, agus scéal na hEaglaise Caitlicí, anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh, ach b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá, gur coinníodh an liathróid ró-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s’againne, agus nár tosaíodh ar roinnt na cumhachta sách luath, inár measc, agus b’fhéidir go bhfuil muid ag íoc go daor as an bhfaillí sin, i láthair na huaire seo. Agus más uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as scéal na Misean úd, b’fhéidir gur chóir dúinn díriú anois fhéin, ag an nóimead deiridh seo, ar thuilleadh, agus tuilleadh fós, freagrachta, a thabhairt dár dtuataí.
Le críoch a chur le scéal na Misean, is dócha gur chóir a lua, gur ghabh na Stáit Aontaithe Calafóirnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na Stáit sin, na Misin a thabhairt ar ais dá bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a atógáil, agus a athchóiriú, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh hálainn is a bhí siad ó thús, geall leis, agus ní hé sin amháin é, ach úsáideann na pobail chéanna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Gura fada a leanfaidh cúrsaí amhlaidh.
Bhuel, is dócha gur leor sin mar Réamhrá don tsraith aistí seo, faoin tréimhse sin a chaith mé, ar na mallaibh, ar fán i measc Mhisean Chalafóirnia, agus mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as a stair, agus as a scéal, i bhfás agus i bhforbairt na tíre saibhre sin. Ach níor chóir an milleán uilig a leagan ar na Spáinnigh, nó is dócha go rabhthas ag súil leis an iomarca ó Indiaigh Chósta Thiar Mheiriceá, ag an am sin. Bhíothas ag súil go bhféadfadh siad a gcultúr, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a stíl bheatha, a athrú, ó bhonn, taobh istigh d’achar gearr, agus go bhféadfaidís iompú ina Spáinnigh oilte, sciliúla, san achar gearr, inar tháinig siad faoi anáil na Spáinneach céanna sin, agus b’fhéidir nár deineadh aon ró-iarracht, ar an gcreideamh nua Críostaí a nódú ar spioradáltacht dúchasach a muintire. An chéad bhabhta eile, tá mé ag ceapadh, go mbeadh sé spéisiúil, a fháil amach, cé mhéad den tionchar Spáinneach, agus de thionchar na Críostaíochta, a fuair siad mar oidhreacht ó na glúnta a d’imigh rompu, a mhaireann fós i measc na gciníocha Indiacha céanna sin? San idirlinn, caithfidh muid bheith sásta leis an méid sin.
******************
Peadar Bairéad
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Daonlathas 2
Peadar Bairéad
.
(This week we continue our thoughts on Democracy, as we know it.)
.
Mar a chleachtaítear an Daonlathas anseo
An tseachtain seo caite, rinne mé iarracht ar an neart, agus ar na laigí, atá le tabhairt faoi deara sa chóras daonlathach, faoi mar a chleachtaítear anseo é, a chur i mBéal an Phobail. Tríd is tríd áfach, bhí orainn a admháil, go raibh an córas s’againne beo bríomhar, ach ag an am gcéanna, bhí sé soiléir go raibh sé éasca go maith dallamullóg a chur ar roinnt áirithe dár bpobal, agus iad a sheoladh síos casán mídhaonlathach, agus glacaimid le sin mar thús do phíosa na seachtaine seo. Caithfimid súil ar chúrsaí, faoi mar atá anois, agus muid ar bhruach olltoghcháin eile, féachaint an bhfuil aon leigheas ar ár gcás, nó an bhfuil muid ag rás gan srian, gan laincís, i dtreo na faille, faoi mar a tharlaíonn i gcás na ‘Lemmings’ úd ar chóstaí Chríoch Lochlann. Ach ní orthu siúd a tharraing mé an scéal, ach ar an mbeithíoch dothuigthe eile sin, an Daonlathas.
Rialtas gan Mhóramh
Tamall maith ó shoin, i ndiaidh an Olltoghchán deiridh, agus na Páirtithe Polaitíochta, agus Teachtaí áirithe Dála, ar a míle dhícheall ag iarraidh Rialtas Nua a bhunú leis an bPoblacht s‘againne a rialadh ar feadh tréimhse áirithe eile. Ní gá dhom a rá anois nár eirigh leo sin a dhéanamh ar an gcéad iarracht! nó déarfainn go raibh siad thart ar dhá mhí i mbun an ghnó sin, sular éirigh leo teacht ar shocrú, a bhí inghlactha ag móramh na dTeachtaí. Fágadh Fine Gael: sa diallait, ach ní eireodh leo teacht ar an margadh sin gan chúnamh ó Fhianna Fáil, sa mhéid go ndúradar-san go mbeidís toilteanach tacú leo fanacht sa diallait, ar choinníollacha áirithe.
Ar an gcéad amharc, cheapfadh duine ar bith, nach mairfeadh Rialtas dá leithéid ró-fhada, agus chomh maith le sin, thuigfeadh duine, nach mbeadh ar a gcumas obair Rialtais a chur i gcrích, nó bheadh orthu ’chuile iarracht a dhéanamh, chuile bhabhta, a chur ina luí ar mhóramh na dTeachtaí taobhú leo. Bheadh foighid, tuiscint, agus scil pholaitíochta, riachtanach, lena leithéid de pholasaí a chur i gcrích. Ach, tar éis na tosca sin uilig a chur san áireamh, tuigeadh dom ag an am, go raibh seans ann go n-éireodh leis, agus go dtabharfadh sé seans dúinn éaló ón tseanpholaitíocht, a bhí á cleachtadh anseo le blianta fada anois, agus gurb fhearrde an Stát s’againne dá bharr sin. Tá sé soiléir anois, go bhféadfadh socrú dá leithéid Rialtas a chur ar fáil don tír seo, agus le foighid, agus le tuiscint, go bhféadfaí na constaicí laethúla a shárú, agus Rialtas níos daonlathaí a chur ar fáil dár muintir. Níl mé cinnte go bhféadfaí sin a dhéanamh ar bhonn seasmach. Sin í an Fhadhb, nó mura bhféadfaí, b’fhearrde an tír bheith dá uireasa.
Bhí baol ann, ar na mallaibh, go mbrisfí ar ár Rialtas, toisc nach bhféadfaí fadhb an uisce a réiteach, agus mura bhféafaí, bhí chuile chosúlacht ar an scéal go dteipfeadh ar an Rialtas a bhille a rith tríd an Dáil. Ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leis na Páirtithe, agus leis na Teachtaí, an fhadhb a réiteach, sa chaoi nach mbeidh gá le hOlltoghchán a eagrú, le Dáil nua a thoghadh, rud a chuirfeadh ar an dtimpeallán anacair céanna arís sinn, agus rud, b’fhéidir, a chuirfeadh cos i bpoll le turgnamh dá leithéid a thriáil sa todhchaí.
Is soiléir, faoi mar a dhearbhaigh mé thuas, go bhféadfaí Rialtas an Mhionlaigh a bhunú sa tír seo, ar choinníollacha áirithe, ach cinnte, bheadh gá le foighid, le ciall, agus le scil pholaitíochta chuige sin. Ón gcleachtadh atá faighte againn anois, ar an gcineál sin leagan amach, is soiléir go dteastódh Teachtaí dáiríreacha, macánta, uainn, Teachtaí nach mbeadh ag iarraidh cáil a shaothrú dóibh fhéin trí chur i gcoinne chuile iarracht a dhéanfadh an Rialtas le leas an phobail a chur i gcrích, nó sa tslí sin, dhéanfaí am na Dála a dhiomailt gan chiall, gan toradh, agus na Teachtaí sin ar a míle dhícheall ag iarraidh obair an Rialtais a chur ó mhaith. Ní chuige sin a thoghann na vótóirí Teachtaí. Ní lena leas fhéin a dhéanamh ar chóir do Theachta ar bith, an chumhacht a bhronn a Thoghlach air, a úsáid. Ba chóir dó a thuiscint, gur le tír iomlán a rialú a toghadh é, ach dár ndóigh, ba chóir dó freisin, dearcadh, mianta, agus riachtanaisí, a thoghlaigh fhéin a chur i láthair na Dála, chuile bhabhta a bhfaigheadh sé deis chuige sin, ach ní le rialú na tíre a chur thar chumas an Rialtais, a bronnadh cumhacht airsean, a chéaduair, ach le féachaint chuige, go mbeadh a leithéid indéanta, i rith ré na Dála sin, chuig ar toghadh é.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week “I mBéal an Phobail” considers Tomorrow’s Referendum.)
Déardaoin an Reifrinn
Tá sé d’ádh orainne sa tír seo, go bhfuil Bunreacht againn, nó fágann sin nach gceadaítear don Dáil, nó don Rialtas, dlí ar bith a rith, má tharlaíonn an dlí sin a bheith míbhunreachtúil, nó i gcoinne fhorálacha an Bhunreachta. Má theastaíonn uathu a leithéid a dhéanamh, caithfidh siad teacht os comhair phobail vótála na tíre, le cead chuige sin a iarraidh orthusan, nó sin an crann cosanta dlíthiúil amháin atá ag vótóirí na tíre seo, in aghaidh rialtais ar bith a dteastódh uathu rialú, beag beann ar vótóirí na Poblachta seo. Ghlac muintir na tíre seo leis an mBunreacht seo sa bhliain 1937, agus ón mbliain sin i leith, tharla ar ócáidí áirithe gur theastaigh ón Rialtas dlíthe áirithe a thrasnódh fhorálacha an Bhunreachta, a rith, agus chuige sin, d’iarr siad cead ar na vótóirí a leithéid a dhéanamh. De ghnáth, tugadh an cead sin trí vótáil TÁ sa Reifeann, ach anois is arís, diúltaíodh an cead sin orthu trí vótáil NÍL. Mar sin, ní hé seo an chéad uair a ritheadh Reifreann sa tír seo. Is é atá ann, mar sin, nó an Rialtas ag iarraidh cead an Phobail, le dlí a thiocfadh salach ar an mBunreacht, a rith. Agus anois, nuair a theastaíonn ón Rialtas glacadh le Comhaontú Cobhsaíochta Fioscadh seo an Aontais Eorpaigh, bíodh go raibh an Rialtas fhéin sásta glacadh leis an gConradh sin, dúirt an Príomhaighne leo, go gcaithfeadh siad cead an phobail a lorg, toisc go raibh seans maith ann go mbeadh a leithéid de shocrú frithbhunreachtúil. Agus sin anois an fáth go bhfuil an Reifreann sin ar siúl anseo amárach. Níl dabht ar domhan, mar sin, ach go bhfuil sé de dhualgas ar chuile shaoránach, a bhfuil vota aige, dul amach Lá an Reifrinn seo, agus a vóta a chaitheamh, ar thaobh amháin nó ar an dtaobh eile.
Ach in ainm an áidh, céard tá i gceist sa Chomhaontú Cobhsaíochta Fioscach seo, nó mura dtuigeann duine céard tá i gceist sa Chomhaontú, conas is féidir leis guth ciallmhar, barrainneach, a chaitheamh? Bhuel, faoi mar a mhínigh Mártan a’ Tairbh anseo thíos liom, an lá cheana. Go bunúsach, adeir sé, is é atá i gceist, nó go gcaithfidh an Rialtas glacadh leis an gConradh Cobhsaíochta seo, má cheapann siad go mbeidh orthu dul chun an tobair le canna eile Euro a fháil ar iasacht ó Bhuanchiste nua Tarrthála an AE – nó, faoi mar a chuireann an Coimisiún Reifrinn é sa Treoir Neamhspleách, sé sin, ina leabhrán mínithe…”nach mbeidh teacht acu ar an gciste sin ach amháin sa chás go ndaingneoidh siad an Conradh seo.”
Agus má vótáilfidh muid TÁ, ansin gabhann muid de dhualgas dlíthiúil orainn fhéin, go ndéanfaidh muid an buiséad a chothromú, mar riail ginearálta, chuile bhliain feasta, agus nach raghadh muid thar fóir lenár gcaitheachas as seo amach. Anois, tá’s ag an lá, nach ró-olc an dlí é sin, agus dár ndóigh, beidh ar chuile stát eile san Aontas an cleas céanna a dhéanamh. Mar sin, caithfidh muid ár n-aigne fhéin a shocrú amárach, agus guth ciallmhar, barainneach, a chaitheamh, nó beidh tionchar ag ár vóta ar thodhchaí na tíre seo, agus ar a phobal, lá is fuide anonn. Ortsa atá an dualgas an vóta seo a chaitheamh. Níl fúmsa moladh dhuit, doi vóta a chaitheamh ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile, ach mholfainn do dhuine ar bith, a dhul amach agus a vóta a chaitheamh ar an ócáid cinniúnach seo. Amárach an lá, mar sin, Lá an Reifrinn, agus ná lig do leas ar chairde ar an lá céanna sin. Ná tabhair mórán airde orthu siúd a bhí ag buirthil is ag beicil leo faoi na cúrsaí céanna sin, le scathamh anuas. Bhí a gclár oibre fhéin ag roinnt áirithe de na daoine sin, agus tabbhair faoi deara, nach é an guth is airde a bhuann an argóint, chuile bhabhta. Éist leo agus ansin déan dearmad orthu, nó tá an tír ag braith ar do bhreith fhéin sa Reifreann seo……
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
Aoibhinn Beatha an Scoláire !
.
Bhí mé ag smaoineamh, ar na mallaibh, ar an mbliain bhreá thaitneamhach úd, a chaith mé fhéin is mo sheanchara Albanach, Jimmy, in ár mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, ó Dheireadh Fómhair na bliana 1950, go dtí Meitheamh na bliana dár gcionn, agus bíodh nár den dámh céanna sinn, ba dhlúthchairde sinn, dá ainneoin sin. Ceann de na rudaí ba mó a chuireadh isteach ar mhic léinn Ollscoile, an tráth úd, nó ganntanas airgid. Bhíodh mic léinn áirithe ag súdaireacht leo ó thús go deireadh na bliana. Cúrsaí óil, nó cúrsaí cearrbhachais, ba chúis le sin, bunús an ama, ach i gcás roinnt áirithe eile daltlaí, ba é ba chúis leis na tsúdaireacht chéanna sin nó go raibh orthu teacht i dtír ar an mbeagán. Nílim ag maíomh anseo go mbíodh sparán teann agam fhéin, i gcónaí, i rith na bliana céanna sin, ach i gcomparáid le hógánaigh eile, bhí dóthain mhór agamsa, chuile lá den bhliain sin.
.
Shaothraigh mé é
Cá bhfuair mé an t-airgead sin uilig, an ea? Nó ní raibh mórán fáltais, nó gustail, ag mo mhuintir, sa bhaile, i mbaile na Druime in Iorras?
Bhuel, ba é ba chúis leis an bhflúirse sin uilig nó go mbíodh deiseanna agamsa le hairgead a shaothrú, agus níor scaoil mé na deiseanna céanna sin tharam, geallaimse dhuit é! Ach rug mé orthu go daingean docht, agus b’in a d’fhág go mbíodh na pingneacha agamsa, nuair a bhíodh mic léinn eile ar an ngannchuid, agus iad ag iarraidh iasacht a fháil ó mo leithéidse!
Coláiste Uí Ghriallaigh
Ach, conas a tharla go mbíodh na deiseanna sin agamsa, an ea?
Bhuel, bhí Scoil Dianstaidéir á reachtáil ag “Mr Grealy” i gcathair na Gaillimhe, ag an am, scoil ina ndéantaí daltaí a ullmhú do Scrúduithe Teistiméireachta, trí dhianstaidéar a chur ar fáil dóibh, le cúrsaí áirithe a phulcadh isteach iontu, roimh na scrúduithe. Bhuel, tharla go raibh múinteoir Laidine ag teastáil ón nduine uasal céanna sin, agus chuir sé fógra sna páipéir, ag iarraidh ar mhúinteoirí cur isteach ar an bpost sin, ag maíomh go raibh oiread áirithe uaireannta an chloig sa tseachtain i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé do mhac léinn Ollscoile. Bhuel, chuir mé fhéin isteach ar an bpost sin, agus iarradh orm teacht isteach go Coláiste Uí Ghriallaigh, le go gcuirfí faoi agallamh mé. Rinne mé sin, agus ó tharla go raibh bliain san Ollscoil caite agam i mbun na Laidine, dúirt Mr Grealy go raibh sé lán-tsásta an post a thabhairt dom. Chraitheamar lámh air, agus b’in sin. Bhí post agam. Bheadh teacht isteach rialta agam feasta, agus bhí mé fhéin lán-tsásta leis an dtaobh sin dem’ mhargadh.
Conas a d’éirigh liom leis na ranganna sin, an ea?
D’éirigh go maith liom, tríd is tríd, agus ní hamháin go mbíodh ranganna den chineál sin á dtabhairt agam sa Laidin, ach bhí Mr Grealy sásta obair eile a thabhairt dom, ó am go chéile, sa tslí go mbíodh mo dhóthain oibre le fáil agam i gColáiste úd Uí Ghriallaigh, i nGaillimh, i rith na bliana áirithe sin 1950 – ’51. D’éirigh go maith liom i gcás daltaí áirithe, ach bhí dalta amháin agam, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, ach oiread, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach, nó theastaigh ón athair sin dochtúir a dhéanamh dá mhac. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine ar bith capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!
Múinteoir sealadach, lánaimseartha!
Tharla an bhliain áirithe sin freisin, go raibh folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamhna, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn iontaofa eicínt im’ rang.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhuel, bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Ar Veain an Phosta a fuair mé síob, le moiche na maidine, ó Chathair na dTreabh go dtí baile mór an Chlocháin. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Nach orm a bhí an t-ádh gur chaith mé seal ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, in Iorras, roimhe sin, nó i rith an ama sin, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi cheird na múinteoireachta. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach. An mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath, agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.
Cleachtadh a dhéanann máistreacht
Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin, rud a d’fhág nach raibh mórán am saor ag éinne againn, ach muid ag treabhadh linn, ar ár míle dhícheall ó thús deireadh chuile lá. Ní call a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin i Meánscoil, agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine. Ní raibh aon chleachtadh agam, ach oiread, ar scrúduithe a ullmhú, a chóipeáil, nó a cheartú, ach mar adeireadh an tseandream, cleachtadh a thugann máistreacht, agus ag deireadh mo thréimhse sa Chlochán, bhí an-chleachtadh faighte agam ar bhuntáistí, agus ar mhí-bhuntáistí na múinteoireachta.
Ar ais arís !
An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán, a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!
Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.
.
Peadar Bairéad.