by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A r n a M i s i n 2 .
.
****************************
.
Ar deireadh thiar thall, bhí na Stáit Aontaithe bainte amach againn. Bhí ár gcodladh ar an oíche Aoine sin corrach go maith, nó bhíomar anois i gcrios ama eile ar fad, agus ocht n-uaire de dhifir idir an gcrios sin agus an crios s’againne, ach ba é críoch na mbeart é, go rabhamar ar ár gcois go breá luath, thart ar a seacht, in am Chalafóirnia, an mhaidin Sathairn sin. D’itheamar ár mbricfeasta, agus d’fhanamar timpeall ansin ag caint is ag comhrá, go ham lóin. I ndiaidh an lóin, tuigeadh dúinn nárbh olc an smaoineamh é, nós na Spáinneach a leanacht, agus “siesta”, nó scíth nóna, a ligint. Rinneamar sin, agus tar éis dúinn cupla uair a chaitheamh i mbun an ghnó sin, d’éiríomar arís, le seal a chaitheamh inár suí. Le fírinne, ní raibh fhios againn cé acu ag teacht, nó ag imeacht, a bhíomar, i rith an lae sin, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh ag breathnú ar scannán de chuid Frazier, thugamar an leaba orainn fhéin arís, thart ar a deich. D’éirigh i bhfad níos fearr linn an dara oíche sin, nó cé gur dhúisíomar roinnt mhaith uaireannta i rith na hoíche, ag an am gcéanna, d’éirigh linn codladh go breacadh an lae, an mhaidin Domhnaigh sin.
Bhíomar ar ár gcois, ag a hocht, agus muid ag mothú go raibh muid ag fáil réidh leis an moilliú scairde, nó an “jet lag” diabhalta sin, a fhágann duine ina leath-amadán, ar feadh roinnt laethanta. Sea, b’fhéidir go raibh an lámh in uachtar faighte againn ar an moilliú céanna sin, agus go mbeadh ar ár gcumas luí isteach feasta ar an am áitiúil.
Ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, shocraíomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bhí thart ar thuras leathuaire a’ chloig uainn. Shroicheamar an Halla sin, in am tráth, agus bíodh go bhfuil an Halla céanna sin breá fairsing, ag an am gcéanna, níl aon chóras aer-oiriúnaithe ann, rud a fhágann go n-éiríonn sé diabhalta te, le linn na searmanas. Ar aon chuma, roghnaíomar fhéin suíocháin, thiar ag cúl an Halla sin, rud a d’fhág, go raibh neart spáis againn, agus nár éirigh sé ró-the, ag an am gcéanna. Bhí pobal breá bailithe sa Halla fairsing sin, nó d’fhéadfá a rá, go raibh an áit lán go doras, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó an méid sin daoine óga a bhí sa láthair, agus nílim ag caint faoi pháistí anois, ach daoine sna déaga agus sna fichidí, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fháilteoirí, mar léitheoirí, agus mar mhinistrí eochairisteacha, freisin. Mór idir sin agus an chaoi a bhfuil cúrsaí sna séipéil s’againne! Rud eile a thabharfá faoi deara, nó an chaoi a raibh na ciníocha éagsúla measctha ar a chéile san aon phobal aontaithe amháin sin. Canadh iomann. Buaileadh clog. Agus ansin, tháinig an sagart agus a chuid ministrí suas tríd an Halla, ar a mórshiúl chun na hAltóra.
Fuair mé amach, ar ball, gurbh é an tAthair Cávana Wallace, an “Pastor”, a bhí mar cheiliúraí againn, an Domhnach sin, nó eisean an Sagart Pobail atá acu sa Pharáiste sin Naomh Mhaighréad. Béal Feirsteach is ea é, a bhfuil a mhuintir ag cur fúthu i gCúige Uladh fós. An-sagart go deo isea an tAthair Cávana, agus meas an domhain ag a phobal thall air. Chuaigh cúrsaí chun tosaigh go breá, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i ndáiríre idir Aifreann thall agus an tAifreann s’againne. Thabharfá faoi deara, b’fhéidir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na Síochána thall agus an chomhartha a mhalartaítear abhus, nó is minic a bhíonn barróga agus póga i gceist acu thall, áit nach mbíonn sa treis againne ach an craitheadh láimhe. Arís, le linn an “Ár nAthair” beireann gach duine den phobal greim láimhe ar na daoine taobh leis, agus ardaítear na lámha ansin, faoi mar a ardaíonn an sagart a lámha-san, ag guí na Paidre diaga sin. Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarlaíonn anseo go ró-mhinic, agus ní fhéadfá, dár liomsa, a mhilleán sin a leagan ar an bpobal! Tá difir mhór amháin eile idir na hAifrinntí anseo, agus na hAifrinntí thall, agus sin go mbíonn na hAifrinntí s’againne críochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinntí thall, thart ar uair a’ chloig, ar a laghad.
Cad is cúis le sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.
Bhuel, ceart go leor, cuireann na hiomainn le fad na hócáide, ach, sé an rud is mó a chuireann leis an am sin, nó fad na seanmóra. Maireann an tseanmóir thall, thart ar leathuair a’chloig, áit a mhaireann bunús na seanmóirí abhus, thart ar chúig nóiméad, nó mar sin. Bhuel, b’in mar a tharla an chéad Domhnach a chaitheamar thall, ar aon nós, agus anois, ar eagla go gceapfá, go raibh mé ag lochtú an Athar Cávana, caithfidh mé a rá anseo, gur thug sé seanmóir ar dóigh uaidh. Labhair sé go díreach leis an bpobal, agus thuig sé láithreach, go raibh ag éirí leis dul i gcionn orthu. Sea, mh’anam, agus níorbh éasca in aon chor an t-ábhar a roghnaigh sé don ócáid, an Domhnach céanna sin. Mistéir na hEochairiste a bhí idir chamáin aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus ól, bia agus deoch, arán agus fíon, lena láithreacht fhéin in ár measc, agus díreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tslí chéanna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d’anam an duine, don tsaol atá le teacht.
“Amen, Amen, adeirim libh,
mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,
ní bheidh beatha agaibh ionaibh.”
Agus leis an meid sin a neartú, cuireann sé an t-aguisín seo leis…
“Is bia go fíor mo chuid feola
Agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil,
Cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Sea, mh’anam, níor fhág an Tiarna aon amhras ar bith ar a lucht éisteachta, níor chuir sé fiacail ann, mar adéarfá, ach é á rá amach go neamhbhalbh, suas chun a mbéal é! Níl aon éaló ón méid adúirt sé lena lucht éisteachta ansin. Bia agus deoch, fuil agus feoil, lón beatha curtha ar fáil dúinn, sea, bia don aistir, bia don saol nua spioradálta a bhí á gheallúint aige dá lucht éisteachta. Fanfaidh cuimhne na seanmóra sin liom go ceann i bhfad, geallaimse dhuit é, agus sin, cé go raibh mé ag cur allais go tiubh, i dteas neamhghnách an Halla úd Naomh Maighréad.
Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh a sheanmóir i gcionn go mór orm fhéin, ach go háirithe, nó b’fhada an lá ó chuala mé a chomh-mhaith de sheanmóir.
Agus ag leanúint ón tseanmóir, ní gá a rá, go raibh an Chomaoin Naofa le fáil ag an bpobal faoi ghné aráin, agus faoi ghné fíona, freisin. D’fhéadfadh duine an dá cheann a ghlacadh, nó d’fhéadfadh sé ceachtar den dá cheann sin a ghlacadh, faoi mar ba rogha leis fhéin. Tharlaíonn a leithéid anseo, ach ní go ró-mhinic. Níl fhios agam fhéin cén fáth a dtarlaíonn sé chomh hannamh sin, nó i bpaidreacha an Aifrinn, tá sé le tuiscint, gur béile é an Eochairist, agus go bhfuil bia agus deoch i gceist sa mbeile céanna sin. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile.
Rinne an tAthair naofa tagairt freisin do na pleananna a bhí acu le séipéal nua a thógáil, agus gheall sé dá phobal go mbeadh cóip de na pleananna céanna aige dóibh, ag Aifreann an Domhnaigh ina dhiaidh sin. Smaoinigh mé fhéin gur chuala mé an scéal céanna, trí bliana roimhe sin, nó bhí Paráiste Naomh Maighréad meáite ar shéipéal nua a thógáil, an uair dheiridh a bhí mé fhéin ina measc, bliain na mílaoise. Bhuel, an Domhnach dár gcionn, bhí a phleananna i Nuachtlitir an Pharáiste acu, agus caithfidh mé a rá leat, go mba phleananna ar dóigh a bhí iontu. Bhí an sagart ag maíomh, go mbeadh orthu bac a chur ar strainséirí, nó ní bheadh duine sna paráistí ina n-aice, nach mbeadh ag iarraidh Aifreann a éisteacht sa Séipéal breá, fairsing nua-aoiseach, aer-chóirithe, a bhí le tógáil acu ansin, i bParáiste Naomh Maighréad. Agus ceart go leor, bhí na pleananna ansin le feiceáil ag chuile dhuine. Séipéal breá, fairsing, croschruthach, spreagúil a bheadh ann. Ní raibh aon “Mair a chapaill, is gheobhair féar” ag baint leis an sagart Béalfeirsteach seo, ach é lán-dáiríre, agus féith an ghrinn go smior na gcnámh ann, ach ag an am gcéanna, ba shagart é a raibh doimhneas, spioradáltacht, agus cráifeacht ag baint leis, sagart ar bhreá leat do chomhrá a dhéanamh leis. Rinneamar fhéin ár gcomhrá leis, chuile Dhomhnach, fad is a bhíomar ar saoire thall.
Ó! sea, agus sin rud eile, a bhí difriúil acu thall, thar mar a bhíonn againne abhus. I ndiaidh an Aifrinn, chuile Dhomhnach is Lá Saoire, bailíonn an pobal taobh amuigh de Theach an Phobail, agus déanann a gcomhrá, agus fiú nach bhfuil boird agus cathaoireacha ansin, agus scátha breátha fairsinge gréine os a gcionn, le deis a thabhairt do dhaoine a gcupáin caifé a ól ar a sáimhín só, ansin, folaithe ó theas creathnach na gréine gile. Agus chomh fada is a bhíonn na daoine fásta ar a sáimhín só mar sin, bíonn deis ag na daoine beaga, borróga, nó milseoga, de chineál eicínt, a fháil dóibh fhéin, sa chaoi go ndéantar ócáid bhreá, thaitneamhach, shóisialta, de, agus fágann sin, go mbíonn fonn ar dhaoine teacht ar ais arís, an Domhnach dár gcionn, le bualadh lena gcairde, i ndiaidh an Aifrinn, agus i ndáiríre, nárbh é sin díreach a dhéanadh an seandream s’againne, i ndiaidh an Aifrinn, na blianta fada ó shoin, bíodh nach mbíodh na “buns” nó na “Parasols”, úd acu, nó ag teastáil uathu, ach oiread, an tráth sin.
Labhair mé thuas, faoi fhad an Aifrinn, thall, i gcomparáid leis an bhfad a mhaireann sé anseo, agus dúirt mé, gur mhair an Seanmóir thart ar leathuair a chloig thall, bhuel, tharla Domhnach eile go raibh ábhar níos casta fós idir chamáin ag an Athair naofa, agus gur chaith sé trí cheathrú uaire a chloig i mbun na seanmóra, an Domhnach áirithe sin. Sea, agus ní raibh a chuma air, gur chuir sin isteach puinn ar an bpobal. Agus b’in rud a thug mé faoi deara, an uair dheiridh a bhí mé thall, freisin. I ndáiríre, déarfainn go mbíonn siad ag súil go mairfeadh na searmanais thart ar uair a’ chloig, ar a laghad!
I ndiaidh an Aifrinn sin i St. Margarets, chuamar ag siopadóireacht seal, in Ionad Siopadóireachta, in aice láimhe, mar a raibh stórais mhóra ag Robinson Maye, agus ag Muintir Sears, agus bíodh go raibh an lá te brothallach, taobh amuigh, bhí sé deas fionnuar istigh, nó bhí an córas aer-oiriúnaithe ag obair leis, ar a mhíle dhícheall. Ar ball, chaitheamar lón deas blasta i mBialann thíos staighre, san Ionad Siopadóireachta sin.
****************
Peadar Bairéad.
*****************
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Ag Súil
Ag súil le dán atá mé,
Le naoi mí fhada righin,
Mé ag iompar liom go foighdeach,
Ag súil le toradh caoin.
.
Amhras na máthar dom chéasadh,
Is an dabht ag creimeadh mo chroí,
An dtiocfadh an ghin seo slán dom,
An sroichfidh sé port gan bhaol
.
Cuimhní ar iompair eile
Ina rás trí m’aigne ghlinn,
Níl marbhghin eile uaimse,
Ach gasúr ina pháistín fionn.
.
Gasúr a d’fhásfadh ard,
Is é díreach, cothrom, cóir,
Gasúr lán éigse is cultúr,
A leathfadh a cháil gan stró.
.
Ach níor bheoghin a saolaíod domsa,
Nó ní raibh san iompar ach scáil,
Scáil nach mbogfadh croíthe
Le véarsaí neamhaí, go brách.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
Mór idir inné agus inniu
.
Faoi Chuing na hEaglaise
.
Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbhísí eaglasta, i dtriochaidí na haoise seo caite, glacadh leis ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhfód in éineacht leat, ar ócáidí dá leithéid. Ó cinnte, bheadh an corrsheanduine fanta sa bhaile, de bharr tinnis nó a leithéid, agus bheadh ar dhuine as chuile theach, b’fhéidir, agus ar a sheal, fanacht sa mbaile freisin, le haire a thabhairt do na rudaí beaga, ach thairis sin, d’fhéadfá cnaipe a chur le duine ar bith, go mbeadh an chuid eile den daonra i láthair sa tSéipéal do na seirbhísí céanna sin. Ba é cúis a bhí le sin nó go raibh chuile dhuine acu gafa faoi chuing na hEaglaise, agus é umhal dá rialacha. Dá bharr sin, bhíodh chuile shéipéal acu ag cur thar maoil, chuile bhabhta, agus minic go leor d’fheicfeá scuaine fiú, taobh amuigh den doras, toisc, de ghnáth, nach raibh spás dóibh ar an dtaobh eile den doras céanna sin.
D’imigh sin, áfach
D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, is beag an baol atá ann go mbeadh séipéal ar bith acu sin ag cur thar maoil, nó mórán thar leath-lán fhéin fiú. Is cuimhin liom fhéin, nuair a tháinig mé go Cill Chainnigh den chéad uair, i lár na seascaidí, bhíodh na séipéil lán go scóig ag na hAifrinntí, chuile Dhomhnach. Sa lá atá inniu ann, is annamh a d’fheicfeá a leithéid, taobh amuigh de na Féilte móra Eaglasta, cosúil leis an gCáisc agus an Nollaig. Nílim ag rá anois go bhfuil titim uafásach tagtha ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann chuile Dhomhnach anseo sa Chathair s’againne, mar nil, agus tá aithne agam ar bhailte móra, thíos faoin tír, agus tá an scéal i bhfad Éireann níos measa iontusan, ó thaobh freastal ar Aifrinntí. Níl fúm baile mór ar bith acusan a lua anseo, ach tá cuid de na bailte sin i gcuid den tír, ina mbeifeá ag súil lena mhalairt uathu.
Meath mall
Céard a tharla in aon chor, má sea? nó céard ba chúis leis an dtitim tubaisteach sin i bhfreastal ar Aifreann sa lá atá inniu ann? Is dócha nach bhfuil freagra cruinn ag duine ar bith ar an gceist chéanna sin, ach nach féidir linn uilig, buille faoi thuairim a thabhairt?
Ar an gcéad dul síos, ní fás, nó meath, aon oíche atá i gceist anseo. Ní hea, mh’anam, ach cosúil le meirg, is amhlaidh a thosaigh sé, de réir a chéile, agus d’fhás go mall réidh, sa chaoi gur tháinig sé aniar aduaidh orainn uilig, nó bhíomar ag ceapadh go n-athródh cúrsaí, agus go dtosódh daoine ag filleadh ar na séipéil arís, ach tá faitíos orm go mba “Shúil Uí Dhubhda le hArd na Rí” againn é.
Bhí fórsaí ollmhóra ag obair inár measc, mar phobail, faoin am sin, fórsaí cosúil le teilifís, raidió, nuachtáin, agus irisí, cumarsáid ar an toirt, mar a déarfá, rud a d’fhág gurbh iad na guthanna ba challánaí, agus ba bhagraí, a chuaigh i gcionn ar an slua, agus go hiondúil, ba dhaoine iad sin freisin, a raibh greim docht daingean acu ar na modhanna nua-aoiseacha cumarsáide. Níor leor a rá le daoine feasta, go raibh daoine oilte, léannta, naofa, cosúil le Tomás Aquinas, nó Albertus Magnus, nó Aibhistín, nó Treasa Naofa fiú, den tuairim, go raibh bealach cinnte slánaithe le fáil san Eaglais s’againne. Sea, ach déarfaidís leat, nár aontaigh an láithreoir teilifíse seo, nó an t-iriseoir úd, leis an gcineál sin réasúnaíochta. Diaidh ar ndiaidh, tharla gur lagaíodh údarás múinte na hEaglaise, agus de réir mar a fuair chuile dhuine sláimín eicínt den oideachas, tháinig daoine den tuairim, go raibh níos mó ná bóithrín amháin go Dún an Rí. Bhí fórsa eile ag dul i gcionn ar an bpobal freisin, agus b’in an sparán teann, nó nuair a bhreathnaíonn tú air, tabharfaidh tú faoi deara, go maolaítear ar chleachtadh an chreidimh, de réir mar a mhéadaítear ar fháltas na muintire.
Athshoiscéalú
Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Tharla a leithéid. Ní féidir linn cúl a chur ar na blianta. Tá muid mar a bhfuil muid, faoi láthair, agus níl le déanamh againn feasta, ach ár mbealach a dhéanamh, fan bhóithrín an Oilithrigh. Ach an méid sin ráite agam, is féidir a rá freisin, go bhfuil na mílte is na mílte Oilithreach amuigh ansin, agus gan uathu ach gaoth an fhocail, le filleadh ar chleachtadh a gcreidimh.
Bhreathnaigh na caoirigh ocracha suas
Ach níor beathaíodh iad.
Sea, ach céard is féidir a dhéanamh leis an dtréad sin a mhealladh ar ais?
Bhuel, is é an chéad rud atá le déanamh againn nó breathnú ar na daoine atá ag freastal ar na hAifrinntí, faoi láthair, agus chuile iarracht a dhéanamh, a fháil amach, céard é go díreach a mheallann chun na hEaglaise iad, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.
An Chéad Chéim
Dá mbeinnse fhéin im Shagart Pobail anois, dhéanfainn mar a rinne an tAthair Ó Conaola linne, blianta fada ó shoin, ag Misean i bParóiste na Cille Móire, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, agus b’in chuile bheart a dhéantar le linn an Aifrinn a mhíniú don phobal, agus chomh maith le sin, a chur i dtuiscint dóibh, céard ba cheart dóibhsean a dhéanamh, le tairbhe iomlán a bhaint as ceiliúradh an Aifrinn.
An dara rud a dhéanfainn nó, uimhir áirithe iomainn a chur á gcanadh, le linn an Aifrinn. Ní roghnóinn ach trí, nó ceithre cinn, agus bhainfinn úsáid as na hiomainn chéanna sin, chuile bhabhta, ar feadh bliana, nó mar sin. Bheadh iomann áirithe againn á chanadh agus an sagart ar a bhealach chun na haltóra. Dhéanfadh véarsa nó dhó cúis. ansin, bheadh iomann eile againn i ndiaidh an Choisricthe, ag fáiltiú roimh an Tiarna in ár measc, agus bheadh ceann eile againn, a chanfaí agus an sagart ar a bhealach chun an éardaimh, i ndiaidh an Aifrinn. Taobh amuigh de sin, d’fhéadfaí iomann eile a chanadh le linn na Comaoineach, nó fiú, d’fhéadfaí ceol oiriúnach a sheinm, in áit iomainn, ag an am sin.
Ní dóigh liom, go gcabhraíonn sé le héinne, rás a dhéanamh den cheiliúradh, ach oiread, nó thuigfeadh an pobal óna leithéid, nár ró-dháiríreach an ceiliúradh a bhí ar siúl agam, agus chaillfinn cuid acu dá bharr, b’fhéidir.
Obair i gcomhar
Agus sa tríú háit, chuirfinn an pobal i mbun gnímh, chuile Dhomhnach. Dhéanfadh cuid acu fáilte a chur roimh an bpobal, bhaileodh cuid eile acu na bailiúcháin, léifeadh na léitheoirí na ceachtanna, agus thabharfadh Ministrí na hEochairiste an Chomaoineach don phobal, agus chuirfeadh daoine eile ceann ar phaidreacha an phobail, sea, agus ghlacfadh siadsan uilig páirt sa mhórshiúl chun na hAltóra, agus chaithfidís éide faoi leith, sa chaoi go mbeadh a fhios ag cuile dhuine cén gnó a bhí le déanamh acu le linn an cheiliúrtha, agus nach teaspántas faisin a bhí ar siúl acu.
Agus le críoch a chur leis an mbeartas seo, dhéanfainn rud amháin eile, agus sin cuairt a thabhairt ar chuile theach sa pharáiste, ar a sheal, ach chomh minic is a d’fhéadfainn, ar mhisean soiscéalaithe. D’fhágfainn cúrsaí airgid faoi ghrúpa faoi leith, agus mar an gcéanna le tógáil, le hathnuachan, agus le maisiú séipéil agus scoileanna, nó is graithí iad sin don phobal frí chéile, mar nach leosan an paráiste? agus ní bheadh ionnamsa ach seirbhíseach, le buanna agus beannachtaí na hEaglaise a bhronnadh agus a dháileadh orthu. Sa tslí sin, bheinn ag súil go dtiocfadh méadú ar ghrásta Dé i measc an phobail, agus dá dtarlódh a leithéid, níl dabht ar domhan ach go dtiocfadh fás agus bisiú ar phobal an pharáiste freisin. Fiannaíocht, nó Fianaise? Cur i gcéill, nó croí na dáiríreachta? Caithfimid rogha a dhéanamh feasta, nó tá an iomarca daoine sásta fanacht ar an gclaí, sa lá atá inniu ann. Fútsa atá sé feasta a Chríostaí……………
.
Peadar Bairéad
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An saol as alt
Peadar Bairéad
(This week we take a look at... Law and Order… here and there)
Riail agus Reacht
Má theastaíonn uainn saol sona, sásúil, sibhialta, a chaitheamh lenár ré, ní foláir dúinn maireachtaint de réir dlithe agus prionsabail áirithe. Ní foláir smaoineamh ar an nduine eile, agus ceart dom, ceart duit, a chur in áirithe do chách. Is bocht an saol a bheadh againn dá nglacfadh muid le prionsabal an bhullaí adeir, gurb é an neart a bhronann ceart, treise lámh a thugann bua, dár leosan. Ach ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo.
An ‘Sudetenland’
Ag breathnú ar an saol thart orainn, sa lá atá inniu ann, nach beag ugach a thugann sé dúinn go bhfuil muid ag druidim i dtreo Útóipe ar thalamh. Agus scéalta móra scanrúla á seoladh chugainn ó Oirthear na hEorpa, le roinnt laethe anuas, chuaigh mo chuimhní fhéin ar fán uaim, siar go dtí na laethe roimh an Dara Cogadh Domhanda. An tráth úd nuair a bhí ráflaí ag eitilt timpeall, chomh flúirseach le faoileáin roimh aimsir stoirmiúil. Ba é Hitler, an fear dubh ag cuid againn, an t-am sin. Céard a bhí idir chamáin aige? Cé an chéad tír eile a d’ionsódh sé. Rinne sé ionradh ar limistéir áirithe toisc go raibh Gearmáinis á labhairt ag tromlach na ndaoine ann, nó toisc go mba de bhunadh Gearmáineach iad, agus theastaigh uaidh Iath na nGearmáineach a athaontú, agus a choimeád slán, trí ‘Anchluss’ nó eile. I ndáiríre, nach gceapfá, gur beag an difir idir na geáitsí sin agus geaitsí na Rúise i láthair na huaire seo. Nach bhfuil cosúlachtaí idir an Chrimé agus an Sudetenland nó an Ostair? An amhlaidh go bhfuil dlí an bhullaí ag teacht chun tosaigh arís? Treise lámh a bhronann ceart, is a bheireann bua! An ea?
Dlí an Bhullaí
Dár ndóigh, ní bheadh aon bhaint ag ár muintir fhéin le céapair dá leithéid. Ní bheadh dlí an bhullaí inghlactha i gCríocha Fodhla! Ag magadh fúm atá tú, an ea? Breathnaigh thart ort, agus éist le ceol na gaoithe! Nach beag lá a théann thart gan scéalta uafáis agus bullaíochta i mbéal an phobail. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach iad riail nó reacht na Féinne a bhíonn sa treis sna scéalta céanna. Beag aird a thugann siad ar mhana úd na Féinne adeir gur chóir ‘Troid le Tréan agus Taise le Trua’. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, ní hamháin go bhfuil an cineál sin iompair le fáil in ár mbailte, is in ár gcathracha, ach faoin am seo, tá an cineál céanna iompair le fáil amuigh faoin dtuaith freisin, mar a ndéantar ionsaithe rialta ar shean is ar óg, a bhuíochas sin do na bóithre breátha, móra, a d’fhág an Tíogar Ceilteach le huacht againn, nó is féidir anois taisteal ó cheann ceann na tíre seo i ngearraimsir, agus iad beag beann ar riail nó ar reacht, ar phóilín nó ar shaighdiúir, ina ngluaisteáin shlíoctha. Breathnaigh ar an gcaoi a ndéantar seandaoine laga, soghortaithe, a bhualadh, is a bhascadh, agus ansin a robáil, agus b’sheo an tír ina mbíodh meas thar barr ar an sean agus ar an lag! Ó bhail! d’imigh sin is tháinig seo.
Dlí an bhithiúnaigh
Nár chóir dúinn freisin súil a chaitheamh ar na buíonta bithiúnach, agus ar an gcaoi a oibríonn siadsan, beagbeann ar dhlíthe na tíre seo. Déanann siad a ndlíthe fhéin agus feidhmíonn siad faoi mar ba phoblacht, taobh istigh de phoblacht iad, agus glacann siad leis an bprionsabal go bhfuil chuile cheart acusan earraí dhaoine eile a thógáil, agus a choinneáil, mura bhfuiltear in ann iad a chosaint le láimh láidir.
Céard faoin ‘Social Contract’ úd, feasta? Nach ngeallann an Stát go ndéanfadh siad an saoránach a chosaint, dá dtabharfadh seisean a dhílseacht dó? Deacair sin a chreidiúint, mura ndéanann an Stát iarracht níos fearr riail agus reacht a chur i bhfeidhm feasta.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Ár bhfís don Aonú hAois Fichead?
Peadar Bairéad
Súil siar agus an tsúil eile romhainn amach.
(Anois, agus muid tagtha go deireadh bhliain chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916, nár chóir dúinn súil a chaitheamh siar, le breith a thabhairt ar a bhFís agus ar a Saothar, agus an tsúil eile a chaitheamh romhainn amach, féachaint céard tá le déanamh againne, le feoil a chur ar chnámha ár bhFíse náisiúnta fhéin )
Bhuaileadar cos air!
Bíodh go raibh cuimhne mhaith ag daoine fós ar eachtraí an Éirí Amach agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, in óige na haoise seo caite, ag an am gcéanna, ba bheag fonn a bhí orthusan labhairt linne, páistí, faoin Éirí Amach céanna sin. Bhuaileadar cos air. ‘Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir? Nach fusa ceist a chur na ceist a fhreagairt, ach seans go bhfacthas do chuid acu, gur bheag baint a bhí ag an Éirí Amach céanna sin leosan fhéin, nó linne. Nár rud é a bhain leis an gCathair? agus bíodh go raibh roinnt áirithe daoine a bhí báidhiúil lena bhfís, agus lena ndearcadh, níor mhothaíomarna, páistí, bladhairí ón dtine chéanna sin ag téamh anam nó spiorad an phobail thart orainn. Ach faoin am a raibh muid ag dul ar scoil, ba scéal eile ar fad é, nó d’fheicfeadh duine ar bith, ansin, go raibh fís agus spiorad na Cásca sin, dulta go smior na gcnámh sna múinteoirí a bhí dár dteagasc.
Ar scáileán na cuimhne
Feicim fós, ar scáileán na cuimhne, an Máistir Ó Cróinín, agus é faoi lán tseol, ag eachtraí dúinne, scoláirí, faoi mhisneach agus gal na Laoch úd a d’éirigh amach, le cath a cur ar Impireacht Shasana, seachtain na Cásca 1916. Ba ghearr go ndeachaigh an fhís agus an spiorad céanna sin i bhfeidhm orainne freisin, go dtí gur taibhríodh dúinne fís náisiúnta an Phiarsaigh agus a lucht leanúna. Bhí tine an náisiúnachais fós beo, i measc bhunús an phobail, ach le himeacht aimsire áfach, agus de réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe agus sna blianta, chuaigh an fhís sin i ndoiléire, agus ba ghearr nach raibh ann, do roinnt mhaith daoine, ach fís Útóipeach a ndéantaí óráidíocht fúithi laethe toghchánaíochta agus a leithéid, ach fágadh ansin gan choimhlíonadh í, ag fanacht leis an lá nuair a thiocfadh an tuar faoi thairingreacht úd an Phiarsaigh, mar adéarfá. Ach dár lena lán, ni raibh sa mhéid sin ach ‘súil Uí Dhubhda le hArd na Ríogh’. Ag an am gcéanna, níor chóir dúinn bheith ró-dhian orainn fhéin, nó ar ár Rialtais thar na blianta fada, san idirlinn, nó ní ró-éasca an t-éacht é fís na Cásca a chur i ngníomh, go háirithe nuair a ligeadh faill a dhéanta sin tharainn, faill le feoil a chur ar chnámha na físe úd, in óige an Stáit, nuair a bhí tine na físe náisiúnta fós beo i gcúrsaí a saoil laethúil, seachas bheith ar thóir físe na Cásca a réaladh, tráth a raibh coraí crua an tsaoil á gcrá, agus á gcéasadh, Domhnach agus Dálach, bliain i ndiaidh bliana. Anois, bíodh gur mar sin a bhí, ag an am gcéanna, ní dheachaigh an tine choigilte úd as, ar fad, i rith na mblianta fada sin, agus anois tá deis eile againn leis an dtine sin a adhaint arís tar eis chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916.
Toradh an Éirí Amach?
Nach mbíonn fonn ar dhuine, faoin am seo freisin, ceist a chur faoi’n Éirí Amach céanna sin? Cén toradh, i ndáiríre, a bhí ar Éirí Amach sin na Cásca? An mbeadh na daoine a chuaigh amach seachtain na Cásca 1916 sásta leis an gcaoi ar baineadh úsáid as toradh a n-íobartha? Tríd is tríd, déarfainn go mbeadh, nó is dócha gurbh é a theastaigh uathusan nó Poblacht a bhunú ina mbeadh ar chumas Gaeil a n-iomaire fhéin a bhaslú feasta, b’fhéidir nárbh é – The noble house of their dreams – é, ach d’fhéadfaí é a athrú le himeacht aimsire. Ní dócha gur samhlaíodh riamh dóibh an cineál Poblachta a tógadh ar dhúshraith a n-iarrachtaí, agus a bhfíse, ach b’in scéal eile do ghlún eile. Anois, áfach, tá deis againne, breathnú, as an nua, ar an bPoblacht a fuaireamarna mar oidhreacht uathu, agus cibé athrú atá inmhianaithe, dár linne, a chur i gcrích feasta. Ní fís fichiú aoise a oirfidh anois, b’fhéidir, ach fís a d’oirfeadh don aonú haois fichead. Anois an t-am le súil a chaitheamh siar uainn, ach ag an am gcéanna, is tráth é leis an tsúil ghéar eile a chaitheamh ar ár ndán san aois a shíneann amach romhainn sa todhchaí.
.