by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Ancient Light…….by……. John Banville
.
Ní fhilleann an óige ar óg nó ar aosta.
Ní hé seo an chéad úrscéal ó pheann líofa an údair Éireannaigh seo, nó i ndáiríre, seo an cúigiú úrscéal déag a chuir sé ar fáil dúinn. I Loch Garman a rugadh é agus tá cónaí air anois i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh “The Sea”, an “Man Booker Prize” dó, sa bhliain 2005. Úrscéal a chuaigh i gcionn go mór ar lucht a léite. Ach le filleadh ar an úrscéal atá idir chamáin againn anseo, mar is é seo an tríú leabhar de thriológ leis an údar seo. Ba é an chéad leabhar sa tsraith sin nó, “Eclipse” agus ba é “Shroud” an dara ceann. Foilsíodh an chéad leabhar den triológ sin sa bhliain 2000, an dara ceann sa bhliain 2002, agus an tríú ceann i mbliana. Tuigtear dúinn mar sin gur chaith sé deich mbliana i mbun “Ancient Light”, agus tá a chuma air, nó is píosa breá cumadóireachta, agus seoid lonnrach scríbhneoireachta é. Is dócha go bhféadfá a rá go bhfuil sé deacair an leabhar seo a chur uait, ach ag an am gcéanna, níor ró-olc an tseift í sos a ghlacadh, anois is arís, le foirfeacht an leabhair seo a bhlaiseadh i gceart.
Alexander Cleave
Is é, Alexander Cleave, an príomhcharactar sa scéal, fear atá tar éis a shaol a chaitheamh ag aisteoireacht, agus tar éis dó clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin sa cheird chéanna sin, tá socraithe aige anois filleadh ar an ardán arís, le páirt Alex Vander a léiriú i scannán. Bhí Alexander faoi bhuairt fós tar éis dá iníon, Cass, lámh a chur ina bás fhéin, agus faoi’n am seo, tosaíonn sé ag dul siar ar chuimhní a óige fhéin, agus bíodh nach bhfuil sé ró-chinnte faoi chruinneas a chuimhní, éiríonn leis scéal suimiúil a shníomh astu.
Iompaíonn a aire agus a chuimhne ar an chaoi ar dúisiodh a dhúil sa chollaíocht, a chéaduair. Ba í Mrs Gray, máthair a dhlúthdhara, Billy, a d’adhain tine sin na collaíochta ann. Ní raibh sé cinnte arbh í a chéad-mhúscail an mothú sin ina chroí, an lá úd a chonaic sé brístín bhanrothaí, nochtaithe go básta ag siota mí-mhúinte gaoithe. Ach faraoir! níor stop cúrsaí leis an radharc úd a fuair sé ar an mbrístín nochtaithe sin, nó faoin am a raibh Alexander cúig bliana déag d’aois, bhí sé fhéin agus Celia, mathair Bhilly, ‘ag greadadh leathair’ ‘chuile sheans dá bhfaighidís chuige. Ach má bhí fhéin, bhí faitíos an domhain orthu go mbéarfaí orthu, ‘in flagrante’, luath nó mall. Arbh iontaofa amach is amuigh iad na cuimhiní céanna úd, nó arbh fhiannaíocht nó samhlaíocht de chineál eicínt iad?
Thángthas orthu…‘in flagrante’
Ag pointe áirithe tuigeadh do Alexander gur ligeadh an cat as an mála, agus gur ghearr go raibh an scéal imithe ina loscadh sléibhe ar fud an bhaile, agus dá thoradh sin, gur bhailigh Celia lei as an áit, agus gur chuir sí a teach ar an margadh. Bhí siad náirithe os comhair an tsaoil mhóir dár le Alexander. Ach an raibh? i ndáiríre. Féach mar a chuireann an t-údar é, nuair a chas Alexander le Kitty, deirfiúr Bhilly, blianta ina dhiaidh sin, agus í, faoin am sin, ina bean rialta, ‘Sister Katherine’, i gclochar i bhfad o bhaile.
Seo Alexander ag caint…..
“It seems I was mistaken about everything. Nobody knew about her mother and me. She had told no one what she had seen in the laundry room that day. …..Why, she asked, had I imagined that everyone knew?”
B’fhéidir gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, ag an bpointe sin….agus más uait fios fátha chuile scéil a fháil amach duit fhéin, b’fhéidir go bhféadfá greim a fháil ar an leabhar seo, agus é a léamh. Déarfainn go mbainfeá toit agus taitneamh as, nó éiríonn leis an údar a léitheoir a chur faoi gheasa, chomh luath is a léann sé an chéad líne…Féach mar a osclaítear an scéal sa chéad líne sin…..
“Billy Gray was my best friend and I fell in love with his mother.”
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Ar Lorg na nAingeal
“Angels in my Hair”
by
Lorna Byrne
.
Tugadh an leabhar seo dhom tamall ó shoin, agus moladh dhom é a léamh, toisc go mba leabhar ar dóigh é, agus caithfidh mé a admháil anois, go raibh cuid mhaith den cheart ag an té úd a thug an leabhar dom a chéaduair, nó is leabhar an-neamhghnách é, agus leabhar a d’ardódh do mhisneach is do mheanma é freisin, leabhar a chuirfeadh duine ag smaoineamh arís ar an dá shaol, an saol thall, agus an saol abhus.
Cruatan agus anró
Caithfear a admháil, go raibh a dóthain mhór de chruatan is d’anró an tsaoil seo, curtha in áirithe do Lorna bhocht, nó ní raibh sí ach dhá bhliain d’aois nuair a d’inis an dochtúir dá máthair go raibh sí mallintinneach, breith a bhí mar mheáchan timpeall a muiníl ar feadh an chuid eile dá saol. Fiú ar scoil di, dhealródh sé, gur thug múinteoirí áirithe aird faoi leith ar fháithmheas an dochtúra úd. Agus, fiú, nár thug a máthair fhéin faoi deara ‘nach mbíodh éinne sa bhaile aice’, ina hintinn, búnús an ama, ach, chomh fada is a bhain sé leis an gcailín óg fhéin, bhí graithí eile ar a haire aice, go minic.
Idir an dá shaol
Cad iad na graithí iad sin, an ea?
Tá! Go raibh cónaí aice ar an gclaí idir an dá shaol, agus sa tslí sin, go raibh radharc aice, ní hamháin, ar chúrsaí an tsaoil seo, ach, ag an am gcéanna, bhí radharc aice ar roinnt áirithe den tsaol thall. Sea, bhí radharc aice ar na hAingil, ar chupla Naomh, agus ar an Maighdean, agus fiú ar ár dTiarna fhéin, corruair. Mar sin, nuair a bhíothas ag iarraidh dul i dteangmháil leis an ngirseach óg seo, bhí ceataí sa scéal, nó bhí a haird, cheana féin, dírithe ar Aingil na Sciathán clúmhach, glórmhar, neamhaí. I gcás dá leithéid, cé thógfadh uirthi é, dá mbeadh a haire iomlán, geall leis, dírithe ar na cuairteoirí úd ón tsaol thall, agus b’in an fáth is dócha gur ceapadh go raibh dí-chumas, de chineál eicínt, ag baint lei, nó faoi mar a chuir an dochtúir úd é, go raibh sí mallintinneach. Ach, nár chuma lei, nó bhí radharc aicesi ar shluaite neimhe, agus deis aice comhairle agus eolas a fháil uathusan.
Bocht ó thús
I mBaile Átha Cliath a rugadh Lorna Byrne ceithre bliana is caoga ó shoin, agus ba ann a tógadh í freisin. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil seo ag a muintir, ach iad ón lámh go dtí an béal, bunús an ama. Chabhraigh sí lena hathair, ina shiopa rothar, i dtosach, agus fad is a bhí si ag obair sa tsiopa sin, thit sí i ngrá le Joe, fear óg a bhí ag obair ansin freisin. agus ar ball, fuair Lorna post san Ardchathair, Anois, ní gá a rá, go mbíodh Lorna i dteangmháil leis na haingil, chuile lá riamh, agus tharla gur inis na haingil di go bpósfadh sí an fear óg sin, agus thug siad an t-eolas sin di, i bhfad sular thosaigh an péire sin ag siúl amach le chéile in aon chor. Sea, agus ag pointe áirithe eile, thug siad le fios di, nach mbeadh Joe fadsaolach agus go mbeadh sé imithe ón saol seo i bhfad roimpisi. Tar éis roinnt áirithe deacrachtaí a shárú, phós siad, agus le cabhair ó athair Lorna, d’éirigh leo teach beag a cheannacht i Magh Nuad. Chuireadar fúthu ansin, agus arís ní raibh sparán teann riamh acu, ach iad ón lámh go dtí an béal, cosúil leis an nglún a chuaigh rompusan. Bhí a ndóthain mhór de chruatan agus d’anró an tsaoil seo le fulaingt acu, ach ag an am gcéanna, bhí saol saibhir spioradálta á chaitheamh ag Lorna fhéin, agus í i dteangmháil, an t-am uilig, leis an saol eile. Fiú amháin, nach raibh babhta coimhlinte aici leis an bhfear dubh fhéin, ach le cabhair óna cairde ón saol eile, tháinig sí slán ón gcoimhlint chéanna sin. Ceathrar clainne a bhí orthu.
Anáil an dóchais
Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a insint daoibh anseo, ach ba mhaith liom a rá gur bhain mé fhéin taitneamh agus tairbhe as an leabhar neamhghnách seo. Sea, agus b’fhéidir gur shéid sé arís anáil an dóchais ar aithinní fanna, fánacha, mo chreidimh, ionas go ndeachaigh mé ar chuairt ar thír neamhaí úd na hóige, mar a bhfuil creideamh i ndomhan úd na n-aingeal is na naomh chomh hinchreidte le fírinne ár mbeatha fhéin. Mar sin, mholfainn do dhuine ar bith, a bhfuil súil seabhaic aige ar shléibhte glórmhara na síoraíochta, mholfainn dó, nó di, an leabhar neamhghnách seo a léamh, nó ní chuile lá a chasfadh leabhar dá leithéid ar dhuine.
.
Peadar Bairéad
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An IarChríostaíocht?
.
Peadar Bairéad
.
Cúrsaí Creidimh
Ní call dom a insint dhuit, go bhfuil cúrsaí creidimh ag dó na geirbe agam, na laethe seo.
’Tuige sin? adéarfadh duine b’fhéidir.
Toisc go bhfuil an Eaglais Chaitliceach, ach go háirithe, i mbéal an phobail le scathamh maith anuas anois. Agus ní méadú ar a cáil, ach a mhalairt, roinnt mhaith den mhíchlú a bhronntar uirthi, tríd an bpoiblíocht chéanna sin. Caithfear a admháil, nach gan chúis a thuill sí an míchlú céanna sin, nó cé d’dhféadfadh dearmad a dhéanamh ar an dá Thuarscáil úd, a foilsíodh le tamall anuas, – Tuarascáil Uí Mhurchú agus Tuarascáil Uí Riain -. Caithfear a admháil freisin, go raibh cáineadh tuillte ag an Eaglais chéanna sin. Ach ansin, nár chóir dúinn deis a thabhairt di, aithreachas agus leorghníomh a dhéanamh, sa mhí-úsáid a tugadh ar na daoine leochaileacha, so-ghonta úd, a fágadh faoina cúram.
Pobal Dé agus an todhchaí
Ar an dtaobh eile den scéal, nach bhféadfadh duine a rá, nárbh í an Eaglais Chaitliceach fhéin a rinne an mhí-úsáid úd, nó nach gcáineann an eaglais chéanna sin chuile ghníomh dá leithéid? agus nach bhfuil sí meáite anois, ar chuile iarracht a dhéanamh, le gníomhartha dá leithéid a chosc sa todhchaí? Ach sa mhéid gurbh iad ministrí na heaglaise a bhí ciontach sa mhí-úsáid sin, ba chóir go ndéanfadh pobal na heaglaise sin chuile iarracht ar leorghníomh, agus cúiteamh a dhéanamh leo siúd ar deineadh an éagóir uafásach sin orthu.
Agus sin uilig ráite, admhaithe, agus cáinte againn, caithfear an ród seo romhainn a bhuaileadh athuair, le misneach, le dóchas, agus le creideamh, earraí a dhéanfaidh sinn a threorú fan bhóthar ár slánaithe. Ní tráth éadóchais é, ach tráth dóchais agus misnigh. Tráth freisin é, inar chóir do Chríostaithe leanúint ar aghaidh ar bhealach a n-oilithreachta, gan faitíos, gan eagla, gan teip. Nach oidhrí sinne ar an dtraidisiún críostaí a fágadh le huacht againn ag daoine a d’fhulaing chuile shórt chéasta agus anró, le sin a dhéanamh, agus a dhéanamh go dóighiúil, flaithiúil, misniúil? Nárbh iad a shín anuas chugainn an creatlach críostaí, lenár saol mar phobal, a chrochadh air? Agus nárbh iad freisin, a d’fhág le huacht againn, eagraíocht na heaglaise, le pobal Dé a threorú i dtreo Ríocht Dé?
Geasa Briste
Ní tráth é seo le chuile iarsma den Chríostaíocht a chaitheamh i dtraipisí, toisc gur bhris roinnt áirithe sagart a ngeasa, agus gur iompaigh siad ó bhealach a slánaithe agus gur thaisteal siad bealach a n-aimhleasa. Ní tráth é seo, le chuile iarsma dár gcreideamh a ruaigeadh as ár scoileanna, nó le chuile chomhartha dár n-oidhreacht a ruaigeadh as ár dtimpeallacht, nó ní tráth é seo, ach oiread, le hiompú i gcoinne éinne a léireodh a chríostaíocht, os chomhair an phobail, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide, lena náiriú, nó lena chiapadh, os ard.
Nach minic a úsáidtear leithscéalta gan tóin le ciapadh dá leithéid a chosaint? Duine amháin ag maíomh nach bhfuil sé féaráilte creideamh a shacadh siar síos scornach na n-óg, agus sa chás seo, ní creideamh ar bith eile atá idir chamáin aige, ach an chríostaíocht amháin. Duine eile ag rá, nár chóir do phobal, comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard, ar eagla go gcuirfeadh sé sin isteach ar dhearcadh chuairteoirí nó strainséirí, agus fiú, nach ndeirtear nár chóir comhartha ar bith creidimh a léiriu, os ard, in áit phoiblí ar bith, toisc gur leis an bpobal, frí chéile, na hionaid chéanna sin.
Sinne an Pobal
Ach, nach bhféadfadh duine a mhaíomh, gur sinne an pobal, agus gurb ’in é díreach a theastaíonn uainn, agus i gcás na scoileanna, arís, nach iad na tuismitheoirí na príomhoideachasóirí, de réir an Bhunreachta, agus má theastaíonn uathusan comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard sna scoileanna, cén ceart atá ag an Stát, nó ag dream ar bith eile, cur ina gcoinne? Fágaimis na croiseanna mar a bhfuil siad, agus ná bíodh náire ar bith orainn faoi chomharthaí ár gcreidimh, nó faoi léiriú ár n-oidhreachta. Cúis bhróid agus cheiliúrtha dúinne iad. Ná caitear i dtraipisí iad!
Agus ag caint ar chuairteoirí, déarfainn go mbeadh ionadh orthusan mura mbeadh muid sásta gníomhú de réir ár ndearcaidh, nó de réir ár gcreidimh, agus ar aon nós, níor chóir go dtiocfadh sin isteach sa scéal, olc, maith, nó dona, nó an té a thagann chugainn isteach ón iasacht, ba chóir go duigfeadh sé cúrsaí, nó faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó, – sa Róimh dhuit, déan mar a dhéanann na Rómhánaigh – . Glach le nósanna d’aíonna, nó fan glan amach uathu!
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
Aoibhinn Beatha an Mhac Léinn! 2
Peadar Bairéad
.
(This week I recall again memories of Student days!
.
Crá Croí
.
Mar a mhínigh mé dhaoibh an t-seachtain seo caite, bhí dalta agam i gColáiste Uí Ghriallaigh, ar theastaigh óna athair go ndéanfaí dochtúir de, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe na Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach, nó theastaigh ón athair sin dochtúir a dhéanamh dá mhac. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!
.
Múinteoir sealadach, lánaimseartha!
.
Tharla an bhliain áirithe sin freisin, go raibh folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamh–na, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn iontaofa eicínt im’ rang.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhuel, bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach. An mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath, agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.
.
Practice makes perfect
Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin. Ní call dom a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine.
Ar ais arís
.
An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán, a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!
Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
Aoibhinn Beatha an Scoláire !
.
Bhí mé ag smaoineamh, ar na mallaibh, ar an mbliain bhreá thaitneamhach úd, a chaith mé fhéin is mo sheanchara Albanach, Jimmy, in ár mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, ó Dheireadh Fómhair na bliana 1950, go dtí Meitheamh na bliana dár gcionn, agus bíodh nár den dámh céanna sinn, ba dhlúthchairde sinn, dá ainneoin sin. Ceann de na rudaí ba mó a chuireadh isteach ar mhic léinn Ollscoile, an tráth úd, nó ganntanas airgid. Bhíodh mic léinn áirithe ag súdaireacht leo ó thús go deireadh na bliana. Cúrsaí óil, nó cúrsaí cearrbhachais, ba chúis le sin, bunús an ama, ach i gcás roinnt áirithe eile daltlaí, ba é ba chúis leis na tsúdaireacht chéanna sin nó go raibh orthu teacht i dtír ar an mbeagán. Nílim ag maíomh anseo go mbíodh sparán teann agam fhéin, i gcónaí, i rith na bliana céanna sin, ach i gcomparáid le hógánaigh eile, bhí dóthain mhór agamsa, chuile lá den bhliain sin.
.
Shaothraigh mé é
Cá bhfuair mé an t-airgead sin uilig, an ea? Nó ní raibh mórán fáltais, nó gustail, ag mo mhuintir, sa bhaile, i mbaile na Druime in Iorras?
Bhuel, ba é ba chúis leis an bhflúirse sin uilig nó go mbíodh deiseanna agamsa le hairgead a shaothrú, agus níor scaoil mé na deiseanna céanna sin tharam, geallaimse dhuit é! Ach rug mé orthu go daingean docht, agus b’in a d’fhág go mbíodh na pingneacha agamsa, nuair a bhíodh mic léinn eile ar an ngannchuid, agus iad ag iarraidh iasacht a fháil ó mo leithéidse!
Coláiste Uí Ghriallaigh
Ach, conas a tharla go mbíodh na deiseanna sin agamsa, an ea?
Bhuel, bhí Scoil Dianstaidéir á reachtáil ag “Mr Grealy” i gcathair na Gaillimhe, ag an am, scoil ina ndéantaí daltaí a ullmhú do Scrúduithe Teistiméireachta, trí dhianstaidéar a chur ar fáil dóibh, le cúrsaí áirithe a phulcadh isteach iontu, roimh na scrúduithe. Bhuel, tharla go raibh múinteoir Laidine ag teastáil ón nduine uasal céanna sin, agus chuir sé fógra sna páipéir, ag iarraidh ar mhúinteoirí cur isteach ar an bpost sin, ag maíomh go raibh oiread áirithe uaireannta an chloig sa tseachtain i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé do mhac léinn Ollscoile. Bhuel, chuir mé fhéin isteach ar an bpost sin, agus iarradh orm teacht isteach go Coláiste Uí Ghriallaigh, le go gcuirfí faoi agallamh mé. Rinne mé sin, agus ó tharla go raibh bliain san Ollscoil caite agam i mbun na Laidine, dúirt Mr Grealy go raibh sé lán-tsásta an post a thabhairt dom. Chraitheamar lámh air, agus b’in sin. Bhí post agam. Bheadh teacht isteach rialta agam feasta, agus bhí mé fhéin lán-tsásta leis an dtaobh sin dem’ mhargadh.
Conas a d’éirigh liom leis na ranganna sin, an ea?
D’éirigh go maith liom, tríd is tríd, agus ní hamháin go mbíodh ranganna den chineál sin á dtabhairt agam sa Laidin, ach bhí Mr Grealy sásta obair eile a thabhairt dom, ó am go chéile, sa tslí go mbíodh mo dhóthain oibre le fáil agam i gColáiste úd Uí Ghriallaigh, i nGaillimh, i rith na bliana áirithe sin 1950 – ’51. D’éirigh go maith liom i gcás daltaí áirithe, ach bhí dalta amháin agam, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, ach oiread, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach, nó theastaigh ón athair sin dochtúir a dhéanamh dá mhac. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine ar bith capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!
Múinteoir sealadach, lánaimseartha!
Tharla an bhliain áirithe sin freisin, go raibh folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamhna, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn iontaofa eicínt im’ rang.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhuel, bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Ar Veain an Phosta a fuair mé síob, le moiche na maidine, ó Chathair na dTreabh go dtí baile mór an Chlocháin. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Nach orm a bhí an t-ádh gur chaith mé seal ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, in Iorras, roimhe sin, nó i rith an ama sin, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi cheird na múinteoireachta. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach. An mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath, agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.
Practice makes perfect
Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin, rud a d’fhág nach raibh mórán am saor ag éinne againn, ach muid ag treabhadh linn, ar ár míle dhícheall ó thús deireadh chuile lá. Ní call a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin i Meánscoil, agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine. Ní raibh aon chleachtadh agam, ach oiread, ar scrúduithe a ullmhú, a chóipeáil, nó a cheartú, ach mar adeireadh an tseandream, cleachtadh a thugann máistreacht, agus ag deireadh mo thréimhse sa Chlochán, bhí an-chleachtadh faighte agam ar bhuntáistí, agus ar mhí-bhuntáistí na múinteoireachta.
Ar ais arís !
An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán, a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!
Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.
.
Peadar Bairéad.