ÉALÚ…..

ÉALÚ…..

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad,

(This week we review ÉALÚ by Áine Uí Fhoghlú)

Céadchló sa bhliain 2013…..….. €8.00

.

Leabhar Spéisiúil

Anois, bíodh gur foilsÍodh an leabhar seo sa bhliain 2013, caithfidh mé a admháil, nár léigh mé fhéin é go dtí le déanaí, agus cé nach bhfuil sa leabhar ar fad ach thart ar chéad leathanach ó thús deireadh, caithfidh mé a rá leat anseo, gur bhain mé an-taitneamh as. D’éirigh leis an údar réimse leathan de mhothúcháin an duine daonna a chur ag comhcheol go ceolmhar sa scéal seo. Tá grá, fuath, caradas, díoltas, agus uisce faoi thalamh, fite fuaite go healaíonta tríd an scéal seo. haon ionadh, gur bhuaigh an leabhar seo duais Chló- Iarchonnacht sa bhliain 2013, agus ní gá, ach oiread, a rá, nach é seo an chéad leabhar a shil ó pheann líofa an údair sciliúil seo, nó is scríbhneoir déanta próis í, agus file aitheanta, foilsithe, í freisin, as Rinn Bhile i gContae Phort Láirge.

Ach ag tagairt don leabhar seo, is féidir a rá, gurb í, Magda, an príomhcharachtar sa scéal nó fítear an scéal ar fad, d’fhéadfá a rá, thart uirthise.

Scéal Mhagda

Bean óg Pholannach is ea Magda, a tháinig ar imirce go hÉirinn ar thóir oibre, agus í ag súil le saol sona sásta, ar dhroim na muice, a chaitheamh anseo, ach ní mar a shíltear a bítear, go minic, agus níorbh aon eisceacht é scéal Mhagda, ach oiread. D’éirigh lei obair a fháil mar bhean ghlantacháin. Caithfidh sé go mba chailín dathúil í Magda, agus ba ghearr gur leag Matt, fear saibhir gnó, súil uirthi, agus bíodh go raibh Magda ar bheagán Béarla, níorbh aon chonstaic é sin do chúrsaí a gcaradais, nó bhí Polainnis den scoth ag Matt. Lean cúrsaí ar aghaidh go seoigh, agus i ngearraimsir bhí an péire ceangailte faoi chuing an phósta, agus cónaí orthu i dteach galánta ar imeall na cathrach, ach níor chathair mar a tuairisc é an Matt céanna seo, nó in ionad a bheith grámhar cineálta, is amhlaidh a bhí sé éadmhar gránna. Ba ghearr go bhfacthas do Mhagda nár chéile a bhí ag teastáil ó Mhatt ach sclábhaí, a choinneodh teach glan néata dó, agus a chuirfeadh saol compórdach, sómhar ar fáil dó fhéin. Theastaigh uaidh go gcoinneodh sí an teach glan agus go réiteodh sí béilí blasta den scoth dó, agus chomh maith le sin, go gcoinneodh sí chuile shórt sa teach ina áit cheart fhéin. Ba ghearr go bhfuair Magda amach freisin, go mba mhaistín de bhullaí é Matt, a rinne í a bhualadh agus a bhatráil cupla babhta. Ní raibh Magda sásta cur suas le saol dá leithéid, agus thosaigh sí ag ullmhú don lá nuair a gheobhadh sí deis éalaithe. D’fhoghlaim sí Béarla, i ngan fhios do Mhatt, agus thosaigh sí ag pleanáil, agus ag ullmhú, don lá mór sin.

Ar éirigh lei éalú? nó an raibh Matt ábalta cosc a chur lena pleananna?

An-léamh

Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a mhilleadh ortsa, ach má theastaíonn uaitse fios fátha gach scéil a fháil amach duit fhéin, níl le déanamh agat ach an leabhar seo a fháil, agus a léamh, agus geallaimse dhuit é, nach mbeidh a chathú ort, nó is deas, spéisiúil, teannasach, an scéal é, ar deacair é a chur uait, agus cuir le sin, gur féidir leat an leabhar a cheannach ar €8.00. Sladmhargadh, gan aon dabht, ar leabhar chomh corraitheach, sásúil, leis. Bhí orm fhéin é a athléamh, le toit agus taitneamh iomlán a bhaint as!  

.

.

ÉALÚ…..

Firinne no Fiannaiocht (Da Vinci)

leabhar mór-ráchairte, best-seller; dúshraith, foundation; coirpeacht, criminality; eilimh stairiúla, historic claims; corrbhotún, an occasional blunder; nach deacair an t-oideachas a bhualadh? “it’s hard to beat the education”; criathar, sieve.

.

Fírinne nó Fiannaíocht sa Chód?

“Truth and Fiction in The Da Vinci Code”

by

Bart D. Ehrman

Peadar Bairéad

That Code again!

Níl sé chomh fada sin ó shoin anois, ó scríobh mé píosa anseo faoi’n leabhar mór-ráchairte sin, The Da Vinci Code, agus ag an am sin, caithfidh mé a rá, nach mó ná sásta a bhí mé leis an ndúshraith ar a raibh an scéal ar fad tógtha, nó tuigeadh dom, go raibh sé frithchaitliceach, agus bunaithe ar thuairimí nach bhféadfainn fhéin glacadh leo, sa chaoi nach raibh mé cinnte, arbh fhiannaíocht, nó fírinne, a bhí taobh thiar den úrsceal corraitheach, lán-teannais sin. Féach mar a scríobh mé ag an am…

“Bhuel, níl dabht ar domhan ann, ach go gcuirfeadh leagan amach agus cur chuige an údair isteach go mór orm fhéin, mar Chaitliceach, dá nglacainn leis go raibh sé ag iarraidh a chur ina luí orm, go raibh iomlán na fírinne á léiriú sa scéal seo, nó mar is eol daoibh uilig, faoin am seo, is duine mé ar cuireadh léann an tsagairt air. Ach sin ráite agam, agus má ghlactar leis an scéal ar fad mar fhinnscéal, a shníomhann an t-údar ildánach seo thart ar imeachtaí na hEaglaise Caitlicí, thar thréimhse bhreis is míle bliain, ansin, is féidir le Caitliceach é a léamh, chomh maith le duine ar bith eile. Ach an méid sin ráite agam, tháinig mé fhéin chuig pointe áirithe sa scéal, agus bhí me ar tí an leabhar a chur ar leataobh, agus fáil réidh leis, nó tuigeadh dom, go ndeachaigh sé thar fóir ar fad leis an scéal faoi phósadh ár dTiarna, faoi naofacht Mháire Mhagdalene, agus faoi choirpeacht agus caime na hEaglaise Caitlicí….”

Bhuel, mar is eol daoibh anois, chríochnaigh mé an scéal, agus ansin, scríobh mé píosa faoi anseo i mBéal an Phobail, ach ag an am gcéanna, bhí sé deacair fáil réidh leis na bunphrionsabail ar ar tógadh The Da Vinci Code, frí chéile.

Library to the Rescue

Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, adúirt mé liom fhéin, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig mé ar leabhar, thíos i Leabharlann an Locha Bhuí, agus do bharúil cén teideal a bhí ar an leabhar seo? “Truth an Fiction in The Da Vinci Code” a bhí air, agus ní gá a rá, gur ardaigh mé an leabhar sin abhaile liom, go bhfeicfinn céard a bheadh le rá ann faoin leabhar mór-ráchairte sin. Ba é an fáth a raibh mé chomh tógtha sin leis an leabhar seo, nó go mba shaineolaí i stair na moch-eaglaise, agus i saol an tSlánaitheora, a chuir an leabhar seo i dtoll a chéile. Bart D. Ehrman a scríobh:-

Bart D. Ehrman chairs the Department of Religious Studies at the University of North Carolina at Chapel Hill. An authority on the early Church and the life of Jesus, he has appeared on A&E, the Hisotory Channel, CNN. and other Television and radio shows.

Sin an leabhar domsa, ag an am áirithe seo, arsa mise liom fhéin, agus an leabhar á sheiceáil amach agam. Ba ghearr go raibh mé sáite go dtí an dá chluais sa leabhar suimiúil seo. Mar, bíodh gur cuireadh léann an tsagairt ormsa, agus bíodh go raibh staidéar déanta agam ar chúrsaí creidimh agus scrioptúir, ag an am gcéanna, ní bheadh an oiread sin saineolais agam, le go bhféadfainn mo mhéar a leagan ar na laigí a bhí le fáil ag an saineolaí seo i ndúshraith an Da Vinci Code.

Weaknesses shown up

Ba ghearr áfach, go raibh tuiscint nua ar fad agam ar na bearnaí, agus ar na laigí, a bhí le fáil go héasca ag an saineolaí sna “fíricí” ar ar tógadh úrscéal mór-ráchairte seo Dan Brown. Cuireann Ehrman chun oibre go deas réidh ar an dtionscadal tofa seo. Molann sé an t-úrscéal as a fheabhas mar úrscéal, ach ansin, téann sé go croí an ábhair, nuair adeir sé….

“I knew that the book itself was fictional, of course, but as I read it (and for me, as for many others, it was a real page-turner) I realized that Dan Brown’s characters were actually making historical claims about Jesus, Mary, and the Gospels. In other words, the fiction was being built on a historical foundation that the reader was to accept as factual, not fictitious.

Fact or Fiction!

Ba ghearr áfach, gur thug an saineolaí seo faoi deara, go raibh deacrachtaí ag baint leis na héilimh stairiúla a deineadh sa leabhar seo. Thug sé faoi deara, go raibh dearmaid iomadúla le fáil ann, maraon leis an gcorrbhotún fiú, botúin nár ghá a dhéanamh dá raghfaí i mbun taighde, beagáinín níos cúramaí. Breathnaigh, mar shampla, ar leathanach 143/44, áit a labhraítear faoi Íosa agus Máire Mhagdalene, ag bun an leathanaigh sin léifidh tú :-

As with other statements made in The Da Vinci Code, there is more fictional license in these various claims than historical truth. Some of the statements are simply in error. To take just one obvious example: it is wrong to say that when the Gospel of Philip calls Mary Jesus’ “companion” that the Aramaic word means “spouse”. For one thing, the word that is used is not Aramaic. The Gospel of Philip is in Coptic. And even though the word used there for “companion” actually is a loan word from another language, the language, again is not Aramaic but Greek. In other words, Aramaic has nothing to do with the saying. And to cap it all off, the Greek word that is used (koinónos) in fact means not “spouse” (or “lover”) but “companion” (it is commonly used of friends and associates).

Expertise counts

“Muise! nach deacair an t-oideachas a bhualadh!” mar adeireadh muintir Iorrais fadó.

Agus os ag caint ar Mháire agus Íosa atá muid, dearbhaíonn an saineolaí seo dúinn nach bhfuil bunús stairiúil, dá laghad, ag tacú le teoiric sin an údair, Dan Brown, go raibh an bheirt sin pósta ar a chéile, agus bheadh sin dona go leor mura raibh ann ach teoiric, ach dearbhaíonn an t-údar sin dúinn, nach é amháin go raibh siad pósta, ach go raibh, i ndáiríre, toradh ar an bpósadh céanna sin.

Agus ar chlúdach an leabhair, seo mar a chuireann an t-údar é :-

“How much truth is there in The Da Vinci Code? In some ways the question is raised by The Da Vinci Code itself, as it begins (on p.1. before the Prologue) with a list of items that it labels ‘FACT’, including… the claim: All descriptions of artwork, architecture, documents, and secret rituals in this novel are accurate.’

Dearbhaíonn Dan Brown, mar sin, go bhfuil chuile thagairt a dhéanann sé do dhoiciméid ina úrscéal cruinn ceart. Ní gá a rá, nach n-aontaíonn an t-údar s’againne leis an ráiteas sin, agus b’in, i ndáiríre, a spreag é leis an leabhar seo a chur i dtoll a chéile, nó tháinig an Brúnach thar chlaí isteach ina ghort seisean, áit nach raibh fios a bhealaigh foghlamtha i gceart aige, roimh ré. Dearbhaíonn Dan Brown sa Chód freisin, go raibh baint áirithe ag an Impire Constantine le roghnú leabhair an Tiomna Nua, ach deir Bart Ehrman linn, nach raibh baint dá laghad ag an Impire leis an socrú sin, rud a bhí déanta blianta fada roimh ré Chonstantine.

The Dead Sea Scrolls

Agus ag labhairt dó faoi “The Dead Sea Scrolls” tugann Brown le fios dúinn, go bhfuil eolas eicínt le fáil ansin faoi Íosa, agus faoi chúrsaí a shaoil, ach deir an saineolaí linn nach bhfuil tagairt dá laghad d’Íosa sna Scrolls céanna sin, ach gur dhoiciméid Ghiúdacha iad.

Caithfidh mé a admháil, gur mór an chabhair go deo an leabhar seo, don té a bhfuil amhras air, faoi fhírinne dhúshraith an Da Vinci Code, nó dá mba fhíor a leath fhéin, chuirfeadh sé isteach ar chreideamh Chríostaí ar bith, ach anois, nuair a scrúdaítear a bhfuil dearbhaithe ag an údar i The Da Vinci Code go fuarchúiseach, agus nuair a scagtar é trí chriathar an taighde, agus an tsaineolais, feictear dúinn, go mba chóngaraí d’fhiannaíocht ná don bhfírinne, roinnt mhaith de na “fíricí” ar a bhfuil an úrsceal sin bunaithe.

Mholfainn do dhuine ar bith a léigh an Da Vinci Code, an leabhar seo a fháil agus a léamh nó cuirfidh se ar an eolas é, agus tuigfidh sé, nach bhfuil sa leabhar, i ndeireadh na dála, ach gnáth úrscéal, ina ligtear srian le samhlaíocht docheannsaithe an údair.

.

.

.

.

.

ÉALÚ…..

Fuerteventura

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

    .

I bhfad ó bhaile

.

Ní dóigh liom gur inis mé dhaoibh faoin saoire a chaith mé, i bhfad ó bhaile, amuigh i Fuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha. Sin an fear de na hOileáin Chanáireacha is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhriúla gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimhe, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach ar an ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe fad a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimhe sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo.

Guided Tour !

Ar ar mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar fhear eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn ag rá go raibh de nos ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!

Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.

Aras Bhecks?

Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.

Cé a mba leis é, an ea?

Luadh Posh agus Becks leis.

Agus tuige nár críochnaíodh é?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin, é suite in áit chomh halainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn Lanzarote.

Moill gan choinne

Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta. lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar an gcúntar, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé, i dtosach báire, go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire,, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mbainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona. Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.

Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu. An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasán a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, tar éis trí huaire a chloig, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!

Thar am !

Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara. Ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúctha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn céanna sin. Chuireamar chuige sin, le flosc agus le fonn, agus i ndeireadh na dála, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.

Ar thaitin an tsaoire sin i bhFuerteventura linn, an ea?

Tráth Sosa

Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís, d’fhéadfá a rá, agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomarna, ar aon nós, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the domsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil i bhfad uait!

Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil mé deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an tsaoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine.

An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís?

N’fheadar, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!

Céard fútsa?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

ÉALÚ…..

Gobán i ngobacháin

Gobán i ngobacháin

Peadar Bairéad

   (This week we consider some of The Broadcasting Authority of Ireland’s new rules)

Más maith fhéin, nach mithid?

Is dócha gur chuala tú an scéal, a foilsíodh ar na mallaibh, go bhfuil Údarás Craolacháin Éireann meáite ar chóras nua iompair a chur i bhfeidhm ar a gcuid láithreoirí, agus ar a gcuid iriseoirí, ón gcéad lá d’Iúil 2013, á gcosc feasta ar a dtuairimí fhéin a nochtadh, i gcás cheisteanna chonspóideacha poiblí. Más mall fhéin, nach mithid! adéarfadh daoine áirithe, nó r leosan, siad tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le tuairimí láithreoirí áirithe, mar chuile dheis a fhaigheann an dream céanna sin, buaileann siad diallait ar sheantuairim sheasc, sheanchaite, agus le fuip, agus le spoir, marcaíonn leo, ar nós na gaoithe, timpeall an tseanchúrsa chéanna arís agus arís eile. Agus dár leis na daoine céanna seo, bhaineann sin dá ngnó, dubh, bán, nó riabhach, mar nach é a ngnó siúd nó deis a thabhairt dá n-aionna a dtuairimí-sean a nochtadh don phobal, rud a thugann le fios don phobal, go bhfuil tuairimí éagsúla ag daoine áirithe ina measc. Sea, agus déarfadh na daoine céanna seo, gur lú go mór fada an ceart a bheadh ag iriseoir a leagan fhéin ar chúrsaí a chur abhaile ar a lucht éisteachta, nó ar a lucht féachana. Cothroime, oibiochtúlacht, agus neamhchlaontacht, na cáilíochtaí inmhianaithe, le post dá leithéid a choimhlíonadh go cuí.

Dár leis na hÚdaráis anois, ní bheidh ceadmhach feasta, ag iriseoir, nó ag láithreoir, a thuairimí fhéin a fhí isteach ina chlár, ach amháin i gcás go gcuireann sé in iúl dá lucht éisteachta go bhfuil a dhearcadh pearsanta fhéin, ar ábhar áirithe, á chur chun tosaigh aige.

Dhá thaobh ar an scéal!

Caithfear a admháil, go bhfuil an-difir idir chlár nuachta agus clár díospóireachta. I gcás an chlár nuachta, ní bheifear ag súil go ndéanfadh an léitheoir eagarthóireacht ar bith ar an nuacht a bheadh á léamh aige. Is é a ghnó nó an nuacht a léamh, ach i gcás chlár díospóireachta, bhuel, bheadh cead ag an láithreoir, ar mhaithe le tuairimí an díospóra a shoiléiriú, bheadh sé ceadmhach sa chás sin, cheapfá, dearcadh éagsúil a chur inár láthair, ach fiú i gcás dá leithéid, níor ghá go mba é tuairim phearsanta an láithreora fhéin a bheadh á chur i láthair.

Is dócha gurb é atá á dhéanamh ag an Uúdarás nó go dteastaíonn uathu gobán a chur i láithreoirí, agus in iriseoirí áirithe a chaitheann a ndúthracht, chuile dheis dá bhfaigheann siad, seal eile a chaitheamh ag marcaíocht ar a rogha chapall maide fhéin, cuma sa tsioc faoin lucht éisteachta, nó féachana. Níl ar siúl acu sa chás sin ach ag fáil bolscaireacht, nó fógraíocht, saor in aisce, lena ndearcadh pearsanta a chur chun cinn. Anois, dá mba pholaiteoir mise, ní mó ná sásta a bheinn, dá mbeadh cead ag láithreoir, den dara grád, ceap magaidh a dhéanamh díomsa os comhair an phobail, lá i ndiaidh lae, ina chlár, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh, gur duine tofa a bheadh ionamsa, sa chás sin, agus go mba dhuine an láithreoir nár ghnóthaigh vóta ó chathróir ar bith riamh.

Taobh eile ar an scéal

Agus sin uilig ráite agam, caithfidh mé a admháil, go bhfuil taobh eile ar an scéal freisin, agus dá mbeadh blianta fada caite agamsa ag foghlaim mo cheirde mar láithreoir, nó mar iriseoir, ar na meain, agus dá mbeadh saineolas agam ar chúrsaí polaitíochta, ach go háirithe, cheapfainn gur chóir go mbeadh cead agus ceart agam mo leagan fhéin ar chúrsaí poiblí a fhí isteach im chláracha, le cibe saineolas agus scileanna a bhí bailithe chugam agam, thar na blianta fada, a roinnt ar an bpobal éisteachta nó féachana.

Ach, nuair a scrúdaíonn tú an scéal ó bhonn, déarfainn go n-aontófá go bhfuil le rialacha dá leithéid seo, más uainn críoch a chur le alscaoilteacht agus le bolscaireacht gan chuireadh gan iarraidh, feasta. Leor sin don bhabhta seo.    

.

ÉALÚ…..

I mBéal an Phobail …. Preas Raiteas

Bord Snip agus an Ghaeilge

.

Níor ghnóthaigh an Bord Snip Nua mórán “Brownie Points” ó lucht na Gaeilge, ar na mallaibh, lena dTuarascáil ar Uimhreacha agus ar Chaiteachas san Earnáil Phoiblí. Bhí sé dona go leor, tamall ó shoin, nuair a fógraíodh, ón Roinn Oideachais agus Eolaiochta, nach mbeadh cead ag Gaelscoileanna tumoideachas sa Ghaeilge a chleachtadh feasta. Ach bhí sé i bhfad níos measa, nuair a moladh i dTuarascáil úd Bhord Snip, go smaoineofaí ar Roinn na Gaeltachta a chur ar ceal, scun scan, agus go n-aistreofaí graithí na Roinne sin go Roinn eicínt eile, nó go Ranna eile, fiú. Tuigtear gur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thitfeadh an crann sin, rud nach sásódh lucht na nGaelscoileanna, nó lucht na Gaeilge, ach oiread, nó tuigtear nach mbeadh ar chumas na Roinne sin an gnó úd a chur i gcrích, faoi mar ba chóir, toisc nach bhfuil sa Roinn sin ach thart ar 3% den bhfoireann a bheadh inniúil ar an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

De réir Phreasráitis, ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, tá le tuigbheáil, go bhfuil cinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keefe, TD., deireadh a chur leis an Ionad Oideachais don nGaeilge, a bhí beartaithe do Bhaile Bhúirne, cáinte go géar ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus dealraíonn sé, ón dTuarascáil thuasluaite, go bhfuiltear meáite ar COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna) a chealú freisin, bíodh gur bunaíodh an Chomhairle sin faoi fhorálacha an Acht Oideachais, 1998, tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge , Gaelscoilanna Teoranta, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, ar bun, le go mbeadh sainstruchtúr ann, le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na Scoileanna lán-Ghaeilge. Tá chuile chosúlacht ar an scéal mar sin, nach bhfuiltear sásta, nó leath-shásta fhéin, le moltaí an Bhoird Snip i leith na Gaelige.

Cúlú

Ach is dócha go ndéarfadh roinnt mhaith daoine nach mbeidís fhéin ag súil lena mhalairt, nó cathain a dhein an Stát s’againne, adeiridís, aon chinneadh dearfach i leith na teanga céanna sin? Breathnaigh siar ar pholasaithe an Stáit i leith na chéad teanga oifigiúla le blianta fada anois. Céard tá le feiceáil againn trí bhunús na mblianta sin uilig? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, nach raibh i gceist i rith an achair sin ach cúlú, neamart, agus faillí. Sea, agus cén toradh a bhí ar an obair sin go léir? Cúngú na Gaeltachta, agus laghdú ar uimhreacha na gcainteoirí dúchais.

Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, céard faoi fhás na nGaelscoileanna, agus úsáid na Gaeilge, frí chéile, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí gnó, sea, agus céard faoi fhás na litríochta, idir phrós agus fhilíocht, síos tríd na blianta céanna sin?

Mian an Phobail is cúis leis an bhfás a tháinig ar na tionscnaimh sin, thar na blianta. Níl le déanamh agat ach cupla ceist a chur ort fhéin, le fírinne a bhfuil á dhearbhú anseo, a chruthú.

Arbh é an Stát s’againne a bhunaigh na Gaelscoileanna? Tá’s ag an lá fhéin nárbh é! Baill den phobal, a chonaic nach raibh aon ró-dháiríreacht ag baint le polasaí an Stáit i leith na hathbheochana, a thuig gur fúthu fhéin a bhí sé tús a chur le polasaí cinnte i leith na Gaeilge, nó tuigeadh dóibh, go mbeadh aithbheochan do-dhéanta, geall leis, mura n-éireodh leo an teanga a chur ar ais ar bhéal na n-óg, i dtosach. D’fhéadfaí í a choinneáil, mar theanga marbh, b’fhéidir, ach le teanga bheo a dhéanamh di, bheadh gá le cabhair, cúnamh, agus díograis, na n-óg chuige sin. Shocraíodar, mar sin, ar scoileanna speisialta Gaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dóibh, trí thumoideachas, an teanga a athphréamhú arís ar bheola páistí. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh an ceart acu, agus nach raibh ag teastáil ón Stát ach go dtabharfadh sé cabhair agus cúnamh dóibh sa bhfiontar sin, agus caithfear a admháil anseo gur deineadh sin, i dtosach, ar aon nós.

Toil an Phobail

Agus céard faoin méid Gaeilge a chloistear á labhairt ar shráideanna agus ar bhóithre; i siopaí agus in oifigí; i dtithe agus in árais, ó cheann ceann na tíre seo?

Eagraíochtaí deonacha, eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, agus tuilleadh dá leithéid, sea, agus cúnamh na nIrisí, agus na Nuachtán Gaeilge, gan trácht in aon chor ar Raidió agus Teilifís le Gaeilge, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as an dteanga, le gnáth-chúrsaí an tsaoil a láimhseáil. Caithfear a admháil, go dtugann an Rialtas s’againne cúnamh airgid do eagraíochtaí dá leithéid, agus ba chóir dúinn an t-áth sin a mholadh mar a bhfaightear, ach ní bhíonn i gceist sna cúrsaí sin, i ndáiríre, ach pingneacha beaga, agus nuair a chuirtear tábhacht na Teanga i saol an náisiúin sa mheá, tuigtear go bhfuil dualgas ar an Rialtas spiorad an náisiúin a chosaint, a chothú, agus a spreagadh, trí pholasaithe cuí, agus trí mhaoiniú fial, flaithiúil. Dá mba iasc, nó ainmhí, nó fiú seilide púcaí, a bhí i mbaol a bhasctha, thiocfadh an Stát i gcabhair air, sna bealaí céanna sin. Sea, agus dhéanfaidís a leithéid gan dochma, gan sprionlaitheacht, agus dá mbeidís sásta a leithéid a dhéanamh do sheilide púcaí, tuige nach mbeidís sásta sin, agus níos mó, a dhéanamh, le spiorad an náisiúin a shlánú?

s don Todhchaí

Cá bhfuil fís an Rialtais i leith na teanga, agus i leith an náisiúin?

Más uainn an teanga a shlánú feasta, caithfimid polasaithe cuí a dhréachtú, agus a mhaoiniú chuige sin,

agus mura bhfuil….Bhail! tugaimis aghaidh mhacánta ar an ndán sin………..

.

en_USEnglish