by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Seanchas Iorrais.
.
Peadar Bairéad
.
.
Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, ag éisteacht leis daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine móire móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh, agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, go mion minic, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.
In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhlain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.
Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.
Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.
D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724
Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.
Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…
I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Cuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an deontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhlain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil , mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas.
Faoin mbliain 1900, bhí drochbhail ar an sclóindroichead úd thar an gcanáil, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád, as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a thógáil as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.
Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.
Lorg na nDealbh, is cúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina iomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha.
Bhíodh George i mbun oibre, moch, déanach, na laethanta úd, nó bhí beartaithe aige an tionscadal a chríochnú ar an Luan, an 16 Lúnasa, agus bhí socraithe aige go n-osclófaí; an droichead, go hoifigiúil, tráthnóna an lae sin, ag a seacht. Bhíothas ag súil go mbeadh an domhan mór agus a mháthair ar an bhfód, don ócáid sin. Ní mar a shíltear a bhítear, go minic áfach, agus chuala mé ó shin, gur cuireadh moill ar chúrsaí, agus ar chúis amháin, nó ar chúis eile, níor críochnaíodh an tionscadal faoi mar a bhí socraithe ag George, ach gach uile sheans go mbeidh an chuid sin de Lorg na anDealbh críochnaithe, faoin am a mbeidh an píosa seo i gcló.
Ar aon nós, tá beartaithe agamsa siúl trasna Dhroichead Trakas, nuair a thabharfaidh mé mo chéad chuairt eile ar Iorras na n-iontas, sa bhlain seo chugainn. Idir an dá linn, má bhuaileann an fonn taistil thú, téigh siar, agus cuartaigh an ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh, i dTuaisceart Mhaigh Eo.
Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu go léir! Amach anseo, déanfaidh mé tagairt do chupla ceann acu, le críoch a chur leis an tsraith aistí seo, faoi Iorras na nIontas.
Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chruid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 12
.
Tá roinnt seachtainí caite, ó scríobh mé an chaibidil deiridh, agus i rith an ama sin, bhí mé ag iarraidh roinnt áirithe cuimhní agus eachtraí a ardú ó ghrinneall loch na gcuimhní, áit ar fhan siad go ciúin, réidh, socair, ó mhaireas iad, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin anois. Labhair mé cheana, faoin rainse mór talún a bhí mar fheirm ag an gColáiste úd “Cloughballymore”, taobh le hArd Rathain, i gContae na Gaillimhe. Níor den scoth é, mar rainse, mar a mhínigh mé cheana dhaoibh, nó ba thalamh, cosúil le Boireann an Chláir é, den chuid is mó, ach anseo is ansiúd, bhí páirceanna breátha féarmhara, agus goirt torthúla, mhéithe, tugtha chun míntíreachais ag lucht an Choláiste, trí spreacadh a gcnámh agus trí hallas a malaí. Minic freisin, a mbaintí úsáid as ár gcúnamhna, ag cur scoilteán, agus ag baint an fhómhair sna páiraceanna agus sna goirt chéanna sin, sea, agus thugaimis cúnamh freisin, nuair a thagadh tráth buailte an arbhair ba thoradh ar na goirt chéanna sin. Ach, tá na céapair sin mínithe agam daoibh cheana, agus bíodh nár thaitin an cineál sin oibre liom fhéin, olc, maith, nó dona, tharla go raibh múchadh ag cur orm, an tráth sin, níorbh ionann sin is a rá, nach raibh orm déanamh mar adúradh liom, nó má théann tú le saighdiúireacht, caithfidh tú na bróga a chaitheamh, agus an raidhfil a iompar.
Anois, ba Nóibhíseacht é Coláiste Cloughballymore, agus bhí ar chuile dhuine againn dhá bhliain, as a chéile, gan gnáthlaethe saoire, a chaitheamh ansin, le linn dúinn bheith ag foghlaim cheird na sagartachta. Ní hionann sin is a rá, nach mbíodh aon laethe saoire, in aon chor, againn, nó bhíodh, ach bhíodh orainn na laethe saoire céanna sin a chaitheamh sa Choláiste! Bhíomar inár bhfir óga, ag an am, thart ar an scór bliana d’aois, agus caithfidh mé a admháil, go mbíodh cumha ár ndóthain orainn, um Nollaig, go háirithe, agus cuimhnigh go mbíodh orainn dhá Nollaig a chaitheamh ar deoraíocht ansin i gCloughballymore na Gaillimhe. Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag déanamh mhaisiúcháin Nollag do na Hallaí Móra loma, agus don Aireagal freisin. Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shnáitheanna, len iad a chrochadh mar mhaisiúcháin, thall is abhus. Bhíodh orainn dul amach ar an iargúl, leis na toir áirithe Nollaigiúla sin, a fháil, is a bhaint. Fad is a bheadh sin ar siúl ag buíon amháin, bheadh dream eile ag déanamh maisiúchán áille as páipéar daite. Nuair a bhíodh chuile shórt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair an áit s’againne a shárú, chomh fada is a bhain sé le maisiúcháin, agus le hornáidachas. Ba mhór an chabhair an obair sin uilig dúinne, le cúl a chur ar an gcumha ollmhór a bhíodh orainn, nó i ndáiríre, níor tugadh mórán deise dúinn teacht in inmhe, nó aipiú, mar adéarfá, riamh, nó ba bheag cead a tugadh dúinn ár mbreith fhéin a thabhairt ar ábhar ar bith faoin spéir, ach muid de shíor ag brath ar uachtaráin, leis an ngnó sin a dheanamh dúinn. Ní call a rá, ach oireadh, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmhú liotúirge, agus ceoil, le Féile na Nollag a cheiliúradh, mar ba cheart agus mar ba chóir.
Bhíodh saoire againn freisin um Cháisc, agus arís, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmhú do na searmanais uilig, a ghabh le ceiliúradh na Cásca, faoi mar a dheintí í a cheiliúradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatacáineach. Mór go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar atá againn, sa lá atá inniu ann. Leor dom a rá, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thrí huaire a choig, maidin is tráthnóna. Thógadh sé an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmhú, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, nó barr cleite isteach, nuair a thagadh an crú ar an tairne. Bhíodh deiseanna againn le linn na laethe saoire úd, ceol a chleachtadh, scileanna úsáideacha a fhoghlaim, agus cruinnithe a sheoladh freisin.
Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus arís, chuireadh sé sinne ag smaoineamh ar ár muintir fhéin sa bhaile, ach faoin am sin, ní bhíodh an cumha chomh dian sin ar fad, nó bhíodh muid bainte den chíoch, d’fhéadfá a rá, agus muid ag iarraidh ár slí fhéin a dhéanamh sa saol corraitheach a bhí thart orainn. I dtús an tSamhraidh, bhíodh Cúrsa Spioradálta le déanamh againn, agus ní gnáth chúrsa spioradálta atá i gceist agam anseo, ach cúrsa spioradálta a mhair ar feadh triocha lá, ag déanamh aithrise ar an tráth a chaith ár Slánaitheoir ag troscadh sa bhfásach. Cheapfadh duine go mbeadh cúrsa dá leithéid an-dian ar fhear óg, ach, tar éis roinnt laethe, thiocfá isteach air, agus bhainfeá idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach. Ba é an príomhrud a bhí idir chamáin againn, le linn an chúrsa chéanna sin, nó rogha a dhéanamh, idir an mhaith agus an t-olc. Tá dhá arm ansin, agus caithfidh tú dul le taobh amháin, nó leis an dtaobh eile, nó “an té nach bhfuil Liom, tá sé im’ choinne”. Tá dhá mheirge amuigh ansin, agus caithfidh tú slógadh faoi mheirge amháin, nó faoi’n meirge eile. Sea, mh’anam, caithfidh tú taobhú le Dia, nó le diabhal. Tar éis do dhuine, thart ar mhí a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na hábhair dhoimhne, bhunúsacha, sin, agus tar éis dó an seal sin a chaitheamh ag guí, ag paidreoireacht, agus ag déanamh a anama, thiocfadh sé amach, ag deireadh an chúrsa spioradálta sin, agus a aigne socraithe, a rogha déanta, agus é meáite ar bhealach a leasa a leanúint feasta, go deireadh a ré. Deireadh feasta, le Tadhg an dá thaobhachas! Chuirfeadh sé i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirnéis, agus é ag spréacharnaigh le gile, ach ní bheifeá ag súil go bhfanfadh an snas sin air go deo, nó bíonn air dul i gcoimhlint leis an saol mór amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann sé a loinnir, agus tagann meirg air. Ba é an scéal céanna againne é, nó ar a laghad, ba é an scéal céanna agamsa é. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!
Nuair a bhí an cúrsa spioradálta sin críochnaithe, bhí seal saoire againn, agus cead againn dul ag déanamh spóirt agus spraoi dúinn fhéin. Théimis ag snámh go minic, nó bhí an fharraige an-chóngarach dúinn, agus bhí céibh bheag ansin, agus roinnt bheag bád ceangailte lei, de ghnáth. Ar ár mbealach abhaile, tráthnóna amháin, chualamar torann eitleáin chugainn isteach thar farraige, isteach thar Chuan na Gaillimhe. Bhí sí ag eitilt an-íseal, agus na rothaí thíos aici. Rinne sí orainn ar lán-luas, nó b’in mar a chonacthas dúinne é, agus an chéad rud eile, bhí sí ag réabadh a slí trí fallaí cloiche agus páircíní, trí ghoirt agus trí mhóinéir. Ar deireadh thiar, stop sí, tar éis do na fallaí cloiche sin na hinnill a stróiceadh aisti, agus tar éis dóibh a bolg a réabadh, faoi mar a theasódh uathu na putóga a ligint lei. Chuamar de ruaig reatha chun an eitleáin sin, agus b’uafásach an radharc a chonaiceamar, Triúr ar fad a bhí de chriú ar an eitleán sin. Piolóta, a chúntóir, agus fear an raidió. Ceart go leor, ní raibh éinne acu marbh, ach mura raibh fhéin, b’olc an crot a bhí ar chuile dhuine acu. Bhí siad gortaithe go holc, agus iad clúdaithe le fuil, ach bíodh go raibh siad lag, lúbach, tar éis na tionóisce sin, rinneadar cinnte de, nach ligfí éinne dínne isteach i gcábán an phiolóta, cibé ciste a bhí á iompar acu, sa chábán céanna sin. D’iarradar orainne cabhair a fháil dóibh, rud a rinneamar, chomh tapaidh agus a d’fhéadfaimis. Tháinig na gardaí, gan mórán moille, agus rinneadarsan a raibh le déanamh acu, agus thugamarna an Coláiste orainn fhéin, ach ní gan chuimhneachán a d’imíomar. Thógamar lann liáin an eitlleáin abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an lann chéanna sin a shocrú i gcoincréit, in aice an Choláiste, mar chuimhneachán ar an eitleán úd, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946. Mhínigh na heitleoirí dúinn, nach raibh siad ar mhisin troda, nó tada dá leithéid, tharla go raibh an cogadh thart ag an am, ach gurbh amhlaidh a raibh an t-eitleán a seoladh thar an Atlantach acu, mar chuid de shocrú idir na Stáit agus Sasana. Ar aon nós, d’éirigh leis na heitleoirí céanna sin na cosa a thabhairt slán leo, an babhta sin, agus cuireadh thar teorainn ó thuaidh iad, áit a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na Stáit Aontaithe arís. Bhí an t-ádh leo, nó b’olc an taobh tíre a roghnaigh siad le tuirlingt éigeandála a dhéanamh, ach thug an eachtra chéanna sin ábhar cainte dúinne, ar feadh an tSamhraidh sin uilig, agus nach ait mar a fhanann a chuimhne chomh glas sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann?
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’eachtra amháin eile, a tharla domsa, an Samhradh sámh sin, nuair a bhí sú na hóige ag éirí fós sna cnámha istigh ionnam. Mhínigh mé dhaoibh cheana, go raibh de nós againn an fharraige thíos a thabhairt orainn fhéin, bunús chuile lá, i rith an tSamhraidh. Bhuel, bhí duine de na sagairt, a bhíodh inár mbun, ag an am, a bhí an-tugtha don bhfarraige agus do bháid, agus do scór rudaí eile, freisin. Ba shagart breá, groí, Gaelach é, agus ba mhinic a chaitheadh sé an filleadh beag, faoina shútán, ach b’ar na báid agus ar an bhfarraige, a tharraing mé an scéal anseo. Bhuel, bhíodh bád aige thíos ag an gcéibh, in áit ar a dtugaidís “Tarrea”, i mBéarla, agus ba mhinic a bhíodh an seantsagart seo ag iarraidh nósanna agus scileanna na farraige a mhúineadh dúinn. Thógadh sé dream dínn amach sa bhád leis, agus chuireadh sé rialacha na bádóireaachta i bhfeidhm orainn. ‘Ná seas suas i mbád riamh,’ adeireadh sé linn, agus am eile, chuireadh sé iachall orainn na maidí rámha a ligean le ceathrú, agus céad ordú eile, atá dearmadta agamsa anois leis na blianta, ach ba throm na clocha ar mo phaidrín iad, ag an am. Bhuel, tharla lá amháin, nach raibh an tAthair Billy ar an bhfód, agus nuair a chuaigh ár gcomrádaithe arais chun an Choláiste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag snámh, d’fhan mé fhéin agus triúr eile ina ndiaidh, ag an gcéibh, nó bhí fúinn babhta bádóireachta a dhéanamh, linn fhéin, le cleachtadh a fháil amuigh ar an ndomhain. Bhí socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bhá, nó bhí na ronnaigh chomh flúirseach, an t-am sin, gur bheag nach léimfeadh siad isteach sa bhád chugat. Bhí ceataí bheag sa scéal áfach, nó ní raibh leapacha iomartha nó cnogaí ar bith againn, leis na céaslaí a choinneáil socair, le linn dúinn bheith ag iomramh. Ach b’fhear cúramach, údarásach, éifeachtach é an tAthair Billy, agus bí cinnte de, nach bhfágfadh seisean na leapacha iomartha ina bhád, ar eagla go ndéanfaí iarracht ar a bhád a thógáil gan chead. Céard a bhí le déanamh againne áfach? Theastaigh tréimhse bádóireachta uainne, agus nach cuma nó muc fear gan seift. Bhuel, ba é a shocraigh muid, nó na maidí rámha a cheangal le piosa de rópa, ar ár mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh dúinn, go dtabharfadh na hiascairí thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha dúinn, don turas ar ais. Bhí go maith. Bhí an bá chomh ciúin le pána gloine, agus chuamar trasna gan aon ró-dheacracht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí, agus ba é an dála céanna sin againne é, nó nuair a chuamar i dtír thall, agus nuair a thosaíomar ag cuardach leapacha iomartha, nó cnogaí, ba scéal eile ar fad é, nó thíos nó thuas, thall nó abhus, ní raibh fáil ar leapacha iomartha nó cnogaí. Ní raibh fáil orthu ar ór, nó ar airgead. Is dócha nár tugadh mórán airde orainne, mic léinn, nó ar ár scéal. Bhí an tráthnóna ag dul i ndéanaí, agus tuigeadh dúinn, gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar “Tarrea” arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an trá thall sin a bhaint amach, ar ais nó ar éigean. Is dócha gur tuigeadh dúinn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn, ach tabhairt faoin turas céanna sin. Rinneamar amhlaidh, ach mo bhrón is mo mhilleadh, mar adeireadh na scéalaithe fadó, ba ghearr gur éirigh an ghaoth, agus gur tóigeadh an fharraige, dá bharr. Geallaimse dhuit é, go raibh sé an-deacair coimeád ciúin, agus leanúint den rámhaíocht, nó bhí báidín bocht Bhilly ag éirí is ag titim ar ucht na dtonn. Caitheadh na rópaí, leis an síor-iomramh, agus b’éigean dúinn ansin, na maidí rámha a úsáid, mar a dhéanadh na hIndiaigh lena gcurracha siúd a iomramh, má b’fhíor do na scannáin! Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ché amach, agus muid scanraithe, sáraithe, suncaithe, go maith. Rinneamar an bád a fheistiú, mar ba chóir, agus thugamar an bóthar go dtí an Coláiste orainn fhéin. Bhíothas díreach réidh ansin, le scéala a chur chuig na gardaí, sul a raghaidís fhéin amach dár gcuardach. Ní call dom a rá gur tugadh íde na muc is na madraí dúinn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciolladóireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus dá bhrí sin, níor dhúirt muid cat dubh, nó cat bán, leis na huraráis, a thug an léasadh teanga sin dúinn. Ar aon nós, níor cuireadh an ruaig as an gColáiste orainn, láithreach bonn, ach dúradh linn, bualadh le hUachtarán an Choláiste, an tráthnóna dár gcionn, lena bhreith siúd a chlos. Ní call dom a rá, gur bheag lá a bhí chomh fada leis an lá ar na mhárach sin, ach ar deireadh, tháinig an t-am spriocáilte, agus bhíomarna ag creathadh linn ag doras an Uachtaráin. Ligeadh isteach sinn, agus tar éis don Uachtarán an scéal ar fad, faoi chomh hamaidí, agus chomh contúirteach, is a bhí an beart a rinneamar, dúirt sé linn, gurbh é a thuairim fhéin, go raibh ár sáith fulaingthe againn cheana féin, agus chomh maith le sin, tuigeadh dó, go raibh chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, agus nach ndéanfadh muid beart chomh hamadánta sin go deo arís, lig sé ár gcosa linn, ar choinníoll go bhfanfadh muid glan amach ó na báid, fad is a bhíomar ag freastal ar Choláiste Chloughballymore. Gheallamar dó go bhfanfadh, agus b’in deireadh leis an eachtra mhí-ámharach sin. Agus caithfidh mé a admháil anseo anois, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, nó ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, ní dhearna mise, nó éinne eile den bhuíon, chomh fada is is feasach mé, iarracht ar bith ar bhád gan leapacha iomartha, nó cnogaí, a thógáil ar iasacht, le cuan nó le bá a thrasnú!! Agus tá chuile chosúlacht ar an scéal anois, nach bhfuil baol ar bith ann, go ndéanfaidh mé a leithéid, sna blianta atá romhainn amach, ach oiread..
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Éigse Iorrais 1984.
Peadar Bairéad
(This week I go back over thirty years to revisit an ‘Éigse Riocard Bairéad’ Assembly in ‘Gaoth Sáile’, in 1984)
.
Bóithrín na Smaointe
Comhartha aoise é, is dócha, duine a bheith tugtha do dhul siar, go ró-mhinic, ar bhóithrín na smaointe, ach, ag an am gcéanna, nach bhféadfá a rá nach gan chúis atá an bóithrín céanna ansin, mar, nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine gur le siúl air a thógtar bóithrín, a chéaduair. Bhí an-tóir ag muintir Iorrais ar Éigse Riocard Bairéad, thart ar an am sin, agus bhí de nós againne aghaidh a thabhairt ar an dúiche sin thiar chuile bhliain, ag an am. Seoladh péire dem’ leabhair filíochta ag an Éigse chéanna sin, agus minic freisin a thugtaí deis dom cupla dán a aithris, ar na h-ócáidí sin. Dhealródh sé gurbh é sin a bhí idir chamáin agam, ar an ócáid sin, sa bhliain 1984. Ach b’fhéidir gur chóir dom an píosa cainte a rinne mé, an oíche sin, a athlua anseo. Mar sin, seo chugaibh é :-
Éigse Iorrais 1984
“Mura bhfuil agat ach pocaide gabhair, bí i lár an aonaigh leis, mar adeireadh an seandream fadó. Bhuel, a chairde, seo mise i lár an aonaigh seo, agus gan fiú an pocaide fhéin agam! Ní bheidh sibh ró-dhian orm áfach, mar nach é seo fód mo dhúchais? Seo an pobal ar díobh mé. Agus cé nach ball gníomhach den phobal seo a thuilleadh mé, is anseo atá na préamhacha agus ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil blianta fada caite agam ag moladh na barúntachta seo agus a pobail. Iomaí píosa scríofa agam, faoin saol mar atá, agus mar a bhí, in Iorras seo mo mhuintire.
Ná ceapadh éinne anois gur Iorrasach croí-bhriste mé, a itheann arán tur na deoraíodchta i ndúthaigh iasachta Osraí. Ní mar sin atá. Tá glactha ag Gaeil Osraí liom mar bhall gníomhach dá bpobal fhéin. Sea, mh’anam, agus nach bhfuil meas scoláire, agus meas file, orm fiú, ina measc!
Is Bairéadach mise de bhunadh Loch na hEilí., ach mar is eol do chuile dhuine, bíonn dhá thaobh ar chuile theach. Agus ar thaobh mo mháthar den teach s’againne, tá ceangal agus gaol againn le Bairéadaigh na Beairice, Bairéadaigh Riocard file. Tuigeadh domsa mar sin, ó laetrhe m’óige, go raibh bua na filíochta folaithe, áit éigin i smior na gcnámh ionnam. Iomaí iarracht a rinne mé an bua sin a chur ar bruach. ach, dár liomsa, níor éirigh go ró-mhaith liom sna hiarrachtaí céanna sin, ach tá daoine eile ann adeir, gur éirigh go seoigh liom sna hiarrachtaí sin. Cosúil le Riocard file fhéin, táimse sásta glacadh le breith mo phobail. Nár leor sin, riamh anall, d’fhilí Fodhla. Mar sin, lenaimse freisin nós na bhfilí fadó. Am ar bith a mbídis siúd ag teacht i láthair lucht an Léinn, bhíodh dán nó dhó folaithe acu ina bhfleasc fhileata.
Níor tháinig mé fhéin i láthair an aonaigh léannta seo gan dán. Mar sin, má sea, seo dán beag a chum mé don ócáid ghradamach, Iorrasach, seo….
Fáilte chun na hÉigse
Bhur bhfáilte a chairde,
‘dir fhir is mhná,
bhur bhfáilte a scoláirí
Go hÉigse na mbard.
.
Lucht fite na bhfocal,
Lucht éigse is dán,
Lucht sníofa binn bhriathra,
Lucht Léinn is Amhrán.
.
Seinnigí deacheol,
Is méaraigí téad’,
Casaigí véarsaí
Is Insígí scéal’.
.
I ndúthaigh seo Iorrais
Na dTúr is na Séad,
Go mborrtar bhur bhféithe,
Is go spreagtar bhur dtéad’
.
Leor sin, don ócáid seo….
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Fís Dhearmadta
Peadar Bairéad
.
Is dócha go bhféadfá a rá, gur tógadh an Stát s’againne thart ar fhís na saoirse agus an náisiúnachais. Ní gá a rá, nach bhfuil tada faoin ngréin chomh riachtanach i mbunú Stáit leis an bhfís chéanna sin, go háirithe, nuair is fís í a choraíonn agus a aclaíonn chuile chroí ag an am gcéanna. Ní gá a rá, ach oiread, nach fás aon oíche a bhí sa bfhís uilíoch sin, i gcás na tíre seo. Níorbh ea, in aon chor, nó caitheadh blianta fada ag gaibhniú agus ag dealbhú an earra chéanna sin.
Gaibhniú agus dealbhú
Conas a deineadh beart dá leithéid, an ea?
Bhuel, tharla, go háirithe i dtús na haoise seo caite agus i ndeireadh na haoise roimhe sin, gur tháinig dreamanna áirithe éagsúla ar an dtuairim, gurbh é a leas é, agus leas a bpobail freisin, saothrú ar son saoirse agus leithleachais náisiúnta feasta. Tugann muid faoi deara, bunú Chumann Lúthchleas Gael, i ndeireadh an naoú haois déag, agus é d’aidhm acusan na cluichí náisiúnta a fhorbairt, agus a chur chun cinn. Thart ar an am gcéanna, d’fhéadfá a rá, bhí Conradh na Gaeilge ar a dhícheall, ag iarraidh an teanga náisiúnta a athbheochan. Bhí fórsaí eile freisin i mbun oibre, fórsaí cosúil le Sinn Féin, na Fíníní, agus tuilleadh. D’éirigh le cinnirí áirithe na snáitheanna éagsúla náisiúnta sin a shnadhmadh, agus a fhí in aon téad ioldhualach amháin. Daoine cosúil leis an bPiarsach, daoine a raibh ar a gcumas, fís a fhí as na snáitheanna céanna sin a chuir dreamanna áirithe den náisiún ar fáil, fís a shásaigh, agus a mheall, baill an náisiúin, glacadh leis mar aidhm onórach, inmhianaithe, inshroichte. I rith an ama áirithe sin freisin, tháinig Óglaigh na hÉireann ar an bhfód, dream a raibh ar a gcumas fís an náisiúin a ghlacadh chucu fhéin, a fhorbairt, agus a chur chun cinn, i measc an phobail. Anois, bíodh go raibh na fórsaí áirithe sin á bhforbairt agus á leathadh i measc an phobail, ag an am gcéanna, níor ghluaiseacht náisiúnta fós iad, ach bhí an mianach sin iontu, as a bhféadfaí gluaiseacht dá leithéid a chumadh. Caithfear a thabhairt faoi deara freisin, nach dtiocfadh chuile bhall den náisiún isteach faoi bhratach na físe céanna sin, ach bhí seans maith ann, go bhféadfaí Móramh Morálta a mhealladh ar thaobh na físe sin, agus b’in mar a tharla, i ndeireadh na feide.
Trí bhriseadh is trí bhua
B’in cuid de na fórsaí a bhí gníomhach i measc daoine, i dtús na haoise seo caite, agus de réir a chéile, trí bhriseadh agus trí bhua, deineadh gnéithe éagsúla na físe sin a shoiléiriú don phobal. Nuair a deineadh an fhís sin a pharsáil, agus a iniúchadh, tuigeadh gurbh iad na gnéithe ba thábhachtaí a bhí uathu nó, go mbeadh an pobal a bhunófaí, Gaelach, Aontaithe, agus Saor. B’in í fís an Phiarsaigh. B’in í fís na nÓglach, agus b’in í an fhís a spreag agus a mhisnigh na Gaeil a d’éirigh amach, leis an bPoblacht a bhunú, agus a bhuanú, anseo in Éirinn iathghlas oileánach.
De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh áfach, agus de réir a chéile, cailleadh roinnt mhaith den bhfís chéanna sin. Bhí daoine anseo, agus dár leosan go bhféadfaí an fhís a choimhlíonadh, gan bacaint leis an dTeanga, daoine eile den tuairim, go bhféadfadh an náisiún teacht i dtír, gan bacaint leis an aontacht, sea, agus tuilleadh fós den tuairim, nárbh fhál go haer é, mura mbeadh an tsaoirse fhéin againn, mar náisiún.
Agus anois, agus muid ag druidim cóngarach do cheiliúradh céad an Éirí Amach céanna sin, nach bhfuil sé thar am againn suí síos agus scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil curtha i gcrích againn den bhfís sin. Ar dheineamar an teanga a aithbheochan? Ar dheineamar an tír a aontú? Ar baineadh saoirse amach don Phoblacht a bunaíodh? Nó an féidir teacht i dtír dá n-éagmais? Nó an bhfuil, fiú, tús curtha againn le fíoradh na n-aidhmeanna inmhianaithe sin?
Ceisteanna le freagairt
Níl fúm na ceisteanna sin a fhreagairt, ach fágfaidh mé fút fhéin é sin a dhéanamh. Ach tá sé soiléir, nach bhfuil an fhís chéanna sin ag spreagadh an phobail s’againne anois, faoi mar a dhein sí, blianta fada ó shoin. Ní hionann sin is a rá, go bhfuil an fhís sin caillte, amach is amuigh. Déarfainn go bhfuil deis ag an náisiún s’againne anois, agus an cúlú eacnamaíochta ina loscadh sléibhe timpeall orainn, a chruthú don tsaol mór, nach gan chúis a bronnadh bua na saoirse orainn mar náisiún. Sea, caithfimid a chruthú dóibh go bhfuil muid sásta, anois fhéin, ár gcótaí a bhaint dínn, agus tabhairt faoi fhíorú na físe dearmadta sin. Is soiléir gur chailleamar ár slí, agus gur thugamar bóithrín na sainte, in áit bóithrín na saoirse, orainn fhéin mar phobal, ach anois, tá sé soiléir, nár chuir sin aon Útóipe ar fáil dúinn, nó cailleamar an saibhreas bréige faoi mar ba chúr na habhann é. Mar sin, níl an dara rogha againn anois, ach dul siar go foinse na saoirse arís, agus an babhta seo, caithfimid tabhairt faoi phoblacht cheart chóir, chothrom, a dhealbhú. Poblacht a thálfaidh ar ál uile an náisiúin. Poblacht nach mbronnfaidh bunús shaibhreas an phobail ar chéatadán an-bheag dár ndaoine, agus poblacht nach bhfágfaidh dream ar bith ar an mblár fholaimh, sea, agus poblacht ina mbeidh muintir na tíre sásta saothrú ar a son. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo…..
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Fusa ceist a chur ná ceist a fhreagairt!
.
Peadar Bairéad
.
Nach iomaí sin leathanach a scríobhadh, le roinnt blianta anuas, faoi pheacaí agus faoi mhíghníomhartha na n-eaglaiseach úd a tharraing náire agus easonóir ar an eaglais dár thug siad a ndílseacht. Ach ansin, nuair a deineadh a ngníomhartha a chur i mbéal an phobail, ba ghearr gur tuigeadh do chách nárbh aon aingil nó naoimh ar thalamh iad na boic chéanna sin. Níorbh ea muis! nó tuigeadh, nach raibh iontu, i ndeireadh na feide, ach daoine daonna, a raibh claonadh chun oilc iontu, faoi mar a bhí sa chuid eile againn, ach amháin go raibh siadsan coisricthe agus geallta don eaglais agus dá dlíthe, agus go mbeifí ag súil, go mbeidís-sean ina n-eiseamláir don chuid eile againn, ach, faraoir! nuair a tháinig an crú ar an tairne, tuigeadh nár chathair mar a tuairisc iad, ach peacaigh a ghéill dá n-ainmhianta agus dá gcathuithe, agus dá bharr sin, a rinne dochar do chríostaithe a fágadh faoina gcúram. Tháinig an t-eolas sin uilig chun solais nuair a leagadh roinnt áirithe tuarascálacha os comhair an tsaoil, tuarascálacha a léirigh, agus a nocht, os comhair an tsaoil mhóir nár choimhlíon na heaglaisigh chéanna sin a ngeallúintí os comhair Dé, nó os comhair a phobail. Ní call dom a rá, gur cuireadh na heaglaisigh sin as a bpostanna, bíodh nár deineadh an beart céanna sin luath go leor, go minic, agus bíodh freisin, gur deineadh iarracht ar leorghníomh a dhéanamh ina míghníomhartha, ní call dom a rá, go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama leis na fiacha morálta agus sóisialta úd a ghlanadh, scun scan. Agus sin uilig ráite, admhaithe, caithfear glacadh leis, go bhfuil iarracht mhacánta, dáiríreach á déanamh ag an Eaglais Chaitliceach deireadh go deo a chur leis an gcineál sin iompair feasta.
Dea-oibreacha dearmadta?
Tá sé éasca go maith dearmad a dhéanamh ar an méid maitheasa a rinne an Eaglais chéanna, agus a h-eaglaisigh, thar bhlianta fada i stair ár dtíre, agus is furasta freisin, dearmad a dhéanamh ar ar dhein siad i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí leighis, i gcúrsaí carthannachta, agus i gcúrsaí sóisialta frí chéile, agus caithfear a chur san áireamh freisin, go bhfuil na dea-oibreacha céanna sin idir chamáin aici fós i saol an lae inniu. Ní haon mhaith áfach, bheith ag maíomh as a gníomhartha sna blianta atá thart, nó, mura bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann, ní fiú an deich triuf é. Mar sin, caithfear cur lena bhfuil déanta aici cheana, agus aghaidh a thabhairt go misniúil ar an todhchaí, ag súil le Dia go maithfear a peacaí di trí leorghníomh a dhéanamh, agus trí mhaithiúnas a lorg. Sin an ród atá roimpi amach mar thodhchaí.
Ní call a rá, go mbeidh súil easóige á coinneáil ag an bpobal uilig ar ghníomhartha na hEaglaise céanna, uaidh seo amach, agus ní call a rá ach oiread, nár leor leithscéalta feasta. Tuigeann chuile dhuine cúrsaí anois, ach, ag an am gcéanna, níl sé inghlactha, ach oiread, go mbeadh lánchead ag iriseoirí, nó ag láithreoirí raidió nó teilifíse, achasáin a chaitheamh lei, faoi mar a tharla ar na mallaibh, nuair adúirt láithreoir áirithe go raibh tír seo na hÉireann millte, scriosta, ag an Eaglais Chaitliceach, le blianta anuas. Admhaítear gur dhein eaglaisigh áirithe mí-úsáid ar ógánaigh áirithe a fágadh faoina gcúram, agus go raibh roinnt áirithe de cheilt na fírinne i gceist, i measc údaras na heaglaise sin freisin agus iad ag iarraidh scannal a sheachaint, dár leo. Agus ní ag cruinniú na leithscéalta atá mé anseo, ach bhí daoine eile freisin, a raibh láimh acu sa scannal céanna sin. Céard faoi áit an Rialtais sa scéal? nó áit na gCúirteanna? nó áit an phobail, frí chéile, fiú? Ach, le ráiteas dá leithéid a chur ina sheasamh os ár gcomhair amach, bheadh cruthú in áit tuairime, ag teastáil uainn. Sea, agus nach bhfuil, Cothrom na Féinne, agus a lá sa chúirt, dlite do chuile shaoránach sula ndaorfaí é? agus nár chóir freisin sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an dtéarma “Catholic Church”. Cé tá i gceist sa téarma sin? An Cliarlathas? nó Pobal Dé, frí chéile? nó an péire acu i bhfochair a chéile?
Nach fusa go mór fada ceist a chur ná ceist a fhreagairt?