by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week ‘I mBéal an Phobail’ wishes all our readers a very happy Christmas)
.
Cuimhní na Nollag
Cuimhní na Nollag ’na rás chugainn,
Is coinneall mhór dhearg ina chaor,
Gaineamh geal leata ar urláir
In onóir do Mhac Dé an Naí.
.
Cácaí na Nollag á mbácáil
Is a mboladh mar thúis gan locht.
Gé ramhar pioctha ’gus bearrtha,
Feistithe don oigheann ina nocht.
.
Páistí ar rotha le gliondar
is a súile ag drithliú mar réalt’
Ag smaoineamh ar “Santy” is Rudolf
Chucu thar Bhealach na Néal.
.
Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,
Eidhean is cuileann go fras,
Is croíthe ‘na lasair mar choinnle
Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.
.
Maidin amárach, más beo sinn,
Éireoimid le solas na ré,
Is raghaimid go hAifreann na Gine
Ag comóradh bhreithlá Mhac Dé.
.
Nollaig Shona dhaoibh uilig
Tá an tráth sin bliana tagtha arís, an tráth sin a thugann deis dúinn beannachtaí na Féile a ghuí ar ár gcairde uilig, idir Ghael agus Ghall; idir óg agus shean; idir shaibhir agus daibhir. Seo an t-am a chuireann siar ar bhóithrín na smaointe, sinne a bhfuil measarthacht blianta carnaithe ar an gclog againn, ar thóir na gcuimhní úd atá curtha i dtaisce againn, i gcomhad na cuimhne, le haghaidh ócáidí dá leithéid seo. Smaoiníonn muid ar laethe órga na hoige, nuair ba neamh ar thalamh dúinn fiú smaoineamh fhéin ar Fhéile na Nollag. Don chuid is mó againn, chuile sheans go dtagann smaointe ar Sheanfhear na Féasóige Léithe fhéin chugainn isteach ar thonn na cuimhne, sea, agus cuimhní freisin ar na cairde móra a bhí againn le linn na tréimhse céanna sin. Cuimhní ar throscán na Féile, dóibh siúd a mhair ar an dtaobh cheart den bhóthar iarainn! crann mór na Nollag, gona shoilse, agus na féiríní cuachta ag a bhun, le croíthe na n-óg, ach go háirithe, a thógáil Maidin Lae Nollag.
Mo chuidse de áfach, mar dhuine a mhair ar an dtaobh contráilte den bhóthar iarainn, tagann taoide cuimhní ar ais chugam faoi’n saol a bhí againne, thiar in Iorras na nIontas, an tráth seo bliana. Chuile urlár scuabtha, sciúrtha. Gaineamh geal leata go fairsing ar urlár chuile chistine. Maisiúcháin pháipéir ildaite, ceannaithe ón lucht taistil, agus craobha síorghlasa, crochta thart ar na fallaí, coinneal mhór daite na Nollag feistithe sa bhfuinneog, agus an teach fhéin aoldaite, istigh, agus amuigh. Ullmhúcháin ar dóigh ar siúl ag Mamanna na dúiche. Cácaí Nollag á bhfuineadh agus á mbácáil, gé mhór reamhar na Nollag á phiocadh, agus á bhearradh, do dhinnéar mór na Nollag. Páistí na tíre ar chipiní ag fanacht ar chuairt Dhaidí na Nollag fhéin.
Na Lampaí Pairifín
Maidin Lae Nollag fhéin bhíoidh an líon tí uilig ina suí le glaoch an choilig, agus iad á ngléasadh fhéin d’Aifreann luath na maidine sin. Siúl chun an tséipéil, roimh éirí gréine. Soilse lasta i ngach teach fan an bhóthair go dtí séipéal an Gheata Mhóir. Comharsanna ag beannú dá chéile. “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit.” Agus “An bhail chéanna ort fhein is ar do chúram” mar fhreagra ar an mbeannacht sin. An Séipéal go breá geal ag solas geal-bhuí na lampaí pairifín. Beannachtaí na Nollag a ghuí ar Phobal Dé ag an Sagart Paráiste.
I ndiaidh an Aifrinn, theimis-ne gasúir amach ar fud na bhfud ar thóir an dreoilín, nó dúinne, bhí tábhacht leis an searmanas céanna sin, nó bheifí ag súil go mbeadh dreoilín linn agus muid ag dul amach ar fud na mbailte an lá dár gcionn, Lá an Dreoilín, agus muid ag dul ó theach go teach ag lorg pingneacha leis an dreoilín a adhlacadh!
Up with the Kettle!
Suas leis an gciteal, agus síos leis an “Pan”,
Is tabhair dúinn do dheirc, i gcuimhne an “Wran”.
Cuairt á thabhairt ar thithe na gcomharsan. Amhráin á gcanadh. Dánta scoile á n-aithris, agus steipeanna rince á gcaitheamh ar urláir chré. Ó! a chara na gcarad, nárbh ’in iad na laethe? Nárbh aoibhinn bheith beo, agus óg, na laethe úd? Geallaimse dhuit é, nach raibh aon trácht na laethe úd ar “chúlú eacnamaíochta” nó ar thada dá shórt. Bhíomar uilig bocht, agus muid uilig sa mbád ceanna. Ach, nach raibh ár muintir fhéin linn, agus nach raibh pobal carthannach, cineálta, cairdiúil, thart orainn, agus nár leor sin dúinne gasúir an tráth úd.
Le críoch a chur le píosa seo Sheachtain na Nollag, ba mhaith liom “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Sea, agus gura seacht fearr a bheas chuile mhac a’ pheata dinn faoin am sin……………..
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Cuimhní na Nollag
Cuimhní na Nollag ’na rás chugainn,
Is coinneall mhór dhearg ina chaor,
Gaineamh geal leata ar urlár
In onóir do Mhac Dé ina Naí.
.
Cácaí na Nollag á mbácáil
Is a mboladh mar thúis gan locht.
An ghé ramhar pioctha is bearrtha,
Feistithe san oigheann ina nocht.
.
Páistí ar rotha le gliondar
is a súile ag drithliú mar réalt’
Ag smaoineamh ar “Santy” is a fhianna
Chucu thar Bhealach na Néall
.
Tá an chistin ‘nois maisithe glégeal,
Eidhean is cuileann go fras,
Is croíthe ‘na lasair mar choinnle
Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.
.
Maidin amárach, más beo sinn,
Éireoimid le solas a Réalt’,
Is raghaimid go hAifreann na Gine
Ag comóradh bhreithlá ár nDé.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Memories
Mar shaithe saighdte beach,
Iar bhaint an fhéir os a gcionn,
Éiríonn cuimhní aníos
As ithir mhéith na rún
.
Baineann na sál dá chéile,
Ar thóir airde agus aire,
Is léimeann ‘na gceann is na gceann
Ar mo scáileán glé gan mhairg.
.
S’iad na cinn is sine is láidre,
Aniar as críoch na hóige,
Trína fheicim gasúr gan chúram,
Ag aisteoireacht leis go beoga.
.
De réir mar imíonn na blianta,
Éiríonn an scannán doiléir,
Is éalaíonn bearnaí buartha
Isteach tríd an spól soiléir.
.
Ar ball éalaíonn na beacha
Tar éis mhearú cupla meandair,
Mar a ruaigfeadh toit an tsaithe,
Is iad ag fágáil mil gan gharda.
Ansin is gach rud socair,
Is féidir liom gan bhárathainn,
Rogha na gcuimhní a thiomsú
Lem mhisneach lag a ardú.
.
*************************
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Peadar Bairéad
Cúlú Eacnamaíochta, adeir tú!
Peadar Bairéad
Crannchur gnóite
“Nach beag duine a bhfuil sparán teann aige na laethe seo, laethe an chúlú eacnamaíochta, nó an té a bhfuil na pingneacha aige anois, ní call dom a rá, go bhfuil sé ar dhroim na muice, agus ní ró-olc an áit í sin, do dhuine ar bith, i laethe seo an ghanntain agus an ghorta. B’in iad na smaointe a rith liom, tamall ó shoin, nuair a fuair mé ríomhscéal, ag cur in iúl dom go raibh mé tar éis lab airgid a ghnóthú, i gcrannchur de chineál eicínt, bíodh anois nár chuala mé fhéin tada riamh faoi lucht eagraithe an chrannchuir chéanna sin agus bíodh freisin nach raibh ticéad, nó tada ar bith eile, agam i gcrannchur ar bith, ag an am. UK Lottery, de chineál eicínt a bhí i gceist, agus bíodh a fhios agat, nach pingneacha beaga nó suaracha, gan trácht in aon chor ar rua, a bhí idir chamáin acu sa chrannchur thuasluaite, níorbh ea muis! nó dúradar liom, go raibh mé tar éis ocht gcéad míle punt Sasanach a ghnothú sa chrannchur céanna sin, agus d’fhágfadh sin go raibh thart ar mhilliún Euro gnóite agam sa chrannchur fial, flaithiúil sin. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, agus gan le déanamh agamsa ach roinnt bheag eolais a chur ar fáil don dream thall.
An dara splanc thintrí!
Bhí go maith! Ach breis bheag is dhá mhí ina dhiaidh sin, fuair mé litir tríd an bpost, an babhta seo.
Ná habair gur ghnóthaigh tú lab eile airgid?
Sin é díreach atá á rá agam, nó ba é an scéal a bhí sa litir seo nó go raibh lab eile airgid gnóite agam i gcrannchur Spáinneach, an turas seo, agus arís níor bheag, nó suarach, an méid a bhí i gceist sa litir chéanna sin.
Cé mhéad a ghnóthaigh tú sa Chrannchur Spáinneach seo, má sea?
Breis agus ocht gcéad míle Euro a bhí i gceist acu sa litir seo, litir a tháinig chugam ó Chathair Mhadrid na Spáinne.
Ná habair liom, nár dhein tú iarracht ar bith le greim a fháil ar an ualach asail sin de Euro, a bhí á thairiscint duit, ag na daoine uaisle sin?
Dheamhan iarracht, nó cuid de iarracht, a dhein mé, nó arís, nár cuireadh fainic na bhfainic orm, go mion minic, ar an Raidió, agus ar an Teilifís, gan aird dá laghad a thabhairt ar litreacha, nó ar ríomhscéalta, dá leithéid, mar nach raibh iontu ó thús deireadh ach caimiléireacht agus cleasaíocht coirpeach, agus iad ar a ndícheall dearg ag iarraidh greim a fháil ar cibé pingneacha fánacha, a d’fhéadfaidís a ghoid, nó a mhealladh, ó bhobarún eicínt.
Meirg an Amhrais
Agus níor dhein tú iarracht dá laghad crúb leat a leagan ar chuid eicínt, fiú, den saibheas sin?
Iarracht dá laghad níor dhein mé a theacht ar chuid eicínt den bhfáltas céanna sin, nó chreid mé a dúradh liom sna cláracha raidió, agus teilifíse sin a mhol dom litreacha dá leithéid sin a chaiteamh sa tine, nó a scrios, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Aon tuairim agat fhéin, a léitheoir, faoin ndeis úd nár thapaigh mé?”
Bíonn……. an Tríú hUair …….sona?
Cheap mé fhéin go raibh deireadh leis na céapair chéanna sin, ach do bharúil? nach bhfuair mé téacs ar an bhfóinín póca, cupla lá ó shoin.
Ná habair gur ghnóthaigh tú lab mór eile airgid?
D’fhéadfá sin a rá, nó an babhta seo, ba é adúradh a raibh gnóite agam nó….dhá mhilliún Dolar!!! An gcreidfeá sin anois? Cuirfidh mé geall nach gcreidfeadh, ach is é lomchlár na fírinne é. Seo an téacs a seoladh chugam….”Your number has won you 2,000,000USD in the freelotto mobile promotion……..” Anois, céard deir tú? agus an seandream ag maíomh de shíor nach mbuailfead tintreach an áit chéanna, an dara huair as a chéile, riamh…..Ó, Bhail! nach ndeirtear freisin go mbíonn an tríú huair sona…..
Anois, do bharúil faoi sin? Meas tú ar sáraíodh na seanfhocail sa chás seo?